Ar dtús ba mhaith liomsa buíochas a ghabháil leis na Teachtaí a labhair ar na mBille seo. Bhí díospóireacht gairid againn ach díospóireacht cuidíoch a bhí ann agus tá áthas mór ormsa mar Aire go raibh na Teachtaí a labhair chomh dáiríre sin agus go raibh dearcadh chomh réalaíoch acu i dtaobh cúrsaí na Gaeltachta. Taispeánann an díospóireacht gairid a bhí againn inniu go bhfuil suim ar leith ag na Teachtaí Dála ó gach taobh den Teach seo i leas na Gaeltachta agus i leas na Gaeilge. Bhí áthas orm chomh maith tuairimí na dTeachtaí a fháil agus déanfaidh mé mo dhícheall chun freagraí a thabhairt ach mura féidir é scríobhfaidh mé chuig na Teachtaí sul i bhfad.
Ar dtús mar is gnách do thug an Teachta ó Tonnaí ráiteas anréasúnta. Bhí séag lorg níos mó eolais maidir leis an ngá atá le £4 mhilliún a cheadú ag an bpointe seo. B'fhéidir nach gcaithfidh Gaeltarra Éireann £4 mhilliún sul a mbunófar Údarás na Gaeltachta. Mar sin féin sílim gur fearr a bheith cinnte anois go mbeidh go leor airgid ag Gaeltarra fad a bheas sé ann go deireadh na bliana seo ná bheith ag teacht ar ais go dtí an Dáil le Bille eile. Chomh maith leis sin do dhein an Teachta Ó Tonnaí tagairt do na hoibritheoirí atá ag obair le Gaeltarra Éireann agus maidir le stáid na Gaeilge, stáid na teanga agus an tsuim atá acu sa teanga. Ar leathanach a 6 de Ghaeltarra Éireann Tuarascáil Bhliantúil 1972 faoin dteideal Forbairt Imshaoil tá an méid seo a leanas:
Eagraíodh ranganna Gaeilge i gcaitheamh na bliana ar ar fhreastal fostaithe ón Ardoifig, ó mhonarchana Thuar Mhic Éadaigh, Chill Chárthaigh, Fhaisin Chonamara Teo. agus ó na tithe ósta sin a bhfuil infheistíocht ag an mBord iontu. Cuireadh tús le foclóir téarmaí tráchtála agus téarmaí teicniúl a chur le chéile.
Bunaíodh Comhairle chun feabhas a chur ar úsáid na Gaeilge agus ar chúrsaí sóisialta. Tá ionadaithe ón Ardoifig, ó na rannóga trádála agus ó na comhchomhlachtaí ar an gComhairle sin. Spreagadh foirne na monarchana agus na hArdoifige chun cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge agus imeachtaí sóisialta trí pháirt ghníomhach a ghlacadh i gcúrsaí caidrimh ina gceantair fein.
Tá dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh ag Gaeltarra. Tá tuairisc iomlán ins an tuarascáil bliantiúil 1972 agus beidh áthas orm cóip den tuarascáil a thabhairt agus ba mhaith liom cóip a chur chuig an Teachta Tunney.
Dúirt an Teachta Kelly go mba chóir dúinn ceist na Gaeltachta a bhunú anseo sa Dáil. Sin pointe nua agus b'fhéidir go mba chóir dom breathnú ar an gceist sin. Sílimse go gcabhródh ceist mar sin go mór. Chuir an Teachta Geoghegan ceist orm ag fiafraí an mbeadh na monarchain ar fad le chéile sa Ghaeltacht nó an mbeadh siad scaipthe ar fud na Gaeltachta. Is ceist an-tábhachtach í sin. Nuair a bhí mé ag dul mór-thimpeall na Gaeltachta an Luan seo caite, bhíos i nGaoth Dóbhair chun monarcha nua a oscailt go hoifigiúil. Bhíos ag caint le daoine ansin agus bhíomar ag plé cúrsaí tionscail agus sé an tuairim a bhí ag na daoine sin nach maith an rud na tionscail go léir a bheith in áit amháin. Is é mo thuairimse, agus táim cinnte go bhfuil sé mar thuairim ag Teachtaí eile anseo, go bhfuil gá le tionscail Stáit ar dtúis ach ansin go bhfuil géar-ghá le tionscail i ngach baile agus beagnach i ngach paróiste ar fud na Gaeltachta. Is furast é sin a rá ach is deachair é a dhéanamh.
