Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 Feb 1975

Vol. 277 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé hiad baill an choiste atá á threorú maidir le bunú Údarás na Gaeltachta.

Chuir an tAire ráiteas amach ina thaobh sin i mí an Mheithimh seo caite agus, le cead an Cheann Chomhairle, cuirfear cóip de timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.

Seo a leanas an ráiteas:

Ionadaíocht Phobal na Gaeltachta

Faoi mar a d'fhógair an tUasal Tomás Ó Domhnaill, TD, Aire na Gaeltachta, le déanaí, tá socraithe ag an Rialtas go mbunófar Údarás nua Gaeltachta, leis na cumhachtaí feidhmiúcháin is leithne is féidir, agus go mbeidh guth láidir ag pobal na Gaeltachta ina chuid imeachtaí. Is amhlaidh a thoghfaidh pobal na Gaeltachta ionadaithe ar thrí bhord chúigíocha agus ainmneoidh gach ceann de na boird sin duine lena cheapadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá Bille á ullmhú chun na socruithe sin a dhéanamh.

Is mian leis an Aire teacht ar an gcóras is éifeachtaí chun ionadaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus tá sé tar éis an coiste seo a leanas a cheapadh chun comhairle a chur air:

Tomás Roseingrave, Stiúrthóir Náisiúnta Mhuintir na Tíre, Cathaoirleach; An tAth. RóOirmh. Séamus Mac Daidhir, SP, Máire Bean Mhic Dhonncha, O.S., Pádraig Ó Loingsigh, Comhaltaí de Bhord Ghaeltarra Éireann atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta; Cathal Mac Gabhann, Bainisteoir Ginearálta Ghaeltarra Éireann; Gearóid Ó Dochartaigh, An Roinn Rialtais Áitiúil; Séamas Mac Mathúna, Roinn na Seirbhíse Poiblí; agus Brian Ó Broin, Roinn na Gaeltachta.

7. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ar chuir sé dréacht an Bhille maidir le bunú Údarás na Gaeltachta chuig duine nó dream ar bith seachas na Ranna Stáit.

Tá tuairimí agus moltaí ó dhaoine agus ó dhreamanna éagsúla san áireamh sna dréacht-mhírchinn Bhille atá curtha chuig Ranna Stáit chun deis a thabhairt do na hAirí iad a bhreithniú sula gcuirfear faoi bhráid an Rialtais iad. Nuair a bheidh breith tugtha ag an Rialtas beidh i gceist comhairle a ghlacadh arís taobh amuigh de Ranna Stáit.

D'fhógair an tAire anseo go raibh sé tar éis dréacht an Bhille seo a chur timpeall. Deir sé go ndeachaidh sé i gcomhairle le daoine áirithe. Ar mhiste leis an Rúnaí Parlaiminte a rá céard iad na daoine nó na dreamanna ar a ndeacaidh an tAire i gcomhairle leo?

Níl an t-eolas sin agam.

Sin í an cheist.

Sin í an cheist a chuir mé.

Ní hí. Is í seo a leanas an cheist;

Chun a fhiafraí d'Aire na Gaeltachta ar chuir sé dréacht an Bhille maidir le bunú Údarás na Gaeltachta chuig duine nó dream ar bith seachas na Ranna Stáit.

Thug mé freagra dearfach ar an cheist sin. Chuaigh an tAire i gcomhairle le dreamanna éagsúla ach ní feasach domsa cé hiad. Chuaigh sé i gcomhairle leis na dreamanna sin sul ar thosnaigh sé ar an Bhille a dhréachtáil agus tar éis an Bille a bheith in a dhréacht rachaidh sé i gcomhairle leis na dreamanna sin arís.

An nglacfaidh an Rúnaí Parlaiminte nach leor a rá go ndeachaidh sé i gcomhairle le daoine áirithe os rud é nach bhfuil a fhios ag aon duine cé hiad a ndeacaidh sé i gcomhairle leo——

Ní hí sin an cheist a chuir an Teachta síos.

Ach is é sin an freagra atá ag teastáil uaim.

Agus táimse á rá nach í sin an cheist a chur an Teachta síos.

Os rud é go bhfuil sé ráite ag an Aire gur chuir sé cóip chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus an Aire Poist agus Telegrafa, an nglacfaidh an Rúnaí Parlaiminte go mb'fhéidir go gcuirfeadh sé cóip den dréacht chugamsa agus chuig daoine eile a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht?

Ní gnáthach é sin a dhéanamh, mar is eol don Teachta.

An é atá á rá ag an Rúnaí Parlaiminte nach bhfuil dréacht den Bhille ar fáil fós?

Tá sé de dhualgas ormsa ar son an Aire a rá gur chuir sé dréacht fíor-chruinn den Bhille atá le dréachtáil thart ar Ranna Stáit. Níor cuireadh ach sin thart go nuige seo.

An bhfuil seans ann go mbeidh dréacht den Bhille seo os comhair na Dála taobh istigh de mhí?

Níl a fhios agam.

An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte go bhfuil sé ráite ag an Aire go mbeidh an Bille seo le fáil taobh istigh de thrí seachtainní? Ó ráiteas an Rúnaí Parlaiminte inniu, níl seans dá laghad go mbeidh an Bille seo ar fáil sa tréimhse sin.

Táimid imithe sách fada ón cheist anois ach níor chuir an Teachta ceist síos faoi——

Caithfimid dul ar aghaidh go dtí Ceist a 8.

Barr
Roinn