Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 28 Nov 1974

Vol. 276 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceapacháin Roinn Gnóthaí Eachtracha.

21. D'fhiafraigh

den Aire Gnóthaí Eachtracha cad iad na cáilíochtaí speisialta a bhí ag na hiarrthóirí gan Ghaeilge a ceapadh le déanaí ina Roinn.

Taobh amuigh de na cáilíochtaí riachtanacha atá leaghta amach i rialachán don chomórtais níl aon cháilíocht speisialta ag teastáil ó iarrthóir, is cuma ar chuaigh sé fé thriail Ghaeilge ar theacht isteach dhó nó nár chuaigh.

An nglacfadh an Rúnaí Parlaiminte gur thug an tAire le tuiscint anseo go raibh cáilíochtaí speisialta ag na daoine seo, agus nach shílfeá go mbeadh sé in ann é sin a thaispeáint?

Má fhanann an Teachta foideach go ceann cupla ceisteanna eile beidh eolas dá thabhairt agam dó a bheidh mar fhreagra ar an cheist a chuir sé orm anois.

Ní hionann sin agus a rá, de bhrí gur shocraidh an tAire, nó daoine eile ar a shon, an cheist sin a fhreagairt, go nglacadar go raibh rudaí ansin nár bhain leis na ceisteanna eile, agus shílfeá go mbeadh sé sásta an t-eolas a thabhairt, mar thuig mé fhéin go raibh difríocht.

Sí an cháilíocht bhunaigh ba ghá d'iarrtasóirí don chomórtas oscailte a chuireadh ar siúl i mbliana don chéad rúnaí agus don treas rúnaí ná céim iolscoile dara onóracha nó a h-iontsamhail. Ina theannta sin i gcás iarratasóirí do chomórtas an chéad rúnaí níor mhór ar a laghad ceithre bhliain taithí shásúil a bheith acu den tsort a bheadh oiriúnach don phost ina dhiaidh cáilíocht bhunaigh a bhaint amach. Bhí roinnt iarratsóirí go deimhin a raibh cáilíochtaí acu de bhreis ar an gcéim dara onóracha ba ghá. Tugann an bord agallamha creidiúint gan amhras do cháilíochtaí den tsort sin. Ba é an comórtas oscailte do chéad rúnaithe a bhí ann i 1974 an chéad chomórtas dá leithéid a chuireadh ar siúl riamh. Comórtas neamhspleách a bhí ann.

An nglachfaidh an Rúnaí Parlaiminte gur chuir daoine isteach ar an gcomórtas sin—daoine a bhí cáilithe de réir mar a bhí iarrtha sa bhfógra agus daoine a nochtaigh go raibh Gaeilge acu—agus nár h-iarradh chun na h-agallmha iad fiú amháin?

B'fhéidir nach raibh cáilíochtaí eile acu.

Ceist eile led thoil, Ceist a 22.

Is ceist thábhachtach í seo agus tá muintir na Státsheirbhíse an-tsuaite faoin rud seo agus glacaim go mba cheart an scéal a chur os do chóir chomh soiléir agus is féidir. Tá daoine ann a cheapann nó a thuigeann go raibh siad cáilithe le h-aghaidh post a fáil agus níor ghlaodh chun na h-agallamha fiú amháin iad agus tuigeann siad go raibh daoine nach raibh Gaeilge ar bith acu agus nach raibh cáilithe aon phioc níos mó ná iad féin i gcúrsaí eile a fuair post.

Is mó duine a chreid ón aimsir a bhunaíodh an Stáit go raibh siad cáilithe i leith poist éigin agus nach bhfuair an post sin. Tá difríocht mhór idir an mhuinín a bhíonn ag duine as féin agus an breithiúnas a bhíonn ag an Roinn nó ag na coimisinéirí air ach má fhanann an Teachta go cionn cúpla ceist eile——

Ceist a 22.

22. D'fhiafraigh

den Aire Gnóthaí Eachtracha maidir leis an ochtar a ceapadh mar rúnaithe an chéad ghrád ina Roinn agus a tháinig isteach ón taobh amuigh, cé mhéid acu a shásódh an coinníoll a bhíodh ann maidir le Gaeilge.

Táim sásta go sásódh an t-ochtar díobh an coinníol a bhíodh ann.

An ceathrar?

An t-ochtar. Bhí ochtar díobh ann. Tá an tAire sásta go sásódh an t-ochtar ar fad an coinníol a bhíodh ann. Má theastaíonn a thuilleadh eolais ón Teachta is féidir liom é a thabhairt dó.

Má deireann an tAire liom é glacfaidh mé leis ach má fhaghaim amach níos déanai nach raibh sé i gceart go h-iomlán rachaidh mé i gcomhairle leis ansin.

23. D'fhiafraigh

den Aire Gnóthaí Eachtracha maidir leis na ceapacháin a rinneadh ina Roinn agus nár shásaigh na daoine an coinnioll maidir le Gaeilge, cé mhéid acusan a tháinig ó thuaisceart na tíre seo.

