Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 4 Jun 1970

Vol. 247 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Seirbhis Raidio don Ghaeltacht.

118. D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa an bhfuar sé iarratas ar cheadúnas craolta ó Choiste Raidio Chonamara; agus an bhfuil ar aigne aige an ceadúnas a thabhairt.

Níl ar aigne agam ceadúnas a thabhairt. Sé Radio Telefís Éireann an t-aon údarás amháin a thugann an t-Acht um Údarás Craolacháin, 1960, cumhacht dó craoladh a riarú agus a oibriú sa tír seo agus de réir an dlí mar atá sé ní féidir cead a thabhairt d'aon duine ná dream eile seirbhís chraolacháin a bhunú.

A Leas-Cheann Comhairle, ag éirí as an bhfreagra sin, ó thárla go leagann an dlí faoinar bunaíodh RTE an dualgas ar an údarás sin cuidiú le cúis na teanga, ó thárla go bhfuil an dlí seo á bhriseadh go hoscailte agus go coitianta ag an údarás sin agus ó thárla go bhfuil fonn ar an dream seo seirbhís lán-Ghaelach a chur ar fáil dóibh sin go bhfuil mian acu a leithéid a bheith ann agus go bhfuil cruthú tugtha acu gur féidir leo é sin a dhéanamh, an ndéanfaidh an tAire athbhreith ar an iarratas seo?

De réir mar atá an dlí anois ní féidir liomsa cead a thúirt d'aon duine nó dream eile ach Telefís Éireann seirbhís craolacháin a bhunú agus a oibriú.

A Leas-Cheann Comhairle, ó thárla go bhfuil Cathaoirleach nua-cheaptha don údarás seo, an féidir linn bheith ag súil go gcuirfear iachall ar RTE a dhualgas a chomhlíonadh as seo amach?

An bhfuil aon fhreagra agat ar an gceist sin?

(Interruptions.)

Nach ceart freagra a thúirt don Teachta Ó Beoláin?

Ní ceart don Teachta bheith ag iarraidh an freagra a thúirt.

Cad é sin? Níor thug sé aon fhreagra.

Tá an tAire ag iarraidh freagra a thúirt.

Tá ceist faoi sheirbhís raidio don Ghaeltacht faoi breithniú ag an udarás faoi láthair agus ní féidir liomsa a thuilleadh a rá go dtí go mbeidh an fiosruchán críochnaithe ag an gcoiste seo faoi aon rud speisialta don Ghaeltacht.

An bhfuil an Teachta Ó Beoláin sásta leis an bhfreagra sin?

(Interruptions.)
119. D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa (a) cathain a chuirfear tús leis an seirbhís raidio don Ghaeltacht; (b) cad iad na deacrachtaí teicniúla atá ag cur moille ar an scéim; (c) an mbeidh sé toilteanach daoine ón nGaeltacht a chur ag stiúradh na seirbhíse nuair a chuirfear ar siúl é.

D'inis an tAire Poist agus Telegrafa don Teachta ag tabhairt freagra dhó ar Dháil-cheist ar an 26ú Feabhra 1970 gur iarradh ar Radio Telefís Éireann tuarascáil a sholáthar arbh fhéidir stáisiún fuaim chraolta faoi leith a bhunú chun freastal ar an nGaeltacht go háirithe agus ar chainteoirí Gaeilge i gcoitinne. Níor fritheadh an tuarascáil sin go fóill ach tuigtear dhom gur féidir súil bheith leis go luath. Go dtí go bhfaightear agus go mbreithnítear í ní bheidh mé in ann a thuilleadh eolais a thabhairt faoin scéal.

Barr
Roinn