Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Jul 1975

Vol. 283 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Stampaí Phoist

3. D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa an bhfuil aon chúis ealaíne leis an síneadh fada a bheith fágtha ar lár ó ainm na tíre seo ar stampaí poist na tíre.

Fágadh an síniú fada ar lár chomh fada siar le 1952 agus do mhínigh an t-Aire Poist agus Telegrafa ag an am gur coimheá ealaíona ba chúis leis nuair a d'fhreagair sé Dáil Cheist ar an 11ú Nollaig, 1952. D'fhreagras fhéin ceist ar an ábhar céanna ar an 27ú Márta, 1974.

An bhfuil aon tuairim ag an Aire faoi seo? An bhfuil sé ag braith a chuid tuairimí féin nó ar rud atá déanta ag daoine eile?

Braitheann sé ar an gceist agus tá a dtuairim féin acu. I ngach cás speisialta braitheann sé ar an bpictiúr atá ann agus ní ceist an-thabhachtach é.

Barr
Roinn