Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 20 Mar 1975

Vol. 279 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceardscoil Indreabháin.

82. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cathain a bheidh an cheardscoil in Indreabhán, Contae na Gaillimhe in ann ard-teistiméireacht-theicniúil a chur ar fáil do na mic léinn sa scoil.

Tá an cheist seo faoi bhreithniú i gcomhthéacs scéim chomh-oibrithe idir Gairm-Scoil Cholm Cille, an Indreabhán agus Meán-Scoil Chroí Mhuire gan Smál, an Spidéal. Táthar ag súil leis go bhféadfar teacht ar bhreith shásúil sa chás i ngiorracht ama.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil an cheist seo práinneach mar go bhfuil mic-léinn ag fágaint na scoile sin in Indreabhán i mbliana agus muna bhfuil comhar na gcomharsan, mar adeir an tAire sa bhfreagra, ag obair an t-am sin go mbeidh ar na mic-léinn as an nGaeltacht dul chun an Ghalltacht chun an chuid eile dá gcuid scolaíochta d'fháil?

Déanfar gach iarracht chun an scéal a bhrostú.

An bhfuil eolas ag an Aire faoin gcomhar seo idir an dá scoil atá luaite aige sa bhfreagra? An bhfuil sé ag dul ar aghaidh? An bhfuil aon chomhoibriú ann, ar thosnaigh comhoibriú nó ar tháinig an dá scoil le chéile idir an dá linn?

Tuigtear go raibh cainteanna idir an dá scoil i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, sé sin, dhá mhí ó shin.

Níor thárla aon rud.

Níor chuala an Coiste Gairm-Oideachais aon scéal go fóill ó na daoine a bhí ag caint ar an ábhar sin.

Tá prionsabal i gceist anseo—nach ceart daltaí a chur ón nGaeltacht go dtí scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht más féidir é. Is é réiteach na ceiste seo ná scéim ard teistiméireachta a chur ar fáil sa scoil in Indreabhán. Nach bhfuil prionsabal ansin agus nach ceart claoi leis an bprionsabal sin?

Is é tuairim an Rialtais go gcaithfear aire faoi leith a thúirt do scoil den saghas seo de bhrí go bhfuil sí sa Ghaeltacht.

Sin é tuairim an Rialtais?

Gur gá iad a choimeád sa Ghaeltacht?

Ní réiteach ar an scéal é sin. Tá sé níos deacaire ná sin an scéal a réiteach.

Barr
Roinn