Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 3 Dec 1981

Vol. 331 No. 6

Supplementary Estimates, 1981. - Vote 39: Roinn Na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £296,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1981, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Is é an cuspóir atá leis an meastachán forlíontach seo ná suimeanna breise mar seo a leanas a chur ar fáil lena gcaitheamh ag mo Roinnse: — £175,000 do thithe Gaeltachta; £75,000 do scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht; £46,000 do thuarastail, pá agus liúntais; agus £20,000 do chostais taistil agus chostais theagmhasacha. Tágann na suimeanna sin go dtí £316,000 san iomlán ach sábhálfar £20,000 ar scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha, rud a fhágann go bhfuil aontú na Dála a lorg agam do ghlaniomlán £296,000.

Tá méadú suntasach tagtha ar obair thithíochta ar fud na Gaeltachta agus éileamh dá réir ar dheontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) i gcaoi nach leor an tsuim airgid a cuireadh ar fáil dóibh i dtús na bliana seo sa mheastachán bunaidh ina ndearnadh soláthar £950,000 i gcomparáid leis an £916,000 a caitheadh sa bhliain 1980 agus an £706,000 a caitheadh sa bhliain 1979.

Is iad na scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht a bhfuil soláthar breise á chur ar fáil dóibh ná scéimeanna uisce a mbeidh deontais le fáil ó FEOGA ina leith faoi "Phacáiste an Iarthair" agus deontais chaipitil 10 faoin gcéad le híoc ag Roinn na Gaeltachta, agus scéimeanna do chomharchumainn a bhfuil innealra breise á cheannach acu i dtreo go bhféadfar an leas is fearr a bhaint as "Pacáiste an Iarthair".

Ní raibh méaduithe pá a cheadaíodh i rith na bliana do ghráid áirithe sa státseirbhís san áireamh sa mheastachán bunaidh i dtús na bliana agus is iad atá i gceist anois sa tsuim bhreise atá ag teastáil d'fho-mhírcheann A. Maidir le costais taistil agus costais theagmhasacha, is amhlaidh atá gá le soláthar breise do mhéaduithe a ceadaíodh i rith na bliana i rátaí míleáiste agus liúntais chothaithe agus ar chostais theagmhasacha áirithe a thit ar Vóta na bliana seo — seachas ar Vóta na bliana seo caite amhail mar a bhíothas ag súil leis.

Is í seo an chéad uair domsa ag lorg airgid do Roinn na Gaeltachta agus tá áthas orm gur airgead do thithe Gaeltachta is mó atá i gceist. Is maith an comhartha é go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sa Ghaeltacht nuair a bhíonn glaoch mór ar na deontais tithíochta: is comhartha é go bhfuil deiseanna fostaíochta á gcur ar fáil i gcaoi go bhfuil fonn ar dhaoine fanacht sa Ghaeltacht agus a gclann a thógáil ansin. Ina theannta sin cuidíonn tithe maithe le muintir na Gaeltachta ó thaobh na tuarasóireachta: bíonn deis acu cur lena dteacht isteach trí chuairteoirí a choinneáil.

Aithnítear go forleathan gurb í an Ghaeltacht foinse agus tobar ár dteanga agus ár gcultúir agus táimid faoi chomaoin ag na daoine a chaomhnaigh an chuid is luachmhaire dár n-oidhreacht dúinn. Ba mhaith liomsa go gcuirfí go mór le líon na gcuairteoirí a bhfuil fíor spéis acu sa Ghaeilge a bhíonn ag tarraingt ar an nGaeltacht mar táim cinnte go bhfuil sé sin ar cheann de na bealaí is fearr chun an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn. Is mian liom glacadh leis an deis seo lena dhearbhú go ndéanfaidh mé féin mo dhícheall ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge araon.

Molaim an meastachán forlíontach don Teach.

