An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1977: An Dara Céim agus na Céimeanna Eile. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1977: Second and Subsequent Stages.

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair."

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Ba mhaith liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí a ghlac leis an Bhille seo gan mórán ama acu é a scrúdú. Bhí gá géar leis an Bhille agus sin é an fá a bhí orainn é a thabhairt isteach inniu. Is é cuspóir an Bhille ná an uasteorainn a dhúbailt ó £25 mhilliún go £50 milliún do na hairleacain as an bPríomh-Chiste chuig Gaeltarra Éireann—caipiteal neamhvótáilte mar a thugtar air. Uasteorainn £½ mhilliún a leagadh síos sa bhliain 1957—faoin gcéad Acht um Thionscail na Gaeltachta a bhunaigh Gaeltarra mar bhord reachtúil—agus ardaíodh í don chéad uair sa bhliain 1965 nuair a tugadh cumhachtaí breise do Ghaeltarra chun an tionsclaíocht a fhorbairt ar fud na Gaeltachta.

Is faoi na cumhachtaí bhreise sin is mó atá Gaeltarra ag gníomhú riamh ó shin agus, ar ndóigh, bíonn an caiteachas ag dul i méid i gcónaí. I dtús na bliana seo socraíodh go mbeadh airleacan £4.8 milliún ar fáil do Ghaeltarra don bhliain ach táimse tar éis an soláthar sin a mhéadú go £7 milliún agus tá £6.4 milliún de eisithe go dtí seo.

I mí Iúil, 1975, a glacadh le huasteorainn £25 milliún do na hairleacain agus, ós rud é go sroichfear go luath í, is mithid í a ardú arís anois. Tá fonn ormsa an méadú is mó dá ndearnadh riamh a dhéanamh agus dá réir sin tá £25 mhilliún eile á chur léi sa Bhille seo.

Ní miste a lua nach mbaineann an Bille le caipiteal vótáilte Ghaeltarra, is é sin, an caipiteal a chuirtear ar fáil trí Vóta Roinne na Gaeltachta gach bliain chun na deontais a íocann Gaeltarra le tionscail a ghlanadh.

Tá cur síos ar an gcaiteachas ar mhaithe le tionscail Ghaeltachta go dtí deireadh na blina seo caite le fáil i dTuarascáil agus Chuntais Ghaeltarra don bhliain 1976 atá leagtha faoi bhráid na Dála. Ó thaobh na n-airleacan i rith na bliana sin luaitear sa tuarascáil

—gur eisíodh £5.6 milliún chuig Gaeltarra,

—gur caitheadh £2.6 milliún ar scaireanna i gcuideachtaí éagsúla, agus

—gur caitheadh £2.9 milliún ar mhonarchanna lena ligean ar cíos.

I ndeireadh na bliana 1976 bhí scaireanna ag Gaeltarra i 72 chuideachta ar a n-áirítear

—fochuideachtaí (16) ina raibh na scaireanna uile ag Gaeltarra, agus tionscail a bhíodh á reachtáil go díreach ag Gaeltarra féin cheana ina measc, agus

—comhchuideachtaí (56) nach raibh ach cuid de na scaireanna ag Gaeltarra iontu.

D'íoc Gaeltarra deontais chaipitil agus oiliúna dar luach £1.7 milliún le roinnt de na cuideachtaí sin sa bhliain 1976. Chomh maith leis sin, d'íoc Gaeltarra beagnach £½ mhilliún ar mhaithe le miontionscadail gan scaireanna a ghlacadh iontu: anuas go dtí deireadh na bliana 1976 tugadh deontais do 350 miontionscadal den saghas sin.

De réir na tuarascála céanna bhí 3,502 dhuine ag obair go lánaimseartha ar 31 Nollaig, 1976, sna tionscail uile a fuair cúnamh ó Ghaeltarra. Cé nach beag an dul chun cinn atá déanta ó tugadh na cumhachtaí breise do Ghaeltarra sa bhliain, 1965, ní miste a lua gur leagadh síos sprioc sa bhliain 1971: is é sin, lánfhostaíocht sna seachtóidí do na cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom gur tháinig méadú tapaidh go leor ar an bhfostaíocht go dtí seo chun an sprioc sin a bhaint amach taobh istigh de chúpla bliain eile. Tuigim, ar ndóigh, go raibh deacrachtaí ann le roinnt blianta anuas ach beidh mé ag súil le plean chun an lánfhostaíocht sa Ghaeltacht a bhaint amach a luaithe is féidir sna hochtóidí.

