An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1975: Céim an Choiste agus na Céimeanna Deiridh. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1975: Committee and Final Stages.

ALT 1.
SECTION 1.

Tairgim leasú a 1:

I leathanach 5, líne 16, na focail "gan deontaisí ón Chiste Réigiúnach den CEE a chur san áireamh" a chur isteach i ndiaidh "suimeanna".

I move amendment No. 1:

In page 4, line 16, after "such sums" to insert ", not including grants from the Regional Fund of the EEC.

Sé an rud atá sa Bhille in Alt 1, An Tábla, 26 (1), ná "chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire"—sé sin, Aire na Gaeltachta—"pé suimeanna (nach mó san iomlán ná fiche is cúig mhilliún punt) a iarrfas an Bord d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis". Is mian liom a chinntiú tríd an leasú seo nach mbeidh tincéaráil ar bith leis an chiste réigiúnach.

Is oth liom a rá nach féidir liom glacadh leis an leasú seo ar chor ar bith. Mar a mhínigh mé i mo ráiteas tosaigh ní bhaineann an Bille seo leis na deontais a thugann Gaeltarra do thionscail. Ag an bpointe seo is iad na deontais sin——

Cad dúirt an tAire? Ní bhaineann an Bille le céard é?

Ní bhaineann an Bille leis na deontaisí a thugann Gaeltarra Éireann do thionscail.

Sin é an rud a bhfuil an rud uilig faoi.

Beidh seans ag Teachtaí eile labhairt ar ball.

Tá mé ag iarraidh míniú ar an rud atá á rá ag an Aire. Deir sé nach mbaineann sé——

Tá an tAire ag caint, agus is féidir le Teachtaí eile labhairt ina dhiaidh sin.

Is caiteachas caipitil atá i gceist san mBille seo. Tá leasú agam chun é a ardú ó £10 milliún go £25 mhilliún.

Dá bhrí sin, níl aon bhrí leis an leasú atá curtha isteach ag an Teachta Cunningham, ach mar sin féin rinne sé tagairt fhada don chiste réigiúnach agus é ag labhairt ar an Dara Céim, agus cé nach bhfuil aon bhaint ag an gciste réigiúnach leis an mBille seo ar chor ar bith, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin chiste réigiúnach. D'fhreagair mé ceisteanna ón Teachta cúpla mí ó shin, sílim i mí Aibreáin nó i mí Bhealtaine. Chuir sé ceist ormsa maidir leis an gciste réigiúnach agus d'iarr sé orm an mbeadh tograí Gaeltachta san áireamh. Mhínigh mé an scéal go soiléir an t-am sin. Is ceist don Rialtas é an ciste réigiúnach ach, mar adúras ar an ócáid sin agus is féidir é a dheimhniú anois, tá tograí Gaeltachta san áireamh maidir leis an chiste réigiúnach.

Ag caint faoin leasú seo, bhuail an Teachta Cunningham mórthimpeall na tíre ar fad, chuaigh sé mórthimpeall na Ghaeltachta agus bhí an ciste réigiúnach i gceist aige. Bhí sé ag caint mar gheall ar an "Farm Modernisation Scheme", ar rudaí eile nach bhfuil aon bhaint acu leis an mBille atá os ár gcomhair. Mar a deir an seanfhocal: "Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear". Sí aidhm an Bhille ná caiteachas caipitil a árdú.

Baineann sé seo leis an leasú.

Sea. Agus táim ag caint ar an leasú. Measaim féin nach bhfuil an leasú i gceart.

Séard atá le rá againne ná go mba cheart cibé caiteachas atá i gceist maidir leis an nGaeltacht go dtógfaí as an lár-chiste é agus nach mbeadh aon bhaint ag an gciste atá bunaithe ag an CEE le caiteachas sa nGhaeltacht. Sin é atá i gceist againn san leasú seo. Sílim go bhfuil ciall leis sin agus go mbeadh níos mó airgead le fáil sna ceantair cúil agus sna Gaeltachtaí dá nglacfaí leis seo agus níl a fhios agam cén fáth nach nglacann an tAire agus na daoine ar an taobh eile den Teach leis an leasú seo. Má tá siad dáiríre faoí bhreis airgid a chaitheamh sna Gaeltachtaí agus sna ceantracha cúil, seo bealach amháin le breis airgid a fháil do na ceantair sin agus níl a fhios agam cén chaoi a dtig leis an Aire cur ina aghaidh.

Níl a fhios agam an dtuigeann an tAire i gceart caidé atá i gceist anseo. Ar an gcéad dul síos, tá airgead á chur ar fáil nó ba cheart go mbeadh airgead á chur ar fáil ón Lár-Chiste do thograí sa nGhaeltacht. Chomh maith leis sin, tá súil agam nuair a bheidh an coiste réigiúnach ag obair i gceart san CEE go mbeidh airgead ag teacht as sin fosta fá choinne tograí sa Ghaeltacht. An rud atá de dhith orainn anseo ná nach gcuirfidh an Rialtas airgead a bhéas ag teacht ón gciste réigiúnach sa mhéid atá á chur ar fáil anseo. Caithfidh muidne a bheith cúramach ar an taobh seo den Teach mar is eol do gach duine anseo go ndearna an tAire Airgeadais an t-airgead a bhí ag teacht ón gciste réigiúnach a chur isteach mar chaiteachas reatha. Níl sé de dhith orainne go mbeidh an tAire nó an Rialtas ag rá indiaidh tamaill go bhfuil méid áirithe airgid á chur ar fáil agus ansin má thagann airgead ón gciste régiúnach nach a thuilleadh a bheidh ansin ach an méid céanna.

