Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Feb 1977

Vol. 296 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Galway Harbour.

20.

asked the Minister for the Gaeltacht if there will be a guaranteed depth of 14 feet of water in the approach channel to Rosabhil harbour, County Galway, when work is completed; and, if so, the estimated date of completion of the work.

21.

asked the Minister for the Gaeltacht if it is proposed to remove dangerous rocks adjacent to the new pier at Rosabhil harbour; and if he will make a statement on the matter.

Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 20 agus Ceist a 21 le chéile.

Tá an obair ar siúl fós i gCuan Ros-a-Bhíl agus meastar go gcríochnófar í i rith an tsamhraidh. Is é an cuspóir ná: go mbeidh ar a laghad doimhne 14 throigh in aice leis an bpiara agus 12 throigh sa chuisle isteach chuige; agus go mbeidh aon charraigeacha sna háiteanna sin níos faide síos ná an doimhne atá luaite agam.

Má tá carraigeacha éigin eile i gceist ag an Teachta ba mhaith liom sonraí a fháil ina dtaobh.

Chuir mé na ceisteanna ar Aire nua na Roinne Iascaireachta agus ní thig liom a thuiscint cén fáth go bhfúil siad á bhfreagairt ag Aire na Gaeltachta. Tá sórt deacracht a fháil amach cé tá i mbun an ghnó anseo faoin iascaireacht a chur ar aghaidh. An bhfuil a fhios ag an Aire gur tugadh geallúint do na hiascairí go mbeadh doimhne 14 troigh ar an mbealach isteach go dtí an cuan chomh maith le taobh leis an gcaladh nua? Tá sé fáite acu ar aon nós ó Roinn na Gaeltachta nó an Roinn Talmhaíochta nó ó Bhord na nÓibreacha Poiblí. Tugadh an gheallúint sin dóibh, agus deireann siad go bhfuil na litreacha acu.

Ó mo thaobhsa de mar Aire na Gaeltachta, ó thaobh mo Roinne dhe, má tá sé soiléir go bhfuil aon obair bhreise ag teastáil, sé sin, an doimhne a chur síos go dtí 14 throigh ar an gcuisle amach, déanfar é.

Tá carraigeacha andáinsearacha taobh istigh den chuan. Ní taobh leis an gcaladh an áit ina bhfuil doimhne 14 throigh ach ar an taobh eile, gar don chaladh in áit ina dtagann na báid i dtír, agus níl aon trácht go bhfuiltear chun iad a thógáil as agus tá na hiascairí i mbaol.

Déanfaidh mé an cheist a thógáil leis an Roinn Iascaireachta agus le Bord na nOibreacha Poiblí.

An bhfacthas an fógra a tháinig amach roimh an toghachán seo caite?

(Cur isteach.)

22.

asked the Minister for the Gaeltacht if it is proposed to provide a slip-way at Rosabhil harbour, County Galway, for the inspection and repair of trawlers.

Scrúdófar an ghné sin den chás i dtráth cuí.

Nach eol don Aire go bhfuil éileamh ó na hiascairí le haghaidh slipway le fada an Lá agus ní gá an cheist a scrúdú anois? Níl aon ghá le scrúdú. Tá siad dhá bhliain á lorg agus deirtear nach mbeidh morán maitheasa san obair atá deanta muna mbíonn áit ann chun na báid a chur i dtír le haghaidh a ndeisithe. Faoi láthair caithfear dul suas le céad míle chun áit a fháil ina bhfuiltear in ann báid a chur i dtír chun a ndeisithe nó chun amharc orthu.

Tá pointe ag an Teachta. Níl eolas agam ach féachfaidh mé isteach ann.

An n-aontódh an tAire liom go bhfuil sé an-achrannach nó casta do na haiscairí agus daoine eile atá ag iarraidh an rud seo a chur ar aghaidh a fháil amach i gceart cé go díreach atá i mbun na hoibre? Níl Roinn na Gaeltachta——

Ceist. Ceist ghairid.

Níl le déanamh ag Roinn na Gaeltachta ach an t-airgead a chur ar fáil agus aon cheist eile a éirionn faoin rud seo is iad an Roinn Iascaireachta agus Bord na nOibreacha Poiblí atá i gceist. Nach bhfuil deacracht ansin?

Tá an cheist seo ró-fhada.

Is ceist shimplí í.

Aontóidh an Teachta liom gur job an-mhór é forbairt phiara Ros-a-Bhíl. Cuireann mo Roinnse an t-airgead ar fáil agus tá baint ag an job leis an Roinn Iascaireachta chomh maith agus chomh maith leis sin Oifig na nOibreacha Poiblí a rinne an obair.

Agus an comhairle contae?

