Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Feb 1976

Vol. 287 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceadú Deontas.

31. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth nach bhfuil a thuilleadh deontas á gceadú do mheaisíní le haghaidh tochailte chun láithreáin a réiteach nó chun talamh a mhíntíriú agus a dhraenáil.

Tuigeann an tAire ó Ghaeltarra Éireann gurb amhlaidh nach bhfuiltear sásta iarratais ar dheontais den saghas sin a bhreithniú go dtí gur léir go mbeidh scóip don innealra breise.

Go dtí go mbeidh?

Ní déanfar aon bhreithniú ar cheist an iarratais go dtí go mbeidh sé soiléir go mbeidh scóip ann don innealra breise. Chun é a dhéanamh níos simplí dó——

Focal Béarla.

Sin é díreach é.

An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte go raibh na deontaisí seo ar fáil agus go bhfuil an deontas tarraingte siar agus go raibh daoine ag lorg na ndeontaisí seo sa Ghaeltacht? Séard adeir an Roinn nach dtugtar deontaisí dá leithéid i gcás go mbeadh faitíos ann go mbainfí obair ó dhuine eile a bheadh ag obair cheana féin le h-innealra den tsaghas sin. Bhí na deontaisí ar fáil go dtí cúpla mí ó shin. An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte go raibh na deontaisí seo ar fáil go dtí tamall ó shin?

An é atá á rá ag an Teachta go bhfuil an scéim seo á dúnadh síos?

Curtha ar ceal.

Níl a fhios sin agam.

Tá a lán scéimeanna a bhí ar fáil sa Ghaeltacht curtha ar ceal faoin Aire atá ann faoi láthair. Seo ceann amháin acu.

Ní ceist í sin.

Barr
Roinn