Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Mar 1975

Vol. 279 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt na Gaeltachta.

53. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén t-éileamh atá déanta aige le go gcaithfear sciar sásúil den chiste réigiúnach sa Ghaeltacht.

Tá breithniú á dhéanamh ar na tograí is oiriúnaí de chuid na hÉireann chun cúnamh a éileamh ina leith as Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa. Ní miste a lua go bhfuil soláthar an airgid don chiste sin le húdarú go fóill ag Parlaimint na hEorpa.

Ní ar an gceist é sin. Is í an cheist a chuir mé ná cén t-éileamh a rinne an tAire féin ar an Rialtas. Deirtear gur chuir an tAire isteach scéimeanna áirithe ón Ghaeltacht i gcóir sciar den deontas seo. Cén t-éileamh a rinne sé nó cad iad na scéimeanna a chuir sé isteach nó ar chuir sé isteach scéimeanna ar bith i gcóir cuid den deontas seo?

Mar is eol don Teachta tá na socruithe don chiste réigiúnach déanta anois agus mar a thuigimse an scéal ag an bpointe seo beidh an scéal go léir, agus tograí Gaeltachta san áireamh, faoi bhráid an Rialtais anseo go han-luath agus roghnóidh an Rialtas, na tograí a mbeidh cúnamh as an gciste á lorg ina leith agus is féidir liomsa a rá go mbeidh tograí Gaeltachta san áireamh.

Ar dhúirt an tAire go mbeidh tograí Gaeltachta san áireamh nó go bhfuil siad san áireamh?

Táim á rá go bhfuil go leor scéimeanna againn le cur faoi bhráid an Rialtais.

54. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta go nuige seo le haerstráice a bhunú i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil súil acu go bhféadfar an obair ar an aerstráice a thosú go luath.

An bhfuil an talamh fáite i gcóir an aerstráice.

Is mar seo atá an scéal. Tá cearta féirigh ag a lán feirmeoirí ar an láithreán atá tofa don aerstráice agus anuas go dtí seo ní raibh cuid de na feirmeoirí sásta go mbeadh aer-sheirbhís ann. Is cosúil anois go gcreideann Gaeltarra Éireann gur éirigh le coiste áitiúil aontas a chothú agus na fadhbanna a réiteach. Deirtear go bhfuil tairiscintí don obair a bheadh le déanamh ar an aerstráice fáite ag an gcoiste seo agus scrúduithe ag Gaeltarra Éireann agus tuigim chomh maith go bhfuil conrathóir ceaptha chun an obair a dhéanamh.

55. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil socrú déanta aige go fóill le seirbhís fharantóireachta a bhunú ó Ailt a' Chorráin go hÁrainn Mhór, Contae Dhún na nGall; nó cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo.

D'fhonn teacht ar an socrú is oiriúnaí tá an cás á scrúdú ag Gaeltarra Éireann.

Ós rud é go bhfuil an cás á scrúdú go fóill agus le bliain anuas nó níos mó, cén gné den chás atá á scrúdú go fóill?

Nuair a d'freagair mé ceisteanna an seo a chuir an Teachta orm beagnach bliain ó shin anois chuir mé in iúl don Teach go bhfuil coiste forbartha in oileán Árainn Mhór agus go raibh seirbhís nua fharantóireachta ag teastáil uathu. D'iarr mise ar Gaeltarra Éireann suirbhéireacht a dhéanamh agus dhein siad an suirbhéireacht sin i gcomhairle le Córas Iompair Éireann agus chomh maith leis sin tá comhairleoir, sé sin consultant, ceaptha chun an cheist a scrúdú chun a fháil amach cad é an saghas seirbhíse a bheadh oiriúnach d'Oileán Árainn Mhór agus go háirithe cén saghas bád farantóireachta a bheadh oiriúnach. Sé an scéal is déanaí atá agamsa ná go bhfuil an suirbhéireacht sin críochnaithe agus go bhfuil Gaeltarra Éireann i gcomhairle le Coiste Forbartha Oileán Árainn agus tuigimse go mbeidh cruinniú idir Coiste Forbartha Oileán Árainn Mhóir agus CIE agus Gaeltarra Éireann díreach tar éis na Cásca mar fuair mise cuireadh inné bheith i láthair ag an gcruinniú sin.

Barr
Roinn