Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 23 Mar 1971

Vol. 252 No. 7

An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú) 1971: An Dara Céim. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1971: Second Stage.

Tairgim go léifear an Bille an Dara hUair.

Is é príomhchuspóir an Bhille seo an uasteorainn a ardú ó £2 mhilliún go £6 mhilliún do na hairleachain as an bPríomh-Chiste chuig Gaeltarra Éireann. Tá foráil dá réir sin in alt 4. Uasteorainn £500,000 a leagadh síos sa bhliain 1957 agus ardaíodh í go dtí £2 mhilliún sa bhliain 1965. Is mithid í a ardú arís anois toisc go bhfuil an £2 mhilliún íoctha le Gaeltarra cheana féin. Caiteachas caipitil ar fad atá i gceist agus is iad na príomhshuimeanna atá san áireamh go dtí seo ná—

£900,000 ar fhoirgnimh agus ar ghléasra do na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin.

£760,000 ar mhonarchana lena gcur ar cíos, agus

£340,000 ar scaireanna i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar lena cheile chun comhthionscail a reachtáil.

Beidh £4 mhilliún breise ar fáil do na cúrsaí sin faoin mBille seo agus, nuair a bheidh an méid sin caite i gceann tamaill de bhlianta, cuirfear an scéal faoi bhráid na Dála arís. Ar ndóigh, bíonn caiteachas caipitil i gceist chomh maith sna deontais tionscail a thugann Gaeltarra ó 1965 i leith, agus is amhlaidh a chuirtear an t-airgead sin ar fáil trí Vóta Roinn na Gaeltachta gach bliain.

Tá an deis á glacadh chun roinnt leasuithe eile a dhéanamh sa Bhille seo. Ó 1965 i leith tá cumhacht ag Gaeltarra deontais a thabhairt chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn—gan dul i bpáirtíocht leis na daoine ina mbun. Bhí uasteorainn £2,000 leis na deontais sin ar dtús agus ardaíodh í go dtí £10,000 sa bliain 1968. Anois, le halt 2 (a) den Bhille, tá an uasteorainn á cur ar ceal ionas go mbeidh Gaeltarra in ann tionscail bheaga a bhreithniú faoi mar a dhéanann an tÚdarás Forbartha Tionscail agus deontais níos mó ná £10,000 a thabhairt i gcásanna cuí. Ar ndóigh, níl i gceist go dtabharfadh Gaeltarra agus an tÚdarás Forbartha Tionscail deontais sa chás céanna agus tá sé sin á chinntiú le halt 2 (b).

Tá foráil thábhachtach eile in alt 5 den Bhille chun go bhféadfaidh údaráis áitiúla dhá thrian de na rátaí a mhaitheamh go ceann deich mbliana ar áitribh thionscail is ábhar cúnaimh ó Ghaeltarra—faoi mar atá i bhfeidhm d'áitribh a sholáthraítear i limistéir ainmnithe le cúnamh ón Údarás Forbartha Tionscail. Baineann an fhoráil seo le háitribh a tógadh, a méadaíodh nó a feabhsaíodh ó leathnaíodh cumhachtaí Ghaeltarra sa bhliain 1965. Bhí faoiseamh ó rátaí le fáil cheana go ceann tréimhse nach faide ná seacht mbliana, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1970, ach tá na hAchtanna sin ag dul in éag.

Le cúig bliana anuas níor ceapadh aon chomhalta de Bhord Gaeltarra ina stiúrthóir bainistí: is amhlaidh a fágadh faoin mbord bainisteoir ginearálta a fhostú agus leanfar den nós imeachta sin. Dá réir sin tá na tagairtí do stiúrthóir bainistí á mbaint amach as an Acht bunaidh le halt 3 den Bhille.

Sin a bhfuil d'fhorálacha sa Bhille seo seachas mínithe in alt 1 agus gearrtheideal agus comhlua in alt 6. Ach beidh an Dáil ag súil le heolas uaim faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ó tugadh cumhachtaí breise do Ghaeltarra.