Beidh Údarás na Gaeltachta le bunú an bhliain seo chugainn agus beidh deis againn an scéal ar fad a phlé go luath nuair a bheidh Bille chun na críche sin os comhair na Dála. Idir an dá linn, táim cinnte nach miste bheith ag brath ar Ghaeltarra brú ar aghaidh go tréan leis an obair agus is mar chabhair chuige sin atáim ag iarraidh ar an Dáil glacadh leis an Bhille gairid seo.

Tá áthas orm fáilte a chur roimh an Bhille. Ar dtús ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire toisc gur cheapadh é mar Aire na Gaeltachta, agus cuireann sé áthas orm leis gur cheap an Taoiseach Aire i gcomhair na Gaeltachta, mar go dtí seo nuair a bhí Fianna Fáil i gceannas ní raibh acu ach Rúnaí Parlaiminte.

Léiríonn an Bille seo do mhuintir na hÉireann an dea-obair a dhein an Teachta O'Donnell fad agus bhí sé in a Aire. Mar a dúirt an tAire in a ráiteas, seo an tríú Bille i gceann cúpla bliain. D'árdaigh an chéad Bille an méid ó £6 mhilliún go £10 milliún, agus ansin go dtí £25 mhilliún, agus anois go £50 milliún, sin i gceann cúpla mí tar éis an Comhrialtas dul as oifig.

Ní aontaím leis an Aire nuair a deireann sé nach bhfuil sé sásta le Gaeltarra Éireann agus an obair atá á dhéanamh acu, mar measaim go léiríonn an Bille seo go bhfuil Gaeltarra Éireann ag dul an tslí cheart. An taon rud atá ag cur isteach orm ná an deifir mhór atá ar an Aire an Bille seo a thabhairt isteach, nó, mar a deirtear as Béarla, "indecent haste". Níl a fhios agam cén fáth mar ar an 10 Samhain chuir me ceist air an raibh sé beartaithe aige reachtaíocht a thabhairt isteach chun iasacht chaipitiúil Ghaeltarra Éireann a mhéadú, agus sé an freagra a thug sé ná:

Glacaim agam gurb iad na hairleacain a eisítear as an bPríomh-Chiste chuig Gaeltarra Éireann atá i gceist ag an Teachta. Tá teorainn reachtúil leis na hairleacain sin agus, má bhím sásta gur gá an teorainn a árdú, tabharfaidh mé reachtaíocht isteach chun é sin a dhéanamh.

Anois, i gceann trí seachtaine, tá an Bille os ár gcomhair. Níl a fhios agam cén fáth nach raibh an tAire ábalta freagra níos cruinne a thabhairt dom an t-am sin. An raibh fhios ag an Aire go raibh an Bille seo ag teacht? Muna raibh fhios aige go raibh sé ag teacht, bhfuil gach rud ceart idir Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann? Bhfuil siad ag troid in aghaidh a chéile?

Sé mhí ó shin nuair a bhí an Comhrialtas i gceannas na tíre bhí monarcha le cur suas in iarthar Chiarraí agus bhí ar Ghaeltarra Éireann dul go dtí Roinn na Gaeltachta chun deontas níos mó a fháil. Measaim gur £20,000 a bhí i gceist—nílim ro-chinnte faoi an fhigiúr anois. Dúradh leo i Roinn na Gaeltachta go gcaithfeadh siad dul go dtí an Roinn Airgeadais. Chuaigh mise go dtí an Teachta Ó Riain nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais; chuir mé mo chás os a chomhair, agus i gceann cúpla uair a chloig bhí gach rud réidh, bhí an cead faighte againn. Ach idir an dá linn, tháinig an IDA isteach agus sciob an IDA an mhonarcha agus chuir siad é in áit eile sa tír. D'fhéadfaimís go léir rud éigean a fhoghlaim ón scéal sin.

