An Bille um Bord na Gaeilge, 1978: An Dara Céim (Atógáil) . Bord na Gaeilge Bill, 1978: Second Stage (Resumed).

Athcuireadh an cheist: "Go léifear an Bille an Dara hUair."
Question again proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Fé mar a dúirt mé an lá cheana, ní haon rud nua bord Stáit a bhunú sa tír seo, agus is mian liom fáiltiú roimh an mbord nua seo. Cuirim i gcomparáid le crann é. Eiseann an stoc óna bhfásaigh na géaga. Tá súil agam go mbeidh sé torthúil agus go leathnóidh sé amach i ngach aird den tír ar nós an chrainn mhustaird. Molaim an t-Aire agus glacaim an deis seo comhghairdeas foirmeálta a ghabháil leis as ucht an deontais £300,000 i mbliana, ardú 140 faoin gcéad ar dheontas na bliana seo caite.

Is trua nach féidir dul chun cinn i labhairt na Gaeilge a thomhas sa chóimheas chéanna ach tuigtear do chách nach mbeidh aon tslat draíochta no conair ghearr mhín, bhláthuil ag éinne chun líofacht na teangan i measc na ndaoine a bhaint amach. Cruaobair atá i gceist ach is flú cloí leis. Chuir mé an bord i gcomparáid le crann a bhfuil stoc tréan aige, agus cibé cúis nach mbeadh an toradh sa chorp ann nuair a chuimhnítear ar an bhfairsingeacht Ghaeilge atá ann ón mbéaloideas, na scéalta idir Rúraíocht, Fiannaíocht agus na rann scéalta; ón séanchas fairsing béil agus scríobhtha; ó Scoil na mBard agus Courts of Poetry; le hobair Chéitinn, Uí Rathaille, Uí Bhruadair, Uí Suilleabhain, Mhic Dhomhnaill, Ó Longáin, agus a n-aislingí, dánta grá, tír ghrá agus caointe. Ansin tá nua fhilíocht ár linne Ó Mac Liammóir, Ó Riordáin agus Máire Mac an tSaoi. Chomh maith le sin, tá obair Chonradh na Gaeilge, Cumann Luthchleas Gael, Cumann na Sagart, Glór na nGael, Muinteoirí agus oidí scoile chun an Ghaeilg a leathnú mar mheán chumarsáide i measc na ndaoine.

Luaigh an tAire cuid de na géaga ón chrann i ráiteas na Dara Céime faoi na cláir oibre a chum Bord na Gaeilge iad féin agus a chuireadar féin in ord d'fhonn an Ghaeilge a leathnú i ngnéithe éagsúla dár saol. Tá súil agam go néireoidh go geal leo agus go bhféadfar an stór eolais cnuasaithe dá bhárr a úsáid go héifeachtúil.

Fáiltím roimh an chomhchoiste atá bunaithe chun áiseanna a sholáthar agus seirbhísí comhairle agus oiliúna a chur ar fáil chun an Ghaeilge a leathnú i measc daoine óga. Ba mhaith liom dá mbeadh cumann Gaelach bunaithe ag na scoláirí féin á fheidhmiú i ngach scoil agus ligint dóibh bheith ag gabháil le ceol a linne idir snagcheoil, ceol traidisiúnta is bailéid, popcheol agus popamhránaíocht ach é bheith ar fáil ar chéirnín nó téip. Thosaigh Gael Linn ar sárobair roinnt blianta ó shin le ceol mar seo a chur ar fáil. Léim i ráiteas an Aire go mbeidh Bord na Gaeilge agus Gael Linn ag obair as láimh a chéile i leith dianchúrsaí sa teanga. B'fhéidir gur féidir leo chomh-fhéachaint a thabhairt ar na cúrsaí ceoil a luaigh mé.

Aithníonn an tAire go bhfuil dlúth-chaidreamh idir an bhord agus Radio Telefís Éireann agus sin mar is cóir. Is mór é tionchar na teilifíse agus an radio ar na daoine. Is cumhachtaí láidir iad agus caithfear iad a mhúnlú chun go dtiocfaidh na daoine isteach ar chaint agus cúrsaí laethiúil Gaeilge chomh éasca agus is féidir agus diaidh ar ndiaidh fásfaidh iontaobh iontu féin dul i dtaithí ar chleachtadh is úsáid cibé stór Gaeilge atá acu.

Is mian liom tagairt do dhá chlár, ceann amháin, "Trom agus Éadrom", agus an ceann eile ar an radio, "Binneas". Luaim iad mar feicim nó chloisim iad go rialta. Is sár-chlar é "Trom agus Éadrom" ina bhfuil daoine páirteach ann, é spéisiúil, éagsúil agus an cumas ag an reachtaire an Ghaeilge a mhealladh ó dhuine go nádúrtha. Tá súil agam go leanfaidh sé linn agus go ndéanfar cláir leanúnacha as abhair an chláir sin. Ó thaobh an chláir "Binneas", is mian liom, chun mo phointe a nochtadh, an leanúnachas a scarúint ón cheol. Cloisim saibhreas Gaeilge agus múnlai cainte ag teacht ó ghuth reachtaire na gclár seo go héasca, rithimiúil. Is féidir le duine teacht ar úsáid laethiúil na teanga dá bhárr. Deirtear gur úsáid na réamhfhocal i gceart ceann de na deacrachtaí i labhairt na teanga nó i bhfoghlaim na Gaeilge. Molaim do dhaoine éisteacht leis agus ansan úsáid a bhaint as na múnlaí cainte atá á núsáid go rialta ag an reachtaire. Tá súil agam go bhféachfaidh RTE agus Bord na Gaeilge ar an phointe sin agus go dtiocfaidh an dul chun cinn a theastaíonn uainn as.

Tá súil agam go gcoimeádfaidh an Bord ina n-aigne na neithe seo agus iad ag smaoineamh ar sheifteanna chun an Ghaeilge a chur faoi bhráid na ndaoine. Níor luaigh mé ach cuid desna daoine, comhlachtaí agus cumainn atá páirteach san ollghluaiseacht Ghaeilge, ach ba mhian liom mo chomhghairdeas a chur in iúl dóibh as a gcuid oibre agus guím ná laga a ghéaga os iad géaga an chrainn sin a luaigh mé tamall o shin.

Tá 20 bliain anois ann ó scríobh Seán Ó hÉigeartaigh a dhán "Marbhna taréis Cóisire", in ar luaigh sé Fealsamh. Ceannaí, File Fionn agus é féin. Beidh daoine ann ar nós an Fhealsaimh chun iarrachtaí Gaeilge a lochtú, ar nós an Cheannaí a bhain saibhreas amach, ar nós an Fhile Fhinn a thosnaigh go dúthrachtach ar pháirt a ghlacadh i ngluaiseacht na Gaeilge ach ar ball a chúlaigh aisti, ag rá gur meilt ama é bheith ag gabháil leis, ach bímís ar aon dul leis an údar agus má chuidíonn an bord seo le cóir gaoithe ní chlisfidh orainn.

Is mian liom traoslú freisin le baill an bhoird ad hoc a bhí ann. Traoslaím don Aire athuair as ucht a cheaptha: tá fhios agam go neireoidh go geal leis ina chuid oibre agus molaim don daréag ar Bhord na Gaeilge a thiocfaidh as an Bhille seo gach beart a dhéanamh ar son na teanga. Eistigí, nach mínic a moltar bheith ag gabháil le beart in ionad labhartha. Bhuel, án tráth seo is í caint atá ag teastáil ó mhuintir na hÉireann chun an beart a ghnóthú.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire as ucht a cheapacháin mar Aire na Gaeltachta. Ní raibh seans agam é seo a rá go hoifigiúil go dtí seo. Fear as mo chontae féin é, duine a bhí agus atá go dianoibríoch ar son a mhuintir agus é ina Theachta Dála. Toisc go bhfuil sé anois ina Aire na Gaeltachta, tá a fhios aige go rí-mhaith céard atá le déanamh aige ar son na teanga agus ar son a mhuintir féin. Guím rath Dé agus lorg an Aire Airgeadais ar a chuid oibre.