Luaigh mé cheana na deontais— nach dtéann thar £10,000 go dtí seo— a thugann Gaeltarra chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun sinn gan dul i bpáirtíocht leis na daoine a bhíonn ina mbun: tá breis agus céad de na miondeontais sin ceadaithe. Luaigh mé freisin na comhlachtaí ina mbíonn scaireanna ag Gaeltarra i gcomhar le daoine eile chun comhthionscail a reachtáil: tá sé cinn déag de na comhthionscail sin bunaithe, nó le bunú go luath, agus tá eolas foilsithe cheana faoina bhformhór. Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun na cúig cinn is déanaí a fhógairt— comhthionscail a thabharfaidh fostaíocht do chúpla céad duine ar ball má éiríonn go maith leo :—

diansaothrú gairneoireachta i gceantar Bhaile an Sceilg;

muisiriúin i nGaeltacht na Mí agus i nGaeltacht na Gaillimhe;

earraí plaisteacha a dhéanamh ar an gCeathrú Rua;

comhpháirteanna do thithe réamhdhéanta a tháirgeadh ar an gCeathrú Rua; agus

biúró ríomhaireachta sna Forbacha.

Na tionscail, idir mhór agus bheag, a bhfuil cúnamh ceadaithe ag Gaeltarra dóibh le blianta beaga anuas meastar, ach iad a bheith faoi lánseol, go gcuirfidh siad fostaíocht bhreise lánaimsire ar fáil do suas le 1,500 cainteoir Gaeilge ina gceantair dhúchais. Is ábhar spéise é go bhfuil níos mó daoine fostaithe cheana sna tionscail sin ná mar atá sna tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin.

Is é mo thuairimse gurb é tuilleadh fostaíochta fós príomhriachtanas na Gaeltachta ag an bpointe seo. Dá bhrí sin tá lánfhostaíocht sna seachtóidí do na cainteoirí Gaeilge leagtha amach mar chuspóir agam agus tá iarrtha agam ar Ghaeltarra plean chuige sin a ullmhú agus a chur chugam a luaithe is féidir. Is mar chabhair chun plean mar sin a chur i bhfeidhm atá mé ag iarraidh ar an Dáil glacadh leis an mBille seo.

Cuirim failte roimh an mBille. Is mór an trua nach raibh a leithéid ann 50 nó 40 bliain ó shin. Dá mbeadh b'fhéidir nach mbeadh an Ghaeltacht chomh beag is atá sí anois. Ag éisteacht leis an Aire cheapfadh éinne go raibh gach rud i gceart sa Ghaeltacht. Go deimhin, ní mar sin atá. Caithidh gach duine a admháil go bhfuil an Ghaeltacht ag dul i laghad agus cén fá? Im thuairimse agus i dtuairim Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge easpa oibre is cúis leis. Bunaíodh Gaeltarra Éireann sa bhliain 1956 agus is é an cuspóir a bhí aige an Ghaeltacht a choimeád beo ach is amhlaidh atá sí á bánú. Cén fá arís? Sin í an cheist. An é easpa airgid a bhí ag Gaeltarra Éireann nó easpa misnigh ag na daoine atá i gceannas? Níor tháinig aon athrú ar dhaonra Dhún na nGall agus deinim comhgáirdeachas le Gaeltarra Éireann i dtaobh na contae sin mar tá cúpla monarcha i nDún na nGall. Is mór an trua nach bhfuil ach trí lá oibre sa tseachtain ag na cailíní agus na buachaillí atá ag obair sna monarchan úd.

