Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Feb 1976

Vol. 287 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice i dTír Chonaill.

30. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é mar atá an scéal faoi láthair faoin aerstráice atá geallta aige do Chumann Forbartha Chloich Cheann Fhaola i dTír Chonaill.

Tuigeann an tAire ó Chaeltarra Éireann go bhfuil ceist an láithreáin d'aerstráice á plé acu fós.

An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte gurab é seo an dara láthair don aerstráice atá á phlé ag an Aire le trí bliana anuas agus gur gheall sé go mbeadh aerstráice ar fáil i dTír Chonaill i bhfad roimhe seo agus gheall a lán aerstráicí eile ins na Gaeltachtaí ach níl siad ar fáil go fóill? An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte go bhfuil leithscéal i ndiaidh leithscéil á úsáid ag an Aire chun é seo a chur ar an mhéir fhada?

Níl a fhios sin agam. Sé an t-eolas atá agam faoin gceist ná go bhfuil an cheist á h-iniúchadh ag Gaeltarra Éireann.

Barr
Roinn