Níl a fhios agam an dtuigeann an tAire caidé atá i gceist. Tá súil agam go dtuigeann sé anois gurab é an rud atá muidne ag iarraidh a shocrú ná nach mbeidh san £25 mhilliún ach airgead ón Lár-Chiste agus airgead ar bith a thagann isteach ón gcoiste réigiúnach go gcuirfí sin leis an méid seo agus nach mbeidh an Rialtas ag rá ins an deireadh gur £25 mhilliún ar fad atá á chur ar fáil. Sílim go bhfuil sé tábhachtach, agus mar adúirt mé, ní dóigh liom go gcuirfeadh an Teachta Cunningham an leasú seo síos ar chor ar bith ach gurab é an taithí atá againn ar an rud cheana féin, agus b'éigean don Aire Airgeadais athrú a dhéanamh sa mhéid a bhí sé ag braith a dhéanamh agus sa deireadh rinne sé díreach an rud a bhí a dhith orainne. Sa dóigh céanna ba cheart go mbeadh muidne cinnte sul a rachaidh an Bille seo tríd an Dáil gur mar sin a bhéas sé agus airgead ar bith a thiocfas as an gcoiste réigiúnach gur airgead sa bhreis a bheidh ann.

Dúirt an tAire gur deontas a bhí i gceist san chiste réigiúnach agus gur caipitil a bhí i gceist anseo. Sea. Deontas atá i gceist ó CEE go dtí an Rialtas anseo, ach níl bac ar bith ar an Rialtas anseo an deontas sin a úsáid i gcóir oibreacha caipitil. Sin mar atá an scéal. Is deontas ó CEE atá i gceist ach ní gá gur deontas é ón Rialtas ná ó Ghaeltarra Éireann chun monarchana a chur ar siúl, obair chaipitil ná scéim ar bith eile. Is féidir an deontas ó CEE a roint sa tír seo agus a usáid ar fhorbairt caipitil, ach caithfidh muid a chinntiú nach mbeidh aon chuid den £25 mhilliún sa cheist ansin, agus má fhághann an Rialtas £2 mhilliún ná má fhághann an tAire Airgeadais £2 mhilliún fá choinne forbairt sa Ghaeltacht, nach laghdóidh sé an tsuim airgid atá anseo de £2 mhilliún thar a chionn sin. Má thugann an tAire an gealltanas sin tarraingeoidh mé siar an leasú.

Ba mhaith liom é seo a mhíniú níos fearr ná mar a míníodh cheana féin é. Dúirt an tAire go mbeidh airgead ag teacht chugainn ón gciste réigiúnach ach de réir mar is eol domsa beidh an cineál céanna oibre á dhéanamh leis an airgead sin agus atá agus a bheidh ar siúl leis an airgead seo atá faoina bhráid faoi láthair. An t-airgead a thiocfas ón gciste réigiúnach, beidh sé á chaitheamh ar áiteacha a dhéanamh réidh do thionscail. Níl a fhios agam an bhfuil cead an t-airgead a chaitheamh ar thionscail féin, ach cibé ar bith é, beidh sé ann fá choinne uisce agus séarachais, bóithre agus telefón, leictreachais, agus mar sin de, a chur ar fáil.

Cuir i gcás nach raibh an t-airgead sin ag teacht ar chor ar bith, bheadh an cineál céanna oibre ar siúl ag an Aire leis an £25 mhilliún atá á chur ar fáil anseo inniu, agus sé an rud atá de dhith orainne nuair a chuirtear an t-airgead seo ar fáil ón chiste réigiúnach ná go mbeidh sé mar farasbarr ar an méid atá á chur ar fáil anseo, sé sin, nach mbeidh an tAire ag rá ag an am: "Tá mé ag cur an airgid atá ar fáil agam ón CEE isteach anseo, agus mar adúirt mé tá cosúlacht idir an cineál caiteachais a bheidh ann don dá rud." Ba mhaith linn a bheith cinnte gur airgead sa bhreis a bhéas san airgead a thiocfas ón chiste réigiúnach agus nach mbainfidh sé leis an £25 mhilliún.

Mar adúras cheana, ní thuigimse cén fáth go bhfuil an leasú seo curtha síos ag an Teachta Cunningham. Mar sin féin rinne cúpla Teachta tagairt arís don chiste réigiúnach agus do phointi áirithe. Is féidir liomsa a rá go dtig leis a bheith cinnte nach laghdófar an caiteachas faoin mBille seo de bharr airgead ón gciste réigiúnach.

Nach dtuigeann an Aire go mbeidh níos mó airgid le áil má ghlactar leis an leasú seo? Beidh níos mó airgid le fáil le caitheamh sna Gaeltachtaí má ghlactar leis in leasú de réir an rud atá curtha síos againn. Ach de réir an rud atá ar súil ag an Aire beidh sé in ann an t-airgead seo a úsáid ar mhaithe leis an Ghaeltacht gan cur leis an méid atá le fáil as an gCiste-Lár. Sílim gur ceart dó glacadh leis an leasú seo. Beidh breis airgid le fáil sna Gaeltachtaí má ghlacann an tAire leis an rud atá i gceist againn.

An bhfuiltear chun dul ar aghaidh leis an leasú? Dúirt an Teachta Cunningham go bhfuiltear. An bhfuil an leasú os comhair an Tí anois.

Mar focail scoir, ní ceart ciste réigiúnach a phlé ar an mBille seo ar chor ar bith. Is ceist don Rialtas í, ceist an chiste réigiúnaí. Mar adubhras tig leis na Teachtaí a bheith cinnte nach laghdófar an t-airgead atá anseo.

Glacaim an méid adúirt an t-Aire agus beidh muid ag coinneáil súil ghéar ar an rud, go speisialta nuair a bhéas Údarás na Gaeltachta ar fáil. B'fhéidir go dtabharfar an rud seo. Táim ag tarraingt an leasaithe siar i dtreo go mbeidh díospóireacht ar choda eile den Bhille.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Amendment, by leave, withdrawn.
Cuireadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt a 1 ina chuid den Bhille."
Question proposed: "That section 1 stand part of the Bill."