Caithfidh mé a rá faoi iar-Aire na Gaeltachta, Tómás Ó Domhnaill gur, im thuairim féin, duine é de na daoine is mó a spreag agus a mhúscail meoin agus intinn na ndaoine i leith na Gaeilge le deich mbliana, mar duine é a d'fhoglaim an Ghaeilge don tarna huair agus chuaigh sé imeasc na ndaoine agus dlúthcheangail sé an bhaint idir an teideal Aire na Gaeltachta agus an Ghaeilge mar theanga bheo bhríomhar a choinneáil. Is é cuspóir an Bhille ná úsáid na Gaeilge a leathnú agus a fhorbairt ar fud na tíre agus aontaím leis an gcuspóir seo. Tá gá de shaghas éigin ag beagnach chuile dhuine in Éirinn leis an teanga agus tuigtear chomh tábhachtach atá sí don tír agus don duine.

Is é sean teanga tromlach na ndaoine agus gnáththeanga cuid mhaith díobh faoi láthair. Tá sí inár measc le fada agus is ann atá ár dtraidisiún agus ár gcultúr le fáil. Muna mbíonn fhios faoi seo ag chuile dhuine agus muna gceapann tromlach na ndaoine atá ag iarraidh aithbheochan na teanga a chur chun cinn agus chun tosaigh go bhféadfar labhairt na teanga a láidriú, tá baol ann go gcaillfear an spiorad íontach atá sa Ghaeilge. Tá gá le tír mar Éire a teanga féin a bheith aici má tá gá atá níos tábhachtaí ó thaobh na hEorpa de agus ó thaobh muintir na hÉireann mar mhuintir scartha agus mar mhuntir dúinn féin. Is é sin le rá, tá sé tábhachtach don idirnáisiúnachas Éireannach, mar adéarfa. Gan teanga dúinn féin ní bheadh an ceangal le Éirinn chomh daingean agus a cheart dó bheith.

Tá muid páirteach i gcomhar-chumann idirnáisiúnta faoi láthair agus ní féidir a bheith sásta leis seo gan náisiúnachas a bheith againn féin. Tugann eolas na teanga cead do dhuine dul isteach i litríocht na Gaeilge, litríocht atá níos sine ná litríocht aon tír eile san Eoróip ach amháin an Laidin agus an Ghréigis. Cinnte caithfidh an Béarla a bheith ann, ach mar sin féin tá gá leis an nGaeilge freisin.

Tá níos mó Gaeilge sa tír anois ná mar a bhí le fada anuas ach tá níos mó Béarla sna Gaeltachtaí freisin ná mar a bhí, mar tá daoine ag filleadh abhaile arís ó Shasana agus ó thíortha eile agus tá clann acu siúd nach bhfuil aon Ghaeilge acu ar chor ar bith agus tá a fhios sin ag an Aire mar tá daoine sna Gaeltachtaí nach bhfuil ag fáil na ndeontas tí nua ó Roinn na Gaeltachta mar ní mheastar go bhfuil an caighdeán Gaeilge chomh hárd agus a cheart dó bheith.

Faoi láthair ta scoileanna ann nach bhfuil iontu ach Gaeilge agus tá scoileanna ann a bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla agus tá scoileanna ann freisin nach bhfuil an Ghaeilge ach mar ábhar múinteoireachta. Níl mé ag dul isteach anseo ró-dhoimhin, mar adéarfá, ach tá mé ag ceapadh go gcaithfidh múinteoirí níos mó béim a leagan ar labhairt na teanga ná ar litríocht na teangan nuair atáimíd ag caint faoi leanaí óga. Sa curriculum nua agus sa gcomhrá Gaeilge do na bunscoileanna tá mé ag ceapadh go gcaithfear níos mó béim a chur ar Chéim a 5 atá ansin, an béim a leagan ar gháthteanga agus na leanaí a mhúscailt agus a spreagadh chun gnáthchaint a dhéanamh leis an múinteoir agus leo féin. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an ceart ag an Aire faoin dhrámaíocht mar is ann atá cúis do dhaoine an Ghaeilge a labhairt.

Thug sé amach cúig nó sé de áiteanna ar fud na tíre agus bhí mé féin i gCaisleán an Bharraigh leis an Aire nuair a d'oscail sé ceann acu siúd agus bhí sé thar barr, Iarraim anois air— agus tá eolas aige faoi seo—stuideo na Gaeltachta a chur i gCaisleán an Bharraigh. Ó phrionsabal na hinnealltóireachta tá a fhios agam agus tá a fhios aige go gcaithfidh an microthonn ó Bhaile Átha Cliath go Sligeach dul tré Chaisleán an Bharraigh agus ós rud é go bhfuil Roinn den Rialtas igCaisleán an Bharraigh faoi láthair agus go bhfuil Aerfort ansin d'fhéadfadh daoine dul ó Bhaile Átha Cliath go dtí an áit sin go scioptha. Ba cheart dó smaoiniú faoin stuideo sin a chur ann agus tá súil agam go ndéanfaidh sé sin.

Tá an bord seo cosúil le beagnach chuile bhord eile a tháinig isteach faoi chuile Rialtas agus ní le Fianna Fáil ná le Fine Gael ná le haon pháirtí eile eochair athbheochana na teangan. Caithfidh an tAire—agus tá a fhios aige ceard atá le déanamh aige níos fearr ná mise—intinn na ndaoine a mhúscailt chun caint a dhéanamh eatarthu féin tríd a ngnáth obair agus má dheineann sé é sin bíodh sé cinnte go láidróidh an Ghaeilge sna blianta atá le teacht.

The success or failure of the board to be set up by the Minister will be judged on the level of Irish to be spoken in future years. Its main function is to encourage the use of spoken Irish and to try to get people to speak Irish where they do not normally do so. There is probably more Irish spoken in the country now than there has been for many years and yet many people for some reason appear to be afraid to speak it. Perhaps they are ashamed of the quality of their Irish. The board in their recommendations are trying to establish a desire to use more spoken Irish from the point of view not alone of an Irish identity but also of fostering the language. The board do not seem to have a great deal of authority and I would have thought the Minister could have given them a little more than they have. I am sure that when he does select the members of that board he will give due consideration to the quality of their Irish. I do not mean that they should be all fluent speakers of Irish. It might be a good idea if some of the members did not have very much of it. They could learn it.

The Gaelic Athletic Association have been mentioned. From the Minister's experience, and indeed from mine, Irish is used at quite a number of their meetings and it is encouraging to see that practice extended. It is also encouraging to note that my county council, of which the Minister was a member up to recently, at a recent meeting agreed that non-contentious issues would be debated in Irish for a start, and that at some future date they might proceed to discuss other items in Irish. I do not know if the Minister is aware of that.

I wish the Minister the very best in setting up this board and I trust that their success in future years will be evidenced in the increase in the use of spoken Irish throughout the country.

Coming from the county with the largest Gaeltacht in Ireland, I welcome the Minister's proposals outlined in this Bill. It provides for a realistic approach to the difficult problem of getting all sections of the community to understand that they have a duty to support measures like this which aim to provide financial and other necessary means to conserve and foster the language. In recent years the Irish-speaking districts have become increasingly anglicised and the process continues. Donegal is one county which has remained steadfast in support of Gaelic culture. This has been a hard battle and success in it depends in great measure on the help forthcoming from Roinn na Gaeltachta.

The Minister has shown himself deeply committed to the preservation of Irish and this wide-ranging Bill is of special help in this. Saving the language is closely linked with economic wellbeing for the Gaeltacht, and the native speakers must be provided with jobs in their own localities to keep them at home and enable them to marry and raise families who will also have Irish as a first language. Over the years vast areas in Donegal were neglected and the living standards of the people there reached a pitifully low level, leaving emigration as the only outlet for a huge young population, many of them newly married. The emigration drain also dealt a severe blow to the language because many of those people who were forced to work in foreign lands had to speak English and to pass that language on to their children.

