Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Feb 1976

Vol. 288 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foreign Goods Purchases.

30.

andMr. Molloy asked the Minister for the Gaeltacht the total value of foreign manufactured goods purchased in 1975 through Irish agents by his Department and any State-sponsored bodies under his control, excluding goods not manufactured in Ireland.

Faoi mar a cuireadh in iúl don Dáil thar mo cheann ar an 4 Feabhra, ní cheannaíonn mo Roinn earraí nach ndéantar in Éirinn má bhíonn earraí oiriúnacha de dhéantús na hÉireann ar fáil agus tuigim gur mar an gcéanna atá an scéal ag na comhlachtaí Stát-urraithe atá faoina scáth. Baineann sé sin le hearraí a ceannaítear go díreach nó trí gníomhairí.

An bhfuil an tAire ag rá nár ceannaíodh aon earraí taobh amuigh den tir?

Ní raibh an Teachta ag éisteacht leis an bhfreagra. Léifidh mé é arís. Dúras nach gceannaíonn mo Roinnse ná na comhlachtaí Stáit faoi mo Roinnse aon earraí nach ndéantar in Éirinn má bhíonn earraí oiriúnacha de dhéantús na hÉireann ar fáil.

Barr
Roinn