Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 25 Nov 1976

Vol. 294 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Múinteoir Corpoiliúna.

22. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cén dáta a tháinig iarratas chuige ó Choláiste Mhuire, Baile Átha Cliath maidir le comharba don mhúinteoir corpoiliúna a cheapadh; agus cathain a tugadh an cead atá i gceist.

Le litir de 28 Bealtaine, 1976, d'iarr an coláiste ar an Roinn go ligfí dóibh múinteoir chorpoiliúna a cheapadh ar fhoireann incriminteach an choláiste mar chomharba ar mhúinteoir dá leithéid a d'éirigh as post i mí Eanáir, 1976.

Ní raibh an Roinn i riocht an t-iarratas a cheadú toisc go raibh an cuóta iomlán mhúinteoirí sáraithe ag an gcoláiste cheana féin. Ar achomharc an choláiste, áfach, do ceadaíodh ceapachán go heisceachtúil ar choinníollacha áirithe, agus tugadh scéal dá réir don choláiste ó bhéal ar 17 Meán Fómhair, 1976.

Barr
Roinn