Fianna Fáil are committed irrevocably to doing everything possible to foster and propagate the Irish language. I am glad to see the response this Bill is receiving from all sides of the House. The new measures will play an important part in furthering Irish as a spoken language in this country. There have been many setbacks and disappointments in the past. This Bill and it is in the vanguard in the revival campaign evokes new hope and confidence in the native speakers. The amount of Irish spoken all over the country is amazing. The only thing missing is some inducement to make better use of the language. The aim of course is to be bilingual and for our own language to take its place alongside English and indeed on many occasions to be given preference. Wonderful work in this direction has been done in the Six Counties. The summer colleges in Donegal depend to a great extent on support from those Ulster Gaels who were in the van-guard when the first such college was opened at Cloughaneely as far back as 1906. Children must be inspired to make better use of the Irish language they learn in school and teachers can play a very definite role in stressing the vital place it holds in our Gaelic heritage.

The measure before the House is another significant step on the road towards ensuring that the Irish language is not allowed to die. The Minister is to be congratulated on realistic proposals it contains which are calculated to bring fresh vigour and dedication into ensuring that everyone has a reasonable knowledge of the language. Any Irishman, or a man for that matter, who leaves this country should have his language a badge of identification.

I hope that the measures which this Bill proposes to introduce will be step forward in the revival of the Irish language as the spoken tongue future generations in this country.

It is said that the efforts made towards reviving the language have failed but the reason for the failure must rest with the people because never before have we had a high standard of education. Young people leaving school or college should have a good knowledge of the language. What appears to be lacking is the will to further that knowledge. However every encouragement must be given in order to rectify this situation. I trust that the setting up of this board will lead to all our people appreciating the Irish language to a greater extent and to their realising that a national language is one of its greatest treasures.

In the Minister we have a man who is sincere and dedicated so far as Irish is concerned. He has close tie with the constituency I represent. I congratulate the Minister on bringing in the Bill and I wish both he and the new board well in their work.

At the outset I should like to pay tribute to the original board that were set up with a view to bringing this type of legislation before us as a prelude to Bord na Gaeltachta. That original board was headed by Dr. Whitaker. It was somewhat ungracious of the Minister not to refer in his opening statement to the work done by those people. Special credit is due to Sean de Fréine who was that board's chief executive. He has retired since but he did a great deal of work in regard to the drawing up of this Bill.

Having said that I am not sure that the Bill is necessary. It is not a lot of machinery that is necessary to get the Irish language moving but rather a change in attitude. What has been lacking in regard to the language for the past 50 or 60 years is goodwill on the part of the people. As a race we are well enough educated to be able to speak Irish fluently. Any of us who has been through secondary school and obtained the leaving certificate should be well able to speak the language. Unfortunately this is not so. Consequently, anything that the new board can do to motivate the people to speak Irish will be worth doing.

The abolition of compulsory Irish for the leaving certificate has had a stimulating effect on the language. Because of that element of compulsion many people who were capable of speaking the Irish language were reluctant to speak it. The change made by the former Minister, Mr. Burke, has had the desired effect because there has been a marked improvement in the attitude of the people generally to the language in the past four years. Consequently, the new board will have a sound ground on which to build for the future.

From statistics that are available it appears that only about 3 per cent of the population can be said to speak Irish in the normal course of their daily work. I am sure that with the right will that figure could be increased to 50 per cent at least. I trust that the Minister and the board will maintain the stimulus that is there already. One welcomes the choosing initially of six areas as pilot areas. Much of the credit for this idea must go to the former Minister, Deputy O'Donnell. About 18 months ago he formulated one of these courses in the Lismore area. Deputy O'Donnell generated an enthusiasm of a kind never known before in relation to his Ministry. I trust that this Minister will keep up the good work.

The Welsh people could teach us a lesson so far as their language is concerned because they did not have behind them the institutions of State as is the situation here. We have the financial incentives, too. It is said that in the 19th century the English tried to beat the Irish language out of us but it can be said also that in the 20th century some of our own people tried to beat the language back into us. That method failed abysmally. The softly, softly attitude of recent years is proving much more successful. There is now much more inclination on the part of young people to speak the language after they leave school.

Although our language is an extremely important element if we are to have a national identity, it is not everything. We must have regard too, to such other forms of culture as our traditional music and dancing. We hear talk often of the different cultural heritages in this island. If we go back some centuries we find that the differences are not great. Scottish culture, for instance, is not very different from ours and I suppose that a couple of thousand years ago it was identical with ours. There is much in the cultural heritage of the majority in Northern Ireland that is similar to ours. Consequently, we should endeavour to find a common base for our common cultural heritage on which to work for the future. Traditional dancing, for instance, in both Scotland and Northern Ireland is similar to our traditional dancing. Our musical instruments are not very different from theirs either although I suppose there is a difference between a Lambeg drum and the type of drum that we would find in a traditional music band down here.

I was sent by my party on three successive occasions to campaign for by-elections in Gaeltacht areas although I am not able to speak the language fluently. That was bad management on somebody's part. May be it was that sort of management that led in some way to our losing the general election. On the last occasion Deputy Kenny and I were sent to a Gaeltacht area in County Donegal. I was surprised to find that the local Protestant community were fluent Irish speakers. Their culture was our culture. That might be a help to the Minister in a new campaign to bind the two cultures, North and South, where there seemed to be irreconcilable differences.

This question of national identity is extremely important. If we do not have a national identity we are merely a pack of zombies in that section of the rat race known as the English speaking section, be it America, Canada, Australia or Britain. We should retain our national culture at all costs. Last week, when I visited the Russian Embassy for a reception at the invitation of the Ambassador, I was very interested to learn that in Russia, although it is one great union, all the individual States speak their own language with Russian as the second language. The member of the staff to whom I was speaking was a Lithuanian. The people of Lithuania speak Lithuanian as their first language and Russian as their second. The same applies to Latvia and Estonia. I was reading in The Irish Times a few day later that there were mass demonstrations in Georgia because their own language was to be superseded by Russian as the first language of that state. As a result of the demonstrations the decision was reversed. No matter how large these conglomerates are, the individual states retain their identity.

That is what we should be doing. I doubt if we can get Irish as a living language because we are too exposed to influences from English speaking countries. It is a nice aim, but it will not come unless the will is there. Even if we do not have Irish as a living language it could live forever as a cultural subject. It could be said that we should be directing our energies to speaking and teaching French or German in our schools. There is a lot to be said for that because they are the utilitarian languages of the future. But we should not forget the Irish language.

I was glad to note that a number of Deputies have started night courses in Irish. I read in the papers lately that a number of them rush to attend these refresher courses when the business of the House is finished. It has been suggested that Irish language courses might be organised in this House to enable Members who do not have very much time at their disposal to avail of the opportunity to brush up their Irish. Perhaps the Minister would look into that. Deputies attending courses in this city are from the city. City Deputies do not have to work as hard as rural Deputies and we do not have the same amount of free time. We cannot attend courses because we have other things to do when the Dáil adjourns.

This time two years ago Members were chasing out of the Dáil to do refresher courses in French, because they had their eyes on the European Parliament. Unfortunately for some of them they did not get back in the last election, so that was a waste of time. But they might have benefited to some degree. Deputy Kenny knows more about that than I do because somebody in his own area was involved.

Níl aon bhaint leis sin san Bhille seo.

Getting rid of the compulsory aspect of the Irish language has done wonders for the promotion of the Irish language, as I said. However, I object to the Irish language being used as a qualification for jobs where it is not necessary. I cannot understand why a veterinary surgeon or a dentist must have a qualification in Irish before he is fully qualified. This is a ridiculous type of qualification. I will give a very graphic illustration of how unnecessary that type of qualification is and how it can be done without.

