Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 Feb 1976

Vol. 288 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Airgead Roinn na Gaeltachta.

27. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth nár caitheadh breis agus £300,000 den airgead a bhí ar fáil ag Roinn na Gaeltachta don bhliain 1973-74.

Foilsíodh an Cuntas Leithreasa don bhliain 1973-74 breis agus ocht mí ó shin agus tugadh míniú ann ar chúiseanna na difríochta idir an caiteachas agus an deontas. Is gnó don Choiste um Chuntais Phoiblí an cuntas sin a scrúdú—rud a rinne siad.

Nuair a tharlaíonn, tar éis airgead a chur ar fáil bliain amháin d'oibreacha áirithe, nach mbíonn sé le caitheamh orthu go dtí an bhliain ina dhiaidh sin is gá an t-airgead a shábháil. Is mar sin a tharla i gcás muiroibreacha Ros an Mhíl sa bhliain 1973-74: bhí soláthar mór dóibh ach níor caitheadh ach £13,000 rud a d'fhág ga raibh £270,000 ag teastáil lena chaitheamh orthu sa tréimhse airgeadais naoi mí díreach ina dhiaidh sin.

Dála an scéil, tá an Cuntas Leithreasa do na naoi mí go deireadh 1974 foilsithe le mí anuas agus léiríonn sé nach raibh ach cúpla míle punt fágtha as £3.9 mhilliún a cuireadh ar fáil do Roinn na Gaeltachta sa tréimhse sin.

Barr
Roinn