Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 9 Nov 1972

Vol. 263 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Nuaíocht i nGaeilge.

23. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta dul i gcomhairle le heagarthóirí na bpáipéar laethúla náisiúnta agus deontais speisialta a thairiscint dóibh le tuilleadh nuaíochta i nGaeilge a fhoilsiú.

Glacaim agam gurb eol do na heagarthóirí go bhféadfaidís deontais a thuilleamh faoi scéim atá againn cheana féin. Cuirfear cóipeanna den scéim chucu arís anois agus, más mian le haon duine acu teacht i gcomhairle linn, beidh fáilte roimhe.

Nach gceapann an Rúnaí Parlaiminte de bhrí go léitear an Irish Press, An Irish Times, agus an Irish Independent sa Ghaeltacht go mba cheart dó féin, b'fhéidir, dul i gcomhairle leis na h-eagarthóirí seo agus iarraidh orthu níos mó Gaeilge a chur ar fáil sna páipéirí náisiúnta?

Bhuel, tá deontas le fáil acu agus tá uasteorainn £21 in aghaidh na seachtaine leis an deontas sin. Chuireamar scéala chuig na trí páipéirí laethúla bliain ó shin. Chuireamar fógra chucu go léir ach ní bhfuaireamar aon iarrathas uathú. Fuaireamar litir amháin ón Irish Times ach níor lean siad leis.

Nach gciallaíonn sé sin, b'fhéidir, go mba cheart, b'fhéidir, níos mó airgid a thúirt dóibh má tá siad sásta Gaeilge a fhoilsiú?

Ní beag an méid airgid £21 in aghaidh na seachtaine, go mór mhór má leanann sé ar feadh na bliana.

An bhfuil páipéirí ag fáil deontais faoi láthair?

Tá. Tá cuid mhaith de na páipéirí áitiúla ag fáil deontais. Baineann an cheist seo leis na páipéirí laethúla.

Cé go bhfuil scéim ann níl aon pháipéar laethiúil ag fáil airgid ar bith faoi láthair?

Níl. Níor chuir siad isteach ar an scéim.

Níl an t-airgead ag teastáil uathu.

24. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil ar intinn aige an deontas le haghaidh dramaíochta náisiúnta agus áitiúil a ardú.

Táim tar éis na deontais le haghaidh na drámaíochta Gaeilge a ardú i mbliana.

An mbeadh an Rúnaí Parlaiminte ábalta a rá linn cá gcaitear an t-airgead? An gcaitear é i mBaile Átha Cliath nó sna Gaeltachtaí? Táimid ag caint mar gheall ar dheontaisí agus mar sin de.

Tá an t-eolas anseo—An Comhairle Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Ghaoth Dobhair.

An bhfuil an Rúnaí Parlaiminte ábalta a rá cé mhéid airgid atá á fháil acu?

An Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta tá siad ag fáil £20,000 i mbliana; ardaíodh é ó £18,000 anuraidh; tá Taibhdhearc na Gaillimhe ag fáil £11,500; ardaíodh é ó £9,000 anuraidh agus Amharclann Ghaoth Dobhair, £2,400 agus ardaíodh é sin ó £2,000 anuraidh.

An bhféadfadh an Rúnaí Parlaiminte briseadh suas a dhéanamh ar an £20,000 a tugadh don Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta?

Is ceist eile í sin.

Cá n-oibríonn An Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta? Cén áit? Tá a fhios agam cá bhfuil Taibhdhearc na Gaillimhe agus Amharclann Ghaoth Dobhair ach cá bhfuil an Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta? Cá n-oibríonn an dream sin?

Is eagraíocht í a bhaineann leis an tír go léir. Níl aon áit faoi leith ann.

Barr
Roinn