Dos na daoine a cheapadh i Roinn an Aire go dtí seo agus ná raibh orthu dul fé thriail Ghaeilge ar theacht isteach dhóibh tháinig cúigear dhíobh ó Thuaisceart na hÉireann.

Cúigear as ochtar an ea?

Ní h-ea. Bhí i bhfad níos mó i gceist ná ochtar. Na daoine a cheapadh i Roinn an Aire go dtí seo san iomlán agus nach raibh orthu dul faoi thriail Ghaeilge ag teacht isteach dóibh tháinig cúigear díobh ó thuaisceart na tíre.

An raibh daoine eile seachas an cúigear seo a tháinig ó thuaisceart na tíre nach raibh cáilithe maidir leis an nGaeilge?

Níl mé cinnte faoi sin ach tabharfaidh mé pé eolas breise atá agam anseo don Teachta láithreach. Tá 26 treas rúnaí tugtha isteach go dtí seo de thoradh chomórtais oscailte 1974. Astu sin saoraíodh 10 ón riachtanas Gaeilge a bheith acu toisc gur lasmuigh de na 26 Contae a fuair siad a gcuid oideachais bunscoile nó meánscoile—10. Is ó Thuaisceart Éireann 5 as an 10 sin.

An raibh aon duine ann ón dtaobh seo den tír gur ligeadh isteach é gan Gaeilge nó an mbaineann an rud seo go h-iomlán le daoine ó thuaisceart na tíre nó daoine ón dtaobh amuigh?

Ní bhaineann. Chomh fada agus a thuigimse an scéal nior tugadh duine ar bith isteach nach mbeadh sé a chumas an teastas Gaeilge nó an riachtanas Gaeilge a bhaint amach faoi na rialacháin a bhíodh i bhfeidhm roimhe sin. Sin í an chiall a bhainimse as an eolas a sholáthraigh Roinn an Aire domsa ar maidin.

Tá difríocht idir tuairim duine ar bith anseo agus an rud atá ann ó cheart. An féidir linn a bheith cinnte nár ligeadh isteach nó nár tugadh isteach aon duine ón taobh seo den tír gan Gaeilge?

I gceachtar grád den tseirbhís?

A Cheann Comhairle, má chuirtear ceist ceapaim gur féidir linn bheith ag súil le freagra d'fháil.

Ní thig liom an cheist sin a fhreagairt go cruinn ach chuir an Teachta céanna ceist faoin ochtar a cheapadh mar rúnaithe, céad grád— Ceist a 22 agus thug mé an t-eolas dó cupla nóiméid ó shin maidir leis an ochtar a bhí i gceist.

Ceist a 24. Caithfimid dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile.

Ceistín beag eile.

An ceistín beag deireanach.

Cad a chiallaíon "tuaisceart na tire" dar leis an Rúnaí Parlaiminte? An iad na Sé Contae atá i gceist?

Ní maith liom maslaí a mhalartú leis an Teachta ach níor mhaith liom ach an oiread dhul i mbun seafóide sa Teach seo.

(Cur isteach.)

An bhfuil an chiall chéanna le "tuaisceart na tire" agus atá leis na Sé Chontae? Sin ceist lom díreach. An bhfuil freagra air?

Tá agus níos mó ná ceann amháin.

24. D'fhiafraigh

den Aire Gnóthaí Eachtracha cén chaoi ar shásaigh sé é féin nach raibh dóthain daoine le Gaeilge cáilithe leis na fóluntais ina Roinn a líonadh.

Tá sé soileár ó torthaí na comórtaisí i mbliana do céad agus treas rúnaithe nár cáilíodh a dhóthain daoine, bíodh Gaeilge acu nó ná bíodh, chun na folúntaisí uilig a líonadh. Sin é an t-eolas a bhí ar intinn agam chúig nóiméid ó shin.

An bhfuilimse i dteideal na sonraí a fháil a theaspánfadh go soiléir domsa an méid atá á rá ag an Rúnaí Parlaiminte?

Ní mise atá i gceist ach an tAire. Sí cúis go bhfuil mé féin in sheasamh anseo ná go bhfuil an tAire as láthair agus an t-eolas atá mé díreach ina dhiaidh a thabhairt don Teach agus don Teachta is ón Aire agus fá choinne an Aire a chuireadh le chéile é agus dá mbeadh an tAire féin ann déarfadh sé leis an Teach gurab é a thuairim féin go bhfuil sé soiléir ó thorthaí na gcomórtaisí i mbliana do na gráda sin nár cáilíodh a dhóthain daoine, gan Gaeilge nó le Gaeilge, chun na folún-taisí uilig a líonadh.

Tuigeann an Rúnaí Parlaiminte go maith——

Chun an rud céanna a rá le focla eile—tá gá le daoine cáilithe bíodh siad le Gaeilge nó gan í.

