An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leásu), 1975: An Dara Céim. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1975: Second Stage.

An féidir liom ceist a chur? Bhí dhá uair a chluig leagtha síos faoi choinne an Bhille seo, óna seacht a chlog go dtí naoi a chlog. Anois tá sé deich noimead tar éis a seacht. An dtabharfar dhá uair a chluig?

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair."

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Is é cuspóir an Bhille seo ná uasteorainn na n-airleacan ón bPríomhChiste do Ghaeltarra Éireann a ardú ó £10 milliún go £25 mhilliún. Uasteorainn £500,000 a bhí ann ar dtús faoin gcéad Acht um Thionscail na Gaeltachta a ritheadh sa bhliain 1957 agus tá sí á hardú don cheathrú huair anois. Cuireadh go dtí £2 mhilliún í sa bhliain 1965, go dtí £6 mhilliún sa bhliain 1971 agus go dtí £10 milliún anuraidh. Ós gearr go mbeidh an £4 mhilliún a údaraíodh anuraidh íoctha amach is mithid socrú a dhéanamh ionas go bhféadfar tuilleadh fós a eisiúint. Mar sin, tá £15 mhilliún bhreise á chur leis an uasteorainn faoin mBille seo. Caithfear thart ar £2 mhilliún de sin i mbliana—anuas are £2,855,000 faoin tseanteorainn, is é sin, beagnach £5 mhilliún san iomlán i 1975.

Caiteachas caipitil ar fad atá i gceist sna hairleacain a eisítear díreach chuig Gaeltarra as an bPríomh-Chiste. I láthair na huaire caitear beagnach dhá thrian den chaipiteal sin ar mhonarchana lena gcur ar cíos do thionscail nua; caitear beagnach trian eile ar scaireanna i gcomhthionscail nua a nglacann Gaeltarra páirt iontu; agus is ar na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin is mó a chaitear an fuílleach. Ar ndóigh, bíonn caiteachas caipitil i gceist chomh maith sna deontais a íocann Gaeltarra le tionscail ach is trí Vóta bliantúil Roinn na Gaeltachta a chuirtear an t-airgead sin ar fáil. Meastar go gcaithfear £2,300,000 ar na deontais sin i mbliana, is é sin, go sroichfidh an caiteachas caipitil ón dá fhoinse £7,232,000 i 1975—méadú anmhór ar an gcaiteachas in aon bhliain roimhe seo.

Ós rud é go mbeidh mé ag tagairt go minic do thionscail de dhá shaghas a dtugann Gaeltarra cúnamh dóibh, b'fhéidir nach fearr rud a dhéanfainn ag an bpointe seo ná an difríocht eatarthu a shoiléiriú:

—tugaim "comhthionscal" ar thionscal ina mbíonn Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar le chéile agus scaireanna ag Gaeltarra ann: de ghnáth tugann Gaeltarra deontas chomh maith do thionscal mar sin agus uaireanta ligeann Gaeltarra monarcha ar cíos don tionscal;

—tugaim "miontionscal" ar gach tionscal eile a dtugann Gaeltarra cúnamh do deontas a bhíonn i gceist de ghnáth agus is annamh a rachadh sé thar £40,000 ach uaireanta ligeann Gaeltarra monarcha ar cíos don tionscal chomh maith; ní bhíonn aon scaireanna ag Gaeltarra i "miontionscal" agus ní bhaineann an t-airgead faoin mBille seo le tionscal mar sin ach amháin nuair a chuirtear monarcha ar fáil dó.

Is le deich mbliana anuas a thosaigh Gaeltarra ag cabhrú le tionscail den dá shaghas sin ach tá cuid de na tionscail a bhí ann roimhe sin á reachtáil fós ag Gaeltarra féin— bréidín agus cniotáil—agus thosaigh Gaeltarra féin ar innealtóireacht phlaisteach roinnt blianta ó shin. Is cúis athais dom gur tháinig laghdú mór ar na caillteanais ar thionscail Ghaeltarra féin anuraidh.

Is comhartha an Bille seo ar an tslí ina bhfuil Gaeltarra ag brostú le forbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht—in ainneoin na ndeacrachtaí iomadúla atá ar fud an domhain le tamall anuas mar gheall ar an gcúlú i gcúrsaí eacnamaíochta. Is oth liom nach bhfuil tuarascáil Ghaeltarra don bhliain 1974 ar fáil do Theachtaí go fóill ach, mar chabhair don Dáil, tig liom a rá go mbeidh eolas mar seo a leanas sa tuarascáil sin:

—bhí 2,617 nduine ag obair go lánaimseartha i ndeireadh na bliana seo caite sna tionscail a bhfuil baint ag Gaeltarra Éireann leo, agus comhthionscail, miontionscail agus tionscail Ghaeltarra féin san áireamh; is ionann é sin agus méadú 40 faóin gcéad ar an bhfostaíocht laistigh de dhá bhliain; ach na tionscail sin uile a bheith faoi lánseol bheadh fostaíocht lánaimseartha do 5,298 duine iontu;