By profession I am a secondary teacher and should have passed an oral Irish examination to be fully registered as a secondary teacher. This can be a severe examination. The year I was to do that examination there was an industrial dispute involving the secondary teachers and the Department which resulted in secondary teachers refusing to superintend the intermediate or leaving certificate examinations or mark the papers. As a result everything was thrown overboard in the Department. All the inspectors' time was taken up organising the supervision of the examinations and marking the papers. As I said, I was due to be examined in oral Irish. I got a letter from the Department saying I had been registered and that my oral Irish examination had been forgotten about. That might sound too ridiculous for words, but as a registered secondary teacher I am qualified to teach the Irish language to leaving certificate honours level. That shows how farcical a qualification in oral Irish can be.

To insist on such a qualification for veterinary surgeons or dentists is too stupid for words. For a foreign expert who wants to teach a skill which has nothing to do with the Irish language to have to do an aptitude test in Irish is stupid and should be eliminated, because it causes resentment. Last year a principal was appointed at the NIHE who came from Britain who had all the qualifications. He resigned his job in Britain, came here and took up his post but was told he could not be retained because he did not have a knowledge of the Irish language, although that had nothing to do with the post. I would ask the Minister to get rid of that irritating requirement which serves no purpose. That would be a natural follow through to what I have spoken about already, that is, getting rid of the compulsory aspect of Irish in the leaving and intermediate certificate examinations.

Another irritant with regard to the propagation of the Irish language is the fact that too many people from the Gaeltacht and people who are fluent Irish speakers are snobs as regards the language. They are perfectionists. If you try to speak Irish and make a mistake or your grammar is not perfect they are insulted and let you know what they think of you. That puts off a number of people who have a knowledge of Irish and would gladly speak it but are afraid to do so for fear of suffering this type of embarrassment. Snobbery is a form of stupidity. This type of attitude can do a lot of damage. Fluent speakers should be more tolerant of how people speak Irish. The more fluent they are the more tolerant they should be of those who cannot speak it. We are not all linguists. We are not all able to speak four, five or six languages at the drop of a hat. Most of us find grammar a great obstacle to any language. I imagine most people find grammar extremely difficult to manage.

It might be an idea if the Minister were to see that the new board included some people who were not perfect in speaking Irish. They could be people who have only a few words of Irish but who have ambitions to speak it. It would be a good idea to have one or two people who saw the other side of the story, people who were not perfect Irish speakers.

This debate might be labelled "Trom agus Éadrom" because English and Irish has been spoken in it. I am afraid I am not bilingual and will speak only in English but I hope my points have been made clearly. It is a good idea to have Irish programmes on television but it is an irritant to put on purely Irish programmes at peak hours. When RTE 2 comes into existence I hope that what I call heavy Irish programmes, where the quality of the Irish is excellent but which is difficult for the man-in-the-street to follow, will be put on that station. Many people share my irritation when purely Irish programmes are screened at 8.30 p.m. or 9 p.m. and which cannot be understood by non-Irish speakers. All of us enjoy programmes such as "Trom agus Éadrom" and "Amuigh Faoin Spéir". These are easy to understand because the directors and those in charge of the programmes make sure that they can be understood by people who have little or no knowledge of Irish. The programmes that are 100 per cent Irish should not be screened at peak periods but should be transmitted at other times. When RTE 2 is established they should be screened on that channel so that people may have an alternative programme to view.

I hope the Minister will consider some of the points I have raised. I think he should pay tribute to people who were involved in the initial stages of setting up the board. Credit should be given where it is due.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá ar an mBille seo. Seo an chéad seans a fuair mé fáilte a chur roimh an Aire mar Aire sa Teach. Ba mhaith liom go néireodh leis mar Aire. Táim cinnte go ndéanfaidh sé a dhícheall ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ba mhaith liom comhgháirdeas a dhéanamh leis an Aire thar ceann Dáil Cheantar na Mí as ucht an iarrachta atá déanta aige Bord na Gaeilge a chur ar bun go reachtúil. Ba mhaith an rud é dá mbeadh mo cheantar féin roghnaithe i leith scéime forbartha. Tá argóint láidir in a thaobh sin nuair a fheictear chomh gar agus atá Gaeltachta na Mí do phríomh chathair na hÉireann.

In County Meath we have some very well known active Gaeltachts. Perhaps the two best known areas are Ráth Chairn and Baile Gibb. There is another small area that could do with some of the assistance given to those districts, namely, Allenstown, where Irish is spoken. In this instance a little incentive would be of considerable help. Areas such as Ráth Chairn and Baile Gibb are getting along quite well but they must receive every assistance from the Department to ensure that the Irish language is preserved. These Gaeltachts were established many years ago to foster the language. At that time the language was dying but I am pleased to say that the project was a success and the language was preserved.

Those Gaeltachts were established near the capital city. This is important because it means that people from Dublin who are interested in the Irish language can visit the areas in the evenings or at weekends. They can become familiar with Irish drama, singing and dancing and all the other aspects of Irish culture normally associated with the western seaboard.

Deputy Deasy referred to some matters that I consider relevant. It is probably true that in the long term the abolition of compulsory Irish will have a beneficial effect. Nowadays it is becoming fashionable to speak Irish. In my trips throughout Europe I often envied the people of other countries who could speak their own language. Our language survived centuries of suppression and oppression. Now it is up to us to preserve our language. We will be considered a very shallow people if we do not preserve it for those who come after us. While it may be fashionable nowadays to speak Irish, some years ago in parts of the country people scoffed at an Irish speaker.

Many of our road signs do not have the Irish name of the town or village. Few people realise that there is a provision in the Road Traffic Acts that names of places should be in English and Irish on our road signs. I pointed this out at a meeting of Meath County Council. Some road signs in my county are in English only and this is against the law. It is just as easy to give the Irish name as well as the English. This will ensure that our young people know the Irish place names.

I agree with other speakers who said that too often the perfectionist Gaelic speaker, whom Deputy Deasy called "Gaelic stars", look down their noses at those of us who cannot speak it as fluently as we should. Mar a deireann an Bille seo tá an Ghaeilge ag na daoine ach níl an cleachtadh acu. Dá mbeadh an cleachtadh ag na daoine bheadh an Ghaeilge níos fearr acu. Sin an scéal. We do not always use the best grammar when we are speaking English. In this House we do not hear very good grammar when English is spoken so why should some people look down their noses at others who speak Irish, perhaps not using very good grammar.

I ask the Minister, because of the success of the Meath Gaeltacht areas, to consider appointing some person from one of those areas as a member of the board. Those areas are doing a lot of good for the preservation of the Irish language and culture. I believe those areas will in the end achieve the goal they were set up to achieve.

Ar dtús, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le chuile dhuine a labhair ar an mBille. Is cuma ar labhair siad as Gaeilge nó i mBéarla, tháinig siad isteach sa Teach agus thug siad a dtuairimí anseo faoi dul chun chinn na teanga. Sa díospóireacht féin labhair Teachtaí, b'fhéidir, ar rudaí nár bhain leis an mBille féin—thug an Ceann Comhairle cead dóibh leathnú amach—agus b'fhéidir nach ndeárna sé aon dochar. Glacaim buíochas mar gheall ar an bhfreastal ón dá pháirtí ar an taobh eile a thug isteach daoine a raibh smaointe maithe acu faoi athbheochan na Gaeilge agus faoin mBille féin.

Dúirt an Teachta Begley go mb'fhéidir go mba cheart do na comhlachtaí stáit teacht isteach i gcuideachta le Bord na Gaeilge. Ní fheicimse cén chúis atá leis an argóint sin. An obair a bhéas le déanamh ag Bord na Gaeilge is mór an bhaint a bheidh aige leis an Ghaeltacht féin. Luaigh sé na coláistí ullmhúcháin, agus gur mór an trua é go ndeárnadh dearmad orthu. Caithfidh mé admháil go mbeadh caighdeán na Gaeilge sna coláistí ann ullmhúcháin níos láidre agus níos fearr anois dá mbeadh na coláistí ann fós, ach tháinig tuairimí ó dhaoine ag iarraidh a chur ina luí orainn nach raibh cothrom na féinne dá thabhairt maidir leis an gcaoi a raibh múinteoirí náisiúnta ag teacht amach uathu agus nach raibh deis á fháil acu dul isteach ar mhúinteoireacht. Tagaim leis an Teachta Begley leath-bhealaigh ansin.

