Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 21 Oct 1976

Vol. 293 No. 2

Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Aistriú Fóirne.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le foireann a Roinne a aistriú go dtí na Forbacha, Contae na Gaillimhe.

Tá pleananna á dtabhairt chun críche faoi láthair chun oifig nua don Roinn a thógáil sna Furbacha agus lorgófar tairiscint don obair go luath.

Cathain a d'fhógair an tAire an gníomh seo i dtús báire?

I mí Bealtaine, 1974.

I Mí Bealtaine, 1974, a d'fhógair an tAire é seo? An bhfuil an tAire á rá linn anois nach bhfuil aon rud déanta ó shin i leith? Cé mhéid airgid a chuireadh i Meastachán na bliana seo maidir leis an obair seo?

Tá an figiúir agamsa ach ní dóigh liom gur cóir é a lua go poiblí go dtí go mbeidh an conradh sínithe.

An bhfuil aon tuairim ag an Aire cathain a thosnófar ar an obair seo?

Mar a thuigimse an scéal faoi láthair, lorgófar tairiscintí don obair go luath, go dtosnófar ar obair na tógála go luath i 1977.

Dúirt an tAire liomsa dhá bhliain ó shin go dtabharfadh sé cuireadh dom teacht chuig oscailt na n-oifigí seo don bhliain ina dhiaidh. Tá an t-am caite.

Bhí deacrachtaí ann. Ar an gcéad dul síos, bhí deacrachtaí pleanála ann agus ba mhaith liom a mhíniú chomh maith go bhfuil ceanncheathrú nua do Ghaeltarra Éireann nó Údarás na Gaeltachta á dtógáil faoi látháir ar chostas £400,000 nó mar sin. Tá an obair tosnaithe ar an job sin. Bhí mise ag súil go dtosnófaí ag obair ar an dá fhoirgneamh le chéile. Níor thárla sé mar sin agus ós rud é go raibh an ceann oifig d'Údarás na Gaeltachta níos práinní thosnaíomar ar an obair sin cúpla mhí ó shin agus anois tá na pleananna beagnach réidh do Roinn na Gaeltachta chun conraitheoir a fháil.

Barr
Roinn