Níl a fhios agam cén fá nár dhein Gaeltarra Éireann rud éigin ar son Gaeltacht Chiarraí. Tá rud éigin á dhéanamh i gcás Bhaile na Sceilge. Is mithid dúinn i gCiarraí rud éigin d'fháil ó Ghaeltarra Éireann. Cén fá nár dheineadar rud éigin do Chorca Dhuibhne? Muna ndeintear rud éigin go tapaidh ní bheidh Gaeltacht ann faoi cheann cúig bliain mar ní bheidh fágtha ach daoine aosta agus paistí scoile. Chíonn na paistí scoile an bochtanas atá mór-thimpeall agus ní bheidh siad sásta fanacht ann nuair a fhágann siad an scoil. Caithfidh siad dul go Baile Átha Cliath nó London. Níl an seansprid i muintir na Gaeltachta. Molaim don Aire rud éigin a dhéanamh chun an misneach a mhúscailt iontu arís. Tá seanfhocal ann ar bhain mé úsáid as cheana: ní chothaíonn na briathra na bráithre. Tá súil agam go bhfuil a fhios ag gach Teachta cad is brí leis an seanfhocal seo, sé sin, go bhfuil caint bhreá bhog do na daoine sa Ghaeltacht ach níl an caighdeán ceart acu in aon chor ar an bpointe seo.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don laghdú mór a tháinig ar an daonra ó 1926 go dtí na seascaidí i gcuid de na ceantair ar tugadh "Fíor-Ghaeltacht" orthu sa bhliain 1926. I gContae an Chláir i 1926 ba é 3,434 an líon daoine san Fhíor-Ghaeltacht sin; i 1946 bhí sé síos go dtí 2,934; i 1961, bhí sé sin síos go dtí 2,451. Anois tá sé níos lú arís. I gContae Chiarraí san Fhíor-Ghaeltacht chéanna: i 1926 bhí 25,384; i 1946, 19,292; i 1962, 15,184. Tá a fhios ag an Aire go bhfuil sé i bhfad níos lú anois. I gContae Mhaigh Eo, i 1926 bhí 24,723; i 1946, 23,137; i 1961, 19,265 agus ag an bpointe seo tá sé níos ísle arís. I gContae na Gaillimhe: 1926, 51,660; i 1946, 48,395; i 1961, 42,854. Is léir ó na figiúirí sin nach mbeidh aon Ghaeltacht ann fá cheann 20 bliain eile má leanann an scéal amhlaidh.

Caithfidh an tAire agus an Rialtas cás speisialta a dhéanamh de na contaethe seo a leanas— Ciarraí, Corcaigh, Portláirge, an Chlár, Gaillimh, Muigheo, Dún na nGall agus de Chontae ar bith ina bhfuil Gaeltacht. Caithfear "advance factories"—ní raibh an téarma sin ann in aon chor nuair a bhí an Ghaoluinn ann ar dtús —a chur sna háiteanna sin. Ní ceart gach rud a chur go dtí Cúige Laighean mar caithfidh na daoine maireachaint i gContae Mhuigheo, i gContae na Gaillimhe, i gContae Chiarraí, i gContae Chorcaigh, i gContae an chlár agus i gContae Dhún na nGall. Ba cheart don Aire daoine a bhfuil monarcha acu a ghríosadh agus a mhealladh chun dul isteach sna háitteanna atá luaite agam.

Chun na daoine a choimeád sa Ghaeltacht ní mór, mar adubhairt an tAire, obair a chur ar fáil dóibh. Tá an Ghaoluinn go maith ag an Aire agus tá a fhios agam go raibh an tAire mór-thimpeall na Gaeltachta le déanaí agus is dócha go bhfaca sé féin cad a bhí bun os cionn agus cad a bhí air a dhéanamh. Tá ceist agam le cur chuige. An bhfuil cuid den airgead seo caite cheana féin? Cé go bhfuil Gaeltarra Éireann ag déanamh rudaí maithe don Ghaeltacht, go mór mhór i gContae Dhún na nGall agus i gContae Mhuigheo—agus b'fhéidir go bhfuil roinnt mhaith déanta acu i gContae na Gaillimhe—níl mé cinnte go bhfuiltear ag caitheamh an airgead i gceart nuair atáid ag tabhairt airgead d'óstáin. Tá óstán sa Daingean againn agus fuair na daoine a chuir suas é timpeall 35% ón mBord Fáilte, 25 faoin gcéad ó Roinn na Gaeltachta nó 20 faoin gcéad agus 25 faoin gcéad arís den mhéid a bhí fágtha ó Ghaeltarra Éireann. Thug an Rialtas suas le 70 faoin gcéad. Nuair a chaitheadh an méid sin airgid ar an óstán ba cheart don Stát an óstán a choimeád dó féin.