Seo é an chéad ócáid oifigiúil sa Dáil seo go raibh deis agam comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire as ucht a thoghadh nó a ainmniú mar Aire na Gaeltachta agus guím chuile rath air cé chomh fada agus a bheidh sé mar Aire. Is cosúil le cuid againn nach ró-fhada a leanas sé sin. Níl sé i gceist agam cur i gcoinne an Mheastacháin Fhorlíontach ach amháin a rá go gcreidim gurb é seo an chéad Aire a tháinig isteach sa Dáil agus nár chuir an locht ar an té a chuaigh roimhe de bharr drochbhainistíochta ins an rannog Stáit. Tá áthas orm gur mar sin atá an cás.

Cé nach bhfuil sé i gceist agam cur in a choinne tá roinnt mhaith pointí gur mhaith liom a luadh agus gur mhaith liom ceist a chur ar an Aire fúthu. Ar dtús tá £175,000 san Meastachán Forlíontach seo do thithe Gaeltachta agus sílim go gcruthaíonn sé sin go bhfuil an-chall ar dheontais do thithe nua, ach cuireann sé aníontas orm nach bhfuil, cuir i gcás, an t-ardú níos mó go mór mhór nuair a chuireann tú i gcomórtas é leis na rudaí a ghealladh roimh an toghachán. Cuir i gcás, gealladh ag an am sin go mbeadh £1,000 de ardú ar an deontas atá ann faoi láthair. Gealladh freisin go n-ardófaí deontas Ghaeltachta go £6,000 dóibh siúd a bhí ag ceannach teach don chéad uair agus dúradh freisin ag an am go mbeadh an deontas do thithe móra — is é sin tithe a bheadh níos mó ná é sin a bheadh ceaduithe faoi scéim an £1,000 atá ag an Roinn Comhshaoil go mbeadh sé níos so-lúbtha dóibh siúd a d'fhág an Ghaeltacht agus a d'fhill ar an nGaeltacht ó thíortha thar lear agus atá anois pósta le duine nach bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige nó aice. Cuireann sé iontas orm mar sin nach bhfuil ach £175,000 ins an Meastachán Forlíontach seo agus tuigim as sin nach bhfuil sé i gceist ag an Aire ná ag an Rialtas na gealltanais sin a chomhlíonadh. Ba mhaith liom a fháil amach an mbeidh sé i gceist acu iad sin a chomhlíonadh san ath-bhliain. Creidim féin de bharr an ghanntanas airgid a deirtear linn atá ann agus go mbeidh sé níos measa an chéad bliain eile ná mar atá faoi láthair, nach gcomhlíonfar na gealltanais sin.

Anois faoi scéimeanna, tá sé luaite ag an Aire anseo gur mhaith leis tithe na Gaeltachta a bheith réidh do chuairteoirí agus do dhuine a bheadh ag tarraingt isteach ar an nGaeltacht agus suim acu san Ghaeilge féin. Tá mé cinnte anois go bhfuil oiread measa ag an Aire ar mhná tí na Gaeltachta a choinníonn scoláirí Ghaeltachta agus atá agam féin. Cuireann sé iontas orm nach bhfuil méadú deontas ins an mheastachán forlíontach seo le haghaidh an deontais do mhná tí a ardú go £3 bunaithe ar chostais 1981 mar a gealladh, arís roimh an toghachán. Fuair mise go leor íde béil ó mhná na Gaeltachta agus go háirithe ó mhná tí Chonamara de bharr nár thug mé ach ardú, mar thug siad air, suarach ag an am dóibhsean ach ba ardú é. Nuair a fuair siad gealltanas, ní ón Aire atá ann faoi láthair ach ó chuid dá chuid comrádaithe i nGaillimh Thiar go n-ardófaí an deontas sin go £3 tar éis don Chomhrialtas teacht i gcumhacht, tá mé cinnte go bhfuil andíomá ar na mná tí céanna sin nach bhfuil an gealltanas sin á chomhlíonadh. Luadhadh freisin roimh an toghachán go n-ardófaí deontas scoil do pháistí scoile ó £10 go scór punt agus go gcuirfí an bhéim ar líofacht teanga. An dara chuid den abairt sin "cuirfear an bhéim ar líofacht teanga", cuireann sé sin an-iontas orm mar ba mhaith liom a fháil amach ón Aire an gcreideann sé féin faoi láthair nach gcuireann oifigigh de chuid Roinn na Gaeltachta a théann thart ag cur scrúdú ar pháistí scoile cé acu an ar scoil a chuireann siad an scrúdú nó ina mbaile féin, an creideann sé nach gcuireann na h-oifigigh sin go leor béime ar líofacht teanga, mar nuair a bhí mise mar Aire do b'shin ceann des na rudaí a chur mé béim aír leis an hoifigigh ná gur ceart béim a chur ar líofacht na teanga féin ag na páistí. Tá a fhios agam nuair a bhí mise ann gur déanadh é sin, agus ba mhaith liom tuairim an Aire a fháil faoi anois.