Ach an nglacfaidh an Rúnaí Parlaiminte uaimse go mba cheart do dhaoine a bheith amhrasach? Is é seo an chéad bhliain nó an chéad uair riamh a thárla sé nach raibh Roinn an Aire in ann daoine cáilithe le Gaeilge a fháil.

Ní fhéadfainn é sin a ghlacadh nó a shéanadh ach tá sé le feicéail le blianta fada anuas go bhfuil sé deacair go leor postanna sa Státsheirbhís ar fad—an Státsheirbhís fré chéile—a líonadh chomh h-éasca agus a bhí sé 10 nó scór bliain ó shin. Is léir na cúiseanna atá leis sin agus ní h-í an Roinn Gnóthaí Eachtracha atá i gceist ach chuile Roinn eile.

An mbeadh sé in ord agamsa na sonraí maidir leis na ceapacháin sin a fháil go díreach ón Roinn, faoi na daoine a chuir isteach ar na postanna, na daoine a fuair iad agus na cáilíochtaí a bhí acu?

An bhfuil an Teachta ag iarraidh dul isteach sa Roinn agus a iniúchadh féin a dhéanamh ar na h-iarrataisaí a chuireadh isteach? Ní dóigh liom go bhféadfainn aon bharántas a thabhairt thar ceann an Aire maidir leis sin.

An gcuirfeadh an tAire chugam—níl mórán daoine i gceist—ainm agus seoladh na ndaoine a fuar postanna agus na cáilithe a bhi acu?

Cuirfidh mé in iúl don Aire an méid atá ráite ag an Teachta ach níor mhaith liom barántas a tabhairt faoi an nglacfaidh sé leis nó nach nglacfaidh.

25. D'fhiafraigh

den Aire Gnóthaí Eachtracha cad iad na rátaí pá cuí do (a) rúnaithe, an chéad ghrád agus (b) rúnaithe, an tríú grád.

Siad a leanas na rátaí pá cuí ó 1 Nollaig 1974:

(a) Céad Rúnaí:

Scála A, £3,812 tré sé bhreiseanna go £4,595; Scale B, £4,115 tré sé bhreiseanna go £4,861.

(b) Treas Rúnaí:

Scála A, £2,506 tré deich breiseanna go £3,993; Scála B, £2,506 deich breiseanna go £4,311.

An nglacfadh an Rúnaí Parliaminte gur postanna tábhachtacha iad seo agus má fheictear do scoláirí na tíre seo nach gá Gaeilge a bheith acu chun ceann acu a fháil nach ar mhaithe leis an Ghaeilge a bheadh sé sin?

Sin ceist eile ar fad. Níl mé ag iarraidh éaló as an gceist a fhreagairt ach sin ceist eile ar fad. Níl tagairt dá laghad do Ghaeilge sa cheist.

Tagann sé i ndiaidh na gceisteanna eile.

Níl agamsa mar eolas breise ach a chur in iúl don Teachta gur ar Aire na Seirbhíse Poiblí is ceart aon cheist eile a chur maidir le scálaí pá agus aon rud eile a bhaineann leo do chéad rúnaithe agus threas rúnaithe.

Tuigim é sin ach measaim gur ar an Rialtas agus an rud atá ráite acu maidir leis an Ghaeilge a luíonn an chúram seo. Tá sé ráite acu go dteastaíonn uathu daoine a mhealladh chun na Gaeilge agus má tharlaíonn sé anois go bhfuil postanna mar seo ann faoi chúram Aire ar bith agus go bhfuil sé ag cruthú nach bhfuil Gaeilge ag teastáil——

Caithfimid dul ar aghaidh. Ceist a 26.

Thar cheann an Aire ba chóir dom a rá gurb é príomhdhualgas an Aire ná daoine a mhealladh ní chun na Gaeilge ach chun na seirbhíse agus tá sé sin andeachair. Bhí an Teachta ag gearán chúig noiméad ó shín faoin líon beag daoine a bhí cáilithe nó a bhí in ainm a bheith cáilithe, agus dá gcuirfí coinníoll breise ann b'fhéidir gur lua fós an líon a bheadh cáilithe.

(Cur isteach.)

Caithfimíd dul ar aghaidh. Ceist a 26.

Seo í an ceist dheireanach. Dúirt mé níos luaithe go bhfuil aithne agamsa ar dhaoine, ar bheirt nó ar thriúr go raibh céim onórach acu. Chuireadar isteach ar na comórtaisí seo, thaispeánadar go bhfuil neart Gaeilge acu agus níor glaodh iad chun na h-agallamha fiú amháin.

B'fhéidir go raibh cúiseanna eile leis sin. Tá aithne ag an Teachta ar an Aire. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil an tAire in a fhear lághach agus dá gcuireadh an Teachta litir bhéasach chuig an Aire ag iarraidh eolais uaidh cén fá nár ghlacadh le h-iarratasóir áirithe, tá mé cinnte go bhfaigheadh sé an t-eolas sin.

Barr
Roinn