Mar a dúirt mé, bhí sé d'onóir agam monarcha nua a oscailt i nGaoth Dóbhair an Luan seo caite. Chomh maith leis sin, tá monarcha an-mhór á thógáil faoi láthair. Beidh an foirgneamh críochnaithe sa bhFómhar agus beidh daoine fostaite ann roimh dheireadh na bliana. Nuair a bhí an Teachta Cunningham ag caint dúirt sé nár thug an tAire creidiúint do na scéimeanna a rinneadh romham. Ó tháinig mise isteach sa Teach seo i 1961 do thugas creidiúint i gcónaí d'éinne go mba chóir dom creidiúint a thabhairt dó. B'fhéidir nach raibh deis ag an Teachta mo ráiteas ar an mBille seo a léamh, ach ag leathanach a 2 deir mé:
Faoi mar atá ráite agam go minic, is é mo thuairim féin gurb é an lánfhostaíocht sna seachtóidí do phobal na Gaeltachta an rud is tábhachtaí ar fad. Níl beag a bhfuil déanta sa treo sin. I dtionscail a bhfuil cabhair tugtha ag Gaeltarra dóibh agus i dtionscail Ghaeltarra féin, tá thart faoi 2,500 duine ag obair agus is le bliain anuas a thosaigh os cionn 500 díobh. Na tograí go léir a bhfuil cabhair ceadaithe ag Gaeltarra dóibh, meastar go gcuirfidh siad fostaíocht ar fáil do suas le 4,000 duine nuair a bheith siad faoi lánseol. Is ábhar misnigh na figiúirí sin.
Dúirt an Teachta Gallagher rud an-tábhachtach ar fad a bhaineann leis an mbun-struchtúr—na bóithre, uisce agus leitreachas agus mar sin de. Gan dabht ar bith, is gá feabhas mór a chur ar na seirbhísí sin. Mar a dúras, tá sé mar phríomh-aidhm againn lán-fhostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ins na seachtóidí. Is furast é sin a rá ach is deacair é a thabhairt chun críche. Ní foláir dúinn smaoineamh a dhéanamh air go bhfuil réigiúin iargúlta in Éirinn nach bhfuil a leithéid in iarthar na hEorpa agus sé tá i gceist againn ná forbairt tionscail a dhéanamh iontu. Ach tá deacrachtaí an-mhóra maidir leis an mbunstruchtúr, le uisce agus gach rud mar sin. Bhí deis agam i rith na bliana seo caite cuairt a thabhtirt ar beagnach gach ceantar Gaeltachta; tuigim anois go maith na deacrachtaí atá iontu. Tá fonn mór orm gach rud is féidir liom a dhéanamh chun na deacrachtaí sin a réiteach.
Os rud é go bhfuilim ag déanamh tagairt don Teachta Gallagher, ba mhaith liom a rá go bhfuil an-áthas orm go bhfuil dul chun cinn ar siúl anois i gContae Mhaigh Eo, go bhfuil monarcha nua dá thógáil; chomh maith leis sin tá cosúlacht ar chúrsái ann leis an rud a dúirt an Teachta Cunningham maidir leis na feirmeoirí sa Ghaeltacht. In iarthar Mhaigh Eo tá ionad beatha ann—an chéad cheann in Éirinn. Tá sé ag dul ar aghaidh go han-mhaith. Chomh maith leis sin, chuir sé an-áthas orm a chloisint le deanaí go raibh comhlachtaí nua bunaithe i gceantar Iorrais—is é sin, chuaigh Gaeltarra Éireann i gcomhpháirtíocht le Comhar Iorrais chun comhlacht nua a bhunú chun forbairt talmhaíochta a dhéanamh. Is maith an rud é sin. Is céim ar aghaidh an-mhaith ar fad é. Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le gach duine a raibh baint aige leis an obair sin.
D'fhiafraigh an Teachta Gallagher cá gcaithfear an t-airgead seo. Caithfear ar fud na Gaeltachta é—ar fud na Gaeltachta uile. Go luath tar éis mo cheapacháin mar Aire, bhí cruinniú agam le Bord Ghaeltarra Éireann agus is í an chomhairle ghinearálta a thug mé dóibh go mba chóir dóibh cúram a thabhairt, ní d'aon áit amháin sa Ghaeltacht ach don Ghaeltacht ar fad. Thug mé comhairle dóibh forbairt a chur ar fáil i ngach paróiste agus an t-airgead a chaitheamh sna monarchain atá dá dtógáil ar fud na Gaeltachta.
Rinne an Teachta Faulkner tagairt do dhaoine as an nGaeltacht a fuair céimeanna ollscoile agus dúirt sé go mba cheart dóibh filleadh chun na Gaeltachta. Bheadh an-áthas ormsa bualadh le héinne mar sin agus tabharfaidh mé gach cabhair dóibh. Is féidir le héinne mar sin a bheith cinnte go mbeidh gach cabhair le fáil aige ó mo Roinnse agus ó Ghaeltarra Éireann má tá plean aige chun monarchain a bhunú sa Ghaeltacht.