Ba mhaith liom freagra d'fháil ón Aire ar chuid de na ceisteanna a chuir mé air i rith na díospóireachta. Tá siad fóirstineach d'alt a 1 adeir:

"Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht Um Thionscail na Gaeltachta, 1957..."

Tá cúpla ruda im cheann féin agus b'fhéidir nach bhfuilim ar aon aigne leis an Aire mar gheall orthu ach mar sin féin, is mian liom iad a phlé sa Teach seo. Tá a lán Teachtaí anseo a bhfuil spéis acu sna Gaeltachtaí. Is é an rud atá ag cur isteach orm ná na tithe ósta ar a raibh an Teachta Cunningham ag caint. Measaim féin nuair atá ostán tógtha sna Gaeltachtaí, is cuma cén áit, i dTír Chonaill, i nGaillimh, i gCiarraí, i bPort Láirge nó i gCorcaí agus nuair atá daoine ag obair sna hóstáin sin ba cheart muintir na Gaeltachta a bheith ag obair iontu. Táimid mí-shásta go bhfuil óstáin ann faoi láthair agus na daoine atá ag obair iontu ní ó na Gaeltachtaí iad in aon chor. Tá mé á rá go poiblí leis an Aire gur ceart féachaint isteach sa scéal sin. Tá a fhios agam go raibh sé scríofa isteach sa "guarantee" nó cad é an focal ceart air, go mba cheart daoine óna ndúthaigh féin a bheith ag obair sna hóstáin.

Rud eile, níl mé ró-shástá i dtaobh na gcoláistí samhraidh. Measaim féin go mba cheart do Ghaeltarra Éireann nó d'Údarás na Gaeltachta nó do Bhord na Gaeilge na coláistí sin a choinneáil faoina gcúram féin. Léigh mé sa pháipéar an bhliain seo caite gur dhein comharchumann amháin sa tír seo breis agus £32,000 as na coláistí Gaeilge agus fuair comharchumann eile atá sa Ghaeltacht breis agus £9,000 as na coláistí sin. Ní ceart é sin. Ba cheart don airgead sin dul isteach go dtí na mná tí nó na páistí. Níl a fhios cad iad na smaointí atá ag Teachtaí an Fhreasúra ar an gceist sin ach measaim féin aon chomharchumann atá ábalta breis agus £32,000 a dhéanamh as na coláistí Gaeilge, tá rud éigin mí-cheart leis an scéim sin. Ní ceart é. Sé mo thuairim—agus tá seo á rá agam go poiblí—go mba cheart fiosrúchán a dhéanamh faoi cá bhfuil an t-airgead seo ag dul. Ba cheart an t-airgead a thabhairt do na mná tí nó do na páistí chun iad a thabhairt timpeall na Gaeltachta agus na háiteanna speisialta a theaspáint dóibh. Sin é an rud atá ag cur isteach orm go mór. Deirim anois go poiblí leis an Aire, go mba cheart fiosrú a dhéanamh maidir leis an airgead sin. Ní raibh an Teach seo sásta riamh an oiread sin "profit" a thabhairt d'aon comharchumann, is cuma sa diabhal cá bhfuil sé, i gCiarraí, i nGaillimh nó i nDún na nGall, go bhfuil siad ábalta an méid sin airgid a dhéanamh as na coláistí Gaeilge.

Sé an tríú rud atá ag cur isteach orm ná an t-údarás áitiúil. Bhí an Teachta Cunningham ag caint ar feadh tamaill maith air. Ní bheidh mé ach cúpla nóiméad eile mar tá a fhios agam go bhfuil a lán Teachtaí eile ar mhaith leo cúpla focal a rá. Rud mór é an t-údarás áitiúil. Tá mise ag dul mór-thimpeall na Gaeltachta agus níl aon duine sna Gaeltachtaí ag lorg an údaráis áitiúla, aon duine ar labhair mé leis. B'fhéidir go bhfuil an tAire ag casadh le daoine áirithe a bhfuil sé á lorg acu ach níor chas mise le aon duine nó aon bhean tí sa Ghaeltacht atá á lorg.

Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaint ag an mBille seo le coláistí samhraidh agus mná tí cé go raibh an méid a bhí le rá ag an Teachta an-shuimiúil. Is dócha go bhfaighidh sé a lán aontú on taobh seo den Teach leis an méid atá ráite aige. Ba chóir don Aire níos mó aire a thabhairt don mhéid atá raite ag an Teachta Begley. Is caiteachas caipitil is mó atá i gceist sa Bhille seo, é a ardú ó £10 milliún go £25 milliún. Thug an tAire sórt eolais dúinn faoin áit ina bhfuil an t-airgead seo le caitheamh. Ba mhaith liom féin roint ceisteanna a chur ar an Aire faoi na háiteanna ina bhfuil Gaeltarra Éireann ag caitheamh na ndeontaisí seo agus an chaoi ina bhfuil sé caite go dtí seo agus an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu é a chaitheamh amach anseo.

Ar leathanach a 3 dá ráiteas deireann an tAire go bhfuil dhá short tionscail i gceist, comhthionscail agus miontionscail. Tá suim faoi leith agam sna comhthionscail seo mar deirtear ar leathanach a 3 go bhfuil deich gcinn curtha ar fáil i gContae na Gaillimhe agus i bhfreagra sa Dáil le gairid dúirt sé an rud céanna agus dúirt sé go raibh seacht gcomhthionscail ar ceadaíodh cúnamh breise dóibh. Tá siad seo luaite arís inniu aige agus is dócha go bhfuil sé ag cur in iúl don Dáil go bhfuil an t-airgead breise atá sé á lorg ón Dáil anocht le bheith ar fáil don tsórt tionscail seo.