Rinneadh tagairt don laghdú atá dá dhéanamh ó 18 go dtí 12 i mbaill an bhoird, agus bhí an Teachta ag chur inár leith gur cúrsaí polaitíochta a bhí i gceist anseo. Dá mba chúrsaí polaitíochta a bhí ann bheimís ag ardú an méid comhaltaí in ionad dá laghdú. Mar tá fhios ag an Teachta Begley é fhéin, is iomaí uair a bhíonn ar Aire bord mar seo a bhunú agus b'fhearr liom féin gan aon cheist pholaitíochta a bheith ann. Sílim féin gur fearr i bhfad bord mar seo a bheith againn ná bord mór leathan mar a bhí againn cheana.

Dúirt cúpla duine go raibh mé ag caitheamh droch-mheas ar bhaill an bhoird a bunaíodh. Ba mhaith liom é sin a shéanadh agus a rá arís anseo sa Dáil, más gá é, go bhfuil anmoladh tuillte acu agus go n-aontaím le go leor den obair atá déanta acu ó bunaíodh iad.

Labhraíonn an Teachta Begley chomh maith faoi ráiteas i dtaobh duine a bhí ainmnithe mar chathaoirleach don mbord úd agus go raibh mise ar cheann dá chuid clár cúig uaire. Bhí mé, chomh fada agus is cuimhin liom, trí huaire ar a chuid clár agus ceann amháin acu go hoifigiúil. Bhí mé ansin mar dhuine de lucht éisteachta ar dhá chlár, an chéad cheann i nGaoth Dobhair nuair a bhí Oireachtas Ulaidh ar bun agus nuair a bhí an clár seo ar siúl i gcaitheamh na seachtaine sin. An ceann eile, thíos i gCill Dara, bhí me ansin mar dhuine den lucht éisteachta chomh maith, agus an uair dheiridh bhí mé ar an gclár, iarradh orm bheith i láthair le labhairt ar phainéal a bhí ann an oíche sin. Ní mé an t-aon polaiticeoir amháin a tháinig isteach mar sin; sílim go raibh siad ó gach aon taobh den Teach. Mar gheall ar chathaoirleach a thoghadh, níl duine tofa go fóill, agus tá mé cinnte nach mbeidh tionchar ar bith ag cúrsaí mar sin ar cibé duine a thoghfar mar chathaoirleach.

Os ag caint atáimid air, tá an clár sin, "Trom agus Éadrom", molta ag 'chuile dhuine a labhair anseo ar an mBille. Sílim gur clár taitneamhach é, go bhfuil an-spéis ann agus gur cláir dá leithéid sin is mó a chabhróidh leis an nGaeilge, meascán de cheol, amhránaíocht, rince agus Gaeilge. Tá an cultúr ar fad ansin ar an chlár amháin agus sin an chaoi is fearr a dtaithníonn sé le muintir na hÉireann. Labhair an Teachta Deasy faoi chláracha ina bhfuil an Ghaeilge ar fad iontu agus gur cuirtear ar siúl iad nuair a bhíonn deis ag go leor daoine éisteacht leo san oíche agus nach n-aontaíonn sé le na leithéidí sa chás seo. Ní féidir liom teacht leis an Teachta Deasy ar fad san méid sin. Chun an fhírinne a rá, ní bhíonn ach dhá chlár Ghaeilge againn ar theilifís nó radio agus is cuma liom cén tam a thagann siad ach neart acu a bheith ann; sin an rud a theastaíonn uainn uilig, go bhfeicfimid i bhfad níos mó clár Gaeilge ar an dteilifís agus ar an radio, is cuma cén tam a thagann siad.

Thagair an Teachta Begley do na cúrsaí samhraidh agus dúirt go raibh gá le leanúnachas maidir leis na cúrsaí sin, is é sin le rá nach raibh buntáiste ar bith do na páistí bheith ag freastal ar chúrsaí samhraidh agus ansin teacht ar ais go dtí a mbailte féin agus gan deis acu an Ghaeilge a labhairt tré cúrsaí a leanúint. Thiocfainn leis sa méid sin, agus tá sé sin tugtha faoi deara ag cuid des na daoine atá i mbun na gcúrsaí, muintir pharóiste an Teachta féin, muintir Dhún Chaoin, ag an comharchumann ansin, agus ar a laghad ag scoil amháin eile nó dream amháin eile ag a mbíonn cúrsaí samhraidh acu. Tá nós acu na páistí a thabhairt le chéile ar a laghad uair amháin sa bhliain anseo sa chathair, agus ar an gcaoi sin an spiorad a chothaíodh sna Gaeltachtaí nuair a bhí na cúrsaí ar siúl a neartú agus a choinneáil beo.

Bhi an-áthas orm féin go raibh mé in ann bheith i láthair i mBaile Átha Cliath ag teacht le chéile agus shiúl mé isteach go Teach an Ard-Mhéara. Ní raibh fhios acu cérbh é mé féin, cén áit as a tháinig mé nó cén bhaint a bhí agam leis an rud, ach Gaeilge ar fad a chuala mé ó na páistí agus caithfidh mé a rá gur thug sé sin an-sásamh dom, ach tá géar-ghá le tuille de sin. Tá gá le feicéail go bhfhaigheann na páistí a ghnóthaíonn an buntáiste bheith ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta, teacht le chéile arís, is cuma cén áit den tír ina bhfuil siad, Baile Átha Cliath nó Corcaigh nó cibé áit a mbíonn siad.

Luaigh an Teachta Siamsa Tíre agus an obair atá ar siúl ag an mbuíon sin. Tá creidiúint mhór ag dul don bhuíon sin agus tá aitheantas á fháil acu ó Roinn na Gaeltachta i ngeall ar an obair sin. Tá deontais fhiala dá dtabhairt agus beimid ag leanúint leis na deontais sin, le cúnamh Dé, le cuidiú leo sna hiarrachtaí atá ar siúl acu. Tuigim go mbeidh ceann-áras á oscailt acu i dTrá Lí go gairid agus go mbeidh siad in ann an ceol agus an obair atá ar siúl acu a chur os comhair an phobail go rialta agus go mbeidh deis ní amháin ag muintir Thrá Lí, muintir Chiarraí agus na gceantar máguairt a theacht isteach agus éisteacht leo ach go mbeidh an deis sin ag muintir na tíre ar fad. Arís, tá an teanga, an rince agus an comhrá measctha le chéile agus ní amháin againn féin, muintir na hÉireann, ach ag strainséirí, cuairteoirí ón Eoraip agus chuile áit eile, tá an obair atá ar siúl ag an mbuíon seo le feiceáil. Feictear dóibh go bhfuil teanga agus cultúr dár gcuid féin againn, agus sílim gur cheart dúinn uilig bheith bródúil as sin agus tá Siamsa ag tabhairt an aitheantais sin dúinn agus molaim chuile dhuine atá páirteach ann.

Luaigh an Teachta céanna téacs leabhair agus arís níl cúrsaí sásúil maidir le sin agus, go mór mhór ó tháinig an clár nua isteach sna bun-scoileanna, tá easpa téacs leabhair ann. Is doiligh a rá cé ar a bhfuil an locht. Ní ceal airgid é ó thaobh Roinn na Gaeltachta nó an Roinn Oideachais. Tá sé deacair daoine a fháil atá sásta teacht ar aghaidh agus aistriúcháin a dhéanamh. Sin an áit is mó a fheic-imse sna deacrachtaí. Cinnte tá gá le dul chun cinn níos fearr a dhéanamh maidir le téacs leabhair a chur ar fáil go mór mhór sna meánscoileanna. Tá cuid de na comharchumainn ag tabhairt faoi agus tá mórán molta ag dul dóibh i ngeall ar an iarracht atá a dhéanamh acu, ach ní mór i bhfad níos mó dul chun cinn a dhéanamh le cuidiú leis na daoine atá ag iarraidh a gcúrsaí a dhéanamh i nGaeilge. Caithfimid uilig súil a choinneáil ar sin agus féachaint le rudaí a chur chun cinn níos fearr.

