Tairgim go léifear an Bille an Dara hUair.
Is é príomhchuspóir an Bhille seo an uasteorainn a ardú ó £2 mhilliún go £6 mhilliún do na hairleachain as an bPríomh-Chiste chuig Gaeltarra Éireann. Tá foráil dá réir sin in alt 4. Uasteorainn £500,000 a leagadh síos sa bhliain 1957 agus ardaíodh í go dtí £2 mhilliún sa bhliain 1965. Is mithid í a ardú arís anois toisc go bhfuil an £2 mhilliún íoctha le Gaeltarra cheana féin. Caiteachas caipitil ar fad atá i gceist agus is iad na príomhshuimeanna atá san áireamh go dtí seo ná—
£900,000 ar fhoirgnimh agus ar ghléasra do na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin.
£760,000 ar mhonarchana lena gcur ar cíos, agus
£340,000 ar scaireanna i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar lena cheile chun comhthionscail a reachtáil.
Beidh £4 mhilliún breise ar fáil do na cúrsaí sin faoin mBille seo agus, nuair a bheidh an méid sin caite i gceann tamaill de bhlianta, cuirfear an scéal faoi bhráid na Dála arís. Ar ndóigh, bíonn caiteachas caipitil i gceist chomh maith sna deontais tionscail a thugann Gaeltarra ó 1965 i leith, agus is amhlaidh a chuirtear an t-airgead sin ar fáil trí Vóta Roinn na Gaeltachta gach bliain.
Tá an deis á glacadh chun roinnt leasuithe eile a dhéanamh sa Bhille seo. Ó 1965 i leith tá cumhacht ag Gaeltarra deontais a thabhairt chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn—gan dul i bpáirtíocht leis na daoine ina mbun. Bhí uasteorainn £2,000 leis na deontais sin ar dtús agus ardaíodh í go dtí £10,000 sa bliain 1968. Anois, le halt 2 (a) den Bhille, tá an uasteorainn á cur ar ceal ionas go mbeidh Gaeltarra in ann tionscail bheaga a bhreithniú faoi mar a dhéanann an tÚdarás Forbartha Tionscail agus deontais níos mó ná £10,000 a thabhairt i gcásanna cuí. Ar ndóigh, níl i gceist go dtabharfadh Gaeltarra agus an tÚdarás Forbartha Tionscail deontais sa chás céanna agus tá sé sin á chinntiú le halt 2 (b).
Tá foráil thábhachtach eile in alt 5 den Bhille chun go bhféadfaidh údaráis áitiúla dhá thrian de na rátaí a mhaitheamh go ceann deich mbliana ar áitribh thionscail is ábhar cúnaimh ó Ghaeltarra—faoi mar atá i bhfeidhm d'áitribh a sholáthraítear i limistéir ainmnithe le cúnamh ón Údarás Forbartha Tionscail. Baineann an fhoráil seo le háitribh a tógadh, a méadaíodh nó a feabhsaíodh ó leathnaíodh cumhachtaí Ghaeltarra sa bhliain 1965. Bhí faoiseamh ó rátaí le fáil cheana go ceann tréimhse nach faide ná seacht mbliana, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1970, ach tá na hAchtanna sin ag dul in éag.
Le cúig bliana anuas níor ceapadh aon chomhalta de Bhord Gaeltarra ina stiúrthóir bainistí: is amhlaidh a fágadh faoin mbord bainisteoir ginearálta a fhostú agus leanfar den nós imeachta sin. Dá réir sin tá na tagairtí do stiúrthóir bainistí á mbaint amach as an Acht bunaidh le halt 3 den Bhille.
Sin a bhfuil d'fhorálacha sa Bhille seo seachas mínithe in alt 1 agus gearrtheideal agus comhlua in alt 6. Ach beidh an Dáil ag súil le heolas uaim faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ó tugadh cumhachtaí breise do Ghaeltarra.
Luaigh mé cheana na deontais— nach dtéann thar £10,000 go dtí seo— a thugann Gaeltarra chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun sinn gan dul i bpáirtíocht leis na daoine a bhíonn ina mbun: tá breis agus céad de na miondeontais sin ceadaithe. Luaigh mé freisin na comhlachtaí ina mbíonn scaireanna ag Gaeltarra i gcomhar le daoine eile chun comhthionscail a reachtáil: tá sé cinn déag de na comhthionscail sin bunaithe, nó le bunú go luath, agus tá eolas foilsithe cheana faoina bhformhór. Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun na cúig cinn is déanaí a fhógairt— comhthionscail a thabharfaidh fostaíocht do chúpla céad duine ar ball má éiríonn go maith leo :—
diansaothrú gairneoireachta i gceantar Bhaile an Sceilg;
muisiriúin i nGaeltacht na Mí agus i nGaeltacht na Gaillimhe;
earraí plaisteacha a dhéanamh ar an gCeathrú Rua;
comhpháirteanna do thithe réamhdhéanta a tháirgeadh ar an gCeathrú Rua; agus
biúró ríomhaireachta sna Forbacha.
Na tionscail, idir mhór agus bheag, a bhfuil cúnamh ceadaithe ag Gaeltarra dóibh le blianta beaga anuas meastar, ach iad a bheith faoi lánseol, go gcuirfidh siad fostaíocht bhreise lánaimsire ar fáil do suas le 1,500 cainteoir Gaeilge ina gceantair dhúchais. Is ábhar spéise é go bhfuil níos mó daoine fostaithe cheana sna tionscail sin ná mar atá sna tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin.
Is é mo thuairimse gurb é tuilleadh fostaíochta fós príomhriachtanas na Gaeltachta ag an bpointe seo. Dá bhrí sin tá lánfhostaíocht sna seachtóidí do na cainteoirí Gaeilge leagtha amach mar chuspóir agam agus tá iarrtha agam ar Ghaeltarra plean chuige sin a ullmhú agus a chur chugam a luaithe is féidir. Is mar chabhair chun plean mar sin a chur i bhfeidhm atá mé ag iarraidh ar an Dáil glacadh leis an mBille seo.