—ceadaíodh 11 chomhthionscal nua i rith 1974 agus bhí Gaeltarra chun

£498,000 a infheistiú ina gcuid scaireanna agus deontais £1,890,700 a thabhairt dóibh;

—bhí páirt ag Gaeltarra i 46 chomh-thionscal ar fad i ndeireadh 1974;

—ceadaíodh deontais dar luach £761,200 i rith 1974 do 82 mhiontionscal nua agus do roinnt miontionscal a bhí ann roimhe sin, rud a thug líon iomlán na miontionscal a raibh deontais ceadaithe dóibh go dtí 268; agus

—tháinig méadú timpeall 80 faoin gcéad laistigh de dhá bhliain ar líon na dtionscal, idir chomhthionscail agus mhiontionscail, a raibh cúnamh ceadaithe ag Gaeltarra dóibh.

Chomh maith leis sin thug mé roinnt mhaith eolais faoi chúrsaí Ghaeltarra mar fhreagraí ar cheisteanna anseo sa Dáil ó thús na míosa seo caite. Ar an 12 Meitheamh, mar shampla, thug mé sonraí a bhain leis an tréimhse ó thús Aibreáin, 1973 go deireadh Bealtaine, 1975 agus a léirigh gur:

—ceadaíodh 28 gcomhthionscal nua— seacht gcinn i gContae Dhún na nGall, dhá cheann i gContae Mhaigh Eo, 10 gcinn i gContae na Gaillimhe, sé cinn i gContae Chiarraí, ceann amháin i gContae Chorcaí agus dhá cheann i gContae na Mí;

—ceadaíodh cúnamh breise do 21 chomhthionscal eile—cúig cinn i nDún na nGall, ceann amháin i Mhaigh Eo, seacht gcinn i nGaillimh, cúig cinn i gCiarraí agus tri cinn i gCorcaigh; agus

—ceadaíodh deontais do 135 mhiontionscal—47 i nDún na nGall, 14 i Maigh Eo, 61 i nGaillimh, 10 i gCiarraí agus trí i gCorcaigh.

Ar na príomh-chomhthionscail nua ar ceadaíodh iad agus ar cuireadh tús leis an obair iontu sa tréimhse sin tá earraí teileafónaíochta i nGaoth Dobhair, forbairt talún in Iorras, feistis solais i mBéal an Mhuirthead, ríomhaireacht sna Forbacha, gairneoireacht i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach, pailéid adhmaid i Múscraí agus innealtóireacht éadrom Ráth Cairn.

Arís, ar an 8 Iúil, chuir mé eolas ar fáil i dtaobh 21 togra nua a bhfuil na socruithe dóibh ag teacht chun deachríche agus a bhfuiltear ag súil le 1,000 post iontu. Beidh na tionscnaimh sin scaipthe go maith ar fud na Gaeltachta:

—sna Dúnaibh, i nGaoth Dobhair— dhá cheann, i mBaille na Finne, ar Ard an Rátha, ar an gCarraig agus i gCill Charthaigh i gContae Dhún na nGall;

—i mBun an Churraigh agus i gCoill an tSíain i gContae Mhaigh Eo;

—i gCarna, i gCill Chiaráin, i dTír an Fhia, ar an gCeathrú Rua—dhá cheann, i Ros an Mhíl agus i gCorr na Móna i gContae na Gaillimhe;

—i mBaile an Fheirtéaraigh agus i mBaile an Sceilg i gContae Chiarraí;

—i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gContae Chorcaí;

—sa Rinn i gContae Phort Láirge; agus

—i mBaile Gib i gContae na Mí.

Silim gur léir go bhfuil an dul chun cinn á dhéanamh le forbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht agus gur mó fós a bheadh déanta mura mbeadh an ghéarchéim eacnamaíochta atá ag cur isteach ar chúrsaí tionscail ar fud an domhain. Tá ardmholadh tuillte ag Gaeltarra dá bharr sin: is é mo thuairimse nach bhfuil a sárú mar eagraíocht le fáil in áit ar bith. Tréaslaím le comhaltaí an bhoird, leis an lucht bainistíochta agus leis an bhfoireann uile as ucht a ndúthracht a chaitheamh le fonn agus le fuinneamh chun leas na Gaeltachta a chur ar aghaidh. Chun na fadhbanna iomadúla le bliain anuas a shárú bhí gá le hiarracht thréan leanúnach agus le comhoibriú ó gach dream agus tá moladh ag dul freisin do phobal na Gaeltachta agus d'fhoireann mo Roinne féin.

Leis na deacrachtaí go léir na laethanta seo ní féidir bheith ag súil go n-éireodh le gach uile thionscal a bhunaítear sa Ghaeltacht. Níorbh fholáir tionscail áirithe a atheagrú nó tionscail nua a thabhairt isteach ina n-ionad agus tá muinín agam as a bhfuil déanta. Nuair a thiocfaidh feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta beidh bonn maith tionsclaíochta ar fud na Gaeltachta chun tairbhe níos fearr fós a bhaint as na deiseanna nua.

