Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 22 Jun 1976

Vol. 291 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Margaíocht Éisc.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an eol dó go bhfuil margaíocht éisc d'iascairí an Daingin i mbaol ó thárla obair Chomharchumann Iascairí an Daingin bheith curtha ar ceal; agus an inseoidh sé cén fáth nach raibh Gaeltarra Éireann sásta deontais a thabhairt dóibh le leanúint ar aghaidh ag cuidiú le hiasc-airí an cheantair.

Ach eagar ceart a bheith curtha ag iascairí an Daingin ar a gcúrsaí féin bheifí lánsásta teacht i gcabhair orthu ionas go mbeadh áiseanna ar fáil dóibh a chuideodh leo ó thaobh na margaíochta.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil iascairí agus baill chomharchumann an Daingin á dhearbhú nach raibh chothram na féinne á fháil acu ó Ghaeltarra Éireann agus go raibh siad ar bhonn níos fábharaí le daoine príobháideacha agus le comhlachtaá príobháideacha agus an dtig leis a insint cén fáth nach bhfuair iascairí agus chomharchumann an Daingin chothram na féinne ó Ghaeltarra Éireann más fíor an scéal nach bhfuair?

Ba mhaith liom a rá agus a dhearbhú go soiléir nach fíor an scéal sin ar chor ar bith. Táim sásta ó ceapadh mar Aire mé go bhfuil iarracht déanta ag Roinn na Gaeltachta agus ag Gaeltarra Éireann chun cuidiú le h-iascairí an Daingin. Chomh fada siar leis an 20ú lá de mhí na Nollag, 1973, thairg mise mar Aire na Gaeltachta deontas ó mo Roinnse, deontas 70 faoin gcéad, chun foirgneamh nua agus gléasra áirithe a chur ar fáil don comharchumann. Fuarthas litir ón gcomharchumann á rá go rabhardar sásta leis an deontas sin. Iarradh orthu ansan plean agus meastachán chostais a chur chuig mo Roinnse ach go dtí an lá seo ní bhfuartas an plean ná an costas sin. Chomh maith le sin tá baint ag Gaeltarra Éireann le cúpla monarcha próiseála éisc sa cheantar agus dá mbeadh eagar ceart ar na h-iascairí bheadh Gaeltarra Éireann sásta cabhrú leo ionas go mbeadh teacht acu ar áiseanna cuí. Tuigim ón Kerryman a léigh mé tar éis lóin go bhfuil dul chun chinn déanta chun eagras nua a chur ar fáil.

Má bhí deontais á dtúirt do chomhlachtaí príobháideacha agus do dhaoine príobháideacha le hobair a chur chun cinn ansin, nach n-aontódh an tAire go raibh sé sin ag obair go díreach in aghaidh na gcomharchumann agus na n-iascairí?

Mar a dúras, sí an fhadbh sa Daingean ó thaobh forbairt na h-iascaireachta i gCuan an Daingin go bhfuil géar-ghá le heagras ceart aontaithe, comharchumann nó comhlacht de shaghas éigin. Bhí comhráití ar siúl idir chomharchumann iascairí an Daingin agus Gaeltarra Éireann le déanaí ach tuigim ó Ghaeltarra Éireann nach bhfuair siad iarratas nó plean ón gcomharchumann sin.

Barr
Roinn