Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 21 Oct 1976

Vol. 293 No. 2

Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige Údarás na Gaeltachta a bhunú; agus, má tá, cathain.

12. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cathain a d'fhógair sé an chéaduair go raibh sé chun Údarás na Gaeltachta a bhunú; agus cén fáth arbh fhiú nó ar ghá é a fhógairt san am sin.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna a 11 agus a 12 le chéile. D'fhógair mé i mí Márta, 1974 go raibh socraithe Údarás na Gaeltachta a bhunú. Is amhlaidh a mheas mé gurbh fhiú an scéal a fhógairt a luaithe a d'aontaigh an Rialtas ionas go mbeadh deis ag pobal na Gaeltachta machnamh a dhéanamh air agus tuairimí a chur ar fáil. Tar éis dom na tuairimí agus na moltaí go léir a chur san áireamh tá súil agam go n-éireoidh liom údarás éifeachtach a bhunú a mbeidh fonn ar mhuintir na Gaeltachta comhoibriú leis.

Thóg sé tamall maith chun gach gné den scéal a bhreithniú agus is oth liom nach bhfuil an Bille atá ag teastáil chun Údarás na Gaeltachta a bhunú ar fáil don Dáil go fóill. Tabharfar os comhair na Dála é go h-an-luath.

Tá sé saghas éagórach agus náireach ardú meanmna mar seo a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. An bhfuilimid sásta gur féidir beart a dhéanamh de réir ár mbriathar, abair, taobh istigh de bhliain nó dhá bhliain?

Ó thaobh Údarás na Gaeltachta dhe, dáiríre agus go macánta tá mé sásta gur thógamar tamall chun an údarás a bhunú. Mar is eol don Teachta, bhí a lán díospoireachta poiblí ar siúl ar fud na Gaeltachta faoi Údarás na Gaeltachta. Ní raibh muintir na Gaeltachta aontaithe ar chor ar bith faoin Údarás. Dá bhri sin, bhí fonn ormsa foirmle a fháil a bheadh sásúil do mhuintir na Gaeltachta. Rinne mé staidéar cruinn ar an scéal. Do phlé mé leis na céadta daoine ar fud na Gaeltachta é agus tá súil agam go bhfuil Bille atá beagnach réidh agam anois a shásóidh muintir na Gaeltachta, ach go háirithe a chabhróidh chun forbairt agus leas mhuintir na Gaeltachta a chur chun cinn.

Ní féidir liom é sin a ghlacadh, mar anseo sa Dáil i mí Márta, 1974, d'fhógair an tAire an t-údarás agus chaith sé roint mhaith dá óráid ag míniú cad a bheadh ann. An bhféadfadh an t-Aire a rá liomsa an ndúirt muintir na Gaeltachta leis nach raibh siad sásta le h-Údarás na Gaeltachta de réir mar a bhí molta inGníomh don Ghaeltacht?

I mí na Márta den bhliain seo bhí díospoíreacht mhór ar súil ar an dteilifís agus ar an radio——

Ar athraigh an tAire an méid adúirt sé anseo?

Freagra simpli ar an gceist sin—aontaíonn cuid de mhuintir na Gaeltachta leis an saghas údaráis atá molta inGníomh don Ghaeltacht, agus ní aontaíonn an chuid eile. Tá mé ar lorg foirmle a shásóidh an chuid is mó de mhuintir na Gaeltachta.

Sílim go bhfuil an sionnach imithe fada go leor anois. Caithfear anois beart a dhéanamh de réir mar atá fógraithe anseo sa Dáil. Fuair an tAire cead agus treoir na Dála dul ar aghaidh le h-údarás de réir mar a léiríodh in a óráid ar an Meastachán——

Nach n-aontódh an Teachta liomsa go bhfuil sé níos fearr go ndéanfadh an Rialtas agus mé féin mar Aire agus pairtí Fhianna Fáil chomh maith, ár ndhícheall chun údarás a bhunú a bhéas sásúil do mhuintir na Gaeltachta? Sin í an phríomh-aidhm atá agamsa. Is cuma cad dúirt mé dhá bhliain ó shin. Tá níos mo eolais agam anois. Bímid ag foghlaim gach lá agus tá mise sásta éisteacht le muintir na Gaeltachta——

An bhfuil an tAire ag rá liomsa go mbeidh sé sásta anois nuair a thiocfas Údarás na Gaeltachta go mbeidh chuile dhuine sa Ghaeltacht sásta le chuile rud a bhéas ann?

Tá mé ag dul ar agaidh leis an chéad cheist eile.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá nach bhfuil mé chun mion-eolas a thabhairt faoin Bhille a bheidh os comhair na Dála i gceann tamaill. Nuair a thiochfaidh an Bille os ar gcomhair beidh deis ag an Teachta agus Teachtaí eile an cheist sin a phlé.

Is ceist í seo a bhaineann leis an Ghaeltacht, agus níl Teachta ar bith ón Ghaeltacht——

Bhí a lán ceisteanna againn.

Ba cheart go mbéinn in ann ceist amháin ar a laghad a chur.

An cheist dheireanach.

An bhfuil an tAire in ann insint dúinn anois go bhfuil sé le hÚdarás na Gaeltachta a bhunú agus an dtig leis dáta dearfa a thabhairt dúinn maidir le cén uair a bhunófar an t-údarás seo?

Mar freagra ar an gcéad cheist, bunófar Údarás na Gaeltachta, agus tá súil agam go mbeidh an t-údarás a bheidh le bunú sásúil do mhuintir na Gaeltachta agus, go háirithe, go gcabhróidh sé le leas mhuintir na Gaeltachta a chur chun cinn.

Cén uair a bhunófar é?

Barr
Roinn