Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 16 Dec 1981

Vol. 331 No. 11

Written Answers. - Portaigh i gConamara.

143. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil fhios aige go bhfuil éileamh láidir déanta ag Muintir Chonamara Theas chun na portaigh i mBothbhrochain agus i gClochar na Lara a fháil dóibh féin agus céard atá i gceist aige a dhéanamh i dtaobh éileamh na ndaoine sa chás seo.

Níl baint agamsa leis na cúrsaí sin ach, más amhlaidh atá fadhbanna le portaigh de chuid Údarás na Gaeltachta, ba mhaith liom go réiteodh an tÚdarás féin iad.

Barr
Roinn