Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Oct 1980

Vol. 323 No. 3

Written Answers . - Tionscail sna Gaeltachtaí .

217. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta: (a) cad iad ainmneacha agus seoltaí na dtionscal a d'fhostaigh níos mó ná deichniúr. ó bunaíodh iad sna Gaeltachtaí ó 1970 i leith, (b) cad í an fhostaíocht a bhí beartaithe nó geallta ag gach tionscal acu nuair a bunaíodh é, (c) cad iad na deontais a tugadh do gach tionscal acu agus cad é méid a scaireanna a bhí ag Gaeltarra nó atá ag Údarás na Gaeltachta iontu, (d) cad é líon na n-oibrithe a bhí fostaithe i ngach tionscal acu an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1980 agus an 1ú lá d'Eanáir, 1980, (e) cad é an úsáid atá á baint as na foirgnimh a bhí ag na tionscail ar theip orthu.

: Níl aon t-eolas atá á lorg ag an Teachta le fáil láithreach. Má tá an Teachta sásta an cheist a chur i gceann coicíse nó mar sin beidh mé sásta ía fhreagairt.

Barr
Roinn