Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Friday, 15 Nov 1974

Vol. 275 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Dhún Chaoin.

13. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais céard é líon na ndaltaí atá ag freastal ar Scoil Dhún Chaoin anois; cé mhéad dalta i ngach rang; agus cé mhéad díobh a rugadh sa cheantar.

Mr. R. Burke

Tuigtear dom go bhfuil deichniúr dalta ag freastal na scoile faoi láthair, mar leanas:—

Rang na Naíonán

beirt

Rang I

duine amháin

Rang IV

beirt

Rang V

beirt

Rang VI

triúr

Rugadh cúigear de na paistí sin sa cheantar.

An nglacfaidh an tAire uaimse mar sin nach bhfuil ach cúigear gasúir de mhuintir na háite ag freastal ar an scoil seo? Dúirt sé gur ar son mhuintir na háite a coinníodh an scoil seo ar oscailt. An bhfuil an tAire á rá anois nach bhfuil ach cúigear gasúir de mhuintir na háite ag freastal ar an scoil? Agus an gceapann sé, dá bhrí sin, go mba cheart an scoil a choinneáil ar oscailt?

Mr. R. Burke

Is fiú.

Ar mhiste leis an Aire a rá cén fáth go gceapann sé gur fiú?

Mr. R. Burke

Ar na cúinsí a mhíníos nuair a tosnaíodh an scoil i 1973. Níl aon athrú ar an gceist sin.

Ciallaíonn sé mar sin anois go bhfuilimíd ag freastal ar dhaoine taobh amuigh teacht isteach chun na Gaeltachta? Ní hé sin a bhí i gceist ag an Aire i dtosach. Dúirt sé gur ar son mhuintir na háite a choinníodh an scoil seo ar oscailt agus go raibh cúrsaí sóisialta agus cúrsaí oideachais a bhain leis an áit féin agus anois tá sé á rá go bhfuil níos mó daoine ag teacht ón dtaobh amuigh——

An cheist dheiridh anois. Caithimíd dul ar aghaidh go dtí ceist a 14.

A Cheann Comhairle, támuidne anseo hoping to elicit from the Minister some justification for what he has done and an explanation as to why, having opened Dún Chaoin to cater for local needs, he now tells me that there are more outside students coming in than there are local students being catered for. If he is going to condone this, can he say that this is the new approach for if it is his new policy in respect of Gaeltacht schools we should get an answer.

The Chair cannot compel any member to speak if he does not wish to do so and neither has the Chair any control over Ministers' replies.

Mr. R. Burke

Mar freagra ar an Teachta, dúirt sé go raibh níos mó daoine ag teacht isteach lasmuigh den áit ná mar atá istigh. Níl an ceart aige.

Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire an síleann sé gur féidir oideachais flúntach a thabhairt sa scoil seo?

Mr. R. Burke

Is féidir oideachas a thabhairt in aon scoil má tá an múinteoir ann.

Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire an é sin an freagra a thug sé ar cheist a cuireadh síos dó faoi scoil aon-oide ón Teachta Ó Maoldhia nuair adúirt sé nach dtiocfaí oideachas flúntach a thabhairt do pháistí i scoil aon-oide agus mar cheart scoil den chineál sin a choinneáil foscailte?

Mr. R. Burke

Tá difríocht idir an scoil atá faoi chománaibh againn inniu agus na scoileanna eile agus muna dtuigeann an Teachta an difríocht sin ní féidir liomsa cabhrú leis.

Caithimíd dul ar aghaidh, a Theachta.

Tuigim ceart go leor go bhfuil difríocht ann. Tá liathróid pholitíochta déanta as scoil Dún Chaoin ag an Aire agus ag an Rialtas agus de réir dealraimh níl siad réidh leis an rud céanna a dhéanamh i gContae Uí bhFáilghe.

Caithimíd dul ar aghaidh go dtí ceist a 14.

Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire arís nach bhfuil sé i n-am dó deireadh a chur leis an magadh seo agus seans a thabhairt do na páistí bochta i scoil sin Dhún Chaoin oideachas flúntach d'fháil?

De réir dealraimh táthar ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh leis na páistí i scoil Esker, Contae Uí bhFáilghe.

Sin ceist eile, a Theachta.

A Cheann Comhairle——

An cheist dheireanach.

Níl mé ag iarraidh fearg a chur ar an Aire ach an gceapann sé anois gur féidir tuismitheoirí an chúigear seo bord bainistíochta a bhunú le haghaidh na scoile seo, rud atá molta aige do chuile scoil eile.

Mr. R. Burke

Más maith leo é a dhéanamh.

(Cur isteach.)

Caithfimid dul ar aghaidh go dtí ceist a 14.

Barr
Roinn