Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 23 Mar 1971

Vol. 252 No. 7

Coiste Airgeadais. Committee on Finance. - An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1971: Céim an Choiste agus na Céimeanna Deiridh. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1971: Committee and Final Stages.

Aontaíodh alt 1.
Section 1 agreed to.
ALT 2.
SECTION 2.
Cuireadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 2 ina chuid den Bhille."
Question proposed: "That section 2 stand part of the Bill".

Maidir le fo-alt (a), b'fhéidir go bhfuil cúis mhaith leis sin, ach ní fheadar an bhfuil na scileanna ag Gaeltarra Éireann atá ag an Údarás Forbartha Tionscail? An bhfuil na scileanna ag Gaeltarra chun an t-airgead seo a chaitheamh mar is cóir? Tá a fhios agamsa go bhfuil na scileanna ag an Údarás Forbartha Tionscail. An bhféadfaí a léiriú dom go bhfuil na scileanna céanna ag Gaeltarra?

Ní rachainn chomh fada sin mar níl an méid céanna taithí acu ar an saghas seo oibre ar fud na tíre.

Ach tá i bhfad níos mó scileanna i nGaeltarra Éireann i nithe mar seo ná mar a bhí cheana agus tá tionscail á reachtáil acu féin sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, breithníonn an tÚdarás Forbartha Tionscail agus Gaeltarra le chéile tairiscintí tábhachtacha a thagann os a gcomhair. Socraíonn siad glacadh nó gan glacadh leo: na comhthionscail ina nglacann Gaeltarra páirt atá i gceist agam. Maidir leis na gcásanna eile seo, cé go bhfuilimid ag cur deireadh leis an £10,000 seo, is miontionscail a bheidh i gceist i gcónaí. Táimid ag iarraidh iad a chur díreach ar aon dul leis an scéim atá ag an Údarás Forbartha Tionscail ar a dtugtar an Small Industries Scheme i dtreo is nach mbeidh buntáiste ag miontionscail lasmuigh den Ghaeltacht nach bhfuil ach istigh. Níl ann ach an méid sin.

Ceist bheag eile. An bhfuil aon tionchar ag Plean Buchanan ar an méid atá a chur ar fáil sa Bhille seo? Ní dóigh liom go dtéann an dhá Phlean le chéile. An bhféadfá do thuairim a thabhairt dom faoin gceist seo?

Ní fhéadfainn ach a rá go samhlaímse an Ghaeltacht iomlán mar réigiún breise sa tír ó thaobh pleanála. Tá an tír roinnte i réigiúin ag an Údarás Forbartha Tionscail. Tá bainisteorí réigiúnacha tofa i ngach réigiún. Táimse ag glacadh leis an nGaeltacht iomlán mar réigiún breise agus Gaeltarra Éireann i bhfeighil an réigiúin sin sa tslí cheanna ina bhfuil na bainisteorí réigiúnacha atá ag an Údarás Forbartha Tionscail sna réigiúin eile.

I dtaobh Carraig an Chobhaltaigh, Cúil Aodha in Iarthar Chorcaí agus An Rinn i bPort Láirge, an bhfuil siad sin imithe as an nGaeltacht ar fad?

Cinnte níl cuid acu imithe.

Bhfuil rud ar bith á dhéanamh dóibh?

Tá. Tá an-spéis againn sna háiteanna seo. Tá tionscal nua á bhunú i gCúil Aodha ag Gaeltarra. Sa Rinn, chomh maith, tá iarracht speisialta á déanamh againn d'fhonn teacht ar thionscal oiriúnach. Aon áit ina bhfuil fíor-Ghaeltacht tá an-spéis againn ann.

Cad mar gheall ar Charraig an Chobhaltaigh?

Níl sé sa Ghaeltacht.

Bhí sé cúpla bliain ó shin.

Ní raibh sé sa Ghaeltacht oifigiúil ó 1956.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
ALT 3.
SECTION 3.
Cuireadh an cheist : "Go bhfanfaidh alt 3 ina chuid den Bhille."
Question proposed: "That section 3 stand part of the Bill."