Tá bonn daingean á leagan cheana féin ag Gaeltarra do ghnó na cuartaíochta sna hóstáin ina bhfuil scaireanna acu. Le bliain anuas tá tús curtha—don chéad uair riamh—le socrú trína gcuirtear eolas ar fáil do ghrúpa de na hóstáin sin i dteannta a chéile. As an ngrúpmhargaíocht sin táthar ag súil go dtiocfaidh an méadú mór a bhfuil an-riachtanas leis ar na custaiméirí do leapacha na n-óstán.

Ó thaobh tionsclaíochta agus cuartaíochta araon is cuid thábhachtach dár mbeartas na haersheirbhísí sa Ghaeltacht a fhorbairt. Tá scaireanna ag Gaeltarra in Aer Árann agus tá dul ar aghaidh an-mhaith á dhéanamh ag an gcomhlacht.

Tá leas na gcomhluadar Gaeltachta ar cheann de na gnéithe is suntasaí agus is tábhachtaí de bheartas an Rialtais don Ghaeltacht. Is chuige sin a chuir Gaeltarra tús le Comórtas Forbartha Pobal. Is mór an chúis sásaimh an fhreagairt bhreá atá faighte ó na pobail áitiúla agus tá ós cionn 50 comhluadar páirteach sa Chomórtas. Chomh maith leis na duaiseanna fiúntacha ó Ghaeltarra tuigim go bhfuil suas le £40,000 tagtha isteach mar bhronntanais ó chomhlachtaí móra tionscail, tráchtála agus baincéireachta agus ó ceardchumainn : molaim iad go léir.

Is é mo thuairimse go bhfuil tábhacht ar leith leis na tionscail bheaga a bhíonn á reachtáil ag pobal na Gaeltachta féin agus tá áthas orm a rá go bhfuil ag éirí go han-mhaith lena bhformhór. Dáiríre is sna miontionscail amháin a d'fhás an fhostaíocht i rith na bliana 1974. Sa dá bhliain 1973 agus 1974 méadaíodh líon na dtograí ar cheadaigh Gaeltarra cúnamh dóibh gan páirt a ghlacadh iontu ó 146 go 268 agus líon na ndaoine a bhí ag obair go lánaimseartha iontu ó 730 go 1,074; agus bhíothas ag súil le 2,246 phost iontu ach iad a bheith faoi lánseol. Ní aon ionadh mar sin gur thug mé treoir do Ghaeltarra aire speisialta a thabhairt do thionscail bheaga den saghas sin agus muintir na Gaeltachta a spreagadh chun iad a bhunú agus a leathnú as a stuaim féin nó trí chomharchumainn; is tionscail dá leithéid is fearr a oireann do na ceantair Ghaeltachta.

Tá leathnú na comharaíochta chun tosaigh i gcónaí i mbeartas an Rialtais don Ghaeltacht agus tá cabhair nach beag le fáil ag comharchumainn ó mo Roinnse. Is iontach mar atá sprid na comharaíochta ag fás le tamall anuas sa chaoi go bhfuil breis agus 20 comharchumann ag gabháil do ghnóthaí éagsúla ar fud na Gaeltachta anois. Táim féin lánchinnte nach bhfuil bealach níos fearr ná comharchumann éifeachtach chun leas aon cheantair a chur ar aghaidh. Tá Gaeltarra i bpáirtíocht le comharchumainn éagsúla i gcúrsaí gairneoireachta, talmhaíochta, cuartaíochta agus próiseála éisc agus tá súil agam go mbeidh ar chumas Ghaeltarra cabhrú tuilleadh lena lán comharchumann eile. Mar shamplaí de thionscail ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra agus comharchumainn luaim míntíriú talún i gceantar Iorrais agus plandlanna i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach. I láthair na huaire tá Gaeltarra ag obair ar phlean chun comhlacht margaíochta a bhunú a mbeadh na plandlanna i gCiarraí páirteach ann. Bhí sé de phribhléid agam féin Plandaí Chorca Dhuibhne a oscailt go hoifigiúil seachtain is an Domhnach seo caite.

Le cúpla bliain anuas tá Gaeltarra ag díriú go speisialta ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta— iascaireacht, talmhaíocht, gairneoireacht, agus mar sin de. Tá an fharraige féin ar an acmhainn is mó atá ag an nGaeltacht agus, chomh maith le páirt a ghlacadh i dtionscail phróiseála éisc, tá Gaeltarra ag dul ar aghaidh anois le tionscnamh fíorthábhachtach muireolaíochta—saothrú nó "feirmeoireacht" oisrí le tacaíocht ón tSaotharlann Taighde Éisc Sllogáin de chuid Choláiste Ollscoile na Gaillimhe.

Ní féidir smaoineamh ar acmhainní na farraige na laethanta seo gan ola agus gás a lua. Tá Gaeltarra ag faire go géar ar a bhfuil ar siúl amach ó chósta na Gaeltachta le súil go bhféadfaí seirbhísí a bheadh ag teastáil a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta agus leas na gceantar sin a chosaint ag an am céanna. Tá staidéar ar sheirbhísí den saghas sin déanta ag foireann Ghaeltarra san Ioruaidh agus tá a leithéid le déanamh in Albain: tá súil agam go mbeidh ar mo chumas féin páirt a ghlacadh sa chuairt staidéir ar Albain.