Measaim féin gur ceart a dhóthain cumhachta a bheith ag Aire na Gaeltachta, suas go dtí £½ mhilliún, gan dul go dtí an Roinn Airgeadais chun cead a fháil uathu. Mar sin, cuirim an cheist seo ó mo chroí ar an Aire: an bhfuil easaontas idir Ghaeltarra Éireann agus an IDA? Caithfidh an tAire bheith an-chúramach ar fad faoi sin. Thug Bille a bhí os ár gcomhair le déanaí breis cumhachtaí don IDA, agus tá siad ag lorg sin, agus gheobhaidh siad iad. Ach sé an cúram atá acu anois ná na monarchana beaga, agus ó thárla go bhfuil fear ón IDA ar bhord Ghaeltarra Éireann, an mbeidh an troid i dtaobh monarchana i bhfad níos oscailte anois? B'fhéidir nach raibh fhios ag an Aire faoin scéal ach tá na rudaí sin ag cur isteach orm go mór.

Tá a fhios ag cách go bhfuil job andheacair ag Gaeltarra Éireann cheana féin, agus má leanann an difríocht— b'fhéidir nach bhfuil aon difríocht ann —caithfidh an tAire Bille eile a thabhairt ós comhair na Dála, agus sa Bhille sin beidh orainn i bhfad níos mó cumhachtaí a thabhairt don Aire féin sa chéad áit, agus ar ndóigh do Ghaeltarra Éireann ionas go mbeidh Gaeltarra ábalta cothrom na Féinne a fháil.

Nuair a tháinig an Teachta O'Donnell isteach mar Aire na Gaeltachta bhí 1,800 daoine i lán-fhostaíocht ag Gaeltarra, tar éis 50 bliain dár Rialtas féin. I gceann ceithre bliana, mar a deir an tAire anseo anocht, bhí ós cionn 3,000 ann. Bhí sé beagnach dúbalta. Tá fhios ag an Aire go bhfuil an imirce beagnach críochnaithe, go bhfuil deireadh leis an imirce ón nGaeltacht. Go deimhin, tá daoine ag teacht ar ais ó Shasana go dtí a ndúiche féin, agus rud an-shuimiúl é sin. Cuid de na daoine atá ag filleadh tá sort céard acu a fuaireadar i mBirmingham nó i nGlascú nó in áit éigean eile sa Bhreatain.

Tá an-áthas orm go ndúirt an tAire go bhfuil sé beartaithe aige lán-fhostaíocht a chur sa Ghaeltacht, mar tá fhios ag gach éinne nach mórán maitheas an Ghaeilge a bheith ann gan daoine ann chun í a chaint. Caithfimid cuimhne go rabhaimid ábalta breis is 1,800 postanna a chur ar fáil sna ceithre bliana nuair a bhí eacnamaíocht an domhain i gcoinne fostaíochta ar bith. Is mór an trua nár thug an tAire dúinn an méid postanna atá beartaithe aige a chur ar fáil i 1978 agus 1979. Tá i bhfad níos mó dóchas ag muintir na Gaeltachta anois ná a bhí acu riamh, agus táim cinnte, gan na trioblóidi ann a dhein mé trácht futhu, go mbeadh Gaeltarra Éireann agus an tAire ábalta, má leanann siad ar aghaidh sa chaoí a bhfuil siad ag dul, lán-fhostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht faoi 1982.

Ach tá seanfhocal ann: "Ní mar a síltear a bítear". Measaim féin nach mbeidh an seanfhocal sin fíor an t-am seo. Ta daoine anseo agus ansúd ar fud na tíre i gcónaí ag cáiniu Roinn na Gaeltachta, Gaeltarra Éireann nó Aire na Gaeltachta. Ceapaim nach aon díobháil a rá go mba cheart do mhuintir na hÉireann ar fad bheith faoi chomaoin mhór ag muintir na Gaeltachta toisc gur choimeád siad an teanga beo, gur choimeád siad an Ghaeltacht beo. Tá sé soiléir do cách anois chomh tábhachtach is atá an Ghaeltacht anois toisc go bhfuilimid sa Chomhmhargadh.

Tá an-leathnú ag teacht ar úsáid na Gaeilge ar fud na tíre, go mór mhór na páistí scoile, toisc nach bhfuil aon scannradh orthu anois go gcaillfidís scrúdúchán. Iarraim anois ar an Aire an sprid nua sin a neartú san slí ina bhfuil sé ábalta, agus má bhíonn tacaíocht á lorg aige, beidh mé laistiar de. Ag caint dom i dtaobh an sprid nua sin, tá scríbhneoirí nua ag teacht isteach anois, agus tá an sprid nua seo á scaipeadh ar fud na tíre. Tá dualgas ar an Aire é sin a choimead agus a leathnú.