Deireann an tAire go bhfuil na scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht a bhfuil soláthar breise á chur ar fáil dóibh ar dtús in a scéimeanna uisce a mbeidh deontais ar fáil dóibh ó FEOGA agus ansin in a scéimeanna do chomharchumainn. D'fhéadfaimid labhairt anseo ar feadh seachtaine ar chúrsaí chomharchumannachais san nGaeltacht agus tá go leor ráite ina thaobh cheana agus tá mé cinnte go ndeirfear go leor amach anseo. Nuair a bhí mise mar Aire chuir mé ar bun comhchoiste eadar-rannóg le cúrsaí comharchumann na Gaeltachta ar fad a scrúdú. Cuireadh an coiste ar bun, chuaigh an coiste thart agus chasadar le bainistíocht agus le coistí na gcomharchumann ar fud na tíre ar fad. Tuigim go raibh tuairisc an choiste sin ar fáil don Aire díreach tar éis dó theacht isteach mar Aire Ghaeltachta. Níl tada cloiste agamsa nó ag aon bhainisteoir d'aon chomharchumann nó ag pobal na Gaeltachta ná ag aon duine eile ó shin faoi ceard a tharla do thuarascáil na gcomharchumann seo.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire an bhfuil sé i gceist aige an tuarascáil seo a fhoilsiú go hoifigiúil. Má tá, nach gceapfá go bhfuil sé ag tógáil an-achar ó mhí Meithimh nó tús mí Iúil seo caite go dtí inniu beagnach an Nollaig anois, an tuarascáil a fhoilsiú. An bhfuil sé i gceist aige é a fhoilsiú go hoifigiúil. An bhfuil sé i gceist aige rud níos tábhachtaí a dhéanamh, é a phlé le bainisteoirí na gcomharchumann ar fud na tíre, mar siad san ar ndóigh an dream a bhéas thíos nó thuas leis an tuarascáil sin agus leis na moltaí atá sa tuarascáil féin.

Tuigeann an tAire, tá mé cinnte, cé chomh tábhachtach agus atá comharchumainn in aon cheanntar Ghaeltachta. I mo thuairimse de, tá níos mó tábhachta go minic ag baint leis an gcomharchumann má tá sé á rith go maith agus á bhainistiú go maith tá níos mó tábhachta ag baint leis ó thaobh pobal na Gaeltachta de agus dul chun chinn cheantair beag Gaeltachta, ná mar atá le haon mhonarcha is cuma an mhonarcha eachtrannach atá ann nó monarcha áitiúil. Creidim mar sin gur ceart béim i bhfad níos mó a chur ar bhun-chloch tábhachta agus bun-chloch a leanas a chur faoi na gcomharchumainn atá againn ar fud na Gaeltachta ar fad. Creidim féin, mar shampla, go bhfuil sé tábhachtach go rachadh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta i gcomhairle le, cur i gcás an Chomhairle Oiliúna, AnCO, le cúrsaí oiliúna feiliúnacha a leagan amach agus a chur ar siúl do Chomharchumainn na Gaeltachta. Sílim go bhfuil sé sin fíor-thábhachtach agus d'fhéadfaí é sin a rá b'fhéidir faoi níos mó ná Comharchumainn na Gaeltachta ach go háirithe faoi Chomharchumainn na Gaeltachta féin. Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach agus b'fhéidir gurb é sin an áit a bhfuil an briseadh síos ag tarlú faoi láthair, nach bhfuil oiliúint mar ba chóir á cur ar fáil d'ofigigh na gComharchumann seo.

