d'Aire na Gaeltachta an bhfuair sé aon iarratas ó Chomhairle Chontae Chiarraí mar gheall ar scéim séarachais d'Fhionntrá agus don Mhuirioch.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Séarachais.
17. Fiafraí
Tá tagairt do na háiteanna sin i litir a chuir an Chomhairle Chontae chuig Roinn na Gaeltachta an mhí seo caite ach ní dóigh liom go bhfuil pleananna ullamh dóibh. Beimid i gcomhairle leis an Roinn Rialtais Áitiúil agus leis an gComhairle Chontae ina dtaobh.
An bhfuil sé beartaithe ag an Aire aon airgead a thúirt do sna scéimeanna?
Táimíd ag súil leis na pleannanna agus nuair a thagann siad déanfar breithniú ar an gceist.