Ba cheart do Ghaeltarra Éireann níos mó cabhair a thabhairt don chultúr, mar tá an cultúr agus an fostaíocht an-chóngarach le chéile. Tá's agam gur thug Gaeltarra agus go mór mhór Roinn na Gaeltachta cabhair do "Siamsa Tíre". Ba cheart do Ghaeltarra bheith páirteach i slí éigean leis an rud iontach san.

Tá clú agus cáil ar "Siamsa Tíre" ar fud na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus go mór mhór ar fud na hÉireann. Ba cheart do Ghaeltarra sort public relations exercise a dhéanamh lámh le chéile le Siamsa. Níl a fhios agam anois an mbeadh an tAire nó Gaeltarra in ann é sin a dhéanamh ach iarraim ar an Aire go ndéanfaí iarracht faoi sin.

An t-aon rud amháin atá ag cur isteach orm i dtaobh Gaeltarra—agus anois tá mé ag caint ar mó dhúiche féin, Ciarraí—ná cén fáth nach bhfuil na monarchana atá tógtha ag Gaeltarra i gCiarraí Thiar faoi lán tseol? Cheap mé bliain ó shin go raibh daoine fostaithe chun na monarchana sin a chur ag obair, breis is 50 i gceann amháin agus 15 sa cheann eile. Chuir sé imní orm a chlos timpeall sé seachtain ó shin gur dúnadh ceann amháin acu in a raibh breis is 20 ban ag obair ann. Níl aon obair anois ag na mná sin, agus chuala mé an rud a bhíodh á dhéanamh acu go raibh sé ar fheabhas ar fad. Má tá aon eolas ag an Aire faoi dhúnadh na monarchana sin b'fhéidir go n-innseodh sé dom é.

Cuirim ceist eile ar Ghaeltarra. Cathain a dhéanfaidh siad aon rud i gcomhair An Daingean? Chuir siad monarcha suas ach cén fáth nach bhfuil aon advance factory ansin? Cén fáth nach bhfuil Gaeltarra ag déanamh próiseál éisc san áit sin? Tá na tithe agus na hoibrithe san Daingean.

Rud eile a chuireann isteach orm ná go bhfuil cúpla ostán i gCiarrai ag Gaeltarra agus cuireann sé ionadh orm i gcónaí cén fáth nach bhfuil buachaillí agus cáilíní ón Ghaeltacht ag obair ins na hóstáin sin. Níl sé ceart daoine eile a thabhairt isteach as Chúige Laighean agus buachaillí agus cailíní ón a ndúiche féin agus fonn orthu an obair seo a dhéanamh má fhaghann siad an chaoi. B'fhéidir go bhféachfadh an tAire isteach san scéal sin.

Níl ach cúpla rud eile le rá agam. Bhéinn lán sásta dá gcuirfeadh Gaeltarra Éireann i bhfad níos mó scoláireachtaí ar fáil do chailíní agus buachaillí sa Ghaeltacht. Tá fhios agam go bhfuil cúpla scoláireachtaí i gcomhair an choláiste réigiúnaigh agus measaim féin go mba cheart i bhfad níos mó scoláireachtaí a bheith ar fáil. An cailín óg agus an buachaill óg atá sa Ghaeltacht, nó muna bhfanann siad sa bhaile ar an dtalamh nó muna dtéann siad chun na hiascaireachta nó ar an ollscoil nó muna bhfaigheann siad post sa Stát Sheirbhís, téann siad go Tráighlí nó Luimneach. B'fhéidir go bhfuil deacrachtaí ann, ach más féidir leis an Aire, bheadh muintir na Gaeltachta an-sásta dá gcuirfeadh sé scoláireachtaí ar fáil——

Níl rud ar bith san Bhille seo mar gheall ar sin.

Baineann sé leis na nGaeltachtaí.

Baineann sé, ach nil aon rud san Bhille seo mar gheall ar scoláireachtaí.

Táimíd ag caint mar gheall ar airgead. Measaim go mbeidh an t-airgead i gcomhair na monarchana agus chun na fir a bhfuil scileanna acu. Má tá coláistí réigiúnacha ann chun cabhrú leo ba cheart na scoláireachtaí a chur ar fáil. Nuair chuir tú stop orm bhíos beagnach críochnaithe.

