Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 23 Oct 1973

Vol. 268 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt na Gaeltachta

8. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon iarratas faoi leith curtha isteach aige chun cabhair airgid a fháil ón gCiste Réigiúnach faoi Chomhphobail na hEorpa.

Go dtí go leagfar síos na rialacha a bhainfidh leis an gciste sin ní féidir iarratas a dhéanamh dá réir.

Nach dtuigeann an tAire go bhfuil gach seans ann go mbeidh airgead le fáil ón gciste seo agus go mbeidh an t-airgead sin ag teastáil go géar óna Gaeltachtaí.

Go dtí go leagfar síos na rialacha is deacair a rá cad a bheidh le fáil ach, mar is eol don Teachta, tá cás na hÉireann curtha i láthair go h-an-mhaith ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus tá mé lán-tsásta leis an slí ina bhfuil sé ag túirt cuidiú. Tá clar fairsing forbartha don Ghaeltacht á ullmhú agam a bhainfidh le talmhaíocht, tionscalaíocht, cuartaíocht, iascach agus na h-oileáin agus tá sé ar intinn agam cibé cúnamh is féidir a fháil óna cistí oiriúnacha agus nuair a bheidh na rialacha leagtha síos tá sé ar intinn agam iarratas a chur isteach nuair a bheidh na cláracha ullamh againn.

Tá sé leagtha síos i gConnradh na Róimhe go bhfuil an Comhphobal sásta cúnamh faoi leith a thúirt d'áiteacha agus ceanntracha áirithe, go mór mhór iad siúd go bhfuil oidhreacht náisiúin iontu. Ba cheart don Aire, fiú amháin anois, iarratas a chur isteach ar son na Gaeltachtaí.

Tá mise lán-tsásta leis an gcás atá curtha isteach ag an Aire Gnóthaí Eachtracha. Maidir leis an nGaeltacht, ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta gur tháinig ionadaithe ó Rannog Réigiúnach Eacnamaíoch agus Sóisialach an Chomhphobail ar chuairt trí lá go hÉirinn i Mí Meithimh seo caite. Chaith siad lá amháin i gConamara ar chuireadh ó Ghaeltarra Éireann. Tugadh a lán eolais do na cuairteoirí ar fhadhbanna forbartha na Gaeltachta.

An bhfuil a fhios ag an Aire ar chuir an tAire eile aon iarratas isteach chun airgead a fháil go speisialta ar son na Gaeltachta? An ndearna an Dochtúir MacGearailt aon iarratas ar son na Gaeltachta?

Tá dóchas agam go mbeidh airgead le fáil chun forbairt a dhéanamh, go mór mhór san iarthar agus sna ceantair Ghaeltachta mar tá deachrachtaí speisialta ag baint leis na ceantair seo. Tá sé réasúnach bheith ag súil le cabhair ón EEC.

An féidir leis an Aire a rá, taobh amuigh den chiste seo, an bhfuil aon rud fáite as ucht an directive den chéad lá den mhí seo do fheirmeoirí bochta? Seo rud go bhfuil na rialacha leagtha síos faoi. Ar iarr sé cabhair ar bith? Ar iarr an Rialtas cabhair ar bith agus cé mhéid den chabhair sin a bhéas le fáil don Ghaeltacht?

Is ceist eile í sin.

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard é díreach atá i gceist aige sa gheallúint a thug sé faoin fhorbairt nua don Ghaeltacht i dTrá Lí ar an 3 Meán Fómhair, 1973.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta aige maidir leis na geallúintí a thug sé do Chomhar-Chumainn na Gaeltachta i dTrá Lí ar an 3 Meán Fómhair, 1973.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna a 9 agus a 10 le chéile.

Faoi mar atá ráite agam go minic, tá ar intinn agam forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ar gach uile bhealach is féidir liom. Is é mo thuairim gurb iad muintir na háite féin is fearr a thuigeann na fadhbanna atá le réiteach—go háirithe má bhíonn siad eagraithe i gcomharchumann. Dá réir sin, gach comhar-chumann Gaeltachta a bheidh ag obair go héifeachtach ar mhaithe lena gceantar, tig leo bheith ag brath ar chabhair agus ar chomhoibriú uaimse ar feadh mo chumais.

Bhí an tuiscint sin ann an t-am ar fad. An bhfuil aon rud fónta déanta ag an Aire féin? An féidir leis rud amháin a innsint dom atá déanta aige féin chun cabhrú le muintir na Gaeltachta seachas caint?

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go raibh dhá rud i gceist agam nuair a thugas an ráiteas úd i dTrá Lí ar an 3ú lá de Mheán Fómhair. D'oscail mé taispeántas chearda mhuintir na Gaeltachta i dTrá Lí an lá sin. Bhí dhá rud i gceist agam sa ráiteas—ceard obair sa Ghaeltacht agus comharchumainn. Tá sé iarrtha agam ar Ghaeltarra Éireann suirbhéireacht speisialta a dhéanamh chun a fháil amach an féidir cúnamh breise a thabhairt chun ceard obair a leathnú sa Ghaeltacht. Tá an tsuir-bhéireacht sin déanta ag Gaeltarra agus beidh moltaí ag teacht chugam faoi cheann tamaill. B'fhéidir go bhfuil gá le heagras nua—saghas comhar-chumann ceard obair na Gaeltachta a chur ar bun.