B'fhéidir gur leor a bhfuil ráite agam mar léargas ar an saothar mór atá ar siúl ag Gaeltarra agus ar an dul ar aghaidh fiúntach atá á dhéanamh ar fud na Gaeltachta. Dá thoradh sin go léir, tá mórdhóchas agam go mbainfear amach an sprioc atá romhainn, is é sin, lánfhostaíocht sna seachtóidí do phobal na Gaeltachta.

D'fhógair mé cheana go mbeidh Údarás na Gaeltachta le cur in ionad Ghaeltarra agus tá an réamhullmhúchán don Bhille i dtaobh an Údaráis chun cinn go maith. Nuair a bheidh an Bille ceadaithe ag an Rialtas tabharfaidh mé os comhair na Dála é agus beidh deis eile againn chun cúrsaí na Gaeltachta a phlé. Idir dhá linn, áfach, ba mhaith liom go dtuigfí go soiléir go bhfuilimid ag brú ar aghaidh go tréan le forbairt na Gaeltachta.

Tá airgead mór le caitheamh ar an nGaeltacht agus tá an Rialtas sásta é a chur ar fáil ach, chun go bhféadfar cuid de a eisiúint, tá gá leis an mBille seo. Dá réir sin iarraim ar an Dáil glacadh leis an mBille.

Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Tá sé ar aon chéim le Bille leasaithe a tugadh isteach ó 1957. I mbliain 1957 tugadh Bille isteach a chuir Gaeltarra Éireann ar bun agus tá dul chun cinn mór déanta i bhforbairt tionsclaíochta ón bhliain sin. De réir an Bhille sin cuireadh bord ar bun. Ag an am sin tugadh £½ milliún dóibh chun forbairt ar obair thionsclaíochta. B'shin tosach agus i rith na mblian cuireadh leis an suim sin. Inniu chun an dul chun chinn a choimeád ar siúl, is gá £25 milliún eile a caitheamh. Ar an ábhar sin fáiltím roimh an mbreis deontais seo a bheas ar fáil do Ghaeltarra Éireann.

Bhí sé i gceist forbairt ar thionscail Ghaeltachta. Ach, chomh maith leis sin, leagadh síos sa Bhille i 1957 go rabh sé de dhualgas ar an mbord caomhnú agus leathnú a dheanamh ar an Ghaeilge. Sin é an fá go raibh airgead le fáil ag Gaeltarra Éireann ag an am ceanna agus bhí Roinn na Gaeltachta ag plé leis na tionscail sin roimhe sin. Ní ceart dúinn dearmad a dhéanamh gur leag ceann de altanna an Achta sin síos go bhfuil sé de dhualgas ar an mbord cabhrú le caomhnú agus le leathnú na Gaelige. Tá a fhios agam go bhfuil baill an bhoird an-dhícheallach maidir leis an obair sin—obair atá tábhachtach.

Rinneadh leasú ar Acht na bliana 1965. Sé tá i gceist anseo ná an t-airgead a mhéadú go dtí £25 milliún. Ní dúirt an tAire cathain nó cén slí a bheadh an £25 milliún ar fáil, ach is cuma. Tá cead ag an Aire Airgeadais an tsuim sin a thúirt don Aire má iarann Gaeltarra Éireann é.

I 1965 tugadh breis cumhachta do Ghaeltarra Éireann bheith páirteach i gcomhlachtaí, scaireanna a cheannach agus deontaisí beaga a thabhairt. Arís, ardaíodh an t-airgead ó £½ milliún go dtí £2 mhilliún.

Annsin, in 1968, tugadh cumhacht an méid a ardú agus tugadh cumhacht do Ghaeltarra Éireann tionscail a chur ar fáil i limistéirí taobh amuigh den Ghaeltacht. Sé rud is mó a bhí i gceist ansin, sílim, tionscail a bhunú sna breac-Ghaeltachtaí agus rinneadh amhlaidh. Bhí na breac-Ghaeltachtaí ábalta dul chun cinn dá bhárr sin agus gheall an tAire go dtógfaí isteach iad seo sa Ghaeltacht ach sin ceist eile.

Sa bhliain 1971 rinneadh leasú eile agus ardaíodh an tsuim go dtí £6 mhilliún agus tugadh cead do na comhairlí contae dhá dtrian de na rátaí ar fhoirgnimh a chur ar ceal. Ba mhór an cabhair é sin. Níl aon rud mar sin san mBille seo. Níl aon rud ann taobh amuigh den ardú sin. Ach inniu agus go speisialta nuair atáimid ag caint, agus go háirithe nuair atá an tAire ag caint faoi na rudaí go léir atá ar siúl, an bhfuil ceart dlí ag cuid de na rudaí atá ar siúl? An gá cumhachtaí Ghaeltarra Éireann a leathnú sa Bhille chun cuid de na rudaí—agus go leor rudaí—a dhéanamh? Níl aon chumhacht bhreise ná leathnú breise á ndéanamh ach amháin go bhfuiltear ag cur níos mó airgead ar fáil dóibh.