Gabh mo leith scéal.

Fuaireamar scéal inné ar an teilifís go raibh ardú mór ag teacht ar an Chiste Réigiúnach. Anois an t-am le dul isteach agus, mar a deirtear as Béarla, "get a good skelp" den Ciste Réigiúnach ón Rialtas. Nuair a bhí an tAire thall anseo bhí sé i gcónaí ag caint mar gheall ar an gCiste Réigiúnach. Tá an seans aige anois, ba cheart é a thógaint ina láimh agus mar a dúirt mé nuair a thosnaigh mé, déanaim comhghairdeas leis agus táim cinnte, má bhíonn an béal oscailte aige nuair a bhíonn an Rialtas ag cruinniú go bhfhaighidh sé a dhóthain mar tá dóchas ag muintir na Gaeltachta anois Tá muinín acu go ndéanfaidh an tAire an dóchas sin a neartú agus é a choimead.

Ba mhaith liomsa, cosúil leis an Teachta Begley ar an gcéad dul síos comhghairdeas a ghabháil leis an Aire nua. Is mór agus is tábhachtach an obair atá le déanamh aige. Beimíd go léir ag breathnú air go cruinn sna blianta romhainn. Ba mhaith liom freisin fáilte a chur roimh an Bhille seo. Mar a dúirt an tAire inné, níl aon deacracht ann. Ní hé sin le rá nach bhfuil tábhachtacht ag baint leis. Tá sé an-tábhachtach. Tá eolas maith ag an Aire ar na Gaeltachtaí agus ar na rudaí atá ag teastáil sna Gaeltachtaí. Bíonn airgead ag teastáil i gcónaí sna Gaeltachtaí, neart airgid chun tionscail nua a chur ar bun agus forbairt eacnamaíoch a dhéanamh.

I have already referred to the problems of industry in the Gaeltacht which is what this Bill is about. I do not propose to go into them in any detail except to make a couple of points which I believe are relevant. The first is that there is a wide and serious gap between the career expectations of Gaeltacht children and the type of career opportunities that are open to them. We will have to look again, perhaps during the period of the Government, at the type of industry which this sort of capital will be funding in the Gaeltacht.

I believe we will also have to try to examine the question of whether the industries that were put into the Gaeltacht, not just to increase the standard of living of the people of the Gaeltacht but to safeguard the language of the Gaeltacht, are not now in fact in danger of contributing to the language shift in the Gaeltacht areas as a whole. I hope to examine this whole topic at more length when the Estimate for the Minister's Department comes before us. I do not propose to do so now. I welcome this Bill. It obviously will provide more funds for more investment and I hope it will be wise investment. We will do anything we can in the House to facilitate wise and productive investment in the Gaeltacht.

Mar focal scoir, tá súil agam go mbeidh níos mó suim ag muintir na hÉireann ar fad i ndeacrachtaí na Gaeltachta ná mar a bhí roimhe seo. Mar a deireann an manifesto cáiliúil úd—ceapaim go mbeidh sé i bhfad níos cáiliúla i gceann ceithre bliana— is tobar ár ndúchas an Ghaeltacht. Is fíor é sin. Níor rugadh sa Ghaeltacht mé ach is Ciarríach mise agus is Ciarríach an Teachta Begley. Dá bhrí sin tá foireann an-chumhachtach ar an dtaobh seo den Teach.

Táim buíoch do na Teachtaí mar gheall ar an chaoi inar ghlac siad leis an Bhille seo. Ní raibh a fhios agam go raibh mé ag plé le beirt Ciarríach go dtí an pointe seo. Táim buíoch dóibh as an chaoi inar ghlac siad leis an Bhille.

Maidir le cúpla pointe a bhí ag an Teachta Begley sílim go raibh sé ag íarraidh a chur in iúl go raibh easaontas idir Roinn na Gaeltachta agus Gaeltarra Éireann. Níl fírinne ar bith ins an méid sin, ná ní bheadh buntáiste ar bith in obair Ghaeltarra Éireann nó Roinn na Gaeltachta féin dá mbeadh easaontas ar bith idir an rannóg Stáit agus Gaeltarra Éireann. Ar ndóigh, tharla sé anois agus arís go mbeadh smaointí éagsúla ag daoine maidir leis an chaoi is fearr le rud a chur chun chinn ach níl difríocht de chineál ar bith idir Gaeltarra Éireann agus Roinn na Gaeltachta.