Dúradh chomh maith go mba cheart níos mó Gaeilge bheith anseo sa Dáil agus caithfidh chuile dhuine aontú leis sin. Níl maith ar bith dúinne bheith ag tabhairt Bhille isteach agus ag rá anois agus arís go poiblí go bhfuilimíd ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn muna bhfuilimid féin sásta an dea-shampla a thabhairt sa Teach seo. Mar a dúirt Teachta amháin, ní bhaineann an rud seo le páirtí amháin. Baineann an teanga le chuile dhuine, is cuma cén páirtí politiciúil a mbaineann sé leis, agus, fiú amháin más gá é agus más rud gur cheart dúinn ranganna a chur ar bun—agus luaigh cúpla duine é sin chomh maith—sílim gur dheas an rud dá dtigfeadh linn eagar éigin a chur ar rud mar sin agus ranganna Gaeilge a chur ar fáil do na daoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge fhoghlaim sa Teach seo. Baineann an scéal céanna leis na comhairlí contae agus is maith liom a rá gur ghlac Comhairle Chontae Mhaigh Eó, mo chontae féin, le rún le mí nó mar sin agus go bhfuil sé socraithe acu oiread agus is féidir den ábhar a dhéanamh tré Ghaeilge feasta. B'fhéidir ar bhealach gur cheart a rá chomh maith go bhfuil tionchar ag an rud a thárla i gCaisleán an Bharraigh ar sin. Ó thárla gur roghnaíodh é ag Bord na Gaeilge mar cheann de na háiteacha a mbeifear ag súil go mbeidh dul chun cinn le ceist na Gaeilge nó labhairt na Gaeilge ann, b'fhéidir go raibh baint aige sin leis an moladh a tháinig os comhair an chomhairle chontae agus mura bhfuil ann ach an méid sin is soiléir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an mbord féin más de bharr gur roghnaíodh Caisleán an Bharraigh a ghlac Comhairle Chontac Mhaigh Eó leis an rún le gairid.

Dúirt an Teachta Begley chomh maith gur ceart dul ar ais chun an sean scéal a bhí ann fadó nuair a bhí Conradh na Gaeilge níos gníomhaí ná mar atá siad anois agus nuair a bhí siad ag iarraidh an Ghaeilge a leathnú amach ar fud na tíre. Ag an am sin bhí timire acu i ngach contae agus b'fhéidir níos mó ná gach Contae, go raibh timirí scaipthe ar fud na gcontaetha uilig a bhí sásta a dhul thart agus an Ghaeilge a mhúineadh. Tá in áiteacha ranganna ar siúl faoi na coistí gairm oideachais agus b'fhéidir arís gur cheart a rá go raibh an obair seo níos bríomhaire tá tamall ó shin ná mar atá anois ach rud ar bith mar sin a chuideodh leis an nGaeilge ba mhór an chabhair é agus sílim arís gur tugadh deontais do Chonradh na Gaeilge timirí a thoghadh —níl fhios agam go baileach cé mhéid bliain ó shin, b'fhéidir dhá bhliain déag nó cúig bliana déag ó shin—agus gur thogh siad timirí ag an am leis an obair seo a dhéanamh. Arís níl mé cinnte an bhfuil sé sin ar siúl i gcónaí ach is maith an smaoineamh é.

Rud amháin atá socruithe ag Bord na Gaeilge go bhfuil siad sásta tacaíocht a thabhairt do Chumann Lúith-Chleas Gael i scéim atá dá reachtáil acu i láthair na huaire, sé sin go mbeidh oifigeach amháin de chuid an chomhairle chontae nó an coiste contae de Chumann Lúith-Chleas Gael agus go mbeidh sé feasta mar obair aige agus mar chuspóir aige cloí le ceist na Gaeilge amháin ina chontae féin agus go mbeidh sé ag dul thart chuig na fo-choistí nó na cumainn le cuidiú leo le níos mó úsáid a bhaint as Ghaeilge i ngnáthchúrsaí an chumainn. Séard atá i gceist ag Cumann Lúith-Chleas Gael anseo ná go mbeadh costais taistil le fáil ag na daoine seo. Níl aon rud eile i gceist. Níl aon phá i gceist ach amháin go mbeadh na costais taistil le fáil acu. Sílim gur rud an-mhaith é a fheiceáil go bhfuil Cumann Lúith-Chleas Gael, a bhí i gcónaí go tréan ar thaobh na Gaeilge, ag gníomhú iad féin níos láidre anois leis an teanga a leathnú amach agus is maith liom gur shocruigh Bord na Gaeilge tacaíocht a thabhairt dóibh don iarracht sin. Is cinnte go mbainfimid tairbhe as agus go bhfeicfimíd dul ar aghaidh níos fearr dhá dhéanamh i gcúrsaí Gaeilge dá bharr sin.

Thagair an Teachta Begley chomh maith do cheapacháin do na Gaeltachtatí, gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ar a ndeis ag daoine a bheadh ag obair sna Gaeltachtaí. Ní thioc-fadh le duine ar bith dul ina aghaidh sin. Tá sé riachtanach go mbeadh an Ghaeilge ag daoine a bhíonn ag freastal ar na Gaeltachtaí agus tá sé sin ann i gcónaí, giúistisí agus a leithéidí sin, ach tá faitíos orm gur beag giúistí a bheimid in ann a cheapadh ar feadh scaithimh de bharr rud a rinne a pháirtí féin. Ach daoine dá leithéid a bhéas sna Gaeltachtaí ba cheart go mbeadh siad in ann freastail ar mhuintir na Gaeltachta agus go mbeadh an Ghaeilge go láidir acu agus nach mbeadh d'iachall ar dhuine ar bith sa Ghaeltacht, má tá sé ag dul os comhair na cúirte ná rud ar bith mar sin, fianaise a thabhairt i mBéarla. Is í an Ghaeilge an chéad teanga atá ag muintir na Gaeltachta agus níor cheart go mbeadh bac ar bith orthu i labhairt na teanga sin.

Rinne an Teachta Horgan tagairt don Bille agus don aistriúchán. Tá an Bille féin ar fad i nGaeilge agus cuireadh an t-aistriúchán ar fáil le cuidiú le daoine nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Nílimid ag iarraidh bheith ag cur brú ar dhuine ar bith, ach shíleamar ó thárla gur Bille faoi scaipeadh na Gaeilge agus dul chun cinn na Gaeilge a bhí ann gur mhaith an rud é a thabhairt isteach i nGaeilge, agus is maith liom nár chuir duine ar bith ina aghaidh sin. Maidir leis an leagan Béarla, tá aistriúchán ann le cuidiú le daoine agus ní shílim go dtiocfadh le duine ar bith aon locht a fháil air.

Labhair an Teachta Horgan faoin mbord féin agus neamhspleáchas an bhoird. Beidh níos mó neamhspleáchais ag an mbord ná mar a bhí ag an mbord go dtí seo sa mhéid go mbeidh cead acu an fhoireann a thoghadh iad féin. Ní bheidh bac ar bith orthu ar an gcaoi sin. Ní bheidh siad ag dul os comhair Coimisinéirí na Státseirbhíse agus beidh siad saor ar an gcaoi sin daoine a thoghadh a shílfidh siad bheith in ann obair an bhoird a chur ar aghaidh go sásúil. B'fhéidir go bhfuil sé sin níos fearr ná mar a bhí sé go dtí seo. Sílim go bhfuil rialacha ag baint le na Coimisinéirí ag toghadh daoine agus go bhfuil sé fadálach agus, le bheith fírinneach, gur chuir sé sin isteach ar obair an bhoird go dtí seo.

