Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Nov 1973

Vol. 268 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláistí Samhraidh.

88. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon teagmháil á dhéanamh aige le lucht na gcoláistí samhraidh maidir le cúrsaí na bliana seo chugainn.

Bhuail mé le hionadaithe ó Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh inniu.

Is tráthúil mar a thárla sé agus tá súil agam go mbeidh tairbhe dhá bharr ach an mbeadh an tAire in ann a rá nó sásta a rá go gcaithfear athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist seo go hiomlán?

Bhí cruinniú fada agam leis na hionadaithe ó Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh agus do phléamar ceist na gcoláistí agus na gcúrsaí samhraidh go hoimlán. Do thug an toscaireacht a lán moltaí agus tuairimí dom agus tá meamram mór agam a fuaireas ón toscaireacht ar maidin. Breathnófar na moltaí sin go luath.

An bhfuil aon moladh ann faoi líon na ndaltaí a bhíonn in aon teach amháin agus an nglacfadh an tAire go mbeadh sé níos fearr, chomh fada is a bhaineann sé leis an nGaeilge, dá mbeadh na gasúir scaipthe níos forleithne ar fuaid na Gaeltachta agus nach mbeadh muintir Bhaile Atha Cliath, béarlóirí ar fad, in éineacht lena chéile?

I measc na moltaí a thug an toscaireacht dom ar maidin bhí ceann go ndéanfaí socraithe le haghaidh cigireachta ar na tithe lóistín.

Tá a fhios agam go raibh cigirí na Roinne ag déanamh scrúdú ar na coláistí seo agus an bhfuil an tAire sásta go bhfuil obair fhónta ar siúl sna coláistí uilig? Tá a fhios agam freisin nach raibh go leor daltaí ag freastal ar na coláistí i mbliana. An bhfuil an tAire cinnte go mbeidh líon na n-daltaí ard go leor chun na coláistí uilig a choiméad ar oscailt agus ag obair sa bhliain seo chugainn?

Sé mo thuairim go mba chóir dúinn ceist na gcoláistí samhraidh a athbhreithniú mar adúirt an Teachta Tunney. Tá moltaí agam agus fuaireas a lán tuairimí nuair a bhíos ag dul mór-thimpeall na Gaeltachtaí i rith an tsamhraidh. Tá pointe ag an Teachta agus beidh mé ag breithniú an scéil go léir. B'fhéidir go mba chóir dúinn athrú a dhéanamh ar an scéal. Nílim cinnte fós go dtí go mbeidh an scrúdú críochnaithe agam.

An bhfuil an tAire sásta go bhfuil obair fhónta ar siúl ins na coláistí uilig?

Tá sé ar intinn agam an cheist iomlán a scrúdú.

Barr
Roinn