andMr. Begley asked the Minister for the Gaeltacht when work will commence and finish on the new Arranmore piers, County Donegal, to enable the new ferry to berth.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Piers.
18.
Tá deontas lánchostais thart ar £300,000 ceadaithe agam chun saoráidí calaíochta a chur ar fáil in Ailt an Chorráin agus ag an Léab Garbh ar Árainn Mhór i dtreo go bhféadfar lánúsáid a bhaint as an mbád nua farantóireachta. Chun go bhféadfar dul ar aghaidh leis na hoibreacha ní foláir seilbh a fháil ar phíosaí talún sa dá áit sin agus táthar ag brath ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun é sin a dhéanamh. Go dtí go mbeidh an talamh ar fáil ní féidir a rá cén uair a thósofar ar na hoibreacha ach tig liom a rá gur mhaith liom go gcuirfí i gcrích a luaithe is féidir iad. Idir an dá linn is féidir feidhm theoranta a bhaint as an mbád más mian le Comharchumann Oileán Árainn Mhór tús a chur leis an tseirbhís.