Is maith an rud é. Molaim an tAire agus go speisialta Gaeltarra Éireann. Tá a fhios agam go bhfuil obair fhónta á déanamh acu, gur gá an t-airgead seo. Tá súil agam go mbeidh sé ar fáil. Tá súil agam go n-úsáidfear go maith é agus go mbeidh slite ann chun an t-airgead a úsaid.

An raibh deíthneas leis an mBille seo? An ghá é a thabhairt isteach anois? An raibh an t-airgead ag teastáil díreach anois? Táthar chun Údarás na Gaeltachta a chur ar siúl. Tá sé geallta le fada. Dúirt an tAire i bhfreagra ar cheist a chuireadh síos seachtain ó shin go mbeadh an Bille ag bunú Údarás na Gaeltachta sa Dáil tar éis Sos an tSamhraidh. Ba mhaith liom ceisteanna a chur ar an Aire. An mbeidh ceangal ar bith idir Gaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta? An mbeidh ceann acu os cionn an cheann eile nó an mbeidh an chumhacht fheidhmiúcháin ag Údarás na Gaeltachta? An dtabharfar breis airgid má bhíonn breis oibre agus breis feidhmiucháin ag Gaeltarra Éireann faoi Údarás na Gaeltachta? An mbeidh gá le Bille eile mar seo tar éis Sos an tSamhraidh? Ba mhaith liom dá bhfreagródh an tAire na ceisteanna seo. Níl mé sásta go ndeánfaidh an dá rud seo "streameáil" nuair a bheidh Bille Údarás na Gaeltachta os comhair na Dála agus an job go léir á dhéanamh ag an am céanna.

Anois tá a lán ceisteanna agam le cur. B'fhéidir nach ligfeadh an Leas-Cheann Comhairle dom iad a chur mar gheall ar an Údarás ach tá siad tábhachtach. Cad í an pháirt a bhéas ag Gaeltarra Éireann sa chóras nua nuair a bhéas Údarás na Gaeltachta ar siúl agus ag reachtáil agus ag déanamh forbartha ar an nGaeltacht faoi mar atá Gaeltarra Éireann ag déanamh anois? Ba cheart dúinn eolas a bheith againn anois nuair atáimíd ag cur airgid ar fáil do Ghaeltarra Éireann agus conas a bheidh an scéal i gceann trí mhí? B'fhéidir go mbeadh saoire chomh fada sin againn, a Leas-Cheann Comhairle. Tá súil agam féin go mbeidh. Ach mar sin féin, tá mé toilteanach fanacht anseo go ceann cúpla seachtain eile.

Ba mhaith an rud é dá mbeadh an Bille um Údarás na Gaeltachta os comhair na Dála inniu. Cén fáth nach bhfuil? Tá vacuum ansin. Níor mhaith liom am a chur amú le ceisteanna borba nach mbeadh in ord. Ní féidir liom ceist Údarás na Gaeltachta a phlé mar níl sé os comhair na Dála ach tá mé á rá leis an Aire gur ceart an Bille seo a bheith os comhair na Dála an tráthnóna seo sa dóigh go bhfeicfimís an pictiúir iomlán ar fad, an pictiúir atá geallta ag Aire na Gaeltachta. D'fhéadfadh an tAire an Bille seo a chur siar go dtí tar éis laetheanta saoire an tsamhraidh agus an dá rud a cheangal le chéile.

B'fhéidir nach raibh am ag an Aire é sin a dhéanamh. Tá sé an-ghnóthach le déanaí agus le cúpla bliain anuas. Sílim go raibh sé i nÁrainn Mhór i dTír Chonaill nó le dul ansin chun scéim uisce a oscailt. Is maith an rud é. Tá sé an-ghnóthach ach bheadh sé an-tábhachtach don Ghaeltacht ar fad an pósadh a dhéanamh idir Gaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta agus sinn a bheith i láthair ag an bpósadh. Nílimid ach ag tomhais, ag "guessáil", mar adeir siad sa Ghaeltacht, maidir le cén baint, cén ceangal nó cén gaol a bhéas idir an Údarás agus Gaeltarra Éireann.

A Leas-Cheann Comhairle, sílim go bhfuil leasú agat ansin a shín mé isteach roimhe seo, leasú atá ar intinn agam a mholadh ar Chéim an Choiste ar a 8 a chlog: San Tábla 26 (1) tar éis an focal "suimeanna"—agus sé an suim atá i gceist ná £25 milliún— gan deontaisí an chiste réigiúnach den CEE a chur san áireamh. Má tá an tAire ag déanamh a chuid oibre bíodh scéim nó scéimeanna de chuid na Gaeltachta pé acu curtha chun cinn ag an Aire féin nó ag Gaeltarra Éireann i dteideal sciar airgid de chuid an chiste réigiúnach le fáil do na ceantracha Gaeltachta.