Deinim comhgáirdeachas leo gur chuireadar an óstán ann ach siúd is go bhfuil 65 faoin gcéad nó 70 faoin gcéad den airgead tar éis teacht ón Stát ba cheart an óstán a bheith ag Gaeltarra Éireann. Sin é mo thuairim. Níl sé ceart do dhaoine nach bhfuil sa Ghaeltacht—nílim chun aon duine a ainmniú, ní gá é—an méid sin airgid a thabhairt dóibh mar nuair a d'osclaíodar an óstán do thugadar geallúint—ní raibh an tAire ann an lá sin; níl a fhios agam cé bhí ann—do na daoine a bhí ann go rabhadar chun na cailíní go léir a bhí ag obair ann a choimeád ag obair sa Gheimhreadh ag déanamh "souvenirs" agus bréagán. Bhí ar na cailíní dul go dtí an "labour exchange" le dhá bhliain anuas mar nach raibh aon ní ar siúl san óstán agus ní fheadar sa diail nuair a fuaireadar an tairgead i dtosach ar thugadar an gheallúint úd don Rialtas go rabhadar chun obair a chur ar fáil do na buachaillí agus do na cailíní i rith na bliana go léir. Níl a fhios agam. B'fhéidir go mbeidh ar chumas an Aire freagra a thabhairt dom.

Táim a rá arís nach bhfuil mé ag cur mhilleáin ar éinne ach nuair a thug an Stát an oiread sin airgid ba cheart do Ghaeltarra Éireann an óstán a bheith acu féin.

Chun an Ghaeilge a shlánú caithfimid sprid a chur sna daoine arís agus is é mo ghuí go mbeidh Gaeltarra Éireann in ann an sprid sin d'athbheochan mar tá sé ann agus má tá siad ábalta é sin a dhéanamh beimid go léir buíoch díobh. Cuirim fáilte roimh an mBille agus is é mo ghuí go mbeidh Gaeltarra Éireann ábalta an Ghaeltacht a shlánú mar níl ach cúpla bliain fágtha chun é sin a dhéanamh.

I want to say a few words in English now. Even though the Minister gave us a short note in English on his speech I think he should have spoken in English even briefly. He may think otherwise. There are many Deputies in this House who are not as lucky as the Minister and I in that we know Irish who would, for purely national reasons, support this Bill, and who would speak in English if the Minister had said a few words in English. If we are ever to get a break-through with the Irish language we must realise that we will always be a bilingual nation speaking Irish and English. That is quite clear to everyone. Perhaps the next time the Minister is introducing such a Bill he will say a few words in English because I should like more Deputies to participate in a debate like this since it is important from the point of view of our culture and heritage.

At this stage we have reached the cross-roads so far as the Gaeltacht is concerned. I welcome this Bill and I am delighted that the Minister has brought it in, because it shows that he is sincere so far as the Gaeltacht is concerned. I want to place that on record. I know that so long as he and his Parliamentary Secretary are there, there will be some advancements in relation to the Gaeltacht. This Bill is a step in the right direction. I believe that if the Gaeltachta are to survive we will have to have a crash programme from Donegal down to Kerry.

I gave the House certain population statistics during the past ten minutes or so. It is obvious from those figures, and from the trends, that we are now working to a time limit so far as the Gaeltachta are concerned. I know the Minister will treat the matter urgently. Even though there are good organisations in the Gaeltacht too many people are setting themselves up as authorities. There are too many Irish organisations and they appear to be at cross-purposes with one another. The Minister might try to get all these organisations together under the one umbrella because it is about time we had one voice from the Gaeltacht. Too many people are telling the Minister and everybody else how the Gaeltacht will survive despite the fact that the only time they spend there is during their summer holidays. If the Gaeltacht is to survive advance factories will have to be set up. Under this Bill the Minister is looking for a certain sum of money. I do not know whether that money has already been spent or promised to people, but I hope he will build advance factories in Galway, Mayo, Donegal, Kerry and the remaining Gaeltacht in Clare.

I am very disappointed that Gaeltarra Éireann seem to ignore my own Gaeltacht. I do not know why. As far as I am concerned the people there have as good a knowledge of Irish as people in other parts of the country. If something is not done to keep Irish speakers at home and encourage them to make their livelihood in the Gaeltacht the Gaeltacht will die out in Kerry just as it has done in Clare because things are reaching a crisis level in West Kerry. I particularly welcome the industry to Ballinskellig, because like West Kerry, it seems to be dying a peaceful death. This new industry might revitalise the place so that people will want to get married and settle down there.

There are too many bachelors in Kerry.

So much for the bachelors.

What about "Ryan's Daughter"?

