Bille na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1979: An Dara Ceim. Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 1979: Second Stage.

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara Uair anois."

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Is é cuspóir an Bhille seo ná feidhm reachtúil a thabhairt do mhéaduithe a rinneadh ar rátaí na ndeontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ón mbliain 1972 i leith. Is iad seo a leanas na gnáth-uasdeontais atá i bhfeidhm faoi láthair:—

£2,000 chun teach a thógáil,

£750 chun teach a fheabhsú,

£360 do chóras uisce,

£300 do chóras séarachais,

£600 do sheomra folctha le huiscete,

£170 chun córas uisce nóséarachais a fheabhsú,

£810 chun trí sheomra do chuairteoiría chur le teach, agus

£600 chun sealla saoire a thógáil.

Is le tithe nua arna dtosú i ndiaidh 26 Bealtaine 1977 a bhaineann an £2,000 agus baineann na deontais eile le hoibreacha arna dtosú i ndiaidh 31 Deireadh Fómhair 1977. Is méaduithe móra iad uile ar na deontais a bhí i bhfeidhm cheana agus tá siad ar fáil d'iarratasóirí cáilithe gan aird ar an teacht isteach a bhíonn acu. D'oibreacha lena mbaineann na deontais sin tá deireadh le deontais fhorlíontacha ó chomhairlí contae. Tá deontais níos mó fós ar fáil do mhuintir na n-oileán Gaeltachta amach ón gcósta: 50 faoin gcéad breise anuas ar na deontais atá luaite agam. Tá forálacha sa Bhille seo freisin do dheontais a bhí i bhfeidhm cheana ó 1 Meitheamh 1972 agus 1 Eanáir 1973 ar aghaidh. Ní miste a lua go raibh an Coiste um Chuntais Phoiblí ag gearán nuair nár tugadh isteach na forálacha ina leith i bhfad níos luaithe. Tá dúil agam go mbeidh gach uile dhuine sásta leis an mBille cuimsitheach atá anois againn.

D'fhonn deacrachtaí faoi mar a bhí i gceist ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí a sheachaint feasta tá prionsabal úr amháin in alt 7 den Bhille seo: is é sin go bhféadfaidh Aire na Gaeltacha, le toiliú an Aire Airgeadais, "méid aon deontais is iníoctha faoi na hAchtanna a athrú ó am go ham le rialacháin." Ar ndóigh, beidh aon rialacháin a dhéanfar le leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas sa ghnáthshlí.

Ón mbliain 1929 i leith tá Achtanna speisialta i bhfeidhm ar mhaithe le cúrsaí tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Bhí géarghá leis an Acht bunaidh a ritheadh sa bhliain 1929 i ngeall ar an drochbhail a bhí ar thithíocht sna ceantair Ghaeltachta an t-am úd. Le himeacht ama, ar ndóigh, tháinig an-fheabhas ar thithe sa Ghaeltacht le cabhair na ndeontas speisialta i gcaoi gur beag ceantar tuaithe eile sa tír anois ina bhfuil tithe níos fearr le feiceáil.

Cabhair chun tithe nua a thógáil nó seantithe a fheabhsú a bhí le fáil i dtús báire faoi na hAchtanna ach cuireadh leis an raon deontas ó thráth go chéile—mar is léir ón liosta atá tugtha agam cheana. Tuigimid uile an tábhacht a bhaineann leis an turasóireacht do na ceantair Ghaeltachta. Is féidir a rá gur sa Ghaeltacht atá cuid de na ceantair is áille sa tír. Lena chois sin, ar ndóigh, is í an Ghaeilge atá mar ghnáth-theanga i gcuid mhaith de na ceantair sin. Ní ionadh mar sin go mbeadh tarraingt mhór ar an nGaeltacht go háirithe ag cuairteoirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Mar léiriú air sin chuaigh níos mó ná 18,000 scoláire chun na Gaeltachta i mbliana le cabhair scéime eile de chuid na Roinne chun slacht a chur ar a gcuid Gaeilge. Is mór mar a chuidíonn na cuairteoirí sin le teacht isteach mhuintir na Gaeltachta ach, murach an obair atá déanta leis na blianta ar mhaithe le cúrsaí tithíochta, ní bheadh ar chumas na ndaoine freastal ar an líon sin cuairteoirí.