Ag éirí as an méid adúirt an tAire faoi chúnamh don Ghaeltacht, an féidir leis a rá an mbeidh aon chuid den chúnamh sin ag teacht as an gciste úd—ciste an Chomhphobail Eorpaigh? An mbeidh aon chuid den chúnamh atá luaite ag an Aire anois sa chisteoir agus an mbeidh aon chuid den chúnamh sin ag teacht as an gciste chun foirthint ar na "less-favoured farmers"?

Caithfidh tú ceist a chur síos ar an ábhar sin.

Ba mhaith liom freagra d'fháil ar an bhfó-cheist sin.

Mar fhreagra ar an gceist a chuir an Teachta Tunney tá suirbhéireacht déanta ag Gaeltarra maidir leis an gceard obair. Tá scéim na gcomharchumann ag mo Roinnse agus tá mo Roinnse anois ag scrúdú na scéime sin chun a fháil amach an féidir an scéim a fheabhsú. Sé mo thuairimse go mba chóir dúinn gach cúnamh is féidir linn a thabhairt do chomharchumann mar is é an slí is fearr chun forbairt na Gaeltachta a dhéanamh tré chomharchumann.

Thuig mé ón Aire go raibh suirbhéireacht déanta ag Gaeltarra Éireann toisc gur iarr sé orthu é a dhéanamh. Nár rinne foireann speisialta de chuid Gaeltarra Éireann agus SFADCO an tsuirbhéireacht chéanna bliain ó shin?

D'fhreagair mé an cheist sin. Níl mórán eile le rá agam.

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige breis chúnaimh a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta maidir le solas agus cumhacht leictreachais a chur ar fáil dóibh.

Tá achainíocha ag teacht leis na blianta chuig mo Roinn agus le déanaí chugam féin mar geall ar na táillí arda a éilíonn Bord Soláthair an Leictreachais i gceantair éagsúla Gaeltachta. Tá an cheist á scrúdú i mo Roinnse i gcomhairle leis an Roinn Iompair agus Cumhachta.

An nglacfadh an tAire go gcaithfear airgead faoi leith a chaitheamh ionnas go mbeidh na h-áiteanna seo ag muintir na Gaeltachta agus go mbeidh an slí maireachtála céanna acu agus atá ag daoine in áit ar bith eile, sin nó ní fhanfaidh siad ann. Dá luaithe a dhéantar an socrú sin is amhlaidh is fearr é.

Aontaím go bhfuil fadhbanna i leith maidir leis an leictreachas sna ceantair Ghaeltachta agus, mar adúras, tá sé iarrtha agam ar mo Roinn an cheist a scrúdú i gcomhairle leis an Roinn Iompair agus Cumhachta. Fuaireas a lán tuairimí agus moltaí óna lán daoine ar fuaid na Gaeltachta maidir leis an gceist sin agus fuaireas tuairimí agus móltaí ó Theachtaí sa Dáil agus tá an cheist faoi scrúdú anois. Tá deacrachtaí ann. Tá fadhbanna faoi leith ann. Beidh áthas mór ormsa cúnamh breise a thabhairt más féidir liom é a dhéanamh.

An bhféadfadh an tAire geallúint a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta an fhaid is atá an scrúdú speisialta seo ag dul ar aghaidh sa Roinn nach gcaillfidh muintir na Gaeltachta an seans an leictreachas d'fháil ón mBórd? Tá tréimhse ann agus muna nglacann siad leis taobh istigh den tréimhse cailleann siad an seans. An dtabharfaidh tú an gheallúint sin do mhuintir na Gaeltachta, go mbeidh an seans seo acu go dtí go mbeidh an scrúdú seo críochnaithe agatsa agus cinneadh déanta ag an Rialtas?

Féachfaidh mé isteach sa cheist seo. Tá fonn mór orm an scéal sin a fheabhsú.

An bhfuil tú sásta an gheallúint sin a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta?

Tar éis an scrúdaithe.

An bhfuil tú sásta an gheallúint sin a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta.

Mar adúras, tá an cheist go leir faoi scrúdú.

Tá mé ag ceapadh go bhfuil Aire na Gaeltachta chun geallúint a thabhairt ach an gcuir-feadh sé é sin in iúl dom? An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt?

Tá mé sásta go bhfuil fadhbanna ann.

An bhfuil tú sásta an gheallúint sin a thabhairt, nach gcaillfidh siad an seans?

Ceist a 12.

12. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon mholtaí faoi leith déanta aige maidir le húdarás áitiúil don Ghaeltacht.

Tá an cheist sin, chomh maith le ceisteanna eile i dtaobh forbairt na Gaeltachta, scrúdaithe agam agus tá moltaí ullmhaithe agam le cur faoi bhráid an Rialtais.

Bhí sé glactha cheana féin go raibh muintir na Gaeltachta i dteideal comhairle áitiúil. An bhfuil an tAire sásta sin a chur ar aghaidh? Ní maith liom daoine ag rá go bhfuil sé curtha os comhair an Rialtais. Do b'fhearr liom dá mbeitheá sásta a rá "féacfaidh mé chuige go mbeidh sé ann".

Tá moltaí ullamhaithe agam anois agus tá súil agam go mbeidh deis ag an Rialtas mo chuid moltaí a bhreathnú sar i bhfad. Tá sé ar intinn agam ráiteas iomlán a thabhairt anseo i gceann cúpla seachtain nuair a bheidh Meastachán mo Roinnse os comhair na Dála.

Barr
Roinn