Creidim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cineál éigin infheistíocht nó coiste infheistíochta nua ann, chomh fada is a bhaineann sé leis na comharchumainn, mar sílim gurb é an deacracht is mó atá ag Comharchumainn na Gaeltachta—b'fhéidir go bhfuil sé in áiteanna eile taobh amuigh den Ghaeltacht freisin, ach go háirithe táimid ag caint ar na Gaeltachtaí—ná nach mbíonn siad in ann oiread scair-shealbhóirí a fháil agus ba mhaith leo taobh istigh den Ghaeltacht féin. Tá sé i bhfad ró éasca ag scair shealbhóir a rá le bainisteoir nó le coiste comharchumainn: "tá tú ag fáil deontas ón Rialtas, ó Roinn na Gaeltachta, ar an lámh amháin, agus ar an lámh eile tá tú ag fáil deontas ó Údarás na Gaeltachta; cen fáth go gcuirfinnse mo lámh i mo phóca agus go dtabharfainn tuilleadh airgid duit?" Credim gurb b'shin an áit go bhfuil an briseadh síos is mó faoi láthair agus go gcaithfimid comhlacht infheistíochta do na chomharchumainn a bheadh bunaithe idir an Roinn Airgeadais, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, comhlacht infheistíochta de shaghas éigin, a chuirfeadh an córas airgid do na comharchumainn ar bhun-chloch seasta.

Chomh maith leis sin faoi láthair tá na comharchumainn, mar a déarfá, ag titim idir dhá stól. Tá cuid amháin de obair na gComharchumann a thagann go díreach faoi obair Roinn na Gaeltachta féin, agus caitheann siad plé agus déileáil le Roinn na Gaeltachta. Ansin, tá cuid eile de obair na gComharchumann a thagann go díreach faoi Údarás na Gaeltachta. Mar a deirim, tá siad ag titim idir dhá stól. Ní dóigh liom i ndáiríre, agus ceapaim go bhféadfainn é seo a rá go fírinneach, go mbíonn aon bhainisteoir chomharchumainn nó aon choiste fiú amháin ag troid le Roinn na Gaeltachta féin ach bíonn troid seasta fíochmhar idir iad féin agus Údarás na Gaeltachta go minic. Sílimse go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá bhféadfá a rá anseo amach faoi na comharchumainn, bídís faoi Roinn na Gaeltachta go hiomlán nó bídis faoin Údarás go hiomlán, ach ná bíodh sé mar atá sé faoi láthair nach bhfuil a fhios acu cá bhfuil siad. Sílim go mbeadh sé tábhachtach dá bhféadfaimid eárnach de chineál éigin a dhéanamh ar an údarás pé acu gurb é ag Údarás na Gaeltachta a bheadh an t-údarás sin no ag Roinn na Gaeltachta féin, mar a dúirt mé.

Maidir le comhchoiste na gComharchumann, sílim mar gheall ar an deacrachtaí a bhí ag na comharchumainn ar fud na tíre, gur chuireadar go leor dá gcuid pointí i láthair an chomhchoiste seo ar an tuiscint go bhfeicfidís féin céard a bheadh sa tuarascáil, go bhfeicfeadh an pobal ceard a bhí sa tuarascáil, go mbeadh fhios acu cén áit a raibh siad ag titim síos, más ó thaobh bainistíochta dhe nó ó aon taobh eile agus go gcuirfí ar bhun-chloch seasta airgead uainn do na comharchumainn ar an gcéad dul síos agus ansin bainistíocht agus oiliúint an dream a bheadh i bhfeighil na gcomharchumann féin.

