Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Jan 1975

Vol. 277 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leathnú Na Gaeilge.

24. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid bhreise i meastacháin na bliana seo atá le caitheamh ar an bhfeagracht nua atá in ainm a bheith curtha ar Roinn na Gaeltachta i leith leathnú na Gaeilge ar fud na tíre.

Tá méadú ar an soláthar do Chiste na Gaeilge, scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha agus tuarastail agus is mar chabhair bhreise do leathnú na Gaeilge ar fud na tíre a chaithfear cuid mhaith den mhéadú sin.

Admhódh an tAire gur méadú an-bheag é nuair a smaoiníonn tú ar na dualgaisí breise a cuireadh air. Ní raibh na dualgaisí céanna ar an Aire anuraidh agus atá i mbliana. Dúirt an Taoiseach gur chuir sé dualgaisí nua ar an Aire sa bhliain seo.

Caithfidh mé a admháil nach bhfuil mórán eolais agam faoi seo, ach i Leabhar na Meastachán chím go bhfuil £205,000 mar íocaíocht le Ciste na Gaeilge don tréimhse atá thart agus £310,000 measta do 1975.

Naoi mí, bliain ar fad, agus dualgaisí breise. Ní bheidh an-chuid airgid ag an Aire.

Bhfuil airgead ansin do na tréimhseacháin Ghaeilge?

Is oth liom nach bhfuil aon eolas breise agam.

Tá ceist eile ag teacht.

Barr
Roinn