Tá an obair thithíochta ag dul ar aghaidh i gcónaí. Dá chomhartha sin cuireadh críoch le breis agus 2,000 teach nua le cúnamh faoi na hAchtanna ó thús na seachtóidí agus íocadh deontais ar mhaithe le hoibreacha feabhsúcháin, seomraí breise, seomraí folctha, saoráidí sláintíochta i dtimpeall 10,000 cás eile. Ó thárla gur i mBéarla a ritheadh an tAcht bunaidh leathchéad bliain ó shin is i mBéarla atá an Bille seo le rith freisin. Mar áis do Theachtaí sa díospóireacht seo, áfach, tá leagan Gaeilge den Bhille curtha timpeall chomh maith.

Is ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus le leas na Gaeilge atá cabhair bhreise le fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Is deimhin liom go dtuigeann Teachtaí ar gach taobh den Teach an gá atá leis an gcabhair bhreise sin. Tá dúil agam, dá bhrí sin, go nglacfar go fonnmhar leis an mBille atá á mholadh anois agam don Dáil.

B'fhéidir nár mhiste a lua ag an bpointe seo go mbeidh cúpla leasú le moladh agam ar Chéim an Choiste d'fhonn cur leis an gcúnamh atá ar fáil go dtí seo.

Is é atá i gceist sa chéad leasú ná cumhacht a fháil le go bhféadfaí deontas a thabhairt chun foirgneamh a oiriúnú mar bhrú. Tá cumhacht sna hAchtanna le fiche bliain anuas chun deontas a thabhairt le "brú a thógáil agus a throscánú" ach, más main le dream iontaofa foirgneamh atá ann cheana a oiriúnú mar bhrú, ní thig linn teacht i gcabhair orthu. Cheal cumhachta den chineál atá luaite agam ní raibh dul as againn ach diúltú d'iarratas ó eagras deonach na gCampaí Oibre a bhíonn ag saothrú ar Oileán Chléire, Co. Chorcaí, bliain i ndiaidh bliana agus Coláiste Gaeilge na gCampaí Oibre á reachtáil agus oibreacha eile á ndéanamh acu ar mhaithe leis an bpobal ar an oileán. Is mór agam an obair a bhíonn ar siúl ag an dream díograiseach sin agus ba mhaith liom bheith in ann géilleadh don iarratas uathu agus d'aon iarratas eile dá leithéid a thiocfadh ar aghaidh. Beidh ar mo chumas é sin a dhéanamh má ghlactar leis an leasú a bheidh á mholadh agam.

Baineann an dara leasú le deontas cúlchoire nó gléas eile a dhófaidh crua-bhreosla a chur isteach d'fhonn uisce te a sholáthar—feabhsúchán atá an-tábhachtach na laethanta seo, go háirithe dá mbeifí ag brath ar ola. Is amhlaidh atá cosc reachtúil ar dheontas chun na críche sin dá mbeadh deontas eile—deontas feabhsúcháin nó deontas tógála—íoctha le seacht mbliana anuas: beidh leasú á mholadh agam chun an cosc sin a chur as feidhm i gcaoi go bhféadfar brostú leis na háiseanna atá luaite agam. Tá na leasuithe dréachtaithe agus, a luaithe a ghlacfar leis an Dara Céim den Bhille, cuirfear timpeall iad.

