Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 Nov 1976

Vol. 293 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

36. D'fhiafraigh

Mr. Kitt

d'Aire na Gaeltachta cén bhaint a bheidh ag na comhairlí contae sna Gaeltachtaí le Údarás na Gaeltachta.

Is nuair a thiocfaidh an Bill chun Údarás na Gaeltachta a bhunú os comhair na Dála a bheidh an ghné sin den scéal le plé.

An bhfuil aon tuairim ag an Aire mar gheall air seo?

Beidh an Bille os comhair na Dála roimh Nollaig agus ní cóir dom mion-eolas a thabhairt ag an bpointe seo.

Mr. Kitt

An mbeidh aon bhaint ag na comhairlí contae sna Gaeltachtaí le hÚdarás na Gaeltachta?

Ba mhaith liom a admháil ar an gcéad dul síos go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcomhairle contae go h-áirithe sna ceantair Ghaeltachta ó thaobh fhorbairt na Gaeltachta dhe agus is féidir bheith ag súil go mbeidh obair le déanamh ag na comhairlí contae sa Ghaeltachta tar éis bhunú Údarás na Gaeltachta. Ach ní cóir dom mion-eolas a thabhairt ag an bpointe seo go dtí go mbeidh an Bille os comhair na Dála.

Mr. Kitt

An raibh aon teangmháil ag an Aire leis na comhairlí contae? Cén fáth nach raibh aon teangmháil aige leo?

Ar feadh trí bhliain go leith bhí teangmháil leanúnach ag mo Roinnse, ag Gaeltarra Éireann agus agam féin leis na bainisteoirí contae agus le comhairleoirí áirithe contae. Tá an-bhaint go dtí seo ag na comhairlí contae le h-obair fhorbairt na Gaeltachta.

An féidir leis an Aire a rá an mbeidh aon teangmhail faoi leith ann as seo amach nó faoin mBille nua idir an tÚdarás agus an comhairle contae seachas an teangmháil atá acu cheana féin?

Níl sin i gceist——

An bhfuil aon ní sa Bhille ag an nóimhat seo ag baint leis an dteangmháil a bheidh ag comhairlí contae leis an údarás seo? An bhfuil aon ní sa Bhille mar atá sé os do chomhair ag an nóiméat seo?

Dúras cúpla nóimeat ó shin go mbeidh baint ag na comhairlí contae le h-obair fhorbairt na Gaeltachta agus, dá bhrí sin, beidh baint ag na comhairlí contae le h-obair Údarás na Gaeltachta nuair a bhunófar an tÚdarás.

Tá Bille os do chomhair ag an nóiméat, nach bhfuil?

Tá sé le teacht os comhair na Dála sar i bhfad.

Tá sé leatsa ag an nóiméat mar gheall ar chomhairlí contae?

Pléifear an gné sin den sceál sa Dáil nuair a bheidh an Bille os comhair na Dála.

Ach ag an nóiméat seo tá an Bille agatsa? An bhfuil aon ní sa Bhille sin maidir le comhairlí contae?

Beidh tagairt do na comhairlí contae, cinnte, mar is obair an-thábhachtach í.

Cén tagairt?

Nílimse chun é sin a rá go dtí go mbeidh an Bille os comhair na Dála.

Caithfimid bualadh ar aghaidh anois. Sin deireadh le Tráth na gCeist inniu.

An bhfuil aon Bhille ann in aon chor?

Beidh an Bill ag teacht os comhair na Dála roimh Nollaig.

The remaining questions will appear on tomorrow's Order Paper.

Barr
Roinn