Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 29 May 1974

Vol. 273 No. 2

An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1974: An Dara Céim. - Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1974: Second Stage.

Tairgim: "Go léifear an Bill an Dara hUair".

I move: "That the Bill be now read a Second Time".

Is é an cuspóir atá leis an mBille seo ná ardú ó £6 mhilliún go £10 milliún a dhéanamh ar an uasteorainn do na hairleacain a eisítear as an bPríomh-Chiste chuig Gaeltarra Éireann. Uasteorainn £500,000 a leagadh síos sa bhliain 1957 agus ardaíodh í go dtí £2 mhilliún sa bhliain 1965 agus go dtí £6 mhilliún sa bhliain 1971. Is mithid í a ardú arís anois toisc go bhfuil an £6 mhilliún íoctha le Gaeltarra cheana féin. Caiteachas caipitial ar fad atá i gceist agus, i ngarbh-fhigiúirí, is iad na príomhshuimeanna atá san áireamh go dtí seo ná——

£1½ mhilliún ar fhoirgnimh agus ar ghléasra do na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin,

£3 mhilliún ar mhonarchana lena gcur ar cíos, agus

£1½ mhilliún ar scaireanna i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar lena chéile chun comhthionscail a reachtáil.

Beidh £4 mhilliún breise ar fáil do na cúrsaí sin faoin mBille seo. Ar ndóigh, bíonn caiteachas caipitil i gceist chomh maith sna deontais tionscail a thugann Gaeltarra ó 1965 i leith, agus is amhlaidh a chuirtear an t-airgead sin ar fáil trí Vóta Roinn na Gaeltachta gach bliain.

Faoi mar atá ráite agam go minic, is é mo thuairim féin gurb é an lán-fhostaíocht sna seachtóidí do phobal na Gaeltachta an rud is tábhachtaí ar fad. Ní beag a bhfuil déanta sa treo sin. I dtionscail a bhfuil cabhair tugtha ag Gaeltarra dóibh agus i dtionscail Ghaeltarra féin, tá thart faoi 2,500 duine ag obair agus is le bliain anuas a thosaigh os cionn 500 díobh. Na tograí go léir a bhfuil cabhair ceadaithe ag Gaeltarra dóibh, meastar go gcuirfidh siad fostaíocht ar fáil do suas le 4,000 duine nuair a bheidh siad faoi lánseol. Is ábhar misnigh na figiúirí sin.

Faoi mar a luaigh mé sa Dáil cúpla mí ó shin, tá Bille eile á ullmhú againn chun Údarás na Gaeltachta a chur in ionad Ghaeltarra Éireann agus chun na cumhachtaí feidhmiúcháin is leithne is féidir a thabhairt don chomhlacht nua ar mhaithe le forbairt uileghabhálach na Gaeltachta. Bheidh forálacha airgeadais sa Bhille sin freisin. Idir an dá linn, áfach, ní foláir a chur ar chumas Ghaeltarra leanúint ar aghaidh leis an dea-obair, agus is chuige sin atáim ag iarraidh ar an Dáil glacadh leis an mBille beag seo.

Is Bille beag é seo ach tá sé mór-thábhachtach ag féachaint don mhianach lena mbaineann sé. An té ón dtaobh amuigh a bhreathnaíonn ar an mBille seo feichfidh sé gur ceadúnas do chaiteachas £4 milliún atá ann. Mura bhfuil aithne aige ar oifigí íontacha Ghaeltarra Éireann nó muna dtuigeann sé an obair fhíorthábhachtach atá idir lámhaibh ag Gaeltarra Éireann is dócha go mbeadh ceist nó dhó le cur maidir leis an gceadúnas atá á iarraidh. Déanfaidh mé tagairt do na ceisteanna sin níos déanaí.

Chomh fada is a bhaineann se liom féin, fáiltím go hiomlán roimh an mBille seo. Fáiltím roimh an mBille mar chomhartha fáis, mar chomhartha forbartha, mar chomhartha dóchais agus mar chomhartha áthais do mhuintir na tíre. Dá mhinice a thagann Aire Gaeltachta ar bith os comhair an Tí seo ag iarraidh cabhrach de chineál ar bith do mhuintir na Gaeltachta is amhlaidh is fearr liomsa é. Ba mhaith liom a chur ar Thuairisc Oifigiúil an Tí seo nach aon bhrú ar dhoicheall a bhéas ann chomh fada is a bhaineann sé liomsa nó le muintir Fhianna Fáil. Níl mé ag rá go mbeimid sásta uair ar bith carte blanche a thabhairt d'Aire ar bith maidir le caiteachas airgid. Mar bhall fiú amháin den Choiste um Chuntais Phoiblí bheadh orm ceisteanna a chur agus is ag a bpointí seo is maith liom ceisteanna “an fhir ón taobh amuigh” ar ar thrácht mé níos luaithe a chur.

Deir an tAire linn gurab é atá i gceist anseo ná an uasteorainn a cheadaíodh i macsamhail an Bhille seo i 1971 a ardú anois tré £4 mhilliún sa bhreis a chur leis. Chomh maith leis sin tuigimid uaidh go bhfuil an uasteora de £6 mhilliún a bhí ann geall le bheith sroiste ag Gaeltarra Éireann cheann féin.

Luann an tAire freisin an ráiteas a rinne sé anseo agus in áiteacha eile maidir le hÚdarás na Gaeltachta, ráiteas ar chuireamar fáilte agus fiche roimhe. Do réir mar a thuigimíd beidh an t-údarás ann taobh istigh de bhliain. Mar sin, ar son an fhir eile agus ag éirí as na dualgaisí atá orm ba mhaith liom an cheist seo a chur. An bhféadfadh an tAire beagáinín níos mó eolais a thabhairt dúinn maidir leis an ghá atá ann £4 mhilliún a cheadú anseo? An amhlaidh go bhfuil Gaeltarra Éireann imithe thar an teora a bhí ann cheana féin nó an amblaidh go bhfuil siad cinnte go mbeidh gá leis an £4 mhilliún seo taobh istigh de bhliain eile?

Os ag trácht ar dhualgaisí atá muid measaim nach ndéanfadh sé dochar ar bith an dualgas a luíonn ar Roinn na Gaeltachta a bhreacadh síos anseo. Tá siad ar eolas ag na Teachtaí cheann féin ach measaim féin nach ceart riamh dearmad a dhéanamh orthu. Nuair a bunaíodh Roinn na Gaeltachta leagadh síos gurb é leas cultúra, sóisialach, geilleagnach na Gaeltachta a chur chun cinn agus cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge. B'shin é an dualgas a bhí orthu.

Tá sé chomh maith freisin an dualgas a luíonn ar Ghaeltarra Éireann maidir leis an Ghaeilge ag éirí as an bpríomh-Acht seo, Acht, 1957 a bhreacadh séos. I rannóg 4 (2) deirtear: "Is é dualgas an Bhoird cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth urlabhra sa Ghaeltacht." Agus, ar ndóigh, is féidir linn glacadh leis sin i n-áiteacha eile nach í.

Níl éinne níos fearr ná mé féin a thuigeann nádúracht agus fealsúnacht an tsean-fhocail a dheineann trácht ar an ngad is goire don scórnach. Glacaim go hiomlán—agus tá sé ráite agam na céadta uair cheana féin — nach aon mhaith bheith ag trácht ar an nGaeltacht mura nglacaimíd mar bhun-chloch go bhfuil muintir na Gaeltachta i dteideal slí bheatha, slí mhaireachtála agus córas maireachtála a fháil chomh hard le háit ar bith eile sa tír agus b'fhéidir níos aoirde.

Glacaim go hiomlán leis an gá a bhaineann le lán-fhostaíocht ach níor mhaith liom go ndéanfadh an glacadh sin dall muid ar an ghné eile den Ghaeltacht atá chomh tábhachtach leis an gcóras maireachtála. Sé tá i gceist agam ná maireachtáil aigne, maireachtáil traidisiúin, maireachtáil náisiúin. Níl na rudaí sin le feiscint níos soiléire in áit ar bith ná mar atá siad le feiscint sa Ghaeltacht.

Maidir leis an ndualgas i leith na Gaeilge atá ar Ghaeltarra Éireann, conas a chomhlíon muintir Ghaeltarra an dualgas sin a bhí orthu? Gheibhimid tuairiscí faoi na dualgaisí eile. Tá an-iontaoibh agam féin as an Aire, as Roinn na Gaeltachta agus as Gaeltarra Éireann ach chomh fada agus is eol dom ní fhaca mé riamh tuarascáil reatha ar an dualgas úd i leith na Gaeilge atá orthu.

Cén mhaith í an Ghaeltacht ach go bhfuil an Ghaeilge ann? Cén mhaith aon dul chun cinn a dheinimid chomh fada agus a bhaineann sé leis na glaonna atá ar an ngnáth-dhuine maidir le maireachtáil? Cén mhaith na rudaí sin uilig má táimid chun an seoid úd eile atá níos luachmhaire a chailliúint? Níl mé ag caitheamh anuas ar Ghaeltarra. Tá a fhios agam go bhfuil an dualgas sin comhlíonaithe acu chomh maith in Éirinn agus is féidir leo ach de bhrí nach bhfaca mé an tuarascáil nó nach bhfaca éinne eile í, níl a fhios againn cé acu an bhfuil an dualgas úd á chomhlíonadh acu nó nach bhfuil.

Ó bunaíodh an Teach seo bhí tuiscint ann maidir le ceist na Gaeilge. Ní heol dom go ndearna Rialtas amháin seachas Rialtas eile aon phointe mór faoi a ndearna siad maidir leis an nGaeilge nó maidir leis an nGaeltacht. Tá súil agam gur mar sin a bheidh an scéal. Tá sé tábhachtach go mbeimid go léir ar aon fhocal maidir leis an nGaeilge.

Ní dhéanfaidh mé ach tagairt amháin eile d'óráid an Aire. Níl ach aon chlamhsán amháin agam. Measaim go ndearna an tAire iarracht tairbhe a bhaint as an mBille san tagairt a rinne sé do 500 post a chuireadh ar fáil in rith na bliana. Tuigeann sé chomh maith agus a thuigeann gach duine sa Teach nach fás aon oiche a bhí sna postanna sin. Ní bheadh na postanna sin ann marach an obair a bhí déanta ag daoine eile agus ag Airí eile roimhe. Luaigh mé sin chun a theaspáint chomh tábhachtach is atá sé deighilt a dhéanamh i gcónaí idir chúrsaí polaitíochta agus ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Traoslamím leis an Aire as ucht a bhfuil á ndéanamh aige. Tá sé ar a dhícheall ag tabhairt le tuiscint go dteastaíonn uaidh chomh mór agus a theastaíonn uaimse an oiread agus is féidir a dhéanamh ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta. Chomh fada agus a leanann sé féin nó Aire ar bith eile an treoir sin beidh mise leo. Tá a fhios agam nuair a bhéas freagra á thabhairt aige amach anseo go ndéanfaidh sé tagairt don mhéid atá ráite agam, go mór mhór nuair atá bás Ghaeltarra fógraithe cheana féin agus go mbeidh ar a gcumas an £4 mhilliún sin a chaitheamh. Tá súil agam go ndéanfaidh sé tagairt freisin don mhéid a lua mé maidir leis an dtuarascáil agus cé chomh tábhachtach is a ghlacann siad an Ghaeilge féin a bheith.

Tá a fhios agam nuair a bhíonn forbairt ann i gcónaí bíonn bua agus cailliúint agus caithfimid i gcónaí an dá rud sin a mheascadh lena chéile agus a chur san áireamh. Bheadh díomá ormsa dá mbeadh an caighdeán maireachtála sa Ghaeltacht níos aoirde ná mar atá sé in áit ar bith eile ach gurb é an praghas a íocadh air sin go raibh an Ghaeilge imithe, go raibh laige inti, go raibh cultúr na Gaeltachta imithe, go raibh cultúr na tíre, an ceol, agus an drámaíocht imithe.

Ba mhaith liom cúpla focal fáilte a chur leis an méid atá ráite cheana ag an Teachta Tunney agus fáilte a chur roimh an mBille chomh maith. Ní hí seo an chéad uair adúirt mé i gceachtar Teach den Oireachtas go mba chóir don Ghaeilge agus gach a mbaineann léithe a scaradh ón pholaitíocht sa méid agus is féidir é. In aghaidh an lae le 50 bliain anuas nó níos mó tá cineál peile á dhéanamh as an nGaeilge ag cuspóirí polaitiúla agus sí an Ghaeilge agus an Gaeltachta a bhíonn thíos dá bhárr.

