Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 23 Jun 1976

Vol. 291 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais do Scoláirí Árainn.

19. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an mbeidh sé sásta deontas £15 sa tseachtain a chur ar fáil do scoláirí as Inis Meáin atá ag freastal ar Chéardscoil Chill Ronáin, Árainn, Contae na Gaillimhe.

Níl aon tsocrú ann faoina mbéadh sé ar mo chumas deontas £15 sa tseachtain a chur ar fáil do scoláirí céardscoile. Tá scéim ann, áfach, faoi na gceadaítear do choistí gairmoideachais scoiláireachtaí, gur féidir a luach a bheith comh hard le £265 sa bhliain i gcásanna áirithe, bhronnadh ar dhaltaí atá ag freastal ar chéardscoil agus go bhfuil a dtithe cónaithe suite ar oileáin nó in áit-eanna iargúlta lasmuigh de réim na seirbhísí iompair go dtí scoileanna lae. Tá riaradh na scéime faoi na coistí gairmoideachais, agus i gcás scoláirí as Inis Meáin is é Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe an t-eagras riaracháin.

An bhfuil sé ceart go ndúirt an tAire nach raibh sé sásta aon ardú a dhéanamh ar an méid airgid atá ar fáil chun cúnamh a thúirt do na scoláirí seo freastal ar Chéardscoil Chill Rónáin?

(Cur isteach.)

An bhfuil sé ar eolas ag an Aire go bhfuil costas an-mhór ar na tuismitheoirí agus go bhfuil deacracht acu na páistí a chur chuig Inis Mór agus iad a chur ar lóistín ar Inis Mór ar an suim bheag airgid atá ar fáil? Tá gá an-ghéar le hardú agus ní bheidh na scoláirí sásta dul ar ais sa bhFómhair go dtí an scoil ar Chill Rónáin muna n-ardaítear an méid airgid.

Ceist ghairid, a Theachta.

B'fhéidir nach bhfuil an t-eolas ag an Teachta ach tá méadú tagtha anois ar an scéim do na coistí gairmoideachais agus beidh sé ann ón mbliain seo chugainn, ó Mheán Fómhair.

Luaigh an tAire scoláireachtaí. Cé mhéid de na scoláireachtaí atá ann?

Níl an t-eolas sin anseo.

(Cur isteach.)

Cé mhéid sa tseachtain is fiú an chabhair atá ar fáil?

Bhuel, má roinneann an Teachta an méid seachtain atá ann gheobhaidh sé an freagra.

Cheithre phunt sa tseachtain.

Bhuel, £265 roinnte ar 52.

An bhfuil an tAire sásta gur leor £4 sa tseachtain mar dheontas-i-gcabhair do na scoláirí sin chun fanacht sna tithe ar Chill Rónáin?

Tá a fhios agam go bhfuil méadú de chéad faoin gcéad tagtha ó dheireadh na bliana 1972 go dtí tosach na bliana seo chugainn.

Ní raibh na scoláirí seo ag freastal ar Chill Rónáin sa bhliain 1972. Bhíodar ag dul go Gaillimh.

Tá méadú tagtha ar an uas-theora ioncaim.

An cheist dheireanach. An bhfuil sé mar fhreagra ag an Aire nach bhfuil sé sásta níos mó ná £4 sa tseachtain a chur ar fáil do na scoláirí seo chun íoc as an lóistín sna tithe ar Chill Rónáin?

An freagra atá agamsa ná go bhfuil an t-ardú déanta agus tosnóidh sé i mí Mheán Fhómhair seo chugainn.

(Cur isteach.)

Táimid ag dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile anois.

Tá ardú ceadaithe ag an Aire sa bhFómhair seo chugainn. Cén ardú atá i gceist aige?

Tá ardú tagtha ar an scéim atá ann leis na blianta. Tá ardú ar an uas-theora ioncaim ó £1,000 go dtí £1,500.

An deontas féin? An scoláireacht féin?

Tá dhá chuid den liúntas ann—deontas amháin i leith cothabhála agus deontas eile i gcóir cabhair bhreise agus tá méadú tagtha ar an dá rud ó £70 go dtí £140 agus ó £65 go dtí £125.

(Cur isteach.)

Táimid ag dul ar aghaidh anois go dtí an chéad cheist eile.

Tá sé ar an leibhéal seo—£70 mar chabhair i leith cothabhála agus liúntas £65 mar chabhair bhreise i gcás daltaí atá ina ghá. Tá méadú ag teacht air sin ó thosach na bliana seo chugainn agus tá méadú tagtha ar an uas-theora leis i leith ioncaim.

An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil sé féin sásta gur leor £4 sa tseachtain chun íoc as lóistín ar Chill Rónáin?

Tá mé sásta go bhfuil an méid is féidir liom a dhéanamh déanta agam.

Ar aghaidh linn le ceist eile.

(Cur isteach.)

An raibh an tAire dáiríre nuair adúirt sé go mbeadh meán scoil ar fáil ar Chill Rónáin do dhaltaí as Inis Meáin?

Suí síos, a Theachta.

Níl aon tsuim ag an Aire sa cheist seo. Níl aon vótaí ann dó. Is dream beag iad agus is cuma leis.

Barr
Roinn