Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 4 Jun 1970

Vol. 247 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt na Gaeltachta.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé breacléiriú ar phlean cuimsitheach chun fás agus forbairt a thabhairt faoi eacnamaíocht agus cultúr limistéir na Gaeltachta agus an rachaidh sé i gcomhairle le dreamanna a bhfuil suim acu ann chun pleananna chuige sin a leagan amach.

Is é an príomhchuspóir atá le saothar uile Roinn na Gaeltachta agus Ghaeltarra Éireann ná leas eacnamaíoch, sóisialach agus cultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn. Chun na pleananna atá acu a chur i bhfeidhm tá breis agus £2½ mhilliún á chur ar fáil dóibh i mbliana. Chomh maith leis sin tá feachtas forleathan ar siúl le hintinn tosaíocht a thabhairt do gach gné d'fhorbairt na Gaeltachta.

Tá na pleananna don Ghaeltacht á leathnú i gcónaí agus, i láthair na huaire, tá dianstaidéar á dhéanamh ar chúrsaí a bhfuil tábhacht ar leith leo— tionsclaíocht, riarachán áitiúil, pleanáil fisiciúil agus a leithéid. Tuigfear mar sin go bhfuil plean cuimsitheach don Ghaeltacht ag teacht ar aghaidh.

Tig linn an scéal go léir a phlé nuair a bheidh Meastachán Roinn na Gaeltachta faoi bhráid na Dála. Ar ndóigh, bíonn fáilte agam i gcónaí roimh chomhairle ó dhreamanna a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht.

Mr. O'Leary

Cad mar gheall ar mholtaí an Fhoras Fhorbartha i leith Ghaeltacht Tír Chonaill?

Mar eolas don Teachta, tá Roinn na Gaeltachta ag obair faoi cheithre cheannteideal i láthair na huair na monarcha atá ag teastáil, chun lán fhostaíochta a chur ar fáil agus tá sé sin á dhéanamh ag Gaeltarra Éireann; an phleanáil fhisiciúil atá á déanamh ag an bhForas Forbartha; agus an t-údarás áitiúil. Tá Roinn na Gaeltachta i gcomhairle leis an Roinn Rialtais Áitiúil mar gheall air sin. Ansin tá ceist faoi raidió don Ghaeltacht. Tá an obair sin ar siúl fós agus go dtí go mbeidh an dianstaidéar déanta orthú sin ní bheidh pictiúir le fáil chun an scéal go léir a bhreathnú. Ach, an plean cuimsitheach a luaigh an Teachta cuirfear é sin ar aghaidh nuair a bheidh an obair sin déanta.

Ach níl ann ach staidéar?

Tá an obair ar siúl freisin agus idir an dá linn má tá comhairle ag Teachta nó ag dream, ar bith, beidh fáilte agam bualadh leo agus a dtuairimí a chur faoi bhráid an Aire.

Níl ann ach staidéar.

Barr
Roinn