Níl aon tagairt in óráid an Aire do Údarás na Gaeltachta agus níl aon tagairt ach oiread ins an Mheastachán Forlíontach do Údarás na Gaeltachta, ach tá tagairt san óráid faoi dheiseanna fostaíochta atá á gcur ar fáil do phobal na Gaeltachta le fonn a chur orthu fanacht sa Ghaeltacht agus a gclann a thógáil ansin. Cinnte is de bharr go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann agus go raibh Gaeltarra ann le blianta roimhe sin go bhfuil na deiseanna fostaíochta seo anois ar fáil do phobal na Gaeltachta ina gceantair féin. Níl a fhios agam cén mheas atá ag an Aire atá ann faoi láthair ar Údarás na Gaeltachta nó an bhfuil sé sásta go bhfuil a gcuid oibre á déanamh acu mar ba chóir, ach sílim go bhfuil sé scannalach go mbeadh cinnlínte á dtabhairt do Theachta Dála a bhaineann ní le páirtí an Aire ach leis an bpáirtí atá i gcumhacht leis, ar cheann de pháipéir áitiúla na Gaeltachta Amárach, tá seachtain nó coicís ó shin ann, agus an teideal a bhí air ná “Caimiléireacht san Údarás”.

Déarfaidh daoine nach bhfuil éinne ag léamh an pháipéir sin ach pobal na Gaeltachta. Tá i bhfad níos mó ná sin á léamh. Tá i bhfad níos mó de iriseorí na tíre ag léamh an pháipeir Ghaeltachta sin, agus creidimse go bhfuil sé scannalach go ndéarfadh aon duine atá ina bhall den Teach seo go bhfuil caimiléireacht ar bun in eagras Stáit, eagras a tháinig as chomhchoiste na n-eagras sa Teach seo, eagras a bhfuil an tAire, Aire na Gaeltachta féin freagrach as, eagras atá ag dul amach ar fud an domhain agus ag iarraidh an tír seo a dhíol agus ag iarraidh tionsclóirí domhanda a mhealladh isteach le cur fúthu sa Ghaeltacht, agus eagras atá ag iarraidh tionsclóirí maithe de chuid na hÉireann féin a mhealladh go dtí na Gaeltachtaí le tionscail agus fostaíocht a chur ar bun.

Sílim go bhfuil sé thar a bheith scannalach go leigfí don cheannlíne sin dul ar fud na tíre agus ar fud an domhain, tá mé cinnte, freisin. Chuir sé iontas oraimse nár léigh mé in aon áit gur shéan Aire na Gaeltachta an ceannlíne seo. Tá a fhios agam go bhfuil sé séanta ag an Údarás féin ach sílim, ó tharla gurb é an tAire an duine a bhfuil freagracht air sa Dáil don Údarás sin, gur ceart dó é a shéanadh nó a rá go bhfuil an fhírinne ann. Bheadh an-imní oraimse mar dhuine Ghaeltachta agus mar dhuine a bhí mar Aire na Gaeltachta cheana go mbeadh aon fhírinne san ráiteas sin. Ba mhaith liom tuairimí an Aire a fháil agus mura mbeadh deis aige freagra a thabhairt air ins an Dáil tráthnóna, tá súil agam go nglacfaidh sé leis an deis go poiblí in áit éigin leis an ceannlíne sin a shéanadh go láidir. Rachadh sé chun donais agus chun dochair do phobal na Gaeltachta dá ligfí leanúint do sin.

Bhí go leor pointí agus ní bheidh deis agam plé leo súid ar theastaigh uaim a ardú, ach ceann amháin acu ná an gheallúint a tugadh roimh an toghchán go gcuirfí coiste faoi leith ar bun chun an réim ghríosaithe atá le fáil ag tionscloirí faoi láthair a scrúdú agus go ndéanfaí na deontais seo níos so-lúbtha len iad a chur in oiriúint do fhorbairt úsáid achmhainní nádúrtha na Gaeltachta. Má táimid ag caint ar chúrsaí tionsclaíochta sa Ghaeltacht—agus tá sé ráite agamsa le fada agus ag go leor daoine eile freisin sa Teach seo ba cheart dúinn bheith ag díriú aire tionsclóirí agus aire an Údaráis ar thionscail a mbéadh baint díreach acu le achmhainní nádúrtha. Ach i láthair na huaire séard atá ar bun ag an Údarás ná go bhfuil siad ag cur in aghaidh dul chun cinn achmhainní nádúrtha i gceantair áirithe Ghaeltachta, agus sin i gceantar Chonamara. An bhfuil sé mar pholasaí ag an Rialtas gearradh siar ar an méid airgid atá ann do chúrsaí taighde i leith achmhainní nádúrtha agus i leith tionscail a bhfuil baint acu go díreach le hachmhainní nádúrtha? Agus má tá sé mar pholasaí, sílim gur cheart don Aire cur i gcionne an cinéal sin polasaí go láidir agus go bhfuil sé tábhachtabh go ndéanfadh sé é sin anois.