When that film was made in West Kerry, 125 men were employed on it. This proved that farming can be combined with other work. The point I want to make here is that if we are to get industry, it must be on a part-time basis for the farmer.

I should like to thank the Minister for bringing in this Bill, which is long overdue. If he wants further money he should not hesitate to ask the House. The seventies will be either the making or breaking of the Gaeltacht. If we do not do something within the next nine years, I believe future generations will curse this Dáil for not acting despite the fact that we knew the Gaeltacht was dying.

Níl mórán taithí agamsa faoi láthair i labhairt ár dteanga ach mar sin féin ba mhaith liom fáilte a chur roimh an mBille seo agus ár mbuíochas a ghabháil leis an Aire mar gheall air. Tá a fhios againn go léir go bhfuil a chroí sáite san obair seo agus is deas a léamh i ndeireadh an méid a dúirt sé:

Dá bhrí sin tá lánfhostaíocht sna seachtóidí do na cainteoirí Gaeilge leagtha amach mar chuspóir agam...

Tá sé sin i bhfad níos fearr ná an cuspóir a bhí ag an NIEC ceithre bhliain ó shin nó mar sin.

This Bill will not be debated with any acrimony. Everybody's heart will be with the Minister in the hope that he will be able to achieve something by the Bill. If time permits we should have an opportunity of debating a slightly different aspect of this in the Vote for Roinn na Gaeltachta next week. Deputy Begley rightly drew attention to the many voices each of which thinks he has the greatest solution to the Irish language or the resurrection of the Gaeltacht and yet all the time the Gaeltacht is becoming weaker and weaker. Even if we include in the Gaeltacht parts of the country which are called Breac-Ghaeltacht we find it is only a very limited part of the country now.

This additional £4 million is a modest sum when compared with the amounts of money spent in other industries. Judging from the figures the Minister has given us the cost of putting an additional person in employment in the Gaeltacht has in recent years been much less than in other parts of the country. I should like to see one major industry in each Gaeltacht area. We have had toy factories which succeeded in the beginning but usually faded out. This is not much good. We want sizable industries in the Gaeltacht.

I am glad to see that Gaeltarra Éireann is to be allowed to exceed the £10,000 limit in the case of industries outside its own control. In other words, Gaeltarra Éireann will be able to make advances greater than £10,000. I certainly should hope so. As the Minister said:

Is ábhair spéise é go bhfuil níos mó daoine fostaithe cheana sna tionscail sin ná mar atá sna tionscail atá a reachtúil ag Gaeltarra féin.

It certainly is, because although Gaeltarra Éireann was set up as a separate semi-State body at the time of the establishment of the Department it has not really done very well, to put it mildly. I do not know the reason for that. There were times when it looked as though there was a market for the tweeds and toys produced by them but something seems always to happen and they fade away again. I would hope that the Minister's achievements will equal his hopes. All my heart is in this as I would hope the Minister's heart is in it. I hope that he will succeed in stopping to some extent the gradual wearing away of the Gaeltacht. There is no use in anybody pretending in this year of 1971 that any of us any longer believes that a real growth in the Gaeltacht is possible but the Minister certainly has the goodwill of everybody in this House in relation to this Bill.

Ba mhaith liom déileáil leis an bpointe a d'ardaigh an Teachta Ó Beaglaoich nuair a d'iarr sé orm roinnt den óráid a thabhairt as Béarla. Is dóigh liom go dtuigeann na Teachtaí nach bhfuil aon olc ormsa chuig na Teachtaí a labhrann Béarla agus aontaím leis an Teachta gurbh é an t-aon aidhm réadúil d'fhéadfadh bheith againn, go ceann tamaill mhaith ar aon nós, ná tír dhátheangach a bheith againn. San am céanna, má chuirtear an méid Béarla a labhartar sa Teach seo i gcomparáid leis an méid Gaeilge a labhartar, níl sé iomarcach dom labhairt i nGaeilge amháin nuair atá mé ag déileáil le cúrsaí Roinn na Gaeltachta sa Teach seo ar an mbonn, ar ndóigh, mar adúirt an Teachta, go bhfuil cóip den óráid curtha trimpeall agam i mBéarla agus go gceapaim go dtuigeann gach Teachta atáa sa Teach anois—ar aon nós an chuid is mó de bhaill an Tí seo—go dtuigeann siad an Ghaeilge gan aon dua. Tá easpa taithí ag cuid acu maidir le labhairt na Gaeilge ach is dóigh liom go dtuigeann siad go léir céard tá á rá agam. Dá bhrí sin, ba mhaith liom Gaeilge amháin a labhairt sa díospóireacht seo agus ní de dheasca olc a bheith orm chuig na daoine a labhrann Béarla.

