Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Feb 1970

Vol. 244 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Daoine le Gaeilge.

3. D'fhiafraigh

Pádraig Mac Airt

agusPádraig Ó Domhnaill den Taoisigh cén líon daoine a raibh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga acu de réir dhaonáireamh 1936 agus an daonáireamh is deireanaí.

Sé an staidreamh de thoradh an daonáirimh, 1961, a foilsíodh in imleabhar IX de thuarascáil an daonáirimh sin, an t-eolas is deireanaí atá le fáil faoin líon daoine a bhfuil labhairt na Gaeilge acu. San imleabhar sin agus in imleabhar VIII de thuarascáil an daonáirimh a tógadh i 1936, déantar líon na ndaoine trí bliana d'aois nó ós a chionn a aicmiú ina nGaeilgeoirí agus ina neamhGhaeilgeoirí. Taispeántar mar Ghaeilgeoirí ins na h-imleabhair na daoine nach raibh acht labhairt na Gaeilge acu maraon leis na daoine a raibh labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla acu. Taispeántar mar neamh-Ghaeilgeoirí na daoine a bhí in ann an Ghaeilge a léamh acht gan bheith in ann í a labhairt maraon leis na daoine nach raibh in ann í a léamh ná a labhairt. Níl eolas le fáil ó cheachtar daonáireamh acu faoin líon daoine a raibh an Ghaeilge acu mar ghnáth-theanga.

Sé 666,601 líon iomlán na ndaoine a raibh labhairt Gaeilge acu de réir an daonáirimh, 1936 agus 'sé 716,420 an figiúr comh-fhreagrach ón daonáireamh, 1961.

Barr
Roinn