Ceist agam ar an Aire nó cúpla ceist. An bhfuil scéimeanna a dhéanfas forbairt agus foirthint ar an Ghaeltacht, ar na ceantracha Gaeltachta, curtha faoi bhráid an Rialtais le cur os comhair an CEE chun deontaisí a fháil nó cuid mhaith a fháil den chiste réigiúnach agus go mbeidh caiteachas orthu ins na Gaeltachtaí? Tá súil go mbeidh sé ábalta a rá go bhfuil scéimeanna curtha ar siúl maidir le cuid den deontas sin ón Chiste Réigiúnach. An féidir leis an Aire a rá cad iad na tograí atá curtha aige os comhair an Rialtais agus tríd an Rialtas os comhair an CEE?

Tá súil agam go mbeidh an tAire ábalta a chur ina luí ar an Rialtas maidir leis na ceantair ó Dhún na nGall go Corcaigh, gur ceantair bhochta iad agus gur gá an chuid is mó den chiste réigiúnach a chaitheamh ins na ceantracha sin, pé acu Gaeltacht nó Galltacht iad. Is ceart mórchuid airgid ón chiste sin a chaitheamh sna Gaeltachtaí. Tá mé ag iarraidh a dhéanamh deimhin de go mbeidh pé airgead a bhéas ar fáil ón gciste sin mar breis ar an airgead atá anseo. Sé sin le rá má thagann deontaisí maithe ó CEE chun na Gaeltachta nó chun Gaeltarra Éireann agus má bhíonn £1 mhilliún nó £2 mhilliún ar fáil nach £23 mhilliún a bhéas anseo i n-áit £25 mhilliún. Ba mhaith liom béim a chur air sin. Tá gá leis an £25 mhilliún seo. Tá an t-airgead seo riachtanach agus má bhíonn airgead breise le fáil ní ceart an tsuim seo a laghdu de réir an deontais a bheas ar fáil. B'fhéidir go ndéarfadh an tAire cad iad na tograí chuireadh chun cinn maidir leis an deontas sin. Sin é an rud is tábhachtaí sílim chun forbairt a dhéanamh ar thionscail in iarthar na hÉireann agus go mór mhór sna Gaeltachtaí.

Ba cheart go mbeadh bunstruictúirí nó "infrastructure" ar fáil. Ba cheart don Aire tríd an airgead seo na bunstruictúirí ar fad a chur ar siúl ach is gá dhó a chur ina luí ar na hAirí eile nach bhfuil ach méid áirithe maithis san airgead seo muna mbíonn na bunstruictúirí úd ann—mar atá, bóithre, tithe, seirbhísi uisce agus séireachais, telefóin, radio, telefís, aer-sheirbhís, seirbhís tráchta agus paisnéirí, seirbhísi báid agus mar sin de. Is gá iad sin a bheith ann chun go mbeadh "optimum" buntáiste le fáil ar an gcaiteachas airgid. Chun daoine, go mór-mhór turasóirí, a mhealladh isteach sa Ghaeltacht, is gá tithe ósta maithe agus is gá na seirbhísi go léir. Tá liosta anseo agus tuigeann an tAire cad tá i gceist agam.

Maidir le tithe ósta, thug an tAire freagra dhúinn le déanaí nach raibh ró-shásúil. Dúirt sé go raibh deontaisí ar fáil chun tithe ósta a thógaint agus os rud é go bhfuil tuilleadh airgid le caitheamh anseo cuirim an cheist anois air. An bhfuil nó nach bhfuil deontaisí le tithe ósta a thógáil san Ghaeltacht? Nuair a rinne mé mion-scrúdú agus mion-cheistiú ar an Aire dúirt sé go raibh agus níor thuig mé go ró mhaith cad a tháinig ina dhiaidh sin. De réir mar a thuigim féin thug Bord Fáilte Éireann le mórán blianta anuas go dtí a thrí nó a cheathar de bhlianta ó shin deontaisí do thithe ósta nua ar fud na tíre agus gur thug Gaeltarra Éireann deontaisí breise de bhreis ar na deontais sin. Anois níl deontas ar bith á thúirt ag Bord Fáilte Éireann do thithe ósta in áit ar bith. Dá bhrí sin, ní raibh an tAire fíor ar fad nuair adúirt sé go raibh deontaisí ar fáil. Ní thógfadh duine ar bith sa Ghaeltacht teach ósta nua—ní bheadh ciall leis gan deontas 40 faoin gcéad nó mar sin ó Bhord Fáilte agus deontas 20 faoin gcéad ó Roinn na Gaeltachta. Níl an 40 faoin gcéad ar fáil. Dá bhrí sin nach fíor a rá nach bhfuil aon deontaisí ar fáil anois do thithe ósta a thógáil sa Ghaeltacht?