Ba mhaith liom go dtuigfí nach ceapaimse go bhfuil an scéal ar fad i gceart sa Ghaeltacht i láthair na huaire. Luaigh an Teachta Ó Beaglaoich gur thagair mé do na monarchana atá á dtógáil agus do na mílte punt—le fírinne na milliúin phunt— atá á gcaitheamh sa Ghaeltacht ach níor mhaith liom go gceapfadh aon duine go gceapaim féin go bhfuil gach rud ina cheart sa Ghaeltacht. Ní cheapaim sin. San am céanna níl mé gan dóchas. Tá dul chun cinn anmhór déanta sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas agus is maith an rud é go dtuigfimis é sin agus go n-aithneoimis go bhfuil an scéal amhlaidh. Cuidíonn sé le sprid na ndaoine sa Ghaeltacht ar thagair an Teachta Ó Beaglaoich di. Bhí an ceart aige. Gan sprid a mhúscailt sna daoine ní thig linn mórán a dhéanamh, ach cuidíonn fírinne an scéil—maidir leis an dul chun cinn atá déanta—leis an sprid sin. Is é mo thuairim féin, agus tuairim roinnt mhaith daoine ar labhair mé leo faoin scéal seo, go bhfuil sprid na ndaoine sa Ghaeltacht múscailte cuid mhaith in áiteanna áirithe níos mó ná in áiteanna eile agus, le fírinne, ní féidir múscailt sprid mhuintir na Gaeltachta a thomhas de réir an chlampair a dhéanann daoine áirithe: ní ionann sin agus sprid. San cheantar óna dtagann an Teachta Ó Beaglaoich tá feabhas mór i sprid na ndaoine D'fhéadfadh sé bheith níos fearr. Tá sé i bhfad níos fearr ná mar a bhí sé abair 15 nó 20 bliain ó shin.

Thagair an Teachta do réamhmhonarchana nó "advance factories". Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh a leithéid ar fáil sa Ghaeltachta. Chreid mé é sin i gcónaí mar Aire Tionscail agus Tráchtála toisc go raibh sé antábhachtach tionscail a mhealladh go dtí ceantair áirithe. Ach ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag an Teach go bhfuil siad á gcur ar fáil cheana sa Gaeltacht. Le fírinne, bhí ceann á chur ar fáil ar an gCeathrú Rua ach fuarthas tionscail dó sula raibh sé críochnaithe agus ní réamh-mhonarcha a bhí ann a tuilleadh! Agus tá ceann le cur ar fáil i gCorca Dhuibhne go han-luath: tá an talamh ceannaithe ag Gaeltarra. Tá súil agam go mbeidh áthas ar an Teachta Ó Beaglaoich é sin a chloisint. Níor mhaith liom ach oiread go gceapfadh sé nach bhfuil aon rud eile déanta i gCorca Dhuibhne mar tá rudaí tábhachtacha déanta ann.

Go háirithe, rinne sé tagairt d'óstáin. Mar is eol dó tá óstán agus roinnt seallaí tógtha ar an mBaile Uachtarach cóngarach do Bhaile an Fheirtéaraigh agus, chomh fada agus is féidir liomsa a fheiscint, is tionscal an-mhaith ar fad atá san óstán agus sna sealaí sin i gceartlár na Gaeltachta.

Ach tá an Ghaeilge á labhairt ansin.

