Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 30 Oct 1973

Vol. 268 No. 6

Coiste Airgeadais. Committee on Finance. - An Bille Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge), 1973: Céim an Choiste agus na Céimeanna Deiridh. Place-names (Irish Forms) Bill, 1973: Committee and Final Stages.

Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 1 mar chuid den Bhille."
Question proposed : "That section 1 stand part of the Bill."

Anseo atá na mínithe. Ina measc tá míniú ar an bhfocal "logainm" féin. Faoin míniú is logainm gach ainm dá bhfuil ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis. Dá gcuirfeadh daoine ceist faoi ainm éigin atá ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis sé an freagra a gheobhadh sé ná logainm. Tá súil agam go beidh gach ainm as Béarla agus as Gaeilge ar na léarscáileanna as seo amach.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
ALT 2.
SECTION 2.
Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 2 mar chuid den Bhille."
Question proposed: "That section 2 stand part of the Bill."

Faoin alt seo féadfaidh an tAire, tar éis dó comhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha, ordú logainmneacha a dhéanamh. Dearbhóidh ordú logainmneacha céard é iontamhail Ghaeilge na logainmneacha a bheas sonraithe san ordú.

Beidh cumhacht ag an Aire faoin alt ordú logainmneacha a leasú nó a chúlghairm.

Tá an ghnáth-fhoráil ann go leagfar gach ordú logainmneacha faoi bhráid Tithe an Oireachtais agus go bhféadfaidh aon Teach acu an t-ordú a chur ar neamhní taobh istigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin ina dhiaidh sin.

An féidir liom glacadh leis go bhfuil fó-alt (2) de Alt 2 ar aon dul leis na fó-altanna céanna i mBillí eile? Ag féachaint air, ní deireann sé muna ritear rún ina aghaidh go leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm. Ní deirtear sin ann ach is dócha go bhfuil sé iontuigthe. An féidir liom glacadh leis go bhfuil sé díreach ar aon dul leis na foráileacha céanna i mBillí eile? Muna ritear rún ina aghaidh i gceachtar Teach den Oireachtas ní deireann sé go mbeidh sé i bhfeidhm.

Tá sé sin iontuigthe.

Is dócha go bhfuil sé iontuigthe ach an bhfuil an fhoirm seo de Alt a 2 ar aon dul leis an bhforáil chéanna i ngach mBille eile?

Mar shompla, tugann daoine áirithe "Pearse Street" agus daoine eile "Main Street" ar an sráid chéanna. Dá n-iarrfaí ort leagan Gaeilge a thabhairt ar "Pearse Street", Sráid an Phairsaigh, an mbeadh feidhm dlí ag an ainm sin?

(Cur isteach.)

B'fhéidir gur cóir dúinn Bille eile a thúirt isteach cun an cheist sin a réiteach.

Níl mé féin cinnte an bhfuil ainmneacha sráide faoi chúram an Choimisiúin beag ná mór.

Faoin sainmhiniú atá ar "logainm" go d'fhéadfadh ainm sráide teacht isteach.

Cuireadh agus d'aontaíobh an cheist.

Question put and agreed to.
ALT 3.
SECTION 3.
Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 3 mar chuid den Bhille".
Question proposed "That section 3 stand part of the Bill."

Faoin alt seo beidh an fhoirm Ghaeilge a bheas leagtha síos ag an Aire in ordú logainmneacha ar aon-fheidhm ar gach slí i ndoiciméad dlíthiúil leis an logainm a bhfulil sí ag freagairt dó faoin ordú.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
ALT 4.
SECTION 4.
Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 4 mar chuid den Bhille."
Question proposed: "That section 4 stand part of the Bill."

Seo é an ghnáthfhoráil airgeadais.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Cuireadh agus d'aontaíodh alt 5.
Section 5 agreed to.
Cuireadh agus d'aontaíodh an Teideal.
Title agreed to.
Tuairiscíodh an Bille gan leasú.
Bill reported without amendment.
Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist: "Go nglacfar an Bille chun an breithniú deiridh a dhéanamh air."
Bill received for final consideration.
Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist: "Go rithfear an Bille anois."
Question: "That the Bill do now pass" put and agreed to.
Barr
Roinn