Tá an rud céanna fíor mar gheall ar dheontaisí maidir le feabhas a chur ar fhéirmeacha agus mar sin de, deontaisí a bhí le fáil ag feirmeoirí beaga suas go dtí an chéad lá de Fheabra, 1974. Cuireadh na deontaisí sin go léir ar ceal agus anois muna feirmeoir atá cáilithe faoin "Farm Modernisation Scheme" an feirmeoir sin, níl deontas le fáil aige, mar nach bhfuil an "Disadvantaged Farm Area Scheme" ar siúl go fóill. Sin í an scéim a dheineann fóirthint ar 99 faoin gcéad d'fheirmeoirí sa Ghaeltacht. Anois, chomh fada agus is eol domsa, níl na deontaisí sin ón chéad lá d'Fheabhra, 1977, le fáil anois ag na feirmeoiri beaga. An féidir liom iarraidh ar an Aire cuid den airgead seo a chur ar fáil tré dheontaisí "interim" sealadacha go dtí pé am a thabharfaidh an Rialtas isteach an scéim fá choinne na bhfeirmeoirí sna ceantracha cúnga, go mór-mhór sa Ghaeltacht.

B'fhéidir go síleann a lán daoine ón mbolscaireacht atá ar siúl ag an Aire go bhfuil gach rud go deas sa Ghaeltacht. Ach tá feirmeoirí na Gaeltachta ó Dhún na nGall go Ciarraí, ó Chorcaí, go dtí an Rinn nach bhfuil ábalta deontaisí a fháil chun feabhsú a chur ar a gcuid feirmeacha. Níl an tAire ag déanamh bolscaireachta ar bith ag cruinnithe na Comh-aireachta. Tá sé bliain go leith ó cuireadh na deontaisí d'fheirmeoirí beaga ar ceal agus ní dhearna an tAire faic mar gheall air. Iarraim air anois sciar den airgead seo a chur ar fáil mar dheontas "temporary", más mian leis, do na feirmeoirí sin. Níl siad in ann £1,800 sa bhliain a ghnóthaint.

Iarraim ar an Aire anois go mbeadh sé mar príomh-aidhm aige sula dtéann an Dáil ar scoir scéim speisialta shealadach a thabhairt isteach chun cabhrú leis na feirmeoirí beaga agus leis na hiascairí atá ina bhfeirmeoirí beaga chun ola saor a thabhairt do na hiascairí. Tá costaisí árda orthu, costas na n-eangach, costas na mbád Tá gach rud a bhaineas leis an iascaireacht costasach anois ach níor tháinig aon árdú ar na deontaisí agus tháinig an-ardú ar chostas an ola. Ní féidir breith ar iasc gan an t-airgead a chaitheamh ar ola. Tá gach tír san CEE ag tabhairt deontaisí móra do na hiascairí chun ola a cheannach do na hinneallbháid agus tá suim an-bheag ar fad á thabhairt anseo. Dhiúltaigh an Rúnaí Parlaiminte don Aire Talmhaíochta anuraidh aon bhreis a chur air. Tá árdaithe tagtha ó shin.

Arís is gá córas iompair d'earraí agus ní luafaidh mé an fhadhb atá i dTír Chonaill faoi láthair agus i Gaeltacht Thír Chonaill faoi láthair—an deighilt idir Lough Swilly Railway agus CIE, Radio na Gaeltachta agus an telefís. Cuireadh Radio na Gaeltachta ar bun nuair a bhí Fianna Fáil i Rialtas. Ag taisteal dom thríd na Gaeltachtaí go léir ón Rinn go Tír Chonaill sílim féin gur sin an rud is tábhachtaí, ceann de na príomh rudaí tábhachta a rinneadh go dtí seo, mar anois tá radio dá gcuid féin acu ach tugaim fógra anseo. Tá an Rialtas tar éis polaiteoir a chur i bhfeighil mar stiúrthóir ar Radio na Gaeltachta, "lackey" de chuid an Rialtais, "lackey" de cuid an Aire Poist agus Telegrafa.

(Cur isteach.)

Sin é fírinne an scéil agus ní bheidh úsáid dhá bhaint as Radio na Gaeltachta chun fóirthint ar an Ghaeltacht ach chun fóirthint agus bolscaireacht a dhéanamh don Aire agus don Rialtas lena mbaineann sé.

Tá eagla ort.

Níl eagla ar bith orainn. Táimid ag gearán. Sea.

Tá eagla ort.

Ag tabhairt "jobs do na boys" agus ceann de na "boys" a bhí i bhfeighil an GIB, tá sé anois curtha siar go dtí an Ghaeltacht mar stiúrthóir ar Radio na Gaeltachta.

(Cur isteach.)

Ní maith an rud é sin don radio ná don Ghaeltacht agus déarfaidh mé é seo.

Suí anois.

Suífidh mé nuair atá mé críochnaithe. Tá a choras bolscaireachta féin ag an Aire agus ag an Rialtas agus tá siad ag déanamh úsáid de go deimhin. Suífidh mé nuair a bhéas a bhfuil le rá agam ráite.

Sé an cúram a chuireadh ar Ghaeltarra Éireann caomhnú agus leathnú a dhéanamh ar an nGaeilge. Ní ceart dearmad a déanamh ar sin riamh. Sin é an fáth, nuair a bhí Pádraig Faulkner i bhfeighil na Gaeltachta gur chuir sé réamh-mhonarchana ar siúl——

Cén áit? Cén ceantar?