Sin é díreach an rud atá á rá agam. Thug mé treoir, agus tá sé á leanúint, nach gcaithfí airgead Gaeltachta taobh amuigh den fhíor-Ghaeltacht murab amhlaidh nach raibh aon dul as. Is é sin, gur cóir an t-airgead atá á chur ar fáil ag an Teach seo don Ghaeltacht a chaitheamh san fhíor-Ghaeltacht amháin. Tagann cásanna deacra os ár gcomhair dá bharr sin. Níl sé éasca an treoir a chur i bhfeidhm i gcónaí ach is dócha go n-aontódh an Teach liom go bhfuil an prionsabal ceart. Sin é an fáth gur thagair mé don óstán sin mar tá daoine áirithe a deir gurb é an feachtas is measa ag Gaeltarra Éireann nó ag Roinn na Gaeltachta feachtas seo na n-óstán. Tá a fhios agam gurb an chúis a deirtear é sin cuid acu a bheith ar imeall na Gaeltachta. Tá dream beag a deir nach cóir airgead a chaitheamh ar óstáin ar chor ar bith. Léiríonn an t-óstán a luaigh mé ar an mBaile Uachtarach an méid is féidir a dhéanamh le hóstán istigh san fhíor-Ghaeltacht.

Is cóir go mbeadh sé soléir, ach déanann daoine a bhíonn ag plé le ceist na Gaeltachta dearmad air seo go minic, go bhfuil na fadhbanna céanna eacnamaíochta ag goilliúint ar roinnt ceantar bocht sa Ghalltacht agus atá ag goilliúint ar an nGaeltacht. Is iad na fadhbanna ceanann céanna atá ag goilliúint orthu araon. An t-airgead atá á chur ar fáil don Ghaeltacht faoi Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann tá sé á chur ar fáil ar an mbonn go bhfuil sé ag cuidiú leis an Gaeilge sa Ghaeltacht. Dá brí sin, ní sé cheart ag aon cheantar nach fíor-Ghaeltacht é greim a fháil ar an airgead sin a chuirtear ar fáil don Ghaeltacht. Sin é an chúis ar thug mé an treoir úd don Roinn.

Tá rud amháin eile ar mhaith liom é a lua. Dúirt mé go raibh mé dóchasach go leor. Luaigh mé go bhfuilimid ag iarraidh plean a leagan amach chun lánfhostaíocht a chur ar fáil. Tá roinnt mhaith déanta cheana féin ach caithfear an rud a phleanáil i gceart agus tá súil agam go mbeimid in ann an plean seo a chur ar fáil go luath agus ní theastaíonn uaim rialacha an Tí a threasnú trí dhul isteach i gceisteanna eile a bhaineann leis an nGaeltacht a chothú. Séard a theastaíonn uaim a rá ná seo—go bhfuil cruthúnas ann cheanna féin i gceantair áirithe i dTír Chonaill ní amháin go bhfuil an Ghaeltacht a cothú ach go bhfuil an Ghaeltacht ag fás. Tá ceantair ansin, a bhí ina mBreac-Ghaeltacht ar imeall fíorGhaeltachta, ina bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt anois ná mar a bhí deich mblian ó shin. Tá cúpla cúis leis sin ach is é an phríomhchúis go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí fostaíochta agus go bhfuil monarchana curtha ar fáil. Ba mhaith liom go dtuigfeadh na Teachtaí go bhfuil léirithe san áit sin gur féidir an Ghaeltacht ní amháin a chothú ach a fhorbairt. Is deimhin linn, mar sin, go n-éireoidh go maith linn má leanaimid an cúrsa atá leagtha amach againn. Má éiríonn linn lánfhostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht sna seachtóidí, mar aon leis na céimeanna eile atá á dtógáil ach nach bhfuilimid á bplé anois, níl aon amhras ormsa ná gur féidir an Ghaeltacht a fhorbairt. Dá bhrí sin tá an-áthas ormsa go bhfuil léirithe ag na Teachtaí a labhair thar ceann an dá pháirtí san Fhreasúra go bhfuil fáilte roimh an mBille seo agus go bhfuil áthas orthu dul chun cinn a fheiscint sa Ghaeltacht. Tá sé sin ag teacht go maith leis an spéis sa Ghaeltacht atá ag tromlach mór an phobail. Tá dóchas láidir agam gur féidir an-dul chun cinn a dhéanamh sa Ghaeltacht. Tá mé sásta go gcuideoidh an Bille seo leis an mbeartas sin a chur i gcrích.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.

Cathain a thógfar na Céimeanna eile?

Ba mhaith liom go dtógfaí anois iad.

Barr
Roinn