Tá a lán bolscaireachta déanta ag an Aire faoin méid adeireann sé atá déanta aige. Ba mhaith liom é a cheistiú faoi sin. Ar dtús, deireann sé go bhfuil deich gcomhthionscail nua i gContae na Gaillimhe agus seacht gcomhthionscail ar ceadaíodh cúnamh breise dóibh. Ba mhaith liom ar dtús dá mbreathnódh muid ar na deich gcinn seo. Deirtear go bhfuil trí cinn acu nach bhfuil tosaithe. Thug an tAire an t-eolas sin dúinn roint seachtain ó shin sa Dáil. Má tá trí cinn acu nach bhfuil tosaithe fós fágann sé sin seacht gcinn. Tá sa Spidéal, adeireann sé, monarcha bréagáin; ar an gCeathrú Rua, óstán; i Ros a' Mhíl, factory próiseáil éisc agus deireann sé aer-sheirbhís. Is dócha gurab é Aer Árainn atá i gceist ansin.

Nach bhfuil sé fíor go raibh ceithre cinn de na monarchana sin ar siúl sul ar tháinig an tAire mar Aire ar chor ar bith, i Mí Márta, 1973 agus tá a fhios ag an Dáil agus tá a fhios ag na Teachtaí ó na ceantracha Gaeltachta go raibh factory bréagáin sa Spidéal i bhfad roimh 1973; go raibh an t-óstán ar an gCeathrú Rua tosnaithe sa bhliain 1968 nó 1969. Dúirt an tAire féin é sin an tseachtain seo caite. Cén fáth go bhfuil sé ag iarraidh cur i gcéill dúinn anois gurab é seo ceann de na deich monarchana nó comhthionscail nua atá curtha ar fáil aige féin? Maidir leis an factory próiseáil éisc i Ros a' Mhíl, tá sé sin ann le fada. Bhí mé ann lá d'oscail an Teachta Colley é nuair a bhí sé ina Aire na Gaeltachta. Bhí mé ar an gCeathrú Rua an lá ar oscail sé an t-óstán ann agus bhí an factory sa Spidéal oscailte tá mé ag ceapadh sul má tháinig mé isteach sa Dáil seo mé féin níos mó ná deich mbliana ó shin. Agus Aer Árainn bhí mé ann le Mícheál Kitt, go ndéanfaidh Dia trócaire ar a anam, an lá d'oscail sé an aer-sheirbhís in Árainn. Tá an tAire ag iarraidh bolscaireachta a dhéanamh gurab é féin a chuir na rudaí seo ar siúl agus ní hé. Níor chóir dó eolas míchruinn nó mícheart a thabhairt don Dáil.

(Cur isteach.)

As an deich gcomhthionscail deireann sé go bhfuil trí cinn nach bhfuil tosaithe. Fágann sin seacht gcinn. As an seacht gcinn bhí ceithre cinn tosaithe sul ar tháinig an tAire. Fágann sé sin trí comhthionscail. As an trí cinn sin deirtear go bhfuil tionscail oisrí le tosnú go luath i gCarna ach nach bhfuil sé tosnaithe fós. Tá a fhios ag muintir Charna agus ag an dream atá i mbun an ruda seo gurab é Deputy Haughey a chuir an t-airgead ar fáil nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais le haghaidh an taighde a bhí tábhachtach agus a bhí riachtanach sul a bhféadfaí dul ar aghaidh leis an tionscal sin. Ní raibh aon bhaint ag an Aire leis an tosnú agus leis an taighde a rinneadh chun an job sin a dhéanamh.

Chomh maith leis sin, deirtear maidir leis na trí cinn atá fágtha go bhfuil textile ar an gCeathrú Rua. Is dócha gurab é seo an comhlucht, Na Beanna Beola. Más ea osclaíodh an tionscal seo i mBéal an Daingin roint blianta sul ar tháinig an tAire isteach i Roinn na Gaeltachta ar chor ar bith. Níl ach an t-aon cheann fágtha, sé sin, sna Forbacha, ríomhaireacht. Sin é an tríú ceann. Tig leis an Aire a fhiafraigh cén bhliain ar ceadaíodh é sin. Is dócha gur ceann nua é. Níl ansin ach ceann amháin as an deich gcinn a luaigh an tAire sa bhfreagra agus atá luaite ag an Aire arís inniu sa Dáil. Tá ceann eile ann ar ceann nua é. Tig leis a bheith bródúil as é a mhealladh, sé sin, an ceann in Inis Mór. Sé sin an t-aon cheann, déarfainn, nó b'fhéidir go bhfuil dhá cheann ann, mar atá, an ríomhaireacht agus an seodra. Sin dhá cheann as an deich a luaigh an tAire.