Tá coiste sa Teach seo agus é bunaithe le bliain nó dhó anuas ag deighleáil le ceist an Tuaiscirt agus le cúrsaí Éireannacha. Níl fáth ar bith ann, dar liom, nach mbeadh a leithéid de choiste ann chomh maith chun leas na Gaeilge a chur chun cinn agus féachaint chuige na bealaí is fearr chun sin a dhéanamh. Ní maith liom ar chor ar bith a fheiceál go mbíonn ceisteanna éagsúla, ceisteanna teoirice nó ceisteanna praicticiúla, á bplé sa Teach seo nó áit ar bith eile agus á bplé mar cheisteanna nach mbíonn tábhacht ar bith iontu seachas an pholaitíocht, cuir i gcás, cé cáiliúil Ros a' Bhíl. Táimid go léir cráite sa Teach seo le céard a thárla nó nár thárla leis an gcé sin. Is cuma liomsa sa diabhal arbh é Fianna Fáil nó an chéad Comhrialtas nó an dara Comharialtas nó an treas Comhrialtas ba chiontach leis an mhoill agus ba chúis le gan é a bheith ann go fóill, cé go bhfuil an obair sin tosnaithe. Ach idir an dá linn, le linn na díospóireachta fada tá go leor daoine imithe as an áit agus b'féidir go mbeidís ann i gcónaí dá mbéadh an cé tógtha 30 nó 40 bliain ó shin.

Cé atá ag imirt peile anois?

Dá n-éisteadh an Teachta liom chloisfeadh sé gur dhúirt mé cúpla nóiméad ó shin gur cuma liom sa diabhal arbh é Fianna Fáil nó muide ba chúis leis an mhoill. Ní maith liom ceist an ché sin a bheith á ciceáil soir siar sa Teach seo mar pheil pholaitiúil. Tá súil agam go dtógfar an cé seo go lua, ach dá dtógfaí an cé sin dhá scór bliain ó shin seans go mbeadh, b'fhéidir, 100 duine i gConamara fós agus an Ghaeilge mar theanga dhúchais acu atá scaipithe ar fud an domhain, atá i Huddersfield nó i Detroit.

Cén bhaint atá ag an gcé seo leis an mBille atá os comhair an Tí. Níor thug Gaeltarra Éireann aon airgead don obair seo a chor ar bith.

Dá bhfanfadh an Teachta as an Teach ar fad b'fhéidir nach mbeadh aon achrann eadrainn. Ní raibh achrann ar bith idir fear urlabhra an Fhreasúra agus an Aire. Óráid dheas bhéasach a thug sé uaidh agus é ag tabhairt freagra ar an Aire. Níor mhaith liom achrann a thabhairt isteach sa scéal beag ná mór. Ba mhaith liom dá mbeadh aontas eadrainn ar an gceist seo mara mbeadh sé eadrainn ar cheist ar bith eile. Féach an chaoi ina bhfuil Conradh na Gaeilge dulta siar le fada an lá toisc gur mheasc sé é féin sa pholaitíocht ó aimsir Dhubhglas de hÍde, an Chraoibhinn Aoibhinn, i leith. Léigh muid go léir nó chonaiceamar ar an dteilifís cúpla oíche ó shin cur síos ar an Ard-Fheis a bhí ag Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite, an Ard-Fheis ba lua dá raibh acu riamh. Sé an fáth go bhfuil an Conradh ag dul i laige ná go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh de réir a chéile ag an ngrúpa seo nó ag an ngrúpa siúd seilbh a ghlacadh ar an gConradh chun a gcuspóirí polaitiúla féin a chur chun cinn. Sí an Ghaeilge a bhíonn thíos leis sin. Is maith liomsa an spiorad síochánta a thaispeáin an Teachta Tunney a fheiceáil sa Teach seo. Sin é an spiorad ba chóir a bheith eadrainn féin, pé eágsúlacht eile a d'fhéadfadh a bheith eadrainn faoi cheisteanna aíthride eile.

Ní ar obair nó ar airgead amháin a bhraitheann beatha na Gaeltachta, agus is maith is eol sin do na Teachtaí atá ina suí romham amach gur as ceantair Ghaeltachta iad. Feicim an Teachta Gallagher ós mo chomhair amach. Do chaith mé tráthóna Dé Satharn seo caite i nDáilcheantar thart ar Gaoth Sáile. Bhí cuma ar an áit go raibh na daoine ag obair. Bhí foraoiseach ann, monarca minfhéir, Bord na Móna, agus obair á déanamh iontu go léir. Cúis lúthgháir dhom ab ea é. Ach ní ar obair amháin agus ní ar cibé áiseanna a d'fhéadfadh Gaeltarra Éireann a sholáthar do na daoine ins na ceantair Ghaeltachta amháin a bhraitheann slánú na teangan. Braitheann sé ar an spiorad nó an misneach a bhíonn ins na daoine ar ceantar dúchas dóibh ceantar Gaeltachta, go mór mhór ar féin-mhuinín i gcúrsaí cultúir, mar nach maith leo iad féin a fheiceáil mar shaoránaigh den dara grád. Leis an tímpeallacht mhór Bhéarla atá thart orthu luíonn an dualgas go trom ar pé Rialtas a bhíonn i réim an misneach sin a chothú ar gach uile bhealach agus is féidir leo chun deimhin a dhéanamh de go bhfeicfidh muintir na háite sin nach lú a luach iad ná na daoine ar shaoránaigh Éireannacha iad chomh maith a chomhnaíonn i n-áit ar bith eile sa tír. Luíonn an dualgas sin ar gach eagraíocht ar chás leo an Ghaeltacht, agus go mór mhór Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann atá i gceist agam anseo. Pé ní is féidir leo a dhéanamh le go mbeadh níos mó misnigh agus féin-mhuinín ag na daoine astu féin, sé is túisce a bhéas an Ghaeilge in ann seasamh ar a bonnaibh féin, rud nach bhfuil sí in ann a dhéanamh go nuige seo.

Ba mhaith liom dá gcuirfeadh an tAire, an Teachta Tunney agus gach Teachta ar an dá thaobh den Teach gur chás leis an ábhar seo a nguailne le pé gníomh is féidir a chur i bhfeidhm a neartódh an féin-mhuinín sin. Cuir i gcás, ba mhaith liom féin, mar adúirt mé sa Teach seo i ndíospóireacht eile cúpla lá ó shin, go mbeadh clár iomlán Gaeilge teilifíse le fáil, agus ba chuma liom an méid a chosnódh sé. Dá mbeadh £10 millún le caitheamh, bhéinn sásta é chaitheamh ar an gcuspóir sin. Ní aontóinn ar chur ar bith leis an dearcadh go mba chóir staid na Gaeilge a laghdú i gcúrsaí teilifíse nó i gcúrsaí craolacháin. Í a neartú ba mhaith liom a dhéanamh. Tá mé cinnte go n-aithníonn an tAire nach ar an airgead amháin a bhraitheann slánú nó beatha na teangan ach ar an misneach chomh maith agus ba mhaith liom dá gcuirfeadh sé a ghuala le pé gníomh eile i gcúrsaí cultúra agus a leitheíd ach go mór mhór i gcúrsaí cultúra a thabharfadh an spiorad sin do na daoine.

Leis an gcúpla focal sin ba mhaith liom, mar a dúirt mé i dtosach báire, fáilte a chur roimh an mBille agus traoslú leis an Aire. Nára laga Dia é.

Cuirim fáilte roimh Bille ar bith a dheineann maith nó a thugann níos mó airgead don Ghaeltacht chun obair a chur ar fáil is cuma cén Aire nó cé taobh den Teach atá i gceist.

Tá airgead leagtha amach anseo le haghaidh monarchain a thógáil chun obair a thabhairt do na daoine. An bhfuil ar intinn ag an Aire an t-airgead seo a fhágáil i lámha an choiste agus go mbeidh na monarchain á gcur suas anseo agus ansúd? B'fhéidir go mbeidh na monarchain uile i n-áit amháin nó b'fhéidir go mbeidh siad scapaite ar fud na Gaeltachta uiligh. Dúirt an tAire i 1970 go mbeadh chuile dhuine ag obair sa Ghaeltacht. Tá súil agam gur mar sin a bheidh sé ach tá faitíos orm. Ba mhaith liom chuile dhuine bheith ag obair sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom freisin nuair a dhéanfeadh an tAire socrú fá Údarás na Gaeltachta nó coiste eile go scaipfí na monarchain seo ar fud na Gaeltachta, nach mbeidh siad i n-aon áit amháin. B'fhearr liom deich monarchain a thógáil agus 50 duine ag obair iontu ná ceann amháin i n-áit amháin agus 500 ag obair ann. Má scaipfear iad ar fud na Gaeltachta coimeádfar na daoine sa Ghaeltacht. Má tá ceann mór amháin ann beidh daoine i n-áiteacha eile sa Ghaeltacht ag imeacht as bailtí beaga.

Coicís ó shin thóg an tAire isteach cupla áit sa Ghaeltacht. Thóg sé isteach dhá áit thíos i gCiarraí agus áit amháin i bPortláirge. Teaspáineann sin domhsa go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar aghaidh sna áiteacha sin. Tá eolas maith agam ar an áit a thóg sé isteach i gCiarraí. Bhí mé ann. Bhí áthas orm nuair a tógadh isteach é. Ba mhaith liom freisin go ndéanfaí scrúdú ar áiteacha eile go mba cheart bheith istigh sa Ghaeltacht freisin agus go mbeadh seans acu anois áit a bheith acu ar an gcoiste seo agus go mbeadh siad in ann monarchain a thógáil le daoine a chur ag obair iontu.

Níor mhaith liom aon áit a lua thar aon áit eile ach má fheiceann tú páróiste sa Ghaeltacht briste suas, an chuid ar thaobh amháin den bhóthar sa Ghaeltacht agus an chuid ar an dtaobh eile sa Ghalltacht, tá rud éicint déanta as bealach ansin. Ba mhaith liom go ndéanfaí scrúdú ansin agus iad a thabhairt isteach sa Ghaeltacht chomh lua agus is féidir agus na monarchain nua a chur isteach sna háiteacha seo.

Faid atá airgead ag teacht isteach, faid atá daoine ag obair sa Ghaeltacht beidh siad sásta fanacht sa Ghaeltacht. B'fhearr leis na daoine bheith ag obair sa Ghaeltacht ná dul isteach sna bailtí móra. B'fhearr leo bheith amuigh faoin tír, ina n-áit féin, san áit ina rugadh iad.

Tá súil agam go rachaidh an obair atá ar siúl ag an Aire faoin mBille seo ar aghaidh agus go leanfaidh sí ar aghaidh ar fud na Gaeltachta uilig.

It is only fitting when I welcome this Bill to mention that the people of the Gaeltacht have certainly been very impressed with the present Minister for the Gaeltacht. They have been impressed by his sincerity, by the effort he has put into his Ministry.

I am speaking in English because my Irish is not as fluent as that of previous speakers. Yet, I cover the biggest Gaeltacht constituency in this land. To me what is most important is to understand the people's problems and to work for the people and to ensure that they can develop their culture.

I listened with interest to Deputy Tunney. He certainly displayed sincerity. The first thing that he suggested was that, perhaps, an outsider, a person from outside the Gaeltacht, does not really understand the problems of the Gaeltacht. This is very true. There certainly have been tremendous problems in the Gaeltacht areas. That is why I welcome this Bill. Deputy Tunney wanted to know why was the extra £4 million needed for industrial development. In the few minutes that I have at my disposal I will talk on some of the things that have been done and some of the things that are being done in my constituency. The Deputy mentioned section 4 of the 1957 Act the intention of which, he said, was to help foster and develop the Irish language.

I have no doubt that 95 to 96 per cent of the people agree with that intention but we must be realistic. We who have served the people of Gaeltacht constituencies realise that for generations the decline in the population of the Gaeltacht through emigration has been tremendous and alarming. The serious effort to stem that tide of emigration only started to be made in 1971. There is no point in talking about fostering the Irish language if the people have to emigrate, as they have had to, to America, to Scotland and to England. We are proud of our Irish tradition. The Gaelic people are proud of their tradition. We are proud of our Irish dancing, our way of life, our music and our drama but if we are to be realists about this we must give employment not alone to keep the people at home but also to give the emigrants who want to come back jobs in their own areas. For too many years the policy of all previous Governments was to speak about Irish, to encourage Irish, but we forgot about employment. This Bill is to increase industrial development in the Gaeltacht areas from £6 million to £10 million. From 1957 to 1968, eleven years in all, the total estimate was only £10 million. The Minister is looking for a sum of £10 million today.

As the Minister has said, the extra £4 million is going on three types of development (1) premises and plant (2) factories for letting, advance factories and so on and (3) shares in different types of companies. In my part of the Gaeltacht, in County Donegal, the emigration figure for eleven years up to 1971 was 14,000 people, over 1,000 people per year. It was only in 1971 that the then Government decided to take a serious look at remedying the plight of the people in the Gaeltacht areas. I am proud to say that over the last three years, but especially over the last 14 months, tremendous development has taken place. In the Gaelthacht areas now there are in the region of 2,500 people employed. This year there will be 500 more jobs started and Deputy Tunney was quite right when he pointed out that those 500 jobs just do not take place over six or 12 months. We must remember that there are another 1,000 jobs over the next couple of years awaiting the people in the Gaeltacht.