Is mian liom fáilte a chur roimh an mBille seo. Faoi mar atá fhios ag an teach, rud ar bith a chuireann cúis na Gaeltachta chun cinn agus a chabhraíonn leis an nGaeltacht, an beagán Gaeltachta atá fágtha againn, is breá linn é agus ní chuirfímid cosc ná bac dá laghad ina bhealach. Níl ach dhá phointe sa mBille seo agus ba mhaith liom iad a lua sa Teach seo inniu, pointí beaga iad agus níl amhras orm ach go mbeidh an tAire in ann freagra cuí a thabhairt orthu. Éiríonn an chéad cheist as Alt 2 (4). Sa tiontú oifigiúil Gaeilge séard atá ann ná an giota seo a leanas:

I gcás ar deimhin leis an Aire nach féidir le hiarratasóir atá i dteideal deontas tógála a fháil faoi alt 3 (1) nó 3 (7) (a cuireadh isteach le hAcht 1959) d'Acht 1929 teach cónaithe a thógáil.

Anois ba mhaith liom a fhiafraí den Aire cad is éagumas ann san Alt seo? Cad a chiallaíonn gan iarratasóir a bheith in ann nó "nach féidir leis" teach dá leithéid seo a thógáil? An éagumas eacnamaíoch atá i gceist ag an Aire? Nó éagumas a bhaineann le staid na háite, leis an láithreán, a éiríonn as croth an láithreáin, nach bhfuil sé oiriúnach le teach dá leithéid a thógáil?—mar ba chóir dúinn breathnú air seo, nach bhfuil i gceist againn ach teach an-bheag ar fad, ar éigean a d'fhéadfaí bothán a thabhairt air. Sé an t-íos-achar atá leagtha síos ag an Aire don ghnáth-theach faoin bhforáileamh seo ná dhá scór méadar cearnach. Anois is ionann sin agus a rá gurb é an teach atá i gceist ag an Aire, gurb é an méid a bheadh ag an teach sin 24 troigh ar fhaid, abraimís, agus 15 throigh ar leithead. Anois teach an-bheag ar fad é sin, agus ba mhaith liom a fháil amach ón Aire cén saghas iarratasóir atá ar intinn aige nach bhféadfaidh teach den méid sin a thógáil. Arb é bochtanas an iarratasóra atá i gceist nó arb é croth an láithreáin atá i gceist a ligfidh amach an t-iarratasóir ó smacht an fhórailimh sin?

An darna pointe, éirionn sé as alt 3 (2). Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire mar gheall ar na suimeanna atá luaite aige tríd síos sa bhfo-alt seo, cad faoi dhaoine lenar n-íocadh deontais cheana faoi na sean-Achtanna. An bhfuil sé i gceist ag an Aire breis deontais a thabhairt dóibh anois i ngeall ar an obair chéanna? An bhfuil sé chun breis deontais a thabhairt fiú amháin do na daoine a fuair deontais uaidh cheana féin, agus, b'fhéidir, a dhíol a gcuid tithe idir an dá linn? agus má tá, an bhfuil an tAire cinnte gurb é is cóir a dhéanamh ná an breis deontais a thabhairt don iarratasóir tosaigh nó don té atá i seilbh an tí i láthair na huaire? B'fhéidir nár thuig mé i gceart an tAire agus an Bille á thabhairt isteach aige, ach táimid ag labhairt faoi scéim a bhaineann le tithe a tógadh le seacht mbliana anuas, cuid acu, agus is féidir linn a bheith cinnte gur íocadh deontas de chineál eicínt le roinnt mhaith de na hiarratasóirí sin, agus, má tá ceart acu anois breis deontais a fháil, an bhfuil an tAire le dul ag tabhairt breis deontais dóibh nó cé leis a bhfuil sé ag dul an breis deontais a íoc?