I nGaoth Dóbhair. Chuala an Rúnaí Parlaiminte faoi Dhaingean Uí Chúise agus Dún Chaoin. Is tábhachtach an rud na monarchana seo a chur ar siúl. Chuir Gaeltarra Éireann faoin Rialtas a bhí ann cheana féin "industrial estate" ar siúl i nGaoth Dóbhair agus cuireadh brainse de AnCO ar siúl fosta. Anois tá an dá rud tábhachtach. Tá sé tábhachtach monarchana a chur ar siúl sna Gaeltachtaí chun breis oibre a thabhairt do dhaoine óga ag fás suas sa Ghaeltacht agus do dhaoine a bhí ag teacht abhaile agus atá go fóill ag teacht abhaile chun obair a thabairt dóibh ansin.

Na bainisteoirí, na fó-bhainisteoirí agus na teicneoirí eile a bhéas agus atá i bhfeighil na monarchana sin is gá Gaeilge a bheith acu nó deis a bheith acu chun Gaeilge a fhoghlaim. Tá súil agam leis an airgead a bhéas ar fáil go dtig leis an Aire agus go mbeidh ar chumas Gaeltarra Éireann an t-airgead seo a chur i n-áirithe chun daoine óga —agus tá saoroideachas anois sna Gaeltachtaí ar fad, tá coláistí agus scoileanna teicniciúla, scoileanna réigiúnacha, agus pobal-scoileanna ar fáil acu—ón Ghaeltacht a thraenáil i gcóir na bpostanna sin. Sé an dóigh is éasca agus is fearr ná daltaí óna scoileanna seo a chur go dtí AnCO. Chuir Rialtas Fhianna Fáil brainse d'AnCO ar siúl i nGaoth Dóbhair agus ba cheart é leathnú go dtí na Gaeltachtaí eile chun teicneoirí a thraenáil i ngach grád suas go dtí grád an bhainisteora i ngach monarcha faoi Ghaeltarra Éireann.

Ar an gcuma sin ní amháin go ndéanfar leas eacnamaíochta na Gaeltachta a fheabhsú ach leanfar leis an rud atá breactha síos in Acht na bliana 1957, go mbeidh leathnú, feabhsú agus caomhnú á ndéanamh ar son na Gaeilge.

Níl mé chun tabhairt faoin Aire. Is iomaí píosa bolscaireachta agus ráiteas a rinne sé le bliain anuas. Bheadh sé an-deacair d'aon duine coinneáil suas leis na rudaí a d'oscail sé agus na rudaí a rinne sé.

Tá eagla ort.

Ba cheart dó gan creidiúint a ghlacadh as monarcha nó aon scéim eile a bhí socraithe agus réiteach déanta futhu agus an t-airgead curtha ar fáil dóibh ag an Rialtas a chuaigh amach. Tá baol ann go bhfuil sé ina dhearca aige. Tá na "releases" chomh minic sin, bíonn sé ag foscailt scéime anseo agus scéime ansúd agus rudaí mar sin agus is deacair iad go léir a choinneáil le chéile. Ceist agam air faoin ráiteas is déanaí ó Sheirbhís Eolas an Rialtais, sin an GIB. Sin an fear anois atá agam féin. Is féidir leat féin an ordóg a chur air. Tá cupla Aire sa Rialtas: coimeád do shúil orthu, mar an fear a chuir é seo amach tá sé anois mar stiúrthóir ar Radio na Gaeltachta. Táthar ag súil go gcuirfidh na tionscail sin postanna ar fáil do 1,000 daoine ach iad a bheith faoi lánseol. Cén uair a bhéas siad faoi lánseol? Tá tionscail díobh seo i gCill Cártha i gContae Thír Chonaill. Cén sórt tionscail é sin?

Your home town.

Sea, tá a fhios agam go bhfuil tionscal bréidín ansin cheana féin, go bhfuil leathnú déanta air sin leis na blianta anuas. Ach seo tionscal nua. An féidir leis an Aire a rá cén tionscal nua é seo i gCill Cártha atá fógraithe ag Seirbhís Eolas an Rialtais?

(Cur isteach.)

Tá comhlacht cláraithe do chomh-thionscal teicstíleach.

Níor chuala mé aon rud——

Cuirfidh sé fostaíocht ar fáil ach é a bheith faoi lánseol do 87 fir agus 60 mná. Is tionscal an-mhór é.

Cad a dheineann sé? What does it make?

Tionscal teicstíleach—Textiles.

Sin é an rud a bhí ar siúl go dtí seo?

Ní hea. Tá an mhonarcha á tógáil ar feadh——

(Cur isteach.)

I am surprised Deputy Cunningham does not know about this industry in his own town.

Sin a bhfuil le rá agam. Béimid ag plé an Bhille ar Chéim an Choiste anois mar is dócha go bhfuil mo chuid ama caite?

Tá an t-am go léir caite.

Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh na Céimeanna eile a thógáil inniu.
Agreed to take remaining Stages today.