A new factory has been allocated, the biggest factory ever passed by Gaeltarra Éireann, to a town called Kilcar which has a small population. The grant for that factory is in the region of £1.2 million. This will give much needed employment at the southern end of the Donegal Gaeltacht. At present Gaeltarra Éireann are buying an industrial site at Dungloe which is famous for its festival but also famous for its emigration over the years. I should like to compliment the Minister on his initiative in seeing that this town has got an advance factory site. Last year the Minister sanctioned a major grant for a fishing co-operative in Brutonport and nobody but the Minister can take credit for that. Probably the most important thing that Roinn na Gaeltachta and Gaeltarra Éireann have done over the last 14 months is to have got a pilot factory for Arranmore Island. This is something new, something that the islanders want. The islanders are delighted that they are getting a chance to make this pilot scheme work.

The Opposition are quite entitled to take credit and I would certainly congratulate them on their initiative in starting the Gweedore estate at Bunbeg. That happened in 1971. Bringing an industrial estate to Gweedore was probably one of the best things that took place in this country. I do not think this is enough. The Minister this year has extended that site by two new factories. He has also passed three more factories which are due to open in the next 12 months. Let us give credit where it is due. I would appreciate it if the people on the Opposition benches would say a word of thanks for the work the Minister has put into his Department.

I can speak about the industrial site at Falcarragh. I can speak about the extension to Crolly. I can speak about the industrial site at Downings. I can speak about the development at Roskill. I am not saying the Minister deserves all the credit for what has been done but if the people on the other side are serious they should pay him a compliment which I am sure he would appreciate. The people of the Gaeltacht now have a new confidence. It is evident that they have got a new hope and when we see people from the Scotland and England beginning to return home to the Gaeltacht we must all say that at last our policies are working.

Ba mhaith liom fáiltiú roimh an mBille seo. Aontaím go bhfuil gá le hairgead a chaitheamh sa Ghaeltacht agus cosúil leis na daoine eile a labhair tá bród mór orm a fheiceáil go bhfuil an oiread seo á thabhairt. Is ar éigin a dúradh tada faoin mBille féin. Labhradh faoi rudaí nár bhain leis an mBille ar chor ar bith. Níl dúil agamsa leanúint ar an gcaoi sin. Labharfaidh mé faoin mBille féin.

Deir an tAire go bhfuil £1½ milliún le caitheamh ar fhoirgnimh agus ar ghléasra do na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin, £3 mhilliún ar mhonarchana lena cur ar cíos, agus £1½ milliún ar scaireanna i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar lena chéile. Tá cuid mhaith le déanamh nuair atá tionscal le bunú in áit ar bith. Caithfidh lucht oibre a bheith ann, caithfidh córas traenála a bheith ann, caithfidh bainistíocht, uisce agus séarachas, bóithre, gutháin, cumhacht aibhléise agus a leithéid a bheith ann. Tá an lucht oibre sa Ghaeltacht agus tá neart oibrithe le postanna a thógáil go mór mhór ins na Gaeltachtaí nár dearnadh aon rud go fóill le tionscal a bhunú iontu. Mo Ghaeltacht féin, cuir i gcás, Gaeltacht Mhuigheo, cé go bhfuil beagán ar siúl sé an beagán é agus tá dúil agam go mbeidh cuid mhaith den airgead atá luaite sa Bhille seo le caitheamh i nGaeltacht Mhuigheo.

Chun daoine a thréanáil in obair mhonarchan caithfidh scoileanna cearta a bheith ann. Caithfidh ceardscoileanna a bheith ann; caithfear tréanáil cheart a chur ar fáil d'oibrithe. Tá ceard scoil i nGaeltacht Achaill agus níl deis ar bith ann chun lucht oibre a thréanáil. I láthaire na huaire, faraoir, tá an tAire Oideachais ag dí-scéimniú na scoile seo. Déanfaidh sé sin an scéal níos measa mar nach mbeidh aon chaoi ag aos óg an pharóiste tréanáil cheart a fháil le dul ag obair sna monarchana.

San am gcéanna tá tionsclaithe ag teacht isteach agus iad ag rá go bhfuil dúil acu monarchana a bhunú san áit agus ag an am gcéanna, tá an Aire Oideachais ag déanamh díscéimniú ar cheardscoil a chuideodh go mór le tréanáil a tabhairt do lucht oibre. Muna mbíonn áiseanna sna scoileanna beidh sé deacair bainistíocht cheart a mhúineadh agus daoine a thréanáil.

Maidir le tithe, is dócha go dtig le Roinna na Gaeltachta bród a bheith orthu faoi na tithe breátha atá tógtha acu ar fud na Gaeltachta leis na blianta fada anuas. Bíonn bród ar na daoine a théann thart ar fud na Gaeltachta nuair a chíonn siad na tithe breátha atá ins na Gaeltachtaí.

Tá faitíos orm nach bhfuil uisce ná séarachas ins na bailte móra, más féidir bailte móra a thabhairt orthu, ar fud na Gaeltachta a bhfuil tionscail le bunú iontu. Mar chruthú air sin chuir mé ceist chuig an Aire Rialtais Áitiúil faoi Bhéal an Mhuirthid, inné:

To ask the Minister for Local Government the up-to-date position with regard to Belmullet regional water scheme, County Mayo.

Is é seo an freagra a thug sé:

As I indicated to the Deputy on the 5th July last, the proposal currently mooted is only at tentative planning stage. While there have been discussions and technical aspects of it, I cannot say when the scheme is likely to develop.

Anois, sé an fáth go bhfuil mé á luadh seo ná go bhfuil tionscleoirí ag iarraidh teacht isteach go Béal an Mhuirthid le tionscail a bhunú. I láthair na huaire, an seirbhís uisce atá ansin níl sé sásúil. Níl muintir an bhaile féin sásta leis. Níl an uisce atá ansin féiliúnach agus is beag an mhaith do thionscleoirí teacht isteach agus tionscail a bhunú muna gcuirtear na háiseanna ar fáil.

Tá an scéal céanna fíor faoi na bóithre. Arís i nGaeltacht Mhuigheo tá cé le tógáil i mBaile Glas agus caithfidh an Roinn Rialtais Áitiúil agus an comhairle chontae iarracht faoi leith a dhéanamh le bóithre a thógáil ansin. Tá monarchana tógtha ansin agus ní féidir leo cumhacht aibhléise a fháil. Bhí conspóid idir Gaeltarra Éireann agus Bord Sholáthar an Leictreachais maidir le cé acu ba chóir dóibh an chumhacht aibhléise a chur ar fáil no nár chóir. Ar deireadh b'éigin don fhear a thóg an monarcha ineall dá chuid féin a fháil le cumhacht aibhléise a chur ar fáil san monarcha. Tháinig an duine seo arais ó Shasana. D'fhág sé an tír lena mhuintir nuair a bhí sé in a ghasúr óg, thart ar seacht nó ocht mbliana d'aois. Bhí suim aige i gconaí san áit agus tháinig sé arais le monarcha a bhunú agus is mór an fáilte a cuireadh roimhe. Ní mór feabhas a chur ar an scéal.

Bhí mé ag éisteacht le clár radio agus chuala mé go raibh Gaeltarra ag brú ar an Roinn Poist and Telegrafa na háiseanna seo a fheabhsú. Is maith an rud é sin ach níl a fhios agam an raibh mórán sásaimh ann. Ní fhaghaim féin mórán sásaimh nuair a chuirim ceisteanna ar an Aire Poist agus Telegrafa maidir leis na rudai seo. Luaigh an Rúnaí Pairliminte ansin Gaoth Sáile. Seachtain ó shin nó mar sin fuair mé freagra ón Aire Poist agus Telegrafa nach raibh sé sásta telefón poiblí a thógáil san áit sin.

Sé an fáth go bhfuil mé ag luadh na rudaí seo gur sílim sar a dtéann tionscall isteach in áit go bhfuil gá leis na rudaí sin ar fad. Caithfidh tú bóithre a bheith agat. Caithfidh tú cumhacht aibhléise a bheith agat agus caithfidh deis tréanála a bheith ag an aos óg. Tá mé ag dul isteach ins na rudaí seo mar sílim go bhfuil sé thar am ag an Aire cuimhneamh ar Údarás na Gaeltachta a chur chun tosaidh agus a bhunú. Ba cheart cumhacht a bheith ag an údarás an t-airgead atá riachtanach leis na rudaí seo ar fad a chur chun cinn a fháil agus a chaitheamh go dtí go mbeidh an bhun-chloch cheart san áit le tionscal a chur ar siúl.

An mbeidh cuid mhaith den airgead seo ag dul do Chontae Mhuigheo? An bhfuil an tAire chun é a caitheamh in Achill, i mBéal an Mhuirthid nó i dTuar Mhic Éadaigh? Tá súil agam nuair a bheidh sé ag tabhairt freagra go mbeidh sé in ann an mioneolas seo a thabhairt dúinn.

Luaigh Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh Conradh na Gaeilge agus tá súil agam nach raibh sé ag caitheamh masla le Conradh na Gaeilge. Tá a fhios againn go maith go bhfuil daoine ann a théann isteach ag iarraidh cumhacht a fháil i go leor áiteanna agus is deacair cosc a chur le rudaí mar sin. Caithfimid a admháil go bhfuil daoine i gConradh na Gaeilge go bhfuil an-obair déanta acu, go bhfuil go leor creidiúnt fáite acu agus go bhfuil buíochas mhuintir na hÉireann uile tuillte acu mar gheall ar an obair atá déanta acu.

Sin an méid atá le rá agam. Tá bród orm an breis airgid seo a fheiceáil ag dul do na Gaeltachtaí agus tá dúil le Dia agam go bhfeicimid a thuilleadh fostaíochta agus a thuilleadh oibre ag munintir na Gaeltachta. Ar ndóigh tá buntáiste mór ag an Aire seo sa mhéid nach bhfuil aon chúram eile air ach cúram na Gaeltachta. Tá buntáiste aige nach raibh ag aon duine eile riamh i Rialtas. Is ball den Rialtas é agus tig leis troid a dhéanamh chun neart airgid a fháil dá Roinn féin. Tig leis níos mó ama a chaitheamh ar cheist na Gaeltachta ná duine ar bith eile a raibh an cúram sin ar cheana. Cé go bhfuil cuid mhaith oibre déanta ag an Aire ní fheicimse go bhfuil aon rud úr tugtha isteach aige. Níl sé acht ag leanúint leis an obair ar cuireadh bun leis nuair a bhí Fianna Fáil sa Rialtas. Níl aon rud úr im thuairimse déanta aige in áit ar bith ach amháin leanúint ar aghaidh leis an obair sin. Bhí bun mhaith tugtha agus tá súil le Dia agam go leanfaidh an obair ar aghaidh.

Tá againn an Bille gearr seo agus tá a lán tugthat don Ghaeltacht. Tá mé an-tsásta leis sin agus déinim comhgháirdeachas leis an Aire.

I will repeat in the second language what I have just said in the first language: I compliment the Minister on his efforts in regard to the Gaeltacht. I am sorry to see that Deputy Molloy is not here, a real Irish speaker, not like some of the people I heard in the last few minutes, gan teanga. Many of these were paid to learn Irish. On the other hand, you have the people in the Gaeltacht who crowded into a certain hotel one day and Deputy Molloy came in and he was expounding on the Gaeltacht. They listened to him for a short while and then one of the men stood up, turned around and said to the crowd: "Could any of you here tell me who the last Minister of the Gaeltacht was?"

This has nothing to do with the Bill before the House. The Deputy will now keep to the Bill.

The reason for the Bill is to spend money on the Gaeltacht. Not one of those men — they were Aran Islanders—could answer that question. If the same question were asked now there would be a chorus of "Tom O'Donnell" because Deputy Tom O'Donnell is an active Minister for the Gaeltacht. Go to any corner of the Gaeltacht and ask——

The Deputy should keep to the Bill.

This money will be spent by the Minister and he will see that it is spent properly. I hate hyprocrisy. I have seen young men in the Gaeltacht who had no jobs because there was no money like this available. There were young men taught through the medium of Irish and, when they were offered temporary postmanships, they could not take them; the names on the letters were in English and they could not read English.

Again, this has nothing to do with the Bill before the House. This Bill is providing extra money.