Chomh maith leis sin, maidir leis na daoine ón nGaeltacht a fuair oideachas ollscoile tá fonn mór ormsa i leith fostaíocht oiriúnach a chur ar fáil dóibh sin agus maidir leis sin, mar is eol do na Teachtaí tá ionad ríomhaire, is é sin computer centre, á thógáil anois ins na Forbacha agus cuirfidh an tionscnamh sin postaí ar fáil do timpeall 30 duine a bhfuil cáilíocht speisialta acu in ardoideachas. Tá géar-ghá le, mar adéarfá i mBéarle, service industry, is é sin tionscail seirbhísí, ar fud na Gaeltachta. Tuigim go bhfuil saineolas ag an Teachta Tunney maidir leis an gceist sin 2.0 agus do phléamar an cheist sin cúpla uair anseo sa Dáil i rith na gceisteanna. Tá géar-ghá le fostaíocht den sort a ghabhann le tionsclaéocht seirbhísí agus tá gach iarracht á dhéanamh faoi láthair ag Gaeltarra Éireann chun fostaíocht mar sin a chur ar fáil, go háirithe do dhaoine ón nGaeltacht a raibh deis acu céim ollscoile a bhaint amach nó cáilíocht speisialta a fháil.
Dúirt an Teachta S. Flanagan gurab é an rud is tábhachtaí ar fad ná obair a chur ar fáil do na daoine óga sa Ghaeltacht agus aontaím leis sin. Táim cinnte go n-aontaíonn muid go léir leis sin. Tá sé ráite agamsa go minic maidir leis an fhostaíocht agus forbairt ins an nGaeltacht gurab é an rud is tábhachtaí agus is práinní ná fostaíocht a chur ar fáil go háirithe do na daoine óga. Mura mbíonn fostaíocht ar fáil ag na daoine óga rachaidh siad go Baile Átha Cliath nó thar lear agus áiteanna eile.
Dhein an Teachta Wilson tagairt do na comharchumainn agus ní gá dhom a rá go bhfuil suim ar leith agam i ngach comharchumann Gaeltachta. Tá deá-obair ar siúl acu go háirithe i gCorca Dhuibhne agus i nGleann Cholmcille agus áiteanna eile. Bhí an Teachta Wilson ag lorg eolais maidir leis na comharchumainn a bheith páirteach i gcomhthionscail i dteannta Ghaeltarra. Tá an-áthas ormsa a rá go bhfuil, go háirithe i gCorca Dhuibhne agus i gceantar Iorrais agus in Alt an Chorráin i gCo. Dhún na nGall. I gcás Chorca Dhuibhne tá Gaeltarra Éireann chomh tábhachtach le Comharchumann Chorca Dhuibhne i dtionscail na garradóireachta agus tá an-áthas ormsa a rá go bhfuil tionscnamh eile den tsaghas sin á thosú faoi láthair i mBaile an Fheirtéaraigh. I gcás Iorrais mar a dúras tá forbairt an-mhaith ar siúl ann maidir le feabhsú talún. Tá Gaeltarra Éireann comhpháirteach le Comhar Iorrais. In Alt an Chorráin i gCo. Dhún na nGall tá Gaeltarra Éireann comhpháirteach le comharchumann iascaireachta ann agus tá monarchain próiseála tógtha ann agus tá dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh acu. Tá suim ar leith agamsa ins na comharchumainn agus is maith an rud é go mbeadh Gaeltarra páirteach leis na comharchumainn i bhforbairt na Gaeltachta.
Chuir an Teachta Brugha ceist mar gheall ar na poist atá curtha ar fáil sa Ghaeltacht. Tá áthas orm a rá gur poist do shaothraithe is mó atá iontu ach tá sé an-tábhachtach ar fad go mbeadh—maidir leis an fhostaíocht agus go háirithe maidir leis an lán-fhostaíocht ins na seachtóidí nó roimh dheireadh na seachtóidí go mbeadh fostaíocht ar fáil do na daoine óga mar a dúirt an Teachta Flanagan ach ní hé amháin go mbeadh fostaíocht ar fáil do na daoine óga ach do na fir agus na mná ionas go mbeadh forbairt chothrom againn. Tá sé an-tábhachtach ar fad, go háirithe faoin dtuaith, ins na bailte beaga agus ins na ceantracha éagsúla ar fud na Gaeltachta, go mbeadh tionscail ina mbeadh cailíní agus fir ag obair. Nuair a bhíonn an scéal mar sin bíonn caoi ag an bhfear ón áit an cailín ón áit a phósadh agus i rith na mbliana bíonn clann acu agus sin é an saghas forbartha is mian liomsa a fheiceál sa Ghaeltacht.
Is é mo thuairimse go ndearna mé tagairt do gach Teachta agus arís táim an-bhuíoch do na Teachtaí a labhair ar an mBille seo. Is mór an trua nár thug an Bille gairid seo deis dhúinn chun díospóireacht iomlán a bheith againn i dtaobh forbairt na Gaeltachta ach de réir na rialacha ní raibh aon rud eile le déanamh agam ach ráiteas gairid a thabhairt agus baint díreach ag an ráiteas sin leis an mBille, ache le cúnamh Dé sul i bhfad agus a luaithe is féidir beidh deis againn, nuair a bheidh meastachán á thabhairt os comhair na Dála agus ina dhiaidh sin nuair a bheidh an Bille den údarás una faoi chaibidil. Go raibh míle maith agaibh.
Cuireadh agus aontaíodh an cheist.