Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Feb 1976

Vol. 287 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Tithíochta.

28. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta an deontas tithíochta sa Ghaeltacht a ardú ó £800 go £1,600.

29. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta iasachtaí chun tithe a fheabhsú a ardú ó £800 go £2,000.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna a 28 agus a 29 le chéile.

Faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) bíonn iasacht, nach mó ná méid an deontais, le fáil chun teach cónaithe a thógáil nó a fheabhsú nó a mhéadú do chuairteoirí. Ardaíodh na deontais agus na hiasachtaí cúpla bliain ó shin agus níl i gceist iad a mhéadú arís ag an bpointe seo.

Nuair a chuirtear méadú beagnach 100 faoin gcéad ar chostaisí tógála san áireamh ins na trí bliana atá caite ó cuireadh na deontaisí seo anáirde, sé sin, Eanáir, 1973, cén chaoi ar féidir an cás a dhéanamh gan deontas a ardú anois chun cabhrú leo siúd sa Ghaeltacht a dteastaíonn uathu tithe a thógáil dóibh féin?

Tuigim gurab é atá i gceist ag an Aire agus ag an Rialtas srian éigin a choinneáil ar chostaisí Stáit ar fad. Ach cuirfidh mé imní an Teachta in iúl don Aire.

An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte cé mhéid airgid a chaitear sa bhliain faoin teideal seo faoi Roinn na Gaeltachta?

Ní chuireann sé isteach ar chostas nó caiteachas iomlán an Rialtais. Níl ann ach suim an-bheag ar fad.

Sin an rua.

Sí an cheist a theastaíonn uaim a chur ar an Rúnaí Parlaiminte ná ceist faoi pholasaí an Rialtais seo i leith na Gaeltachta——

Sin ceist eile.

——agus ó thaobh na tithíochta dhe. An é polasaí an Rialtais anois go mba chóir do mhuintir na Gaeltachta——

Sin ceist eile.

Gabh mo leithscéal a Cheann Comhairle — iarratas a chur isteach chuig na comhairlí contae chun an teach a thógáil dóibh nó an bhfuil an sean-pholasaí a bhí ann faoi Fhianna Fáil cabhair a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógáil dóibh féin?

Níl an cheist sin rófhada amach ó cheantar na ceiste a chuir an Teachta síos agus níl a thuilleadh eolais agam faoin gceist seo i láthair na huaire ach cuirfidh mé in iúl don Aire gur chuir an Teachta an cheist breise sin.

Níl an freagra sásúil agus ba mhaith liom a chur in iúl don Rúnaí Parlaiminte go dteastaíonn uaim an rud seo a phlé.

Bhí sé ar chuid de na nuachtáin go raibh Aire na Gaeltachta as láthair, go raibh sé ar an MórRoinn, go raibh sé sa Bhruiséal agus b'fhéidir nach mbeadh an Teachta sásta le cibé freagraí a gheobhfadh sé uaimse nó ó Rúnaí Parlaiminte nó ó Aire ar bith eile agus go mbeadh sé sásta a chuid ceisteanna a chur siar go dtí go mbeadh an tAire ar ais ach ní dhearna sé sin. Tá brón orm nach bhfuil mé in ann a thuilleadh eolais a thabhairt.

Ní raibh a fhios agam go dtí gur léigh an Rúnaí Parlaiminte amach é cén freagra a bhí le tabhairt aige. Cheap mé go mb'fhéidir go mbeadh sé in ann scéala a thabhairt dúinn go raibh sé sásta na deontais seo a ardú. Os rud é nach raibh, an mbeadh an Rúnaí Parlaiminte sásta dá gcuirfimis an cheist ar athló go dtí an tseachtain seo chugainn nuair a bheadh an tAire anseo.

B'fhéidir gurb fhiú é sin a dhéanamh ó thaobh an Teachta féin.

Barr
Roinn