And this extra money will be spent in such a way that these people will not be handicapped. We had the wise men from the east imposing on us in the past. I believe we have another wise man from the east as a shadow Minister. I suppose he will impose on us too. The only danger I see here is that, if the Minister stands in the Gaeltacht, I will have no hope in hell he is that active. I compliment him on what he has done so far. I have seen him burning the midnight oil and travelling the roads of the Gaeltacht. If he were married he would be divorced by now because no woman would put up with a man who was so often away from home.

The Deputy should keep to the Bill.

The purpose of the Bill is to see how money can be best spent. We will have the EEC fund in addition to this. I know the Minister will be very active in having improvements carried out, improvements that cannot be undertaken by county councils. There are boreens which are badly in need of improvements. They provide access to bogs. The emphasis now is on fuel prices.

This Bill deals with grants to industry.

I hope a share of this money will help people living at the back of beyond. I hate nothing so much as "lá breá" Minister who are never seen on a fine day. I know the Minister will be down to see how this money is being spent. He will always be welcome. I hope he will see action pretty soon. I did not like Deputy Tunney's remark that the Minister was drawing attention to himself. The Minister does not have to draw attention to himself. He is so active in the Gaeltacht he is ahead of the posse all the time. He will see that things are put on a proper basis. I know a number of jobs are earmarked. I trust the new authority will be very active in the interests of the people in the Gaeltacht. I hope they will have the widest possible executive power. This is a very important start in decentralisation. There was too much in Dublin.

Again, the Deputy is rambling away from the Bill.

With respect to the Chair, I am on the Bill. The Minister will ensure the development of the Gaeltacht.

That will arise on another Bill.

I know he will press ahead with the good work. Short and sweet as this Bill is, it is important to the Gaeltacht. But the Minister will not be satisfied with this and we will hear more from him in the future. I congratulate him on what he has done and I am proud to be behind the Minister every time he comes to the Gaeltacht to do something for the people there.

Nuair a bhí Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, an Teachta Kelly, ag caint shíl sé nár cheart ceist na Gaeltachta ná ceist na Gaeilge a bheith ina cnámh spáirne idir lucht polaitíochta. Aontaím leis sin. Is minic adúirt mé é sin nuair a bhí mé sna bínsí ar an dtaobh eile den Teach. Ní shílim go dtiocfadh leat a rá gur mór an cuidiú an méid adúirt an Teachta Coogan ina leith sin ach ní shílim go gcuireann mórán daoine suim sa mhéid adeireann an Teachta Coogan. Sfleann muid uilig go mba cheart dúinn uilig cuidiú lena chéile le forbairt na Gaeltachta a chur ar aghaidh.

Fáiltím roimh an mBille. Ní gá dom a rá nach inné ná inniu a thosaigh mé féin ag cur suime i gcúrsaí na Gaeltachta. Nuair a chuala mé an bhliain 1973 á lua cúpla uair ar a laghad sa Teach chuir sé ar ais mé ar bhóithrin na smaointe, mar is sa mbliain sin a chuaigh mé i mbun oibre mar Rúnaí Parlaiminte do Roinn na Gaeltachta. Cuirim suim fosta sa leagan amach atá anseo faoi dtaobh de "caiteachas capitil". Chím anseo £1½ mhilliún i leith foirgnimh agus gleasraí na dtionscal atá á reachttáil ag Gaeltarra féin, agus £3 mhilliún i leith monarchanna le na gcur ar cíos. Caitheadh an t-airgead sin. Sílim nár thuig an Teachta a tháinig romham é sin mar bhí seisean ag caint faoi dtaobh de na figiúiri sin sa dóigh go raibh siad le teacht.

Cuireadh an chéad réamh-mhonarcha ar bun le mo linnse i nGaoth Dobhair. Ní hé amháin gurbh é sin an réamh-mhonarcha is túisce a cuireadh ar fáil sa Gaeltacht ach ba é an réamh-mhonarcha is túisce a chuireadh ar bun sa tír. San am sin, níorbh é an gnáth rud é réamh-mhonarcha a chur ar fáil. Caithfimid a rá gurb iad Roinn na Gaeltachta a ba thúisce a chuirsmaoitigh ar an rud úr seo agus is mór a chuidigh sé sin le forbairt na Gaeltachta ó shin. Thart faoin am céanna a cuireadh an rud eile ag obair, is é sin scaireanna a ghlacadh i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile i gcomhairle le chéile chun comh-thionscail a reachtáil. Is féidir liom a rá faoi na ceimeanna uilig seo gur mór an cuidiú a tugadh d'fhorbairt na Gaeltachta ó shin agus is mór an obair a cuireadh ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Ni hé seo an chéad uair, agus tá súil agam nach í an uair dheiridh í, a ghlacfar le Bille mar an Bille seo. Tá ráite ag an Aire féin san óráid a thug sé gur leasaíodh an Bille seo roinnt uaireannta cheann féin. Chuile uair, cuireadh níos mó airgid ar fáil do mhuintir na Gaeltachta le fostaíocht a chur ar fáil dóibh. Rud ar bith a chuidíonn leis an nGaeltacht, beidh muidne ar an taobh seo den Teach gó mhor i mbái leis, ní amháin leis an nGaeltacht a chaomhnú ach an Ghaeltacht a leathnú chomh maith. Tá a fhios againn uilig nach dtig an Ghaeilge a athbheochan gan an Ghaeltacht a bheith ann. Tá a fhios againn fosta gurb í an Ghaeilge an rud is mó a thaispeánann an dá rud. Is fearr a bhíos sin le tabhairt faoi deara ag Éireannaigh nuair a théann siad thar lear. Sin an tráth is fearr is léir dóibh a ndíth nuair nach féidir leo an Ghaeilge a labhairt.

Is mór an moladh atá ag dul do mhuintir na Gaeltachta as ucht an Ghaeilge a choinnéail beo. Bhí deacrachtaí os a gcomhair ar feadh blianta fada. Bhí orthu, cosúil leis na daoine eile a bhí ina gcónaí in áiteanna nach raibh saibhreas aiceanta iontu, dul thar lear ar feadh tamaill. Sin í an ghnáth-shlí bheatha a bhí acu ar feadh tamaill fhada. Ach le blianta anuas, tá athrú mór tagtha ar na cursaí sin. In ionad dul thar lear, tá cuid mhór de mhuintir na Gaeltachta ag teacht abhaile. Ba chuimhin liom féin, nuair bhí me im rúnaí ar Choláiste Gaeilge Rann na Feirsde am amháin nach raibh ach páiste amháin sa cheantar a bhí faoi aois bhun-scoile. Bhí an chuma ar an scéal san am nach mbeadh scoil ar bith fágtha. Ach cionn is go ndearnamuid faoi Rialtas Fhianna Fáil an oiread sin oibre sa cheantar sin, ní amháin i nGaoth Dobhair ach in Anagaire agus thart faoin gceantar uilig, tháinig athrú mor ar an áit. In ionad daoine a bheith ag dul thar lear, thosaigh siad ag teacht abhaile agus tá thart ar 80 páiste sa scoil sin i Rann na Feirsde inniu. Is comhartha é sin ar an méid oibre a rinneadh.

Is í an bharúil a bhí agamsa i gcónaí, agus barúil atá agam go fóill, gurb í an déantúsaíocht an rud is tábhachtaí i leith forbairt na Gaeltachta—déantúsaí móra agus déantúsaí beaga. Le mo linn cuireadh eagar ar Ghaeltarra agus cuireadh an eastát tionsclaíochta ar bun i nGaoth Dobhair. Cuireadh an chéad réamh-mhonarcha ann agus tá an-fheabhas ar saoil eacnamaíochta na ndaoine sa cheantar sin le feiceáil. Tá seans níos fearr ag an Aire seo ná mar a bhí ag duine ar bith roimhe ós rud é go ndeachamuid isteach sa Chomhmhargadh. Ní amhain go bhfuil airgead le fáil ón gComhmhargadh ach chomh maith leis sin tá a lán déantúsóirí ag iarraidh teacht go dtí an tír seo. Cionn is go bhfuilimid sa Chomhmhargadh ní amháin go bhfuil siad ag iarraidh teacht ó thíortha eile atá sa Chomhmhargadh féin ach tá siad ag iarraidh teacht ó thíortha eile thaobh amuigh den Chomhmhargadh i dtreo is go mbeidh siad ábalta a gcuid earraí a dhíol sa Chomhmhargadh. San dóigh sin tá seans ag an Aire nach raibh riamh ag aon Aire roimhe iad a mhealladh go dtí an Ghaeltacht le monarcha a bhunú ann.

Ba mhaith liom fosta tagairt do rud amháin eile: sílim go mbeadh sé ina chuidiú agus go dtabharfadh sé misneach do mhuintir na Gaeltachta dá mbeadh daoine a fuair oideachas ollscoile agus ar innealtóirí iad sásta dul ar ais go dtí an Ghaeltacht agus tionscail a bhunu ansin. Seo an rud a chuir an smaoineamh sin i m'intinn: is cuimhin liom roint blianta ó shin nuair a chuaigh mé ar turas oifigiúil go dtí an Bhreatain Bheag go dtainig mé go dtí ceantar tuaithe agus bhí monarcha bunaithe ansin ag fear óg a raibh an-éirim intinne ann, a raibh céim ollscoile aige agus a raibh anseans aige an-airgead a shaothrú in áiteacha eile.

Shíl sé gur cheart dó dul ar ais go dtí a cheantar féin agus do bhunaigh sé an mhonarcha ansin agus dúradh liom nach raibh ach scaifte an-bheag ar fad ag obair sa mhonarcha nuair a chuaigh sé ann i dtús ama. Nuair a bhí mise ann ní amháin go raibh an tionscal mór ach bhí sé ag díol earraí le tíortha thar lear agus orthu sin bhí Yugoslavia agus ag an am sin ní raibh mórán earraí ag dul ón Bhreatain Bheag go Yugoslavia.

Thug sé an-mhisneach do mhuintir na háite sa cheantar mar bhí duine díobh féin a tháinig ar ais agus duine díobh féin a bhunaigh an tionscal sin agus, mar a dúirt mé, dá mbeadh duine ar bith ón nGaeltacht a raibh seans aige an chéim a bhaint amach, dá mbeadh duine mar sin sásta dul ar ais sílim gur mór an uchtach a thabharfadh sé do mhuintir na Gaeltachta féin.

Ba mhaith liom aontú leis an méid a dúirt an Teachta Ó Gallchobhair fá dtaobh de thraenáil. Ba cheart chomh fada agus is féidir é, áiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga ins na Gaeltachtaí. Nuair a tosaíodh ar an fhorbairt tionsclaíochta dúirt daoine liom dá dtéinn ar aghaidh leis go dtiocfadh an Béarla isteach agus nach mbeadh sa Ghaeltacht ach Béarla. Bhuel, cineál Hobson's Choice a bhí ann mar bhí fhios agamsa mura rachainn ar aghaidh leis an tionsclaíocht nach mbeadh duine ar bith ann agus nach mbeadh Gaeilge ann ach an oiread. San am céanna, sílim go mba cheart dúinn a bheith íontach cúramach. Chonaic mise le linn dom a bheith ansin áit ar bith a raibh Gaeilge ag na daoine a bhí ag obair ar an urlár mar a déarfá gur Béarla a bhí ag na daoine a bhí ina mbainisteoirí. D'imigh an Ghaeilge as áiteacha den tsort sin.

Ar an ábhar sin, sílim go mba cheart dúinn an oiread traenála a thabhairt agus a thig linn ó thaobh bainistíochta dhe i dtreo is go mbeidh Gaeilge ag lucht stiúrtha na monarcha sin. Má bhíonn Gaeilge ag an lucht bainistióchta mairfidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht san áit a mbeidh siad ó thaobh na nGaeltachtaí beaga caithfimíd a bheith níos cúramaí mar dá gcuirfí monarcha mhór isteach i nGaeltacht bheag ní thiocfadh leat an mhonarcha a fheidhmiú gan scaifte mór daoine a thabhairt isteach ón ceantar mágcuaird agus Béarla a bheadh ar siúl i gceann tamaill bhig sa mhonarcha sin. Ní hé sin an rud atá ar dhíth orainn agus ar an áhar sin sílim go dtiocfaidh linn cuidiú na Ghaeltachtaí beaga trí na deontaisí atá air fáil do na tionscail bheaga.

Chuir sé lucháir ormsa nuair a bhí mé sa Roinn sin a fheiceáil an oiread daoine a bhí sásta glacadh leis na deontaisí seo agus feabhas a chur ar cibé déantús beag a bhí ar siúl acu, agus go minic in ionad a bheith ag obair as a gconlán féin bheadh, de bharr deontais den tsórt a fháil, triúr nó ceathrar nó cúigear ag obair dóibh agus ba mhór an cuidiú é sin i gceantar ar bith Gaeltachta.