Sin an méid ar cás liom a rá faoin mBille seo seachas fáilte a chur roimhe. Tugaim faoi deara ag éirí as alt 6 (2) nach raibh sé de dhánacht ag an Aire a oileán cónaithe fhéin a chur faoi scathán an Achta seo, ach go bhfuil Acaill gearrtha amach toisc an blúirín bóthair a nascann Acaill leis an mórthír. Ach cibé ar bith, níl fhios agam arb é ar chuir an tAire faoi deara nach raibh Acaill istigh sa mBille seo chor ar bith toisc an bóthar, ach má bhí sé sin i gceist aige, más d'aon-ghnó a chuir sé an foráileamh seo isteach caithfidh mé a admháil go bhfuil creidiuint mhór ag dul dó faoina chalmacht.

Ach cibé ar bith, fáiltím athuair roimh an mBille seo. Tá súil agam go rachfaidh sé chun tairbhe na Gaeltachta, agus cibé bluirin pobail atá fágtha ann go bhféadfaí Gaeltacht nó cainteoirí dúchais a thabhairt orthu. Tá faitíos orm go bhfuil achar an cheantair seo nó na gceanntracha sin ag maolú in aghaidh an lae, agus nach bhfuil b'fhéidir oiread agus deich míle cearnach áit ar bith in Éirinn a bhfeadfaí Gaeltacht ceart a thabhairt air. Fiú amháin na daoine a tógadh le Gaeilge iad fhéin tá siad ag múineadh Béarla dá gclann, go díreach mar a rinne muintir na tíre seo céad bliain agus dhá chéad bliain ó shoin, toisc an oiread sin náire a bheith orthu mar gheall ar a dteanga dhúchais fhéin, agus toisc go bhfacthas dóibh go raibh baint eicínt idir an Ghaeilge agus bochtanas, aineolas agus an iargúltacht agus toisc go bhfacthas dóibh go raibh bua an domhain mhóir ag dul do lucht an Bhéarla. Ní ar an Aire a chuirim an locht faoi sin ach is orainn go léir a luíonn an locht faoin rud seo. Is trua an scéal i ngeall ar mhaolú na Gaeltachta agus níl mé cinnte an rachaidh an Billín seo mórán chun tairbhe don phíosa beag Gaeltachta atá fágtha, ach tá súil agam go rachfaidh, agus má théann fiú amháin an beagán chun tairbhe na gceantracha sin tá obair mhaith lae déanta ag an Aire inniu.

Ba mhaith liom freisin fáilte a chuir roimh an Bille seo. Tá sé deireanach ach tá sé anseo anois agus is cóir duinn fáilte a chur roimhe. As the Minister has said, it is basically a document which ratifies the scheme which has been in operation for some time. The fault is not his that it has been so long in coming before us. It is the fault of a system and range of political priorities which tend to put the Gaeltacht a bit further down the list than many other things. I was interested to hear the Minister say that he will introduce some amendments to clarify certain points on Committee Stage. It is not a contentious Bill and from a statutory housekeeping point of view it is appropriate that we should deal with it speedily.

I should like to ask a question in relation to the grants that are paid for the construction of holiday houses in the Gaeltacht. It is very clear that this form of construction in the Gaeltacht is one that has been growing in recent years and, while this has been welcomed on the one hand, it has created problems on the other. It is sad to see—I make no party point on this because it has happened under every administration—the Gaeltacht emptying slowly in some areas of its permanent residences and giving place to houses which are occupied only on a transitory basis by people who are going to the Gaeltacht on holiday. The last thing in the world I should suggest is that people should not go to the Gaeltacht on their holidays. However the special nature of the Gaeltacht would seem to urge on any Government a scheme of grants which should place the stress on the kind of holiday that would enable such people to integrate themselves more closely into the Gaeltacht and less on the kind of holiday which would encourage them to act almost as an outsider or voyeur within the Gaeltacht situation.

We must look at the scheme of grants for houses in the Gaeltacht, especially for those who do not live there and cannot be expected to live there, to see whether or not it might in some way be facilitating the social and linguistic changes of which the Minister and successive Governments have been aware and about which they have not been able to do as much as they would have liked to. I should like to ask the Minister whether he has considered the structure of the grants system in this Bill with a view to, if not solving the problem, at least alleviating the social pressures that too much of the wrong kind of building can have in specific Gaeltacht areas. With that reservation, I welcome the Bill.

Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Is mian liom an tAire a mholadh as breis airgid agus árdú deontas a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta chun tithe nua a thógáil, chun seomraí breise a thógáil agus chun seallaí saoire a chur ar fáil. Tá áthas orm leis go rachaidh an Bille seo chun tairbhe do mhuintir na n-oileán atá in a nGaeltachtaí. Seo an chéad iarracht a deineadh taobh istigh de chúig bliain chun na deontais sa Ghaeltacht a ardú i leith tithe, seallaí agus seomraí. Níor deineadh faic sa cheantar sin nuair a bhí an Comhrialtas i gcomhacht in ainneoin go ndearna an tAire a bhí ann a lán turasanna don Ghaeltacht.

Cabhróidh an Bille seo leis an tionscal togála agus leis an tionscal turasóireachta chomh maith. Cuirfidh sé breis jobanna ar fáil sa dá cheantar sin. Taobh amuigh de tionscal teallaigh, is dóigh liom gurb é tionscal na turasóireachta an tionscal is oiriúnaí don Ghaeltacht, agus ní féidir tionscal na turasóireachta a leathnú gan breis tithe agus breis seomraí a chur ar fáil. Tiocfaidh siad sin go léir as an mBille seo.

Anuraidh do thriail 19,000 ar an nGaeltacht, méadú 30 faoin gcéad. Is é an gearán is mó a bhí ag túismitheoirí ná nach raibh na seomraí mór go leor agus fiú amháin nach raibh dóthain seomraí ar fáil sna Gaeltachtaí. Cuirfidh an Bille seo deireadh leis sin. Is dóigh liom gur céim mhór ar aghaidh é £810 deontas a bheith ann do thrí seomraí do chuairteoirí, taobh amuigh de seomraí breise do mhuintir an tí féin. Tá mé cinnte go dtiocfaidh toradh céatach as an mBille seo don tionscal turasóireachta agus cruthú é de dháiríreacht an Aire chun dul chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta taobh amuigh de dhul chun cinn sóisialta sa Ghaeltacht.

Bille gearr é agus, mar adúirt na Teachtaí eile, is beag eile atá le rá faoi ach rath Dé a ghuí ar an Aire agus ar an obair atá le déanamh aige.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis na Teachtaí as ucht an fháiltiú a chuir siad roimh an mBille seo. Mar a dúirt mé, níl ann ach rud atá ar siúl againn cheana a chur ar bhonn reachtúil. Tá na deontais á n-íoc cheana agu nílimid ach ag iarraidh cúrsaí a chur i gceart ionas go mbeimid in ann an t-airgead sin a thabhairt go dleathach.

Bhí cúpla pointe ag an Teachta Kelly ar alt 2 (4). Séard atá i gceist ansin, áit a bhfuil eisceacht i leith seanduine a dteastódh teach beag uaidh, go dtiocfaí i gcabhair air. Ní rud é a mbeimid ag iarraidh a chur chun tosaigh nó a mholadh. Is i gcás mar sin a bhainfear úsáid as a leithéid sin, is é sin, eisceacht a dhéanamh má tá seanduine go dteastaíonn cúpla seomra uaidh.

Nárbh bhfearr a lua go háirid gurb é seanduine atá i gceist. Tá sé ró-ghinearálta mar atá sé anois.

Is dócha go dtuigimid féin an bealach is fearr leis an rud a chur i bhfeidhm agus céard atá i gceist——

Ba chóir an t-éagumas atá ar intinn ag an Aire a mhíniú. Ní luaitear tada faoi cad is ciall leo sin san Bhille.