Bhíodh ball den Roinn ar Bhord Ghaeltarra Éireann i gcaoi nach mbeadh easaontas eatarthu san am atá caite. Táimid ag súil go mbeidh an socrú sin ann aris, go mbeidh duine éigean ón Roinn féin mar bhall de Ghaeltarra Éireann leis an chomhoibriú ceart a bheith idir an Roinn agus Gaeltarra Éireann.

An bhfuil gá leis an teorainn a ardú agus leis an mBille seo? Tá gá leis. Sin an fáth gur tugadh os comhair na Dála é. An bhfuil easaontas idir an IDA agus Gaeltarra Éireann maidir le fostaíocht? Níl aon easaontas ach tá coimhlint, mar tá an IDA ag iarraidh postanna a chur ar fáil ar fúd na tíre agus dá bhrí sin tá sé iontuigthe go mbeadh coimhlint idir an IDA agus Gaeltarra Éireann i dtaobh postanna. Tá coimhlint idir rannóga an IDA féin, cur i gcás. Beidh na daoine atá ag plé leis an iarthar ag iarraidh na monarchana agus na postanna a thabhairt go dti an t-iarthar agus beidh na daoine atáag obair don IDA ar an taobh thoir den tír ag iarraidh na postanna a fháil don taobh sin den tír. Ar an gcaoi sin is dócha gur féidir a rá go mbeidh coimhlint idir an IDA agus Gaeltarra Éireann nuair atá siad ag iarraidh postanna a chur ar bun.

Labhair an Teachta Begley faoi easaontas. Tá ball den IDA ar bhord Ghaeltarra Éireann i gcaoi gur féidir comhoibriú a bheith idir an dá fhoireann.

Thug an Teachta moladh don iarAire. Rinne sé a dhícheall mar Aire. Bhí smaointe maithe aige ach caithimid an scéal a scrúdú mar is ceart.

Sul a dtig linn monarcha a chur ar bun in áit ar bith tá cuid mhaith rud ag teastáil—rudaí mar leictreachas, uisce, bóthair agus a leithéid sin. Sna háiteacha iargúlta sna Gaeltachtaí níl sé rófhada ó cuireadh cuid mhaith de na seirbhisí sin ar bun. Ní fhéadfaí morán tionscail a bhailiú isteach muna mbeadh an bunsraith sin ann. Rud eile, na comharchumainn agus na daoine eile atá ag gníomhú ar son na Gaeltachta le bfhéidir naoi nó deich mbliana anois, fuair siad cuidiú ó Roinn na Gaeltachta, fuair siad na deontaisí bainistíochta agus gach cuidiú le gníomhú ar son mhuintir na Gaeltachta. Maidir leis na rudaí sin ar fad, is iad Fianna Fáil a thug isteach na dlithe agus an reachtaíocht le tús a chur leis na rudaí sin. Ní h-eol domsa gur thug an t-iar-Aire Acht ar bith os comhair na Dála leis na ceithre bliana go leith a bhí sé sa Roinn ach amháin ceann cosúil leis an cheann atá molta anseo agamsa anocht. Dá bhrí sin——

Thug sé postanna——

Fan go fóill.

Bhí an bhunchloch leagtha agus nuair atá an bhunchloch leagtha is fusa gníomhú. Maidir leis an chultúr, aontaím leis an Teachta Begley go bhfuil gá leis an chultúr a chur chun cinn agus mar gheall ar an pháirt a thiocfaidh le Gaeltarra a ghlacadh i gceisteanna mar sin, tá cathaoirleach Ghaeltarra ar bhord "Shiamsa Tíre" agus sin é an fáth go bhfuil comhsnaidhmiú idir an dá dhream. Tá mé cinnte má tá caoi ar bith ag Gaeltarra cabhrú le buíonta mar sin go mbeidh siad sásta é sin a dhéanamh.

Is fearr focal sa chúirt ná punt sa sparán.

Sea, tá sé ann leis an bhfocal sin a thabhairt. Labhair sé faoi mhonarchan sa Daingean a bhí druidte. Níl an mioneolas agam ar na cúrsaí sin ach más rud é go dteastaíonn ón Teachta iad a fháil féachfaidh mé leis an eolas a fháil dó. Luaigh sé rudaí cosúil le próiseáil éisc.