Cad is cúis leis na focail sin a scriosadh?

Bhí siad sin ann ón tús ach níor baineadh úsáid astu le fada. Tá post ann i láthair na huaire ach níl sé líonta. Fuarthas amach de bharr taithí go n-oireann bainisteoir ginearálta níos fearr do chúrsaí Ghaeltarra Éireann. Dá bhrí sin bhí post ann de réir dlí ach ní raibh sé á líonadh. Ós rud é nach bhfuil sé á líonadh, mheasamar gurbh fhearr é a ghearradh amach. Ansin, más mian linn, tig linn post eile ar an mbord a líonadh le duine oiriúnach nach mbeadh ina stiúrthóir bainistí.

An dtuigim an tAire i gceart anois? Tá bord ann. I dtosach bhí stiúrthóir bainistí ar aon chéim le baill an bhoird sin?

Sea, is mar sin a bhí. Ach anois níl an bainisteor ginearálta ina bhall de bhord: ní stiúrthóir é. Fuaireamar amach de bharr taithí nárbh é sin an saghas eagair ab fhearr a d'oir do chúrsaí Ghaeltarra agus nílimid ag baint úsáide as le cúig bliana anuas.

Nach bhfuil baol ansin nach mbeadh a dhóthain taithí ag an bhfear seo i dtaobh an pholasaí atá ar siúl ag an mbord?

Is é an príomhfheidhmeannach é agus tuigim go mbíonn sé i láthair ag cruinnithe an bhoird i gcónaí.

Tá sé mar an gcéanna i gComhlucht Siúicre Éireann Teoranta.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh alt 4.
Section 4 agreed to.
ALT 5.
SECTION 5.
Cuireadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 5 ina chuid den Bhille."
Question proposed: "That section 5 stand part of the Bill."

Cén tréimhse atá i gceist don fhaoiseamh?

Deich mbliana.

Nach bhfuil fiche bliain i gceist do na tithe?

Tá sé seo ar aon dul le cásanna a mbíonn baint ag an Údarás Forbartha Tionscail leo : leanfaidh an faoiseamh céanna go ceann deich mbliana. I gcás na dtithe bíonn an faoiseamh ag dul i laghad gach bliain.

Is dócha go ndeachaigh sibh i gcomhairle leis an Aire Rialtas Áitiúil sa cheist seo. Má táthar chun faoiseamh a thabhairt do chuid amháin den chontae caithfidh sé a bheith beagáinín níos deacra ar an gcuid eile.

Baineann sé sin le haon fhaoiseamh a thugtar. Ceapaimse, ó thaobh na comhairle contae de má tá siad ag tabhairt faoisimh sa tslí seo do mhonarchanna nua, ar an taobh eile den sceál go bhfaigheann siad anchuid buntáistí. Bíonn fostaíocht bhreise ar fáil agus rátaí breise le híoc ar ball—nach bhfaighidís mura mbéad a leithéid ann—agus ní chailleann an contae de bharr na scéime seo.

Maidir le fo-alt (6), an ag an mbainisteor contae a bheidh na cumhachtaí seo? Tá dóthain údaráis ag na bainisteoirí cheana féin.

Is feidhmeanna forcoimeádta iad a bheidh ag an gcomhairle chontae féin. Tá sé seo díreach mar atá san Acht a bhaineann leis an Údarás Forbartha Tionscail.

Is ag an gcomhairle chontae atá an chumhacht seo.

Sea.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh alt 6.
Section 6 agreed to.
Aontaíodh an Teideal.
Title agreed to.
Tuairiscíodh an Bille gan leasú.
Bill reported without amendment.
D'aontaíodh na céimeanna eile a thógaint inniu.
Agreed to take remaining Stages today.
Cuireadh agus aontaoídh an cheist:
"Go nglacfar an Bille chun an breithniú deiridh a dhéanamh air."
Bill received for final consideration.
Cuireadh agus aontaíodh an cheist:
"Go rithfear an Bille anois."
Question: "That the Bill do now pass" put and agreed to.
Barr
Roinn