Tá rud amháin eile a chuidíonn leis an Roinn sna cásanna sin, go mbíonn an deontas laghdaithe dá réir. Ní bheidh an £2,000 le fáil i gcásanna mar sin, agus sílim ar an gcaoi sin arís go bhfuil confidence, mar a déarfa, ag an Roinn san tslí a dtig leo an Bille a chur i bhfeidhm.

Mar fhreagra ar cheist eile, níl deontas breise i gceist ach do thithe a tógadh tar éis an 26 Bealtaine.

Bhiothas á n-íoc gan údarás.

Bhí. Tá sé sin fíor, agus séard atá i gceist ná go mbeadh sé seo anois curtha ar bhonn ceart.

Luaigh an Teachta Horgan tithe a thógtar sa Ghaeltacht agus daoine ag teacht ón taobh amuigh le tithe a thógáil agus an cineál a thógann siad. Níl mé rochinnte an raibh sé i gceist aige go raibh deontais le fáil ag na daoine sin nó an raibh sé ag cur síos ar ghnáth thógáil tithe.

Ar an méid deontais atá le fáil.

Sa chéad áit, is ag an gcomhairle contae atá cead nó deis pleanála a thabhairt do dhaoine a théann isteach chun teach a thógáil. Maidir le deontais do stróinséirí, tá riail ann go gcaithfidh duine bheith ina chónaí sa Ghaeltacht sular dtig leis deontas a fháil agus táimid dian go leor maidir le n-iocaíocht na ndeontas sin, fiú amháin tá daoine ón Ghaeltacht i Sasana nó i mBaile Atha Cliath agus iad ag obair agus ag iarraidh airgead a chur le chéile chun teach a thógáil, agus más rud é nach bhfuil siad sa Ghaeltacht féin nuair a chuireann siad an t-iarratas isteach diúltaíonn an Roinn deontas dá leithéidí sin agus, chomh maith le sin, mé féin mar Aire, bím ag caint le oifigigh na Roinne mar gheall ar chomh dian is a bhíonn siad i gcúrsaí mar sin.

Tá an tAcht ann agus caithimid claoi leis an Acht agus é a chur i bhfeidhm. Ba mhaith liom go mbeadh sé sin soiléir. Is cuma an Gaeilgeoirí nó cén cumas Gaeilge atá acu, caithfidh na daoine, chun bheith sa teideal deontas a fháil, bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht nuair a chuireann siad isteach an t-iarratas.

Cad mar gheall ar na holiday chalets?

Baineann an rud céanna leo. Tá mé cinnte go nglacfar go fonnmhar leis na deontais seo. Is fíor, mar a dúirt an Teachta Kelly, go bhfuil laghdú ag teacht ar na Gaeltachtaí, ach sílim, le cuidiú dos na daoine atá sna Gaeltachtaí agus le deontais den chineál seo, go mb'fhéidir go gcuirfidh sé fonn ar dhaoine níos mó aird a thabhairt ar an nGaeilge agus í a chaomhnú agus a chosaint. Sin an fáth go bhfuil deontais bhreise le fáil ag muintir na Gaeltachta, agus ba mhór an trua go dtabharfaidís cúl don Ghaeilge agus do na buntáistí seo, buntáiste na Gaeilge féin agus an saibhreas atá ann, agus go ndéanfaidís faillí sna cúrsaí sin.

Tá mé buíoch don Teachta Kelly agus na Teachtaí eile. Is maith an rud é, ó bhíos ag lua go poiblí go bhfuil meath ag teacht ar na Gaeltachtaí, go dtuigfimís go bhfuil dualgas orainn cuidiú leis na daoine atá sna Gaeltachtaí, a chur ina luí orthu go bhfuil oighreacht acu gur ceart doibh a chaomhnú agus a chosaint. Sin an rud atá i gceist anseo san chuidiú breise atá le fáil ag muintir na Gaeltachta.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh Céim an Choiste a thógáil inniu.
Agreed to take Committee Stage today.