Aontaím ar fad leis gurb shin an sort oibre ar cheart dúinn a bheith ag tabhairt faoi sna Gaeltachtaí ó thárla go bhfuil iascaireacht thábhachtach don Ghaeltacht féin agus don Iarthar ar fad agus gur cheart béim faoi leith a bheith ar an chineál sin oibre. An fhad is a bhaineann sé liom féin, beidh mé sásta gach cabhair is féidir a thabhairt.

Luaigh sé scoláireachtaí do mhuintir na Gaeltachta. Ní raibh a fhios agam i gceart céard a bhí i gceist ag an Teachta anseo; scoláireachtai chuig na coláistí reígiúnacha sílim a luaigh sé. Le blianta beaga anuas tá aitheantas faoi leith á thabhairt do mhuintir na Gaeltachta maidir le oideachas. Cuirimíd i gcás daoine atá ag dul isteach sna coláistí traenála, tá 10 faoin gcéad de na háiteacha fágtha le haghaidh daoine ón Ghaeltacht agus ní dóigh liom go bhfuil aon scéim faoi leith maidir le scoláireachtai do na coláistí réigiúnacha, ach ó thárla an prionsabal a bheith ann, bhféidir gur féidir an rud sin a scrúdú sa mhéid is gur thig linn teacht i gcabhair ar dhaoine a bhéas ag dul ón Ghaeltacht chuig na coláisti réigiúnacha.

Maidir leis an gCiste Réigiúnach bhuel, ní gá dom a rá go mbeimíd ag súil go mbeidh cuid dó ag teacht chuig an Iarthar féin, agus arís tá súil agam go mbeimíd in ann i bhfad níos mó a thabhairt siar ná mar a d'éirigh leis an Rialtas deiridh nuair a bhí siad ag plé leis an gciste seo. Is beag dó a tháinig go dtí an réigiún thiar ná go dtí na Gaeltachtaí agus ní bheidh mórán le déanamh agamsa le feabhas a chur ar obair an Rialtais atá caite maidir le cuid den airgead sin a thabhairt siar.

Maidir leis an méid adúirt an Teachta Horgan, aontaím leis go bhfuil deacracht ag Gaeltarra Éireann maidir le tionscail a chur sna Gaeltachtaí sa mhéid seo, go gcuireann siad tionscail isteach; tá siad ag iarraidh obair a chur ar fáil do na daoine agus ar ndóigh tá an dainséar ann i gcuid de na tionscail sin go mbeidh Béarla á labhairt ó tharla an bhainistíocht a bheith ina mBéarlóirí. Sin deacracht nach bhfuil sé ró fhurasta a shárú. Ar thaobh amháin tá siad ag iarraidh fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus ar an dtaobh eile tá an dainséar ann in amannaí go mbeidh siad ag déanamh dochar don Ghaeilge féin, don teanga féin. An t-aon leigheas atá ar sin, sílim, ná go mbeadh daoine ón Ghaeltacht oilte le dul i gcionn monarchan mar sin, go mbeadh an léann agus an fhoghlaim agus an cleachta acu le tabhairt faoi obair bhainistíochta sna monarchana sin i gcaoi go bhféachfaí leis an Ghaeilge a choinneáil slán agus beo sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil tionscail den chineál sin iontu.

Sílim go bhfuil, go ginearálta, suim ag muintir na hÉireann uilig i gcúrsaí na Gaeltachta agus beimid uilig ag súil go rachaidh sé sin chun nirt sna blianta atá romhainn agus go dtuigeann siad nach dtig leis an Ghaeltacht seasamh gan an chuid eile den tír a theacht i gcabhair uirthi. Tá an tuiscint sin sílim ag an Rialtas, agus beimíd ag súil go mbeidh siad ag plé go fial le muintir na Gaeltachta agus le Gaeltarra sna blianta atá romhainn.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh na céimeanna eile a thógáil inniu.
Agreed to take remaining Stages today.
Cuireadh an Bille tríd an gCoiste. Tuairiscíodh é gan leasú agus ritheadh é.
Bill put through Committee, reported without amendment and passed.

Is Bille Airgid an Bille seo faoi Airteagal 22 den Bhunreacht.

This Bill is certified a money Bill in accordance with Article 22 of the Constitution.