Written Answers. - An Foclóir Gaeilge-Bhéarla.

159. D'Fhiafraigh

den Aire Oideachais cén dul chun cinn atá á dhéanamh leis an bhfoclóir Gaeilge-Bhéarla a fhoilsiú.

Rinneadh conradh le clódóirí faoi chló-bhualadh an fhoclóra i mí na Márta seo caite agus tá an chéad chuid den ábhar acu cheana féin. Táthar ag súil go mbeidh an foclóir réidh le cur ar an margadh roimh dheireadh na bliana, 1974.