Ansin na seacht gcinn ar ceadaíodh cúnamh breise dóibh bhí ceithre cinn ar siúl sul ar tháinig an tAire in oifig ar chor ar bith. Bhí factory cairpéidí i gCloch na Rón ar siúl roimh 1973 agus tithe réimh-dhéanta bhí sé sin ar siúl ar an gCeathrú Rua agus bhí an mhonarcha tíleacha marmair ar siúl sa gCnoc sul a raibh fhios ag an Aire cá raibh an Cnoc. Tá sé ann le blianta agus deirtear arís ansin, ar an dara leathanach faoi na cinn seo ar ceadaíodh cúnamh breise dóibh, Ros a' Mhíl próiseáil éisc arís. B'fhéidir go mbeadh an tAire in ann a chur in iúl domsa an bhfuil dhá comhthionscail i Ros a' Mhíl ag próiseáil éisc. Cheap mé féin gurab é an t-aon tionscal amháin a bhí ann ach go raibh dhá shuíomh acu agus go rabhadar ag cur suíomh nua nó breis foirgneamh ar siúl ar shuíomh nua don tionscal céanna ach tá sé luaite dhá uair ag an Aire. Sin ceithre cinn ar aon nós a bhí ar siúl. Bhí an próiseáil éisc ar siúl i Ros a' Mhíl. Bhí Tíleacha Marmair Teoranta ann. Bhí na tithe réamh-dhéanta á dtógáil agus bhí an factory seo i Cloch na Rón. Tá mé beagnach cinnte. Tig leis an Aire féin é seo a dhearbhú nuair a bhéas sé ag túirt freagra. Tá mé cinnte go raibh tosnú éigin ansin. Tá sé taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl sé sa Ghaeltacht ar chor ar bith. Ach ar aon nós, fuair sé deontas i gconaí ó Roinn na Gaeltachta maidir leis an sean-tionscal a bhí ann ag Gaeltarra Éireann. Fágann sé sin as na seacht gcinn sin trí chomhthionscail agus astu sin luaitear An Spidéal Textile. Is dócha gurab é sin Monmara agus ceann in Indreabhán, innealltóireacht. Is dócha gurab é sin Hydro Marine. Bhí chuile réiteach déanta le haghaidh an dá thionscal sin roimh an toghchán sa mbliain, 1973. Bhí an ráiteas curtha amach ag Aire na Gaeltachta Deputy Colley futhu. Tá iarracht ann, tá mise ag ceapadh, dal-ladh-mhullóg a chur ar dhuine éigin ag iarraidh maíomh a dhéanamh astu siúd ós rud é go raibh chuile rud réitithe sul ar tháinig an tAire, An Teachta O'Donnell, san oifig ar chor ar bith.

Tá an príomh-cheann ansin. Luaitear an Ceathrú Rua, earraí plaisteacha. Níl mé cinnte faoin gceann sin. Bhí tionscal plaisteach ar siúl ar an gCeathrú Rua. Tá mé ag ceapadh go bhfuil athrú éigin ann. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé sa factory céanna. Tig leis an Aire bheith ag maíomh as sin más mian leis é ach cé mhéid daoine atá ag obair ann? As an deich gcomhthionscail nua a luaigh an tAire níl ach dhá cheann a réitigh an tAire é féin, ríomhaireacht ins na Forbacha, seodra in Inis Mór agus as na seacht gcinn ar ceadaíodh cúnamh breise níl ach ceann amháin a réitigh an tAire as an nua, An Cheathrú Rua, earraí plaisteacha. As na seacht gcomhthionscail déag atá luaite ag an Aire san ráiteas a thug sé don Dáil anocht níl ach trí cinn a réitigh sé féin. Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire a mhíniú go cruinn, beacht don Dáil cad é an scéal ceart. An bhfuil an fhírinne agamsa nó an bhfuil an fhírinne ag an Aire? Seo é an áit chun é a rá. De réir mar a fheicimse níl san méid atá déanta ag an Aire ach breis airgid a thúirt do thionscal a bhí bunaithe agus a bhí ar siúl sul a bhí sé sa Roinn ar chor ar bith.

Mar focal scoir ba mhaith liom an cheist deiridh a chur ar an Aire. Cad é an scéim a bhí aige chun Éireannaigh a mhealladh abhaile as Sasana an Samhradh seo? Deirtear liomsa go raibh réiteach déanta ag muintir Bhéal an Daingean, Tír an Fhia agus timpeall Litir Mhór agus Litir Mealláin chun glacadh leis na daoine sin an Samhradh seo ach go bhfuil siad ag fanacht fós orthu.

Ba mhaith liomsa ceist a chur ar an Aire. Cén chaoi a dtárlaíonn sé nach bhfuil ach dhá thionscal á bhfáil ag Contae Mhaigh Eo? Tuige go bhfaghaimid cuid Pháidín den mheáchan i gcónaí? Nílimid ag fáil aon tionscail. Chomh maith leis sin, tá na Gaeltachtaí atá againn scaipthe. Gaeltachtaí beaga iad agus tá siad scaipthe thart ar fud an Chontae in áiteacha ar nós Ceathrú Thaidhg, Cill Chaisil agus Acaill féin agus cé go bhfuil Gaeltachtaí atá níos lua ná Gaeltachtaí Chontae Mhaigh Eo ag fáil tionscail, tá sinne i ndeire na bpolasaí i gcónaí. Cén míniú atá ar an scéal? An é nach bhfuil tionsclaithe sásta dul isteach go Contae Mhaigh Eo nó an é an locht atá ann nach bhfuil Gaeltarra ag brú ar thionsclaithe teacht go Contae Mhaigh Eo nó an é an scéal atá againn maidir le Radio na Gaeltachta nach bhfuil aon stáisiún le fáil againn rud ba chóir dúinn a fháil? Tá muid go siorraí fágtha chun deiridh agus caithfidh go bhfuil míniú ar an scéal agus nuair a bhéas an tAire ag tabhairt freagra ba mhaith liom go mbeadh sé in ann míniú a thabhairt dom ar céard atá contráilte.

Luaigh sé iascaireacht anseo agus tionscail na h-iascaireachta agus is deacair a chreidiúint go bhfuil an tAire i ndáiríre nuair a fheicimid an rud atá déanta aige féin agus ag Roinn na Gaeltachta maidir le deontaisí do bháid iascaigh. Ní féidir le duine ón nGaeltacht thar £4,000 a fháil anois mar sciar den airgead a dtig leis a fháil mar dheontas má tá sé ag ceannach báid úir. Roimhe seo bhí cead aige 80 faoin gcéad den airgead a bheadh le cur síos aige ar luach an bháid le fáil aige agus an té a bhéas ag fáil báid a chosnóidh £600,000 i láthair na huaire níl le fáil aige ach £4,000. Cé go bhfuil an tAire ag caint faoin iascaireacht agus an suim atá aige san iascaireacht tá constaicí á dtabhairt isteach aige atá ag cur bac ar iascairí nuair atá siad ag iarraidh báid úra a cheannach. Ba mhaith liom go mbeadh an tAire in ann míniú a thabhairt ar na rudaí sin.