Ní shílim gur gá dom mórán eile a rá faoin mBille seo. Mar adúirt mé ag an tús fáiltím roimhe. Tá súil agam go n-éireoidh go breágh leis an nGaeltacht de thairbhe an airgid atá á chur ar fáil anseo. Mar adúirt mé ag an tús tá an-suim agam i gcúrsaí na Gaeltachta agus sa Ghaeilge féin agus nior mhaith liom dá mbeadh achrann idir dhá thaobh den Teach fá dtaobh de. Ag an am gcéanna bíodh a fhios ag an Aire mura bhfuil muid sásta le pé rud atá ar siúl aige go mbeidh muid á cháineadh ach tá muid go léir ar an dá thaobh den Teach sílim go mór i bhfábhar le forbairt na Gaeltachta.

Ba mhaith liomsa taithint ar an Dáil go nglacfaidis leis an mBille seo ó Aire na Gaeltachta, An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1974 faoi mar a d'iarr sé orainn a dhéanamh ag deireadh na hóráide a bhí uaidh.

Anois níl aon dlúth-bhaint agamsa leis na cúrsaí seo ach mar is eol do gach duine a léann na páipéirí tá an-chuid oibre á cur isteach ag an Aire san ghníomh seo atá sé ag déanamh don Ghaeltacht. Chuir sé an-áthas ar fad ormsa go bhfuil £4 mhilliún breise á chur ar fáil dona chúrsaí a reachtálann Gaeltarra Éireann. Tá an méid ag dul ó £6 mhilliún go £10 milliún agus tá anmhuinín agamsa go mbainfear an tairbhe is fearr as an gcaiteachas seo faoi stiúrú an Aire agus le comhoibriú ó Ghaeltarra Éireann féin. Cuireann sé an-áthas orm freisin go bhfuil suas le 2,500 duine ag obair ins na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra agus le bliain anuas go dtáinig breis agus 500 fhoráis ar an méid sin agus nuair a bheidh deire báire ann go mbeidh suas le 4,000 duine fostaithe ins na tionscail atá á gcur ar aghaidh ag an eagras seo.

Anois mar adeir an tAire is ábhar misnigh na figiúirí sin ach ní amháin sin ach is ábhar misnigh do na Gaeltachtaí eile go bhfuil Aire againn anois atá chomh tógtha suas ag an obair atá ar siúl aige.

Mar is eol dúinn go léir a léann na páipéirí, tá sé ar an duine is taithneamhaí do lucht na bpáipéar de na hAirí go léir agus molaim é agus tabharfaidh mé aon chuidiú is féidir liom a thabhairt dó ins an obair atá ar siúl aige. Níl aon ní i ndán don teanga seo againne—teanga na Gaeilge —mura mbíonn an Ghaeltacht ann. Mar is eol dúinn is í foinse agus tobar na Gaeilge an Ghaeltacht féin. Mar sin ó mo thaobhse dhe san oideachas caithfimíd féachaint go beacht ar aon scéimeanna a chur ar aghaidh san oideachas chun scoileanna a oscailt nó scoileanna a dhúnadh mar gur áit speisialta í an Ghaeltacht. Is féidir liom a rá go bhfuil an-dlúth caidreamh idir an bheirt Aire seo, Aire na Gaeltachta agus an tAire Oideachais, ins na cúrsaí seo léir. Is siúráilte ná beidh Gaeltacht ann mura mbíonn cothú beatha ann do mhuintir atá suite sa Ghaeltacht. Mar sin molaim go árd an tAire as a bhfuil déanta aige anois le bhliain anuas agus molaim é go hárd as na pleananna atá ar siúl aige. Anois thairis sin bheadh súil ag duine go mbeadh tarraingt ar dhaoine lasmuigh chun teacht laistigh den Ghaeltacht má bhíonn borradh agus fás le feiscint laistigh den Ghaeltacht.

Bhí baol ann blianta ó shin go bhféachfaí ar an nGaeltacht mar Iarsmalann Náisiúnta, abair, gur beag baint a bhí ag an iarsmalann seo leis an náisiún ar fad ach mar is eol dúinn anois tá dlúth-bhaint dá déanamh ag an Aire agus ag na daoine a gníomhaíonn faoina chúram chun an Ghaeltacht agus an tír fré chéile a shnaidhmiú le chéile ionas nach iarsmalanna bheidh ann a thuilleadh.

Né hé sin a bhí ann ariamh ach bhí an smaoineamh sin ag gabháil tímpeall. Mar sin, cuidím go mór leis an méid atá ar siúl aige. Tá athrú eile tagatha ar an scéal ós rud é go bhfuil páirt glactha ag an tír seo sa Chomhchumann Eorpach agus bhíothas ag casaoid go mbeadh deireadh leis an nGaeltacht dá nglacfadh muintir na hÉireann ballraíocht sa gComhmhargadh, agus is breá liomsa gur éirigh leis an Rialtas a bhí ann cheana le cabhair uainne taithint ar an phobal gur cheart dóibh dul isteach ann. Níl aon dul chun deireadh sa nGaeltacht ann ach is borradh agus fás atá i ndán di agus tá cuid den bhorradh sin ag dul don bhallraíicht Eorpach. Is fearr liomsa go mór go bhfuil an dearcadh nua seo ag an Aire, go bhfuil an bhéim á cur aige ar bhorradh agus ar fhorbairt na dtionscal mar mura bhfuil tionscail ann ní bheidh jobanna ann. Ní bheidh cothú beatha ag muintir na Gaeltachta agus, mar adeirim, is mór an cuidiú ba mhaith liomsa a thabhairt go pearsanta.

Mar is eol dúinn le tamall beag anuas tá an-athrú tagtha ar Ghaeltarra Éireann gur mó anois do údarás forbartha agus infheistíochta atá ann ná deilbhíocht tionsclaíochta agus cuirimse fáilte go mór leis sin mar nach leor infheistíocht agus eagraíocht tionsclaíochta ní leor forbairt amháin mura bhfuil gach aon duine de shaol an phobail snite fuaite isteach ann. Mar sin, ba mhaith lion a iarraidh ar an Aire leanúint ar aghaidh leis an rud atá ar siúl aige, sé sin le rá, lár-ionad cultúrtha agus sóisialta a bhunú i ngach aon chuid den Ghaeltacht fiú na cinn bheaga chomh maith leis na cinn mhóra mar mura mbíonn na híonaid seo ann ní bheidh an tarraingt agus an stíl bheatha a theastaíonn ó mhuintir na hÉireann ann. Ní ceart go mbeadh ar mhuintir na Gaeltachta glacadh le córas beatha atá níos lú ná an córas in aon chuid eile den tír.

Is maith liom a fheiceáil go bhfuil Gaeltarra Éireann ag cur iarsheirbhísí ar fáil cosúil le cuntasaíocht, módhanna oibre agus oiliúint do na comhthionscail agus do na miontionscail agus go bhfuil na seirbhísí tógála chun freastal ar riachtanas an tionscail, dá neartú agus córas dá bhúnú le fostú daoine ar fud na Gaeltachta. Ábhar sásaimh dúinn an dul ar aghaidh atá dhá dhéanamh anois ag Gaeltarra Éireann. Tá an-athrú tagtha orthu faoi chúram an Aire seo. I dtús na bliana seo cuireadh cúig comhalta nua ann ar an mbord, triúr ón nGaeltacht ann thiar, thuaidh agus theas, feidhmeannaigh cheárdchumann agus feadhmannach sinsearach ón Údarás Forbartha Tionscail.

Mar adúirt mé cheana is í an aidhm a bhí ag an Aire ins na cúrsaí seo ná forbairt na Gaeltachta a thúirt isteach i mór-shruth na forbartha náisiúnta agus teagmháil níos mó agus níos dlúithe a bheith ann idir phobal na Gaeltachta agus ar chuid eile de phobal na hÉireann. Do thug an tAire cead do Ghaeltarra na deontais a mhéadú agus a árdú ó £20,000 go dtí £40,000. Ba ghá é sin a dhéanamh ós rud go bhfuil luach an airgid ag tuitim ar fud an domhain.

Mar is eol dúinn, tá sreath de mhiontionscail ann nach mbíonn Gaeltarra féin páirteach iontu go bhfuil cabhair á tabhairt ag Gaeltarra dóibh. Chabhraigh an tAire agus Gaeltarra Éireann le iad a bhunú agus thugadar breis cúnaimh d'fhonn 28 miontionscail a bhí ann a mhéadú. Cuirfidh sé seo go léir fostaíocht ar fáil do bhreis agus 1,000 duine nuair a bhéas siad faoi lán tseol. Is breágh liom a fheiscint go bhfuil coiste ceardaíochta bunaithe ag Gaeltarra chun oiliúint agus gach deis ceardaíochta a fhorbairt agus go bhfuil dlúth-bhaint nó baint níos dlúithe ná mar a bhí ann cheana idir an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh agus Gaeltarra Éireann ar thaobh amháin agus leis an bhForas Talúntais ar an dtaobh eile agus go bhfuil staidéar déanta ar na caladhphoirt iascaireachta a fhorbairt agus go bhfuil cabhair á tabhairt ag Gaeltarra sa mhonarach éisc in Alt an Chorráin agus sa Daingean.

Mar is eol dúinn tá iarrtha ag Gaeltarra go ndéanfaí staidéar speisialta ar na hoileáin Ghaeltachta. Is breá an rud freisin gur chuir Gaeltarra ionadaí ar an gcoiste cuartaíochta a bhunaigh an tAire sa Roinn agus a rachaidh chun tairbhe do phobal na Gaeltachta agus an Ghaeilge chomh maith. Molaim é freisin go ndearna sé taispeántas a chur ar fáil ar an tugadh An Ghaeltacht Bheo i mBaile Átha Cliath anseo tamall ó shin, tosach an tsamhraidh seo caite mar is cuimhin liom, rud a chabhraigh chun saoire Gaeltachta a chur ar fáil do na gnáthdhaoine. Cuireadh an taispeántas sin ar fáil i dTráighlí agus i Luimneach ó shin agus is maith an rud freisin gur cuireadh cúrsaí nua traenála ar siúl chun aonaid fheiliúnacha a reachtáil i nGaoth Dobhair ag AnCO.

Is cúis áthais dúinn go bhfuil deontais de £100,000 ceadaithe ag Ciste Sóisialach na hEorpa chun cabhrú le cúrsaí oiriúnacha sa Ghaeltacht agus tá iarratais eile is dócha ag dul ar aghaidh chuig an gciste sin ag an Aire agus ag an Roinn. Is breágh liom freisin a fheiscint go bhfuil staidéar speisialta ar chúrsaí iompair agus cumarsáide ar siúl agus go bhfuiltear chun cúrsaí cumarsáide a fheabhsú idir na ceantair Ghaeltachta. Is maith liom a fheiscint freisin gur cuireadh tús leis an seiminéar forbartha d'fhonn an pobal i ngach ceantar Gaeltachta a ghríosadh chun páirt a ghlacadh i bhforbairt eacnamaíoch shóisialach agus cultúrtha agus d'fhonn tacú sa cuspóir sin. Chuir an tAire freisin tús leis an gcomórtas forbartha, comórtas go bhfuil duaiseanna fiúntacha ar fáil dó.

Tá pointe eile ann, pointe gur mhaith liomsa luí go mór air. Tá cúrsaí tithíochta ag dul chun cinn go maith. Rinne Gaeltarra socrú leis an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta d'fhonn 72 teach a thógáil i nGaoth Dobhair. Molaim go hard an tAire agus Gaeltarra as ucht é sin a dhéanamh. Nuair a bheidh an scoil phobail faoi lán-tseol mar atá agus na tithe seo ann beidh fás agus forbairt sa Ghaeltacht sin.

(Cur isteach.)

Mr. R. Burke

Ní fíor sin mar má tá tú ag iarraidh cur ina luí ar an Dáil gur mise a chuir i gcoinne scoil phobail d'Acaill, nílim. Tá mé ag tathaint orthu an socil phobail a chur ar siúl ann. Níl mise ag cur ina choinne. Ba bhreágh liom fáiltiú go mór roimh an obair atá á cur ar siúl ag an Aire seo, Aire na Gaeltachta. Traoslaím a chuid oibre leis. Tá súil agam go mbeidh deagh-thoradh agus feabhas ar na Gaeltachtaí ar fad faoina chúram agus gur fada buan é i mbun Roinn na Gaeltachta.

Bhí mé ag éisteacht leis an Aire timpeall uair a chloig ó shin, ach ní raibh mé in ann fanacht leis an díospóireacht ar fad a chloisint. Díospóireacht an-mhaith an méid a chuala mé ach amháin an t-áiféis ó Chonamara, an Teachta Coogan. Seafóid ab ea a chuid cainte.