Luaigh an Teachta O'Donnell— thug mé freagra air sin—an ráiteas maidir le buíochas a thabhairt don bhord agus níl aon chall orm é a lua arís. Dúirt sé gur cheart go mbeadh muintir na Gaeltachta ainmnithe mar bhaill an bhoird ach a fhad is cuimhin liomsa nuair a bhí sé féin ag togadh ocht nduine déag níor cuireadh duine ar bith ón nGaeltacht ar an mbord sin. Cuireadh fear amháin gur ó bhunadh na Gaeltachta é ach níor h-ainmníodh go díreach ón nGaeltacht é agus ba olc an mhaise dó bheith ag teacht anseo ag iarraidh muintir na Gaeltachta a mholadh domsa nuair nach ndearna sé iad a cheapadh é féin.

Luaigh sé na Breac-Ghaeltachtaí agus an tábhacht atá ag baint leo agus luaigh sé mo choláiste féin agus gur cheart don choláiste a bheith uilig sa Ghaeltacht. Bhí sé sa nGaeltacht go dtí 1956 agus gearradh amach tuairim is leath den pharóiste nua sin, sin os cionn dhá bliain agus fiche ó shin. Tá mé cinnte de bhun gur gearradh amach an méid sin i 1956 gur ar éigean gur tháinig mórán dul chun cinn ar Ghaeilge san áit sin ó shin, is é sin an chuid a fágadh amuigh, nach mbeadh sé ró-chiallmhar agamsa anois bheith ag iarraidh an chuid sin a thabhairt ar ais tar éis an tamaill fhada sin. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na Breac-Ghaeltachtaí agus beimid ag súil go mbeidh b'fhéidir Bord na Gaeilge ag díriú a n-aghaidhte ar na ceantair sin. Tá an Ghaeilge beo iontu go fóill. Tá neart Gaeilge ag na daoine ach níl siad sásta tabhairt faoi labhairt na Gaeilge. Níl fhios agam cén fáth atá leis. B'fhéidir an imirce, b'fhéidir ceal fostaíochta san am atá caite, gur thuig siad nach raibh aitheantas ar bith le fáil acu agus dá bharr tháinig laghdú ar labhairt na Gaeilge.

Rud amháin a chuireann iontas orm nuair a chuirim na ceantair sin i gcomórtas le ceantair a cuireadh daoine ón nGaeltacht isteach iontu, abraimíd áiteanna cosúil le Rath Chairn agus fiú amháin áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí nó nach bhfuil aitheantas le fáil acu mar Ghaeltachtaí. Bhuail mé féin le daoine scaitheamh ó shin a tháinig ó Chonamara tamall ó shin agus atá thíos i gCill Dara, agus cé nach bhfuil ann ach cúpla clann le chéile tá siad sásta an Ghaeilge a labhairt agus a gclann a thógáil le Gaeilge, rud atá á dhéanamh acu go díreach mar dá mbeadh siad i gceart lár na Gaeltachta, agus nuair a fheiceann tú an rud atá ag tarlú sna Breac-Ghaeltachtaí is doiligh a thuiscint tuige nach bhfuil na daoine sin sásta níos mó Gaeilge a labhairt nuair a chuireann tú i gcomparáid iad le daoine cosúil leis na daoine atá luaite agam.

Labhair an Teachta Woods faoi na deacrachtaí a bhí ag páistí scoile maidir leis an ard-teistiméireacht agus dúirt sé go mba cheart níos mó marcanna a thabhairt le haghaidh labhairt na Gaeilge san ard-teistiméireacht féin. Fuair mise an moladh sin ó dhuine éigin nuair a bhí mé ag taisteal na Gaeltachtaí go mba cheart go mbeadh onóireacha i nGaeilge tughta le haghaidh labhairt na Gaeilge san ard-teistiméireacht. Sílim gur smaoineamh maith é gur cheart go mbeadh níos mó marcanna le fáil do labhairt na Gaeilge san ard-teistiméireacht agus go gcuideodh sé le labhairt na Gaeilge sna meánscóileanna.

Bhí smaointe an-mhaith ag an Teachta O'Keeffe, agus dúirt sé gurb é an rud a bhí i gceist ná muintir na tíre a ghríosadh le níos mó Gaeilge a labhairt. D'aontóinn ar fad leis. Sin an chaoi is fearr leis an nGaeilge a chur chun cinn. Más féidir linn muintir na tíre a thabhairt linn agus a ghríosadh le Gaeilge a labhairt, sin an rud is mó a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn.

Mhínigh an Teachta Briscoe deacrachtaí Béarlóir, duine nach raibh sé de dheis aige Gaeilge a fhoghlaim nó a labhairt nuair a bhí sé ag dul chun na scoile agus sílim gur cheart dúinn agus gur cheart don bhord cuimhniú ar na daoine sin agus na deacrachtaí atá acu. Tá sé réidh go leor ag daoine a tógadh le Gaeilge a labhairt ach daoine dá leitheid seo, sin iad na daoine a gcaithfimíd ár n-aghaidh a dhíriú orthu agus a gcaithfidh an bord tabhairt futhu le cuidiú leo ar gach bealach. Cé nach bhfuil Gaeilge acu tá meas acu ar Ghaeilge agus tá siad ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. I ndeireadh na dála, sin an chaoi is fearr a dtig linn an Ghaeilge a chur chun cinn, má táimíd sásta í thabhairt don aos óg.

Labhair an Teachta O'Toole agus ba mhaith liom moladh a thabhairt don óráid an-mhaith a rinne sé faoi Ghaeilgeoirí atá ag plúchadh na teanga—na purists mar a thug sé orthu. Thiocfainn leis i chuile rud adúirt sé. Tá go leor dochair déanta ag daoine mar sin agus sílim gur beag áird atá orthu feasta, go bhfuil níos mó aitheantais á thabhairt anois do dhaoine atá ag iarraidh beagán a dhéanamh agus atá sásta le cúpla focal a labhairt is cuma an droch-Ghaeilge atá acu nó cén sórt Gaeilge atá acu.

Luaigh sé na scéimeanna a cuireadh ar bun go dtí seo sna Gaeltachtaí maidir le cuidiú le muintir na Gael-tachta. Ní raibh mórán measa aige ar na scéimeanna sin agus ní thiocfainn ar fad leis sa mhéid sin. Sílim nuair a tugadh na scéimeanna sin isteach, deontais bhreise do mhuintir na Gaeltachta, go raibh aitheantas á thabhairt don Ghaeltacht féin, go raibh aitheantas á thabhairt don Ghaeilge; go raibh rud anseo againn ar cheart dúinn a chaomhnú agus a chosaint agus gurb shin an fáth ar tugadh isteach na deontais sin. B'fhéidir nár éirigh chomh maith leis na scéimeanna agus ar mhaith linn, ach san am céanna bhí an prionsabal ceart agus sílim gur chuidigh sé cuid mhaith le muintir na Gaeltachta go raibh na scéimeanna sin ann. Má théann tó chuig na Gaeltachtaí agus na tithe atá acu agus a leithéid sin, feicfidh tú go bhfuil siad níos fearr ná mar atá i gcuid ar bith eile den tír de bharr na scéimeanna sin a bheith ann.

Tá rud eile ann chomh maith, go raibh siad in ann tairbhe níos mó a bhaint as scéimeanna cosúil leis na cúrsaí samhraidh agus as an turasóireacht de bharr tithe chomh maith sin a bheith acu. Mar sin ní ceart a bheith ag tromaíocht ná ag caitheamh anuas ar Rialtas ar bith de bharr na cabhrach a thug siad do mhuintir na Gaeltachta sna scéimeanna sin.

Luaigh an Teachta Killeen rud a bhí ar siúl aige féin, sé sin, na daoine a bhí ag obair leis san áit a raibh sé ag obair sul ar tháinig sé isteach anseo mar Theachta, gur ghríosaigh sé iad Gaeilge a labhairt chuile lá, agus gur íhág siad amach am faoi leith chuile lá le Gaeilge a labhairt. Sílim go bhfuil an-thairbhe i scéim dá leithéid, gurb é sin an chaoi is fearr le Gaeilge a chur chun cinn. Is cuma i monarchain, siopaí nó áit ar bith eile ina mbíonn daoine ag obair, má éiríonn linn iad a chur ag caint Gaeilge ar feadh scaitheamh an lá, tá éacht mór déanta ag duine ar bith a bhfuil sé ina chumas rud mar sin a dhéanamh. Treoraithe i measc an phobail sea daoine atá in ann rud mar sin a dhéanamh, agus beidh níos mó buntáiste ó rud mar sin ná a bheith ag dul chuig ranganna Gaeilge nó obair ar bith eile.