Is fíor a rá go bhfuil saothar mór déanta ag an Aire. I gcúrsaí tionscail is mó atá rian na hoibre sin le feiscint. Anois, ó táimid i gComhphobal na hEorpa is mór ná riamh an dualgas atá orainn a thaispeáint don saol mór go bhfuil ár gcultúr agus ár traidisiún agus ár dteanga féin againn agus go ndéanfaimid ár ndícheall iad a choinneáil. Mar sin ba mhaith liom fáilte a chur roimh an mBille seo.

I should like to say a few words on this Bill because, not having a Gaeltacht in my constituency, I can look dispassionately at the entire problem. Since my election to the Presidency of the Commission for Regional Policy and Transport, I had an opportunity of studying like problems throughout the community in depth and I must say that the Minister has set quite a considerable example not only for this country but for many under-developed regions throughout the community. Since he took office he has quadrupled the amount of money available and I think that this has given Muintir na Gaeltachta new hope and it is quite evident that they have responded to his leadership. I should like to support the Minister very sincerely. I hope that greater emphasis will be placed on the provision of infrastructures in the Gaeltacht and in the under-developed areas. I wish his programme every success in the years ahead. I think the success he has achieved in bringing new life to the Gaeltacht areas is significant and one would certainly like to see him entrusted with the administration of the regional policy of this country and of our regional fund. He has set a headline in our country that many of our European colleagues are looking to. When my commission visited this country both north and south last year they were impressed not only by the work of Roinn na Gaeltachta but by the excellent programmes that the regional development organisations had embarked upon and had put in operation.

Therefore, it is most important that a big proportion of the funds that the House is now going to allocate to the Gaeltacht in this Gaeltacht Industries (Amendment) Bill should be used to provide adequate infrastructures. Many Gaeltacht areas, particularly in the west, are remote and transport is a problem. I want to compliment the Minister on the obvious impetus he has given to the people who are endeavouring to provide and who have provided air connections for the country. The development of small air fields and landing strips will bring new hope to people who were forgotten by the Opposition. I see some of my European colleagues grinning contentedly there but when they were in office they conveniently forgot the people of the west and even the lip service was quite small.

I want to compliment the Minister on bringing this Bill before the House. It must surely bring new hope to the people of the west. He has given them leadership and it is nice to see that they have responded fully to that leadership. I wish his efforts continued success.

Fáiltím roimh an mBille atá ós comhair na Dála tráthnóna mar dhuine de mhuintir na Gaeltachta a thuigeann an gá atá le airgead le forbairt a dhéanamh ar thionsclaíocht sa nGaeltacht. Ach cáinim an modh a chuir Aire na Gaeltachta an Bille seo os comhair na Dála ag túirt dhá uair an chlog dúinn as am na Dála ar fad. Taispeánann sé a laghad measa atá ag an Taoiseach, ag Aire na Gaeltacht agus ag na hAirí Stáit ar an nGaeltacht, ar an nGaeilge agus ar mhuintir na Gaeltachta.

Sibhse atá ciontach. Lc dhá mhí anuas rinne sibh praiseach d'obair na Dála.

(Cur isteach.)

Is cuma faoi láthair cé tá ciontach. Ar mhiste libh éisteacht leis an gcainteoir atá in ord anois?

Ó tháinig mise isteach sa Teach seo feicim Aire na Gaeltachta ag imirt polaitíochta leis an nGaeltacht. Níl deireadh seachtaine nach mbíonn sé ag spaisteoireacht dhó féin, ó thuaidh, ó dheas agus thiar. Ach ní fhanann sé sáthach fada in aon Ghaeltacht le teangmháil a dhéanamh le muintir na Gaeltachta. Nach le poiblíocht agus le creidiúint a fháil dhó féin a bhíonn sé ag bogaidí thart? Deir an seanfhocal linn: "An té bhíonn siúlach bíonn sé scéalach" ach ní hamhlaidh sin don Aire. Mar adeirtear i mBéarla "a rolling stone gathers no moss". Is cinnte gurab é fearacht na gcosa ag an Aire é.

Tá sé leagtha síos go bunreachtúil go bhfuil sé mar dhualgas ar Roinn na Gaeltachta agus ar Ghaeltarra Éireann an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a neartú tré obair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Fáiltaíonn muid roimh airgead breise a chur ar fáil do Ghaeltarra Éireann le déanamh cinnte dhe go gcuirfear monarchana agus obair ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Ach is léir nach bhfuil ach trí cinn de na monarchana seo atá á bhfógairt ag Aire na Gaeltachta curtha ar fáil agus réitithe amach aige féin.

Is deacair diúltú d'aon rud a chuireann postanna ar fáil sa nGaeltacht ach ó am go ham bheadh imní orainn go mbhféidir go ndéanfadh cuid de na tionscail a tugtar isteach dochar don teanga. I gcásanna den tsort sin tá cúram speisialta ar Ghaeltarra Éireann agus ar Roinn na Gaeltachta a bheith san áirdeall maidir le staid na teangan i dtionscail dá leithéid agus mor-thimpeall na comharsanachta. Le go rachaidh tionscalaíocht chun cinn sa nGaeltacht, ní mór na gnéithe a bhfuil baint dhíreach acu léi a bheith ann chomh maith, cuir i gcás, córas iompair, córas leitreachais agus córas gutháin. San airgead seo atá beartaithe ag an Aire chun cabhrú le monarchana agus le tionscail sa nGaeltacht, an bhfuil breis airgead curtha ar fáil aige sa £25 milliún seo le córas iompair nó córas leithreachais nó córas gutháin ceart a chur ar fáil i dtreo go mbeidh fonn ar thionscaileoiri teacht isteach sa nGaeltacht? Mar muna bhfuil ná bíodh sé ag súil go bhfaighidh sé aon chúnamh óna chomrádaithe sa Rialtas.