Ar aon nós, tá mé an-sásta go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair, agus ba mhaith liom, chomh maith, comhgháirdeachas a dhéanamh leis an Aire mar gheall air. Níl ach páirteanna beaga de Chontae Mhuigheo sa Ghaeltacht ag an am seo, agus is mór an trua é sin. Is cuimhim liom seanfhear as Béal Átha hAmhnais a casadh orm timpeall is dhá fhichead bliain ó shin is é ag caint i nGaeilge go nádúrtha — an fear deireannach san áit sin a bhí in ann caint mar sin, tá mé cinnte, agus arís, is mór an trua é.

Aontaím leis an Teachta Gallagher as Acaill sa méid a dúirt sé go bhfuil sé riachtanach aibhléis, uisce agus mar sin de a bheith ann sula gcuirtear monarchana ar bun. Tá a lán uisce i gContae Mhuigheo—ceapaim uaireanta gur uisce faoi thalamh é, ach tá mé sásta nach uisce faoi thalamh an Bille seo. Tá súil agam ar aon nós nach ea.

Táim an-tsásta go bhfuil an méid seo ar fáil le haghaidh tionscail ins na Gaeltachtaí. Tá an ceart ag an Aire gurb é an rud is tábhachtaí na blianta seo chugainn obair a thabhairt do na daoine óga sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire go mbeidh Bille eile os ár gcomhair le údarás a chur in ionad Ghaeltarra Éireann, agus ceapaim nach bhféadfadh sé rud níos fónta ná sin a dhéanamh ag an am seo.

Déanaim comhgháirdeachas leis an Aire as ucht bheith ar an ród ceart, agus tá súil agam go mbeidh sé in ann an obair seo a chur i gcrích chomh luath agus is féidir.

Is mian liomsa fáiltiú roimh an mBille seo freisin. Aontaím leis na daoine a deireann gur ceist eacnamaíochta an cheist is tábhachtaí agus is práinní i leith na Gaeltachta. I dtús an chéid seo bhí níos mó den rómánsaíocht ag baint leis an meon a bhí ag daoine i leith na Gaeltachta ná mar atá anois. Bhíodh caint ar shaol simplí na Gaeltachta agus seafóid den tsórt sin. Ach nuair a léirigh Máirtín Ó cadhain, go ndéana Dia trócaire air, an saol sin ní raibh aon dabht ag aon duine ansin nach bhféadfadh an saol, cé go raibh sé simplí ar bhealach, ach bheith casta in aon áit a bhfuil aon duine den chine daonna. Tá an rómánsaíocht imithe i léig anois agus na daoine atá ag déanamh iarratas an saol atá ag muintir na nGaeltachtaí éagsúla a fheabhsú, tá siad ar an mbóthar ceart.

Ceannródaí ab ea an tUasal Faulkner nuair a bhí cúram na nGaeltachtaí air, mar a dúirt sé linn. Chuir sé an chéad réamh-mhonarcha sa tír ar fáil do na daoine i nGaoth Dobhair agus mar atá luaite cheana anso, tá sé an-tábhachtach go mbeadh an bainisteoir agus an fhoireann atá aige, go háirithe na daoine atá i gceannas sna monarchain seo, ábalta ar Ghaeilge a labhairt, agus ní amháin sin ach bheith ina gceannairí agus ina dtreoraithe sa réigiún, mar tugann sé sin misneach do na daoine. Ní hionann sin ag na daoine as na Gaeltachtaí a bhíonn ag obair i Sasana. Bíonn na bossanna go léir ag labhairt Béarla agus na hoibrithe go léir ag labhairt Gaeilge i Northampton uaireanta. Dá bhrí sin, tá sé an-tábhachtach go mbeadh na daoine atá ag dul le bainistíocht ábalta a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge. Tá súil agam nach ndéanfaidh an tAire dearmad ar sin nuair a bheidh sé ag cur an údaráis nua in áit Ghaeltarra Éireann.

Nuair a bhí an Teachta White as Tír Chonaill ag caint anso dúirt sé go raibh muinín nua ag teacht go dtí an Ghaeltacht i dTír Chonaill. Is fear deas, ionraic é an Teachta White, ach, má cheapann seisean gur rud nua an mhuinín i Gaoth Dobhair, tá go leor le fólaim aige go fóill. Tá eolas agamsa ar Ghaoth Dobhair agus aithne mhaith agam ar na daoine ansin agus ní raibh muinín in easba orthu riamh i gcúrsaí peile, i gcúrsaí drámaíochta nái gcúrsaí oideachais. Ní scéal inniu ná inné é muinín a bheith acu ansin. Tá áthas orm go bhfuil forbairt chomh maith sin tagaithe san taobh tíre sin. Tá siad an-mhórtasach as a gcultúr agus as a dteanga agus chuile rud. Tá fhios agam nach mbeidh an Béarla i réim ansin mar tá an-spiorad ins na daoine.

Dúirt an tAire ina óráid go bhfuil £1½ milliún i scaireanna i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile páirteach i gcomhar le chéile. Ba mhaith liom a fhios a bheith an comharchumann atá i gceist nuair a deireann siad "daoine eile" ansin. Is dóigh liom go bhféadfadh comharchumann a bheith páirteach ins an obair sin.

Nuair a bhí an Teachta Gallagher as Contae Mhuigheo ag caint, chuir sé an-bhéim ar fad ar an infrastructure agus is dóigh liom go bhfuil sé antábhachtach—tá sé luaite ag cainteoirí eile fosta—go mbeadh oiliúint le fáil ag na daoine óga ins na ceantracha éagsúla ionas go mbeadh siad ábalta na postanna a ghlacadh agus a líonadh ins na monarchana nua.

Nuair a bhí Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh ag caint, ní dóigh liom gur chaith sé acmhasán le Conradh na Gaeilge; ach bhí amhras air fúthu. Níl a fhios agam an é an casadh clé a thug an Conradh atá i gceist aige, agus, más é sin atá i gceist aige, ba mhaith liom go ndéanfadh sé pas beag comhrá le Páirtí an Lucht Oibre faoi. Níl a fhios agam cén fáth go mbeadh sé sin ag cur as dó nó ag cur imní air.

Tá súil agam nach dtiocfaidh siniciúlacht ar bith ar mhuintir na Gaeltachta féin. San am a chuaigh thart, go mór mór sul ar bunaíodh an Stát, bhí cuid mhaith acu ag imeacht as an tír agus go dtí áiteacha éagsúla i Sasana agus ins na Stáit Aontaithe. Do chlaoigh siad le na ndúchas féin. Níor thréig siad tréithe ná ceol, ná fiú amháin a dteanga féin, nuair a bhí siad i gcéin. Aon duine a léann an méid a scríobh Mac Amhlaoibh tá a fhios sin aige go bhfuil an spiorad sin ionta agus tá siúl agam go dtiocfaidh daoine den tsórt sin ar ais agus go lonnóidh siad ins na Gaeltachtaí agus go mbeidh obair ann dóibh agus tá súil agam go mbeidh an fhorbairt seo ag dul ar aghaidh, is cuma cé a bheidh ina Aire.

D'iarr Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh orainn gan a bheith ag déanamh bolscaireacht d'ár bpáirtí féin nuair a bhímid ag caint ar na Gaeltachtaí. Is ollamh é an Teachta Kelly. Ba chóir dó cupla ceacht faoi sin a mhúineadh do chuid de na daoine atá ina phairtí féin.

Níl sé deacair cuidiú leis an mBille seo. Sílim go bhfuil gach aon Teachta go bhfuil suim ar bith aige inár gcultúr agus inár dteanga fabhrach leis. Ba mhaith liom traoslú leis an Aire. Is é mo thuairim go bhfuil an tAire ag iarraidh gníomhú ar aon chuma agus go bhfuil fíorshuim aige ina chuid oibre. Is tábhachtach an rud é sin in aon Aire na Gaeltachta.

Luaigh an tAire go bhfuil thart faoi 2,500 duine ag obair i dtionscail a bhfuil cabhair tugtha ag Gaeltarra dóibh agus i dtionscail Ghaeltarra féin, agus gur le bliain anuas a thosaigh os cionn 500 díobh agus, i gcás eile, go gcuirfidh siad fostaíocht ar fáil do suas le 4,000 duine nuair a bheidh siad faoi lánseoil. Nuair a bheas an tAire ag cur freagra ar an díospóireacht b'fhéidir go míneodh sé cén sórt postanna, d'fhír agus do mhná, atá i gceist.

Bhíos ag éisteacht leis an Aire Oideachais ag tabhairt léachta fada uaidh féin, ag moladh seo agus ag moladh siud. Tá súil agam, nuair a shroichfimid an Meán-Fhómhair so chugainn nach mbeidh ar an Aire Oideachais a admháil nach raibh an líon sin scoláirí ins na Gaeltachtaí de bharr an polasaí nua atá á leanúint againn. Tá súil agam go n-éireoidh leis an polasaí sin. Tá beagáinín amhrais orm.

Luaigh an Teachta Wilson anseo an tábhacht a bhaineas le lucht oibre nó bainisteoir a chuirtear i mbun aon tionscail in aon Ghaeltacht. Ba mhaith liom cuidiú leis an méid atá ráite aige. Tá sé ins an tuarascáil a fuair an tAire ó SFADCO-Gaeltarra gur an-tábhachtach ar fad an rud é nach é amháin go mbeadh ábaltacht ag aon duine a chuirtear i mbun tionscail ach go mbeadh an tuiscint aige féin agus an creideamh aige féin sa tábhacht a bhaineas le Gaeilge a úsáid agus dea-shampla a thabhairt sa Ghaeltacht. Is feasach é sin do Ghaeltarra Eireann féin; ní gá ach bainisteoir amháin nach bhfuil suim ar bith aige in aon ní ach a shlí bheatha a chuir i mbun aon tionscail sa Ghaeltacht a thugann an drochshampla agus scriostar aon mhaitheas don Ghaeilge sa cheantar san.

Tá súil agam go n-éireoidh leis an Aire an bhliain seo romhainn níos mó cabharach a thabhairt do na Gaeltachtaí.

Cuirimse freisin fáilte roimh an mBille seo. Is céim chun tosaigh é chomh fada is a bhaineann sé le forbairt na Gaeltachta ach níl aon fhocail anseo mar gheall ar na céimeanna eile atá tugtha agus a bhí tugtha ag Airí eile nó Rúnaithe Parlaiminte eile a bhí ag obair chomh dian leis an Aire féin agus a chuir ar fáil le blianta anchuid airgid do na gnóthaí éagsúla a bhaineas le forbairt na Gaeltachta. Ní shin le rá nach bhfuilimid sásta leis an dul chun cinn seo. Tá súil againn go dtiocfaidh an toradh atá i dtrácht annso.

Cuid de na rudaí seo, is léir nach anuraidh ná an bhliain roimhe sin a cuireadh ar siúl iad. An toradh atá tagaithe go dtí seo ní féidir leis an Aire creidiúint iomlán a ghlacadh mar gheall orthu agus ba cheart dó san oráid a rinne sé creidiúint a thabhairt do dhaoine a chuaigh roimhe. Ní inniu ná inné a tharla an fhorbairt, abair, i nGaoth Dobhair. Tá mórán bliain imithe thart ó leagadh síos láthair tionscaileach ansin.

Níl a fhios agam an léann an tAire na páipéirí a foilsítear go háitiúil i dTír Chonaill ach má léann sé ráiteas ó Theachtaí dá pháirtí féin chífidh sé gurb é an meon atá ag roinnt acu a chur ina luí ar mhuintir Thír Chonaill maidir le gach rud a tharla, gach post atá curtha ar bun, gach post i ngach monarchan atá curtha ar bun, gurb é an Rialtas agus an tAire atá anseo faoi láthair is cúis leo. Ar ndóigh, níl sé seo fíor agus tá sé in am do na daoine seo, don Aire féin, nuair a rachaidh sé go Tír Chonaill, don Aire Poist agus Telegrafa nuair a rachaidh sé chun na Gaeltachta, stad den sort sin bolscaireachta i bhfábhar an Rialtais atá ann anois mar níl sé ag déanamh aon mhaitheas do chúis na Gaeltachta agus is é an chéad uair do bholscaireacht den sórt sin a bheith á dhéanamh ar an gcumas go bhfuil se á dhéanamh anois. Ní maith an rud é. Rinneadh a lán san am atá thart agus cé nach bhfuilim ag rá gur ceart creidiúint a thabhairt d'aon Rialtas, nuair atá Rialtas mar an Rialtas seo ag iarraidh creidiúint a ghlacadh as gach rud atá ag tarlú sa Ghaeltacht anois, na torthaí atá annsin anois, ba cheart dom a rá go bhfuil na torthaí sin ag fás ar chrainn a chuireadh síos i bhfad sula dtáinig an Rialtas seo i réim.