Sea; tá sé anthábhachtach ar fad go mbeadh comhórdú ann idir na heagrais sin agus, mar focal scoir, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé i gceist againne oiread is gá a dhéanamh i gCé Ros-a-Bhíl ionas go mbeidh caladhphort ceart iascaireachta ann.

An raibh na hiascairí ag iarraidh cruinniú a bheith le hoifigí de na Ranna Stáit le cheithre mhí agus níor deineadh socrú maidir leis an gcruinniú go dtí an tseachtain seo caite nuair a chuir mé an cheist síos?

Chomh fada agus is eol domsa bhí cruinnithe mar sin ann ó am go ham ach má cheapann an Teachta gur gá cruinniú ar leibhéal níos aoirde a eagrú déanfaidh mé é.

23.

asked the Minister for the Gaeltacht if it is proposed to provide the following facilities at the new harbour at Rosabhil, County Galway: (1) proper fendering at new pier face (2) approach lights (3) an ice plant (4) shell-fish holding tanks (5) chill rooms, freezing facilities and storage for approximately 100 tons of fish and (6) a radio communications centre.

(1) Curtha ar fáil. (2) agus (3) le cur ar fáil. (4), (5) agus (6) faoi mheas.

Deíreann an tAire go bhfuil uimhir a (1) curtha ar fáil. Ní aontaím leis go bhfuil uimhir a (1) curtha ar fáil.

Tá mé ag cur in iúl don Aire go raibh mé ag Cé Ros-a-Bhíl coicís ó shin agus ní rabhadar curtha ar fáil an t-am sin agus an caoi ina bhfuil an cé faoi láthair, an sort structúir atá air, tá sé an-dáinséarach do na thráleaerí a thagann taobh leis. Tá tralaer cuíosach nua a bhfuil roint mhaith dámáiste déanta orthu cheana féin. An bhfuil a fhios ag an Aire nach bhfuil na hiascairí sásta leis an sort taobh atá leis an gcé agus tá an dáinséar ann go ndéanfar dámaiste i gcónaí mura gcuirfear fendering ceart ar thaobh an ché?

Tá an obair ar Ché Ros-a-Bhíl ar súil fós. Níl sé críochnaithe fós agus, mar a dúras dá mbeadh mo Roinnse sásta——

An bhfuil sé criochnaithe?

Sé an t-eolas atá ar fáil agam anso go bhfuil uimhir a (1) curtha ar fáil agus deireann an Teachta nach bhfuil sé curtha ar fáil. Bhuel féachfaidh mé isteach ann.

(Cur isteach.)

Ní haon mhaith bheith ag déanamh oibre ar ché nó ar chaladhphort uisce muna bhfuil na hiascairí sásta agus muna bhfuil siad sásta déanfaimid ár ndícheall chun iad a shásamh.

24.

asked the Minister for the Gaeltacht if his Department will provide an auction hall, gear shed and offices at Rosabhil harbour, County Galway.

Tuigim go bhfuil comharchumann na n-iascairí i gcomhairle leis an mBord Iascaigh Mhara ina dtaobh sin.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil iachall ar na hiascairí féin suas le £100,000 a chur ar fáil mar pháirt-chostas ar an halla diolacháin seo agus an n-aontódh an tAire liom nach bhfuil sé sin cóir nó ceart? Níl ach an t-aon job ag na hiascairí sé sin, bheith amuigh ar an bhfarraige ag fáil iasc agus ní chóir dualgas a chur orthu airgead a bhailiú chun íoc as an halla díolacháin féin.

Creidim go mbeidh deontas fial ar súil ón Stát chun áiteanna mar sin a chur ar fáil agus——

(Cur isteach.)

Éist. Ná bítear ag cur isteach.

De ghnáth, ní íocann mo Roinnse lán-chostas aon tógra sa Ghaeltacht. Bíonn ar dhaoine in eagrais áitiúla cuid den airgead a bhailiú. Tá deontais an-fhial ar fad do thógraí mar seo. An dtuigim i gceart ón Teachta go bhfuil sé ag rá go mba chóir dúinne deontais céad faoin gcéad a chur ar fáil?

Ní aontaím leis an Teachta. Ní eol dom aon tógra sa Ghaeltacht a fuair deontas céad faoin gcéad.

An n-aontódh an tAire liomsa gurab é ba chóir a dhéanamh go dtógfadh an Stát an halla díolacháin? D'fhéadfaí é thógaint ar cíos don comharchumann iascaireachta faoi mar atá á dhéanamh ag Bardas Chaladhphort na Gaillimhe agus níl aon dualgas orthu siud faoi iascaireacht nó rudaí mar sin.

Féachfaidh mé isteach ann.

(Cur isteach.)

Barr
Roinn