Ghlac páirtí Fhine Gael roimh an toghchán go raibh titim i dtarraingt na ngríosuithe tionsclaíochta a bhí ag an Údarás ag an am le hais eagrais fhorbartha eile, agus dúirt siad ag an am go gceadófaí griosuithe breise don eagraíocht sin. Bhí go leor a bhí luaite ag an am—cuir i gcás deontais úis a chur ar fáil ar iasachtaí airgid a bheadh riachtanach le tionscail a bhunú nó a fhorbairt. Bhí scéimeanna deontais a bhí ar fáil ag an am, iad sin a dhéanamh níos so-lúbtha, agus mar a dúirt mé cheana go gcuirfí in oiriúint iad do fhorbairt achmhainní nádúrtha. Ní fheicim gur tharla aon cheann acu sin. Bhí sé ráite freisin go mbeadh scéimeanna agus deontais oiliúna agus tréanála á leathnú sa gcaoi go gcuirfí ar chumas pobal na Gaeltachta postanna ard-bhainistíochta a bhaint amach. Sin deacracht eile atá ag pobal na Gaeltachta faoi láthair, ná i go leor de na tionscail seo atá suite ar fud na Gaeltachta nach iad pobal na Gaeltachta féin atá i mbun ard-bhainistíochta sna comhlachtaí. Sin deacracht atá ann le blianta, mar nach raibh deis ag pobal na Gaeltachta féin an oiliúint a bheadh riachtanach do phostanna ard-bhainistíochta a fháil. Tá sé tábhachtach go leanfadh an tÚdarás nó Roinn na Gaeltachta nó rannóg Stáit eigin eile lena chinntiú go mbeifí in ann cúrsaí oiliúna a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus tá go leor lads óga agus cailíní óga ar fud na Gaeltachta a bheadh go maith in ann postanna ard bhainistíochta a bhaint amach dá gcuirfí an oiliúint ar fáil dóibh.

Sula gcríochnóidh mé, bhí rud amháin i bpáipéar laethúil—sílim gur iScéala Éireann a bhí sé—an tseachtain seo caite faoi chóras Radio na Gaeltachta. Chuir sé an-imní oraimse agus ar go leor daoine eile sa Ghaeltacht. Tá a fhios agam nach Aire na Gaeltachta atá freagrach as Radio na Gaeltachta, ach cloisimid ar fad chuile lá san nuacht go bhfuil deacrachtaí móra airgid ag Radio Teilifís Éireann, agus do bhí sé mar pholasaí, cosúil leis an eagraíocht sin i gcónai nuair a bhí deacrachtaí airgid acu, Radio na Gaeltachta a cheannsú agus airgead a bhí curtha ar fáil nó a bhí le cur ar fáil dó, a ghearradh siar. Tá sé ráite ag duine éigin i Radio Teilifís Éireann go mb'fhéidir go bhféadfaidís Radio na Gaeltachta a bhrú amach as an eagraíocht lárnach agus é a thabhairt do eagraíocht éigin eile Stáit. Níl a fhios agam an rachadh sin chun socair nó chun dochair do Radio na Gaeltachta. Tá a fhios agam aon rud amháin, nach ceart go dtabharfaí an cead sin do eagraíocht RTE agus tá mé ag iarraidh ar an Aire a chur ina luí ar a chomhleacaí, an tAire Poist agus Telegrafa, nach ngearrfar siar ar an airgead——

Ni folair cur isteach ar an ndióspóireacht anois. An bhfuil an cheist aontaithe?

——atá ar fáil do Radio na Gaeltachta de bharr na deacrachtaí atá ag RTÉ.

(Cur isteach.)

Creidim go bhfuil an rud sin ar bun ag RTÉ agus tá súil agam go ndéanfaidh an tAire gach dícheall nach n-éireoidh leis.

Cuireadh agus aontaíodh an Vóta.

Vote put and agreed to.
Barr
Roinn