Rud an-tábhachtach an rud adúirt an Teachta Wilson, is é sin, is maith an rud é agus is gá i ngach ceantar de chuid ár dtíre go mbeadh obair le fáil ag na daoine. Tá sé sin fíor maidir leis an Ghaeltacht agus obair thionscail chomh maith le obair ar na feirme ná obair de shaghas ar bith eile. Is gá é i ngach áit sa tír ach chomh maith leis an obair thionscalach a chur ar siúl anseo ba cheart go n-úsáidfí é chun cultúr agus teangan na Gaeltachta a chur chun cinn agus chun forbairt a dhéanamh chomh maith ar an Gaeilge, ar an gcultúr Gaelach. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin ar intinn ag an Aire, ach molaim don Aire súil a choinneál ó am go ham ar an scéal, go mbeadh daoine i mbun na dtionscal sin chomh fada agus is féidir é—ní ceart, dar liom, go bhfeallfaí ar thionscal toisc purism de chineál ar bith ach mar sin féin is féidir an dá rud a dhéanamh—is féidir tionscal a reachtáil go maith agus daoine a chur i bhfeighil na dtionscail sin go bhfuil an spiorad, an meoin agus an croí san áit cheart acu chomh fada is a bhaineann leis an Ghaeltacht. Is féidir daoine a chur síos ansin a bhfuil Gaeilge acu. Ní leor sin. Caithfidh siad an spirad ceart a bheith acu, caithfidh siad dea-shampla a thabhairt, caithfidh siad a bheith ar an wavelength céanna le muintir na Gaeltachta agus molaim don Aire féachaint chuige sin. Ní rud é ar féidir a bheith lán chinnte é a bheith ann ach is fearr súil a choinnéal ar an scéal.

Le blianta anuas bhí an-mheas agam agus tugaim an chreidiúint do Ghaeltarra Eireann a d'obair go ciúin ag cur obair ar fáil do dhaoine ins na Gaeltachtaí ar fad. Tá creidiúint an-mhaith ag dul dó agus tá creidiúint fosta ag dul do dhaoine eile, comhlachtaí eile agus cumainn eile a raibh an meoin céanna aca. Ní do Ghaeltarra Éireann ná Roinn na Gaeltachta amháin atá buíochas ag dul faoin dul chun cinn atá tagtha ar an Ghaeltacht. Tá daoine a d'imigh as an Ghaeltacht nuair nach raibh obair ar bith le fáil acu. Chuaigh siad go Sasana, go Meiriceá agus go hAlbain agus go háiteacha eile ach, toisc an meon agus an spiorad atá i muintir na Gaeltachta, tháinig siad ar ais agus tá siad ag teacht ar ais anois. Chíonn siad go bhfuil main ag muintir na hÉireann dul chun cinn agus daoine a rinne airgead taobh amuigh den tír seo tá siad ag teacht ar ais chun na Gaeltachta chun slí bheatha a bhaint amach dóibh féin agus cuid acu ag cuir tionscail bheaga ar siúl agus tá an IDA agus na foirne forbartha ins na contaethe ag cabhrú le sin. I gcás Gaeltacht Thír Chonaill molaim le daoine ag déileáil ansin le blianta anuas le gach cúis forbartha agus teangan agus cultúra.

Tá creidiúint ag dul don gComhairle Contae ansin. Is maith an obair a rinne an Chomhairle Contae chomh maith agus fós an coiste gairmoideachais san Ghaeltacht i dTír Chonaill. Is cuimhin liom, mar a deireann siad i dTír Chonaill, nuair a chuir Gael Linn tionscail ar siúl ar an gCarraig, gur thug an coiste gairmoideachais cabhair dóibh. Chuir siad múinteoir adhmadóireachta ar fáil. Bhí báid á ndéanamh ach nuair d'imigh Gael Linn agus gur chuir siad an sórt céanna oibre ar siúl in áit éigin taobh amuigh den Ghaeltacht, in oirthear na hÉireann, ní raibh creidiúint rómhaith ag dul dóibh as ucht an ruda sin. Sílim gur dream iad a bhfuil go leor airgid acu agus go dtiocfadh leo níos mó a dhéanamh.

Ní féidir leis an Rialtas ná le Roinn Rialtais déileáil leis an fhadhb ar fad. Caithfidh muintir na háite féin teacht isteach agus cabhrú. Ar ndóigh, tá a lán daoine agus a lán coistí agus eile, comhairle contae agus eile, a bhfuil obair sármhaith déanta acu. Dá bhrí sin molaim an rud seo.

Rud eile, pé méid post, pé méid job tionsclaíochta a chuirtear ar siúl i nGaeltacht ar bith beidh gá, fiú amháin i measc na dteaghlach a bhfuil duine, beirt nó triúr díobh ag obair ins na monarchain, le feirmeacha beaga, agus le forbairt a dhéanamh ar iascaireacht ansin. Beidh gá le dul chun cinn i gcúrsaí saoire ansin, rudaí a chur ar siúl, tithe ósta chun freastal ar chuairteoirí go dtí an nGaeltacht. Beidh gá leis na rudaí sin go léir. An rud atá ar siúl leis an mBille seo, is cuid amháin é den fhorbairt is ceart a chur ar siúl.

Ní dóigh liom go bhfuil moltaí an Aire, ag leagadh béim láidir go leor ar na rudaí eile ar cheart a bheith ag plé leo, cuir i gcás na deontaisí agus na háiseanna a bhí ag na feirmeoirí beaga cun slí bheatha a bhaint amach, tá siad sin curtha ar ceal agus tá an scéim nua ar siúl chun deilbh nua-aimsire a chur ar fheirmeacha. Dar liomsa, agus b'fhéidir go bhfuil mé mí-cheart ins an rud seo, i dtaobh na feirmeoirí beaga san nGaeltacht, cuid acu a bheidh ag obair ar na feirmeacha beaga, b'fhéidir nach dtig leo bheith ag obair páirt-aimsireach i dtionscail. Caithfidh siad cuid den slí bheatha a bheidh ag obair ar na feirmeacha beaga, b'fhéidir nach dtig leo bheith ag obair páirt-aimsire i dtionscail. Caithfidh siad cuid den slí bheatha a bhaint amach as an fheirm bheag. Sílim nach mbeidh na deontaisí ar fáil do na feirmeoirí beaga sa nGaeltacht mar ní bheidh siad ábalta cáiliú mar fheirmeoirí forbartha, "development farmers". Siad na feirmeoirí forbartha a gheobhaidh an chuid is mó de na deontaisí a bheidh ar fáil. Is olc an rud é sin. Go dtí an chéad lá d'Fheabhra bhí na feirmeoirí ábalta na deontaisí sin a fháil chun feabhas a chur ar an talamh, chun tithe feirme a thógáil, chun fálacha cnoic a dhéanamh, chun na rudaí sin uile a dhéanamh.

Nuair a bhí an Teachta Seán Flanagan ina Aire Tailte dúirt sé gur mhaith an rud cuid den slí beatha a bhaint amach ar na feirmeacha beaga ins na Gaeltachtaí agus i gcontaetha an iarthair go ginearálta, agus gur mhaith an rud freisin cuid eile den slí bheatha a bheith ar fáil i dtionscail bheaga nó i dtionscail ar bith. Sin an rud a bhí ar siúl, iarracht a dhéanamh tionscail a chur ar siúl, agus sin an rud atá á dhéanamh ag an Aire. Molaim é as ucht an ruda sin ach ní ceart dearmad a dhéanamh ar na slithe beatha eile atá ag muintir na Gaeltachta agus gur ceart iad a fheabhsú. Is dóigh liom, maidir leis an scéim deontaisí feirme atá leagtha síos ag an Aire Talmhaíochta, nach mbeidh buntáiste ar bith le fáil ag na feirmeoirí beaga ins an nGaeltacht agus is gá sin mar caithfidh an dá rud leanúint i dteannta a chéile, taobh le taobh, forbairt tionscail a bheith acu, forbairt feirme, iascaireachta, cuairteoireachta agus eile. Ba cheart do Aire na Gaeltachta an tAire Talmhaíochta a thógaint ar leataobh agus focal a chur ina chluais. Mura n-oibríonn sé sin b'fhéidir go gcuirfeadh sé rud éigin eile ina chluas.

What does the Deputy think of a Minister for Western Development?

Ná bí ag cur isteach.

The point I am trying to make is that development means not alone industrial development but agricultural development, tourist development, fishery development and educational development. I do not know if the Deputy was here but his Press releases in Donegal would seem to indicate that a great duty is born all of a sudden.

That is certainly a change anyway.

There is always change.

They have hope now.

Deputy Cunningham, without interruption.

There is always change and improvement and the case I am making is that this is a continuation of improvements that have taken place down the years. We give the Minister credit for what he has done. To illustrate the point I was making, I will take one example: we must have farm development and all the other developments working side by side. No matter what industries we establish some members of all families will derive part of their means of livelihood from small farms. If the Minister for Agriculture and Fisheries has devised a farm modernisation scheme, admittedly subsidised by the EEC to the tune of 25 per cent, the other 75 per cent will be subscribed by our own people——

Ní hé sin cúram Aire na Gaeltachta.

I have advised the Minister for the Gaeltacht—this is for the benefit of Deputy White — to take the Minister for Agriculture and Fisheries aside and whisper in his ear that the farm modernisation scheme will hit small farmers in the Gaeltacht. It is actually hitting them now. I know small farmers in the Gaeltacht, indeed in Donegal, who have had improvement schemes, development schemes, reclamation schemes and so on sanctioned and who have been told now that they had better finish these schemes quickly and, if they do not do so, they will have to opt for the farm modernisation scheme.

I hesitate to interrupt the Deputy but he seems to be referring to many matters which are not the responsibility of the Minister for the Gaeltacht at all.

This is one aspect of Gaeltacht development. It is a welcome one. In order to tie it up with what Deputy Seán Flanagan, when Minister, and others also, advocated, I am pointing out that we should have running side by side with this development the development of farms from which the workers in these factories will come. This Bill will benefit people. That is its purpose. At the same time we have another Minister taking action cutting across and devaluing this Bill. That is the point I am making. I want to get it home to Deputy White.

Chun oibrithe a fháil do na monarchain seo is gá traenáil agus chomh fada is a bhaineas le Tír Chonaill agus Gaeltachtaí Thír Chonaill molaim go mór an obair atá déanta ag Coistí Gairmoideachais ansin le blianta anuas. Buíochas do Dhia tá coláiste réigiúnach i dTír Chonaill, i Leitir Ceanainn, agus is féidir le daoine, go speisialta daoine a mbeidh postanna tábhachtacha acu ins na monarchain sin, traenáil a fháil ansin. Ní hé amháin an dul chun cinn atá déanta le bliain—tugaimse creidiúint sa mhéid go bhfuil seisean freagarthach dó ach chomh maith leis sin tugaim creidiúint do na daoine — tá rudaí eile riachtanach, an láthair tionscalach, scoil réigiúnach agus mórán rudaí eile a tugadh go bhféadfaí an rud seo a dhéanamh.

Ar dtús ba mhaith liomsa buíochas a ghabháil leis na Teachtaí a labhair ar na mBille seo. Bhí díospóireacht gairid againn ach díospóireacht cuidíoch a bhí ann agus tá áthas mór ormsa mar Aire go raibh na Teachtaí a labhair chomh dáiríre sin agus go raibh dearcadh chomh réalaíoch acu i dtaobh cúrsaí na Gaeltachta. Taispeánann an díospóireacht gairid a bhí againn inniu go bhfuil suim ar leith ag na Teachtaí Dála ó gach taobh den Teach seo i leas na Gaeltachta agus i leas na Gaeilge. Bhí áthas orm chomh maith tuairimí na dTeachtaí a fháil agus déanfaidh mé mo dhícheall chun freagraí a thabhairt ach mura féidir é scríobhfaidh mé chuig na Teachtaí sul i bhfad.

Ar dtús mar is gnách do thug an Teachta ó Tonnaí ráiteas anréasúnta. Bhí séag lorg níos mó eolais maidir leis an ngá atá le £4 mhilliún a cheadú ag an bpointe seo. B'fhéidir nach gcaithfidh Gaeltarra Éireann £4 mhilliún sul a mbunófar Údarás na Gaeltachta. Mar sin féin sílim gur fearr a bheith cinnte anois go mbeidh go leor airgid ag Gaeltarra fad a bheas sé ann go deireadh na bliana seo ná bheith ag teacht ar ais go dtí an Dáil le Bille eile. Chomh maith leis sin do dhein an Teachta Ó Tonnaí tagairt do na hoibritheoirí atá ag obair le Gaeltarra Éireann agus maidir le stáid na Gaeilge, stáid na teanga agus an tsuim atá acu sa teanga. Ar leathanach a 6 de Ghaeltarra Éireann Tuarascáil Bhliantúil 1972 faoin dteideal Forbairt Imshaoil tá an méid seo a leanas:

Eagraíodh ranganna Gaeilge i gcaitheamh na bliana ar ar fhreastal fostaithe ón Ardoifig, ó mhonarchana Thuar Mhic Éadaigh, Chill Chárthaigh, Fhaisin Chonamara Teo. agus ó na tithe ósta sin a bhfuil infheistíocht ag an mBord iontu. Cuireadh tús le foclóir téarmaí tráchtála agus téarmaí teicniúl a chur le chéile.