Dúirt an Teachta White gur thuig sé go raibh sé bliana ró-fhada mar théarma ag ball don bhoird. Ceart go leor tá sé fada agus b'fhéidir gur rud é sin go gcaithimid súil a caitheamh air. Níl aon argóint agam leis ar an bpointe sin. Luaigh sé chomh maith gur cheart rosc catha nó slogan de chineál éigin a bheith againn chun cúrsaí na teanga a chur ar aghaidh.

Bhí mé féin i Sligeach cúpla mí ó shin agus bhí buíon ansin agus sé an rose catha a bhí acu ná: "Gaeilge má's féidir, Béarla más gá". Arís sílim go bhfuil ciall i rosc catha den chineál sin agus go bhféadfaimid tuilleadh dóibh a fheiceáil.

Bhí an Teachta Andrews ag cur síos ar Bhaill an Oireachtais, nach ceart go mbéadh sé de bhac ar dhaoine atá san Oireachtas a bheith in a mbaill den bhord. Sin nós atá ann maidir leis na boird ar fad agus sílim gur fearr cloí leis sin. Bheadh sé an dheacair an pholaitíocht a choinneáil amach as bord ina mbeadh Teachtaí agus Seanadóirí ina mbaill. Táim sásta leis mar atá sé—ba mhaith liom an tOireachtas a fhágáil amach maidir le ballraíocht an bhoird.

Maidir leis na scoileanna lán-Ghaelacha agus mar gheall ar chostas thais-tail, sílim gur ceart chuile cuidiú a thabhairt do dhaoine a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar na scoileanna seo, nár ceart bac ar bith a chur orthu maidir le taisteal nó rud ar bith eile. Is maith liom fheiceáil go bhfuil na scoileanna seo ag leathnú amach ar fud na tíre agus is breá fheiceáil chomh maith nach le brú ó Rialtas nó ó eagras ar bith eile atá sé ag teacht ach ó na daoine iad fhéin. Nuair a fheicimid an cineál sin sprid tugann sé misneach dúinn uile, agus tá mé ag súil go mbeidh tuilleadh de na scoileanna lán-Ghaelacha le feiceáil thart ar fud na tíre amach anseo.

Labhair an Teachta Mitchell faoin dul chun cinn atá dá dhéanamh ina Dháil cheantar féin ag na scoileanna sin. Táim cinnte gur cuidiú dóibh agus do dhaoine eile mar oifigí poiblí agus Teachtaí Dála an sprid sin a fheiceáil —go dtugann sé misneach dóibh i dtaobh na Gaeilge fhéin.

Bhí an Teachta Kelly imníoch i dtaobh chuile short agus dúirt sé nach raibh dul chun cinn ar bith déanta againn agus go mb'fhéidir gur fearr dúinn bheith ag caitheamh ár gcuid ama ag múineadh Fraincíse agus a leithéid ins na scoileanna in áit bheith ag cloí le Gaeilge. Is maith liom fheiceáil nach raibh mórán de na Teachtaí eile ag smaoineamh ar an gcaoi sin. B'fhéidir gur fearr ligint don méid a dúirt sé.

, nílimid sásta leis an dul chun cinn atá déanta maidir le labhairt na Gaeilge, agus is de bharr sin atáimid ag féachaint anois le cúrsaí a chur chun tosaigh níos fearr. Ní féidir le duine ar bith a rá nach raibh iarracht déanta. Muna raibh toradh air níor cheart dúinn bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine a rinne iarracht. Is cuma cé hiad, múinteoirí, Airí nó cé hiad féin, bhí bá i gcónaí ag gach Rialtas a bhí i gcumhacht don Ghaeilge agus tá cuid mhaith caite le cúrsaí na teanga a chur chun cinn.

Rinne an Teachta Kelly caint ar thaighde. Is de bharr caspa thaighde nach raibh an toradh ar a gcuid oibre go dtí seo, agus is de bharr taighde a moladh go gcuirfí Bord na Gaeilge ar bun. Ní shílim go raibh duine ar bith ag iarraidh dallamullóg a chur ar dhuine ar bith. Sin é an fáth go bhfuil an bord againn anois. Beimid ag súil le toradh níos fearr ó obair an Rialtais agus na Rannóga Stáit atá ag plé le dul chun cinn na Gaeilge.

Tá cuid mhór den méid a dúirt na Teachtaí eile luaite agam cheana agus ní chaithfidh mé níos mó ama chun freagraí a thabhairt orthu. Ba mhaith liom arís a rá nach bhfuil mé sásta le cúrsaí maidir leis an Ghaeilge fhéin ach nach bhfuil sé fíor a rá go bhfuil teipthe orainn ar fad. Bhí 789,000 duine a dúirt go raibh Gaeilge acu sa bhliain 1971 agus de réir na tuarascála ar Thaighde um Dearcadh an Phobail i dtaobh an Gaeilge, foilsithe i Mí Eanáir, 1976, is cosúil go bhfuil labhairt na Gaeilge go measartha, ar a laghadh, ag tuairim 30 faoin gcéad den den phobal, agus tá 9 faoin gcéad den phobal a bhfuil ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt go maith. Má théann an 40 faoin gcéad sin i mbun na h-oibre i gceart, ba cheart go mbeadh cúrsaí i bhfad níos fearr i gceann deich mbliain eile.

Sin é an rud atá le déanamh againn ar fad—na daoine sin a ghríosadh chun obair níos fearr a dhéanamh maidir le labhairt na Gaeilge. Tá litríocht nua-aoise tagtha chun cinn agus tá líon maith irisí agus tréimhseachán dá foilsiú trí Ghaeilge, cuid acu sa Ghaeltacht fhéin. Ní thig linn bheith sásta go bhfuil go leor acu ann. Ach ar a laghad tá foilseacháin dá chur chun cinn agus beimíd ag súil go mbeidh Amárach ag teacht amach arís agus tá Inniu againn. Beidh an dá fhoilseacháin sin ag freastal ar dhaoine a bhfuil suim acu san teanga.

Rud eile a d'fhéadfainn a rá, go bhfuil níos mó daoine ag teacht isteach ar Ghaeilge a labhairt go nádúrtha ina saol féin, ina gcuid oibre. Tá imeachtaí sóisíalta agus cultúrtha ag dul ar aghaidh níos fearr, agus nuair a mheasctar iad sin le chéile sílim gurb shin caoi chun níos mó daoine a ghríosadh le Gaeilge a labhairt. Aontaím leis na daoine a dúirt go bhfuil níos mó measa ar an Ghaeilge anois ná mar a bhí le fada an lá. Níl a fhios agam cén fáth atá le sin, ach is cuma. Feicimid í ag dul chun cinn agus go bhfuil níos mó daoine sásta tabhairt fúithi. Ní hé sin le rá nach bhfuil cuid mhaith le déanamh againn ar fad, agus beimid ag súil go ndéanfaidh Bord na Gaeilge cúrsaí a chur chun cinn níos fearr. Ach ní orthu san amháin atá an obair seo. Tá sé ar chuile dhuine againn, is cuma an Teachta Dála muid, múinteoirí nó cén obair atá ar siúl againn. Tá Bord na Gaeilge ansin chun an treoir a thabhairt, agus ón méid adúirt na Teachtaí anseo sílim go mbeimid uilig sasta tacaíocht a thabhairt dóibh sna cúrsaí atá idir lámha acu.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le chuile dhuine a thóg páirt san díospóireacht seo. Bhí sé suimiúil agus tá súil agam go bhfeicfimid de thairbhe na díospóireachta seo níos mó Gaeilge in úsáid anseo feasta.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Ordaíodh go dtógfaí Céim an Choisde Dé Máirt, 9 Bealtaine, 1978.
Committee Stage ordered for Tuesday, 9 May 1978.