Tá deireadh curtha ag an Aire Iompair agus Cumhachta leis an scéim a thug Fianna Fáil isteach le leitreachas níos saoire a chur ar fáil do dhaoine in áiteacha iargúlta. Níl an tAire Poist agus Telegrafa sásta an coras gutháin a fheabhsú le freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus in áit ísliú agus cothromaíocht a dhéanamh ar phraghasanna teastail do dhaoine agus d'earraí is amhlaidh gur ardaigh an tAire Iompair agus Cumhachta an luach. Nuair atá na trí rudaí ar a mbraitheann tionscalaíocht agus feabhas tionscalaíochta agus forbairt tionscalaíochta sa nGaeltacht in easnamh an féidir bheith ag súil go mbeidh an tAire in ann tionscal a mhealladh isteach? Iarraim ar an Aire aith-bhreithniú a dhéanamh ar a pholasaí tionscalaíochta i leith na Gaeltachta má tá polasaí á thúirt aige. Ní féidir a bheith ag snámh in aghaidh na taoide.

(Cur isteach.)

Tá múiseam ag teacht ar mhuintir na Gaeltachta leis an Aire. Cuirimse ceist air. An gcaithfear an breis airgid seo a chuireas an Bille ar fáil do Ghaeltarra Éireann le breis monarcha agus tionscailaíocht sa nGaeltacht, ar na fó-rudaí, mar shampla, iompar, cumhacht agus coras gutháin? An mbeidh cuid den airgead seo a dháileadh ar Údarás na Gaeltachta nó, nuair a thabharfas an tAire Bille Údarás na Gaeltachta isteach, an mbeidh Bille eile airgid á thabhairt isteach aige freisin nó an mbeidh Údarás na Gaeltachta neamh-spleách ar Ghaeltarra Éireann? An cheist dheireadh, cé mhéid den bhreis airgid seo, den £25 mhilliún seo, atá á chur ar fáil ag an Aire do Ghaeltarra Éireann, do na monarchana atá dúnta ó tháinig sé in oifig nó atá ar tí dhúnadh de bharr fadhbanna eachnamúla?

Anseo deir an tAire:

Ní féidir smaoineamh ar acmhainní na farraige na laethanta seo gan ola agus gas a lua.

An é seo le rá go bhfuil an tAire ag briseadh isteach ar gas agus ola nó an bholscaireacht dó féin é? An mbeidh cúpla bord ag deighleáil le gas agus ola? An mbeidh gas Gaeltachta ann agus gas don chuid eile den tír ar fad. Cén fá nach——

(Cur isteach.)

Nuair a bhéas an gas faoi lánseol, mar adeir an tAire an mbeidh Bord na Gaeltachta ag deighleáil leis agus ar phlé an bord a bhéas faoi stiuriú ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála an scéal? An bhfuil aon duine ar bith anois ó Ghaeltarra Éireann ar an mbord atá curtha suas go dtí seo? Tá bord ad hoc ag deighleáil le gas agus ola. An bhfuil aon duine ó Roinn na Gaeltachta air sin? An bhfuil aon duine ó Ghaeltarra Éireann air? Muna bhfuil nach leor é sin gan bolscaireacht mar seo a dhéanamh? Cén fáth go bhfuil an tAire ag dul go dtí na “gasworks” in Albain. Nach féidir duine éigin ón Roinn Tionscail agus Tráchtála a chur go dti na “gasworks”? Ach bolscaireacht don tAire é. Sin comhartha nach bhfuil sé fíor. Rinne sé turas go dtí an Ghearmáin, go dti an Iodáil an bhliain seo caite agus dúirt sé go raibh toradh fiúntach ar an dturas sin. Cad é an toradh atá i gceist?

Is mian liom comhgháirdeachas a dhéanamh leis an Aire as ucht an dul chun cinn atá déanta aige ar mhaithe leis an Ghaeltacht. Cé go raibh deacrachtaí an domhain ag brú orainn, mar sin féin rinne Gaeltarra obair an-mhaith chun fostaíocht a mhéadu. Aon duine a thugann cuairt ar an Ghaeltacht, chífidh sé an obair. Cífidh sé rian na hoibre ó Dhún na nGall go Corcaigh. Bille an-thábhachtach atá le plé anocht. Cruthaíonn sé gur féidir forbairt tionscalaíochta a chruthú sna ceantair Ghaeltachta, cabhrú leis an Ghaeilge, cabhrú le muintir na Gaeltachta.

Tá suim an-mhór ag an Aire in athbheochaint na Gaeilge, go mórmhór in athbheochaint na Gaeilge i mbaile beag in aice liom féin, i mBaile Mhic Óda. Tá an ceantar beag seo in iarthar Corcaigh agus tá súil againn go léir go n-aithneoidh an Rialtas é mar cheantar Ghaeltachta sul i bhfad. Sé an rud speisialta atá ag baint leis na Gaeitachtaí go léir go bhfuil na daoine ina gcónaí ina ndúthaigh féin laistigh den Ghaeltacht. Tá obair á fáil acu. Tá na scoileanna Gaeltachta acu. Tá an tAifreann fiú amháin as Gaeilge agus tá spiorad na Gaeltachta i ngach áit. Tá sin an-thábhachtach faoi láthair nuair atá an CEE againn. Tá gá leis na monarchana seo faoi láthair nuair nach bhfuil obair le fáil ag daoine in áiteanna agus nuair atá a lán daoine óga ann. Is mian liom Aire na Gaeltachta a mholadh mar gheall ar an obair íontach atá á déanamh aige.

