Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 May 1975

Vol. 280 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Youth Officer Appointment.

62.

asked the Minister for the Gaeltacht if the appointment of a full-time youth officer in the Connemara Gaeltacht has been held up by his Department pending the formulation of a national youth policy.

Ní bheadh baint dhíreach agamsa le ceapachán mar sin ach, dá mbeadh deontas á lorg ó mo Roinn ina leith, ba mhaith liom féachaint chuige go mbeadh an ceapachán ag teacht le beartas náisiúnta don óige.

An n-aontódh an tAire liom gur thug sé ráiteas uaidh sa pháipéar áitiúil i nGaillimh bliain ó shin ag rá: "This was the type of work on which the future of Connemara depended?" Dúirt sé freisin ag an am go raibh sé sásta deontas a thúirt maidir leis an bplean forbartha a bhí ag clubanna óige Chonamara. Iarraim air anois cén dul chun cinn atá déanta ag a Roinn féin í gcomhairle leis an Roinn Oideachais ó shin.

Mar eolas don Teachta, bhí deontas á lorg ó mo Roinnse ag clubanna na n-óg i gConamara anuraidh chun sagart a chur chuig Iolscoil Swansea chun cúrsa a dhéanamh ann. Bhí fonn mór ormsa mar Aire na Gaeltachta ag an am sin—agus ba mhaith liom a rá go bhfuil fonn orm fós—cabhrú leis an dea-obair atá ar siúl ag club na n-óg i gConamara ach nuair a tháinig an t-iarratas isteach chuig mo Roinnse chun an deontas sin a chur ar fáil bhí orm dul i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus dob é tuairim na Roinne Oideachais nach raibh an cúrsa i Swansea oiriúnach d'obair imeasc na n-óg i gConamara. Ina dhiaidh sin, timpeall dhá nó trí mhí, bhuail Rúnaí Parlaiminte na Roinne Oideachais agus mé féin le toscaireacht ó chlub na n-óg as Conamara i nGaillimh agus phléamar an sceal go léir. Le déanaí d'iarr mé ar an Rúnaí Parlaiminte cúrsa eile a mholadh a bheadh oiriúnach agus tuigim anois go mbeidh cúrsa mar sin ar fáil anseo in Éirinn sa bhFómhair, an scoilbhliain seo chugainn, agus, ach an Roinn Oideachais a bheith sásta agus go hairithe an Rúnaí Parlaiminte a bheith sásta leis an gcúrsa sin, tá sé ar intinn agamsa deontas a chur ar fáil.

Dá mbeadh an cúrsa ar fáil an mbeadh an deontas ar fáil?

Dáiríre, is ceist don Aire Oideachais an cheist seo. Sé an t-eolas atá agamsa ná seo:

Bhí deontas á lorg d'fhonn sagart a chur go Swansea chun é a oiliúint ach níor ceadaíodh é nuair nach raibh Rúnaí Parlaiminte an Aire Oideachais sásta leis an gcúrsa; bheadh ar intinn aige cúrsa níos oiriúnaí a mholadh.

Tuigimse go bhfuil beartas d'aos óg na tíre á ullmhú ag an Roinn Oideachais faoi láthair agus go mbeidh an beartas sin ar fáil sar i bhfad ach, mar sin féin, ag an bpointe seo sé an rud is tábhachtaí agus is práinní im thuairimse maidir le club na n-óg i gConamara an sagart sin nó duine eile a chur ar chúrsa ach go mbeidh an Roinn Oideachais sásta cúrsa mar sin a mholadh chun go mbeidh siad in ann an sagart a chur ar an gcúrsa sin.

An mbeadh Aire na Gaeltachta sásta dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais agus lena Rúnaí Parlaiminte le brú a chur go gcuirfí an cheist seo chun cinn mar i 1963 bhí 8,800 déagóirí i gConamara agus faoi láthair níl ann ach 4,300? Tá sé ceart go leor a rá go mbeidh cúrsa ar fáil ach cad a dhéanfaidh clubanna na n-óg idir an dá linn?

Féachfaidh mé isteach sa scéal.

Barr
Roinn