Bunaíodh Comhairle chun feabhas a chur ar úsáid na Gaeilge agus ar chúrsaí sóisialta. Tá ionadaithe ón Ardoifig, ó na rannóga trádála agus ó na comhchomhlachtaí ar an gComhairle sin. Spreagadh foirne na monarchana agus na hArdoifige chun cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge agus imeachtaí sóisialta trí pháirt ghníomhach a ghlacadh i gcúrsaí caidrimh ina gceantair fein.

Tá dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh ag Gaeltarra. Tá tuairisc iomlán ins an tuarascáil bliantiúil 1972 agus beidh áthas orm cóip den tuarascáil a thabhairt agus ba mhaith liom cóip a chur chuig an Teachta Tunney.

Dúirt an Teachta Kelly go mba chóir dúinn ceist na Gaeltachta a bhunú anseo sa Dáil. Sin pointe nua agus b'fhéidir go mba chóir dom breathnú ar an gceist sin. Sílimse go gcabhródh ceist mar sin go mór. Chuir an Teachta Geoghegan ceist orm ag fiafraí an mbeadh na monarchain ar fad le chéile sa Ghaeltacht nó an mbeadh siad scaipthe ar fud na Gaeltachta. Is ceist an-tábhachtach í sin. Nuair a bhí mé ag dul mór-thimpeall na Gaeltachta an Luan seo caite, bhíos i nGaoth Dóbhair chun monarcha nua a oscailt go hoifigiúil. Bhíos ag caint le daoine ansin agus bhíomar ag plé cúrsaí tionscail agus sé an tuairim a bhí ag na daoine sin nach maith an rud na tionscail go léir a bheith in áit amháin. Is é mo thuairimse, agus táim cinnte go bhfuil sé mar thuairim ag Teachtaí eile anseo, go bhfuil gá le tionscail Stáit ar dtúis ach ansin go bhfuil géar-ghá le tionscail i ngach baile agus beagnach i ngach paróiste ar fud na Gaeltachta. Is furast é sin a rá ach is deachair é a dhéanamh.

Mar a dúirt mé, bhí sé d'onóir agam monarcha nua a oscailt i nGaoth Dóbhair an Luan seo caite. Chomh maith leis sin, tá monarcha an-mhór á thógáil faoi láthair. Beidh an foirgneamh críochnaithe sa bhFómhar agus beidh daoine fostaite ann roimh dheireadh na bliana. Nuair a bhí an Teachta Cunningham ag caint dúirt sé nár thug an tAire creidiúint do na scéimeanna a rinneadh romham. Ó tháinig mise isteach sa Teach seo i 1961 do thugas creidiúint i gcónaí d'éinne go mba chóir dom creidiúint a thabhairt dó. B'fhéidir nach raibh deis ag an Teachta mo ráiteas ar an mBille seo a léamh, ach ag leathanach a 2 deir mé:

Faoi mar atá ráite agam go minic, is é mo thuairim féin gurb é an lánfhostaíocht sna seachtóidí do phobal na Gaeltachta an rud is tábhachtaí ar fad. Níl beag a bhfuil déanta sa treo sin. I dtionscail a bhfuil cabhair tugtha ag Gaeltarra dóibh agus i dtionscail Ghaeltarra féin, tá thart faoi 2,500 duine ag obair agus is le bliain anuas a thosaigh os cionn 500 díobh. Na tograí go léir a bhfuil cabhair ceadaithe ag Gaeltarra dóibh, meastar go gcuirfidh siad fostaíocht ar fáil do suas le 4,000 duine nuair a bheith siad faoi lánseol. Is ábhar misnigh na figiúirí sin.

Dúirt an Teachta Gallagher rud an-tábhachtach ar fad a bhaineann leis an mbun-struchtúr—na bóithre, uisce agus leitreachas agus mar sin de. Gan dabht ar bith, is gá feabhas mór a chur ar na seirbhísí sin. Mar a dúras, tá sé mar phríomh-aidhm againn lán-fhostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ins na seachtóidí. Is furast é sin a rá ach is deacair é a thabhairt chun críche. Ní foláir dúinn smaoineamh a dhéanamh air go bhfuil réigiúin iargúlta in Éirinn nach bhfuil a leithéid in iarthar na hEorpa agus sé tá i gceist againn ná forbairt tionscail a dhéanamh iontu. Ach tá deacrachtaí an-mhóra maidir leis an mbunstruchtúr, le uisce agus gach rud mar sin. Bhí deis agam i rith na bliana seo caite cuairt a thabhtirt ar beagnach gach ceantar Gaeltachta; tuigim anois go maith na deacrachtaí atá iontu. Tá fonn mór orm gach rud is féidir liom a dhéanamh chun na deacrachtaí sin a réiteach.

Os rud é go bhfuilim ag déanamh tagairt don Teachta Gallagher, ba mhaith liom a rá go bhfuil an-áthas orm go bhfuil dul chun cinn ar siúl anois i gContae Mhaigh Eo, go bhfuil monarcha nua dá thógáil; chomh maith leis sin tá cosúlacht ar chúrsái ann leis an rud a dúirt an Teachta Cunningham maidir leis na feirmeoirí sa Ghaeltacht. In iarthar Mhaigh Eo tá ionad beatha ann—an chéad cheann in Éirinn. Tá sé ag dul ar aghaidh go han-mhaith. Chomh maith leis sin, chuir sé an-áthas orm a chloisint le deanaí go raibh comhlachtaí nua bunaithe i gceantar Iorrais—is é sin, chuaigh Gaeltarra Éireann i gcomhpháirtíocht le Comhar Iorrais chun comhlacht nua a bhunú chun forbairt talmhaíochta a dhéanamh. Is maith an rud é sin. Is céim ar aghaidh an-mhaith ar fad é. Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le gach duine a raibh baint aige leis an obair sin.

D'fhiafraigh an Teachta Gallagher cá gcaithfear an t-airgead seo. Caithfear ar fud na Gaeltachta é—ar fud na Gaeltachta uile. Go luath tar éis mo cheapacháin mar Aire, bhí cruinniú agam le Bord Ghaeltarra Éireann agus is í an chomhairle ghinearálta a thug mé dóibh go mba chóir dóibh cúram a thabhairt, ní d'aon áit amháin sa Ghaeltacht ach don Ghaeltacht ar fad. Thug mé comhairle dóibh forbairt a chur ar fáil i ngach paróiste agus an t-airgead a chaitheamh sna monarchain atá dá dtógáil ar fud na Gaeltachta.

Rinne an Teachta Faulkner tagairt do dhaoine as an nGaeltacht a fuair céimeanna ollscoile agus dúirt sé go mba cheart dóibh filleadh chun na Gaeltachta. Bheadh an-áthas ormsa bualadh le héinne mar sin agus tabharfaidh mé gach cabhair dóibh. Is féidir le héinne mar sin a bheith cinnte go mbeidh gach cabhair le fáil aige ó mo Roinnse agus ó Ghaeltarra Éireann má tá plean aige chun monarchain a bhunú sa Ghaeltacht.

Chomh maith leis sin, maidir leis na daoine ón nGaeltacht a fuair oideachas ollscoile tá fonn mór ormsa i leith fostaíocht oiriúnach a chur ar fáil dóibh sin agus maidir leis sin, mar is eol do na Teachtaí tá ionad ríomhaire, is é sin computer centre, á thógáil anois ins na Forbacha agus cuirfidh an tionscnamh sin postaí ar fáil do timpeall 30 duine a bhfuil cáilíocht speisialta acu in ardoideachas. Tá géar-ghá le, mar adéarfá i mBéarle, service industry, is é sin tionscail seirbhísí, ar fud na Gaeltachta. Tuigim go bhfuil saineolas ag an Teachta Tunney maidir leis an gceist sin 2.0 agus do phléamar an cheist sin cúpla uair anseo sa Dáil i rith na gceisteanna. Tá géar-ghá le fostaíocht den sort a ghabhann le tionsclaéocht seirbhísí agus tá gach iarracht á dhéanamh faoi láthair ag Gaeltarra Éireann chun fostaíocht mar sin a chur ar fáil, go háirithe do dhaoine ón nGaeltacht a raibh deis acu céim ollscoile a bhaint amach nó cáilíocht speisialta a fháil.

Dúirt an Teachta S. Flanagan gurab é an rud is tábhachtaí ar fad ná obair a chur ar fáil do na daoine óga sa Ghaeltacht agus aontaím leis sin. Táim cinnte go n-aontaíonn muid go léir leis sin. Tá sé ráite agamsa go minic maidir leis an fhostaíocht agus forbairt ins an nGaeltacht gurab é an rud is tábhachtaí agus is práinní ná fostaíocht a chur ar fáil go háirithe do na daoine óga. Mura mbíonn fostaíocht ar fáil ag na daoine óga rachaidh siad go Baile Átha Cliath nó thar lear agus áiteanna eile.

Dhein an Teachta Wilson tagairt do na comharchumainn agus ní gá dhom a rá go bhfuil suim ar leith agam i ngach comharchumann Gaeltachta. Tá deá-obair ar siúl acu go háirithe i gCorca Dhuibhne agus i nGleann Cholmcille agus áiteanna eile. Bhí an Teachta Wilson ag lorg eolais maidir leis na comharchumainn a bheith páirteach i gcomhthionscail i dteannta Ghaeltarra. Tá an-áthas ormsa a rá go bhfuil, go háirithe i gCorca Dhuibhne agus i gceantar Iorrais agus in Alt an Chorráin i gCo. Dhún na nGall. I gcás Chorca Dhuibhne tá Gaeltarra Éireann chomh tábhachtach le Comharchumann Chorca Dhuibhne i dtionscail na garradóireachta agus tá an-áthas ormsa a rá go bhfuil tionscnamh eile den tsaghas sin á thosú faoi láthair i mBaile an Fheirtéaraigh. I gcás Iorrais mar a dúras tá forbairt an-mhaith ar siúl ann maidir le feabhsú talún. Tá Gaeltarra Éireann comhpháirteach le Comhar Iorrais. In Alt an Chorráin i gCo. Dhún na nGall tá Gaeltarra Éireann comhpháirteach le comharchumann iascaireachta ann agus tá monarchain próiseála tógtha ann agus tá dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh acu. Tá suim ar leith agamsa ins na comharchumainn agus is maith an rud é go mbeadh Gaeltarra páirteach leis na comharchumainn i bhforbairt na Gaeltachta.

Chuir an Teachta Brugha ceist mar gheall ar na poist atá curtha ar fáil sa Ghaeltacht. Tá áthas orm a rá gur poist do shaothraithe is mó atá iontu ach tá sé an-tábhachtach ar fad go mbeadh—maidir leis an fhostaíocht agus go háirithe maidir leis an lán-fhostaíocht ins na seachtóidí nó roimh dheireadh na seachtóidí go mbeadh fostaíocht ar fáil do na daoine óga mar a dúirt an Teachta Flanagan ach ní hé amháin go mbeadh fostaíocht ar fáil do na daoine óga ach do na fir agus na mná ionas go mbeadh forbairt chothrom againn. Tá sé an-tábhachtach ar fad, go háirithe faoin dtuaith, ins na bailte beaga agus ins na ceantracha éagsúla ar fud na Gaeltachta, go mbeadh tionscail ina mbeadh cailíní agus fir ag obair. Nuair a bhíonn an scéal mar sin bíonn caoi ag an bhfear ón áit an cailín ón áit a phósadh agus i rith na mbliana bíonn clann acu agus sin é an saghas forbartha is mian liomsa a fheiceál sa Ghaeltacht.

Is é mo thuairimse go ndearna mé tagairt do gach Teachta agus arís táim an-bhuíoch do na Teachtaí a labhair ar an mBille seo. Is mór an trua nár thug an Bille gairid seo deis dhúinn chun díospóireacht iomlán a bheith againn i dtaobh forbairt na Gaeltachta ach de réir na rialacha ní raibh aon rud eile le déanamh agam ach ráiteas gairid a thabhairt agus baint díreach ag an ráiteas sin leis an mBille, ache le cúnamh Dé sul i bhfad agus a luaithe is féidir beidh deis againn, nuair a bheidh meastachán á thabhairt os comhair na Dála agus ina dhiaidh sin nuair a bheidh an Bille den údarás una faoi chaibidil. Go raibh míle maith agaibh.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh na Céimeanna eile a thógaint inniu.
Agreed to take remaining Stages today.
Barr
Roinn