Níl an tAire ná an Comhrialtas ag caitheamh £25 mhilliún ar an Ghaeltacht i mbliana. Níl ach £2 mhilliún ag teastáil uathu i mbliana. De réir an Bhille seo tá £25 mhilliún luaite ach níl ach £2 milliún ag teastáil. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire anois. Cé mhéid den £2 mhilliún sin atá ag teastáil i gcomhair árachais sláinte, costais taistil agus pá? Nuair a bhaintear an méid sin den £2 mhilliún agus fé mar adúirt Teachtaí eile an méid atá ag teastáil uait chun díol as na monarchana atá dúnta beidh an fhírinne le fáil ag an Dáil seo. Níl ins an méid seo ach bolscaireacht. Níl sibhse ag caitheamh £25 mhilliún. Níl ach £2 mhilliún ag teastáil uaibh. Sin an méid—£2 mhilliún.

Sin adeireann an tAire féin.

Ceist agam oraibh: cé mhéid de sin atá ag teastáil mar árachas sláinte, costas taistil agus pá?

Níl mórán am fágtha agam chun freagra iomlán a thabhairt ar gach Teachta ach, mar sin féin, ba mhaith liom freagra a thúirt dóibh ar na ceisteanna a chuireadh orm. Ar an gcéad dul síos, ó mo thaobhsa de mar Aire na Gaeltachta sé an cruthúnas nó an t-aitheantas gurab é polasaí an Rialtais maidir leis an nGaeltacht ná méadú na fostaíochta. Seasaim air sin—méadú na fostaíochta. Dá bhrí sin, dúras i mo ráiteas gur tháinig méadú timpeall 80 faoin gcéad laistigh de dhá bhliain i líon na dtionscal idir comhthionscail agus mion-tionscail a raibh cúnamh ceadaithe ag Gaeltarra Éireann dóibh —méadú 80 faoin gcéad i líon na dtionscal i dhá bhliain go leith.

(Cur isteach.)

Acting Chairman

Níl suim ag an gCathaoir i gcruthúnas ná i rud ar bith ach ord sa Teach seo agus murar mhiste libh éistigí leis an té atá ag caint faoi láthair.

(Cur isteach.)

Sé an cruthúnas atá ann ná fostaíocht. Tá méadú 80 faoin gcéad ar líon na dtionscal. Chomh maith leis sin, tá méadú 41 faoin gcéad ar líon na ndaoine atá ag obair i dtionscail ar fud na Gaeltachta. Thárla sé sin i dhá bhliain. Nuair a bhéas na tionscail nua tosnaithe i ndeireadh na bliana seo measaim agus roimh mhí Aibreán seo chugainn, sé sin, ag deireadh trí bhliain an Rialtais seo beidh níos mó tionscal bunaithe ar fud na Gaeltachta ná mar a bhunaigh Fianna Fáil ó 1954 go 1971. Tá sé sin cruthaithe chomh maith mar thug an Taoiseach freagra anseo sa Dáil an tseachtain seo caite. Dúirt sé gur thuit an daonradh sa Ghaeltacht beagnach 20 faoin gcéad ó 1956 go dtí 1971. Tá ag éirí go han-mhaith le Gaeltarra ar aon chruthúnas nó ar aon aitheantas. Tá daoine ag obair. Tá méadú mór ag teacht. Tá tionscail nua dá mbunú againn ar fud na Gacltachta agus tá ard-mholadh tuillte ag Gaeltarra Éireann. Bhí cruinniú mór ag Gaeltarra Éireann inniu agus fuair mé glaoch gutháin ón mbainisteoir ginearálta agus cuireadh i n-iúil dom go bhfuil trí no ceithre tionscail nua ceadaithe acu inniu chomh maith.

Do luaigh an Teachta Gallagher Contae Mhaigh Eo. Nuair a bhí mise ag tabhairt cuairt ar na Gaeltachtaí éagsúla bhí an scéal go dona ar fad i gContae Mhaigh Eo. Tá dhá thionscail nua an-mhaithe i mBéal a'Ghoire, ceann amháin brainse de chomlucht i gCaisleán an Bharraigh. Tá ceann eile, brainse de comhlucht Éireannaigh anseo i mBaile Átha Cliath. Tá ag eirí go han-mhaith leo. Tá tionscail nua talmhaíochta bunaithe i mBéal a'Ghoire chomh maith ina bhfuil Gaeltarra Éireann páirteach le Comhar Iorrais. Dhá bhliain ó shin ní raibh faic ar bith ann.

Níl an tAire ag éisteacht.

Amaideacht.

Why do you not change him to Industry and Commerce?

Tell us the one about the three bears.

Tá comharchumann bríomhar ann anois. Tá aonad dathuithe ann. Tá cúpla tionscal ann agus tá ag eirí go han-mhaith leo. Tháinig toscaireacht ó Acaill agus chomh maith leis sin tá tionscail nua le bunú i Coill an tSiáin.

Acting Chairman

Toisc go bhfuil tréimhse uair an chloig caite ón am ar thosaigh Céim an Choiste tá an cheist á cur agam de réir ordú na Dála den 9ú lá d'Iúil.

Sin é an guillotine a chuir an Rúnaí Párlaiminte i bhfeidhm.

Acting Chairman

Toisc uair an chloig a bheith caite, táim de réir ordú na Dála den 9 Iúil ag cur na ceiste: go n-aontaítear an Bille agus go tuairiscítear é don Teach agus go gcríochnaítear an Ceathrú Céim leis seo agus go ndéantar leis seo an Bille a rith.

As the period of an hour has expired since the commencement of Committee Stage, I am in accordance with the order of the Dáil of the 9th July putting the question: "That the Bill is hereby agreed to and is reported to the House and Fourth Stage is hereby completed and the Bill is hereby passed.

Ar dul thríd don Bhille an féidir liom cúpla focal a rá?

Acting Chairman

De réir mar a thuigim, tá gach a bhfuil le rá ráite.

Sin an guillotine arís.

Acting Chairman

Is Bille deimhnithe Airgid an Bille seo de réir Alt a 22 den Bhunreacht.

This Bill is certified a Money Bill in accordance with Article 22 of the Constitution.