Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Jul 1982

Vol. 337 No. 6

Private Members' Business. - Údarás na Gaeltachta: Tairiscint (Atógáil).

Tairgeadh an tairscint seo leanas Dé Máirt, 6 Iúil:
"Go n-iarrann Dáil Éireann ar an Rialtas fiosrúchán breithiúnach a bhunú, mar ábhar práinne, maidir leis an modh ina ndearna Údarás na Gaeltachta agus a fhoireann a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi fhorálacha an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979.
That Dáil Éireann calls upon the Government to establish as a matter of urgency, a judicial inquiry into the manner in which Údarás na Gaeltachta and its staff have carried out its functions under the provisions of the Údarás na Gaeltachta Act, 1979."
—(Deputy Kenny.)
Atógadh leasú a. 1:
a.1. Go scriosfar na focail go léir i ndiaidh "Go" agus go gcuirfear na focail seo a leanas ina n-ionad:
"ndearbhaíonn Dáil Éireann, mar gur léir di gur gá leanacht le tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí agus lena bhforbairt agus gur cás léi an phoiblíocht le gairid faoi oibriú Údarás na Gaeltachta, go bhfuil sé caothúil go ndéanfadh an Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú ar ghnóthaí Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne agus go ndéanfadh sé moltaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú Údarás na Gaeltachta.
—(Aire na Gaeltachta.)

Tá aithbhéal orm go bhfuil mé mall agus táim buíoch gur thug Pairtí na nOibrí am dom teacht isteach. Aréir, bhí mé ag tagairt do íocaíochtaí £150,000 do chomhlacht i gContae Chorcaigh a bhí i dtrioblóid ag an am, agus fios maith ag an Údarás go raibh an comhlacht i dtrioblóid, fios maith acu nach bhféadfadh an comhlacht na coinníolacha a bhain leis an íocaíocht sin a chomhlíonadh. Mar sin féin, rinneadh an íocaíocht.

Ba mhaith liom tagairt an-ghearr a dhéanamh do litir a fuair mé i ndeireadh Mí Eanáir, litir atá faoi scrúdú faoi láthair ag an Garda. Sa litir sin tá a lán rudaí curtha i leith comhlachtaí faoi leith, agus nuair a chonaic an Rialtas ag an am iad rinneadh cinneadh go mba cheart iad a thabhairt don Gharda le scrúdú a dhéanamh orthu. Chomh fada agus is eol dom, tá an scrúdú sin ar siúl go fóill.

I wish to raise a few more matters in the short time left to me. The Irish Times carried an article headed “T.D. Sat on (File) for Months”. That was on 30 June. When one considers the time factor in all this, that the information I had received was given to me on 5 February in the middle of a general election campaign, and that the new Government took over on 9 March, I suggest a more appropriate heading would have been “T.D. Sat on (File) for Days”, not months. The author of the article obviously had been given information from inside the Údarás relating to the allegations I made at that time.

Much of what I said was borne out in one case and the author had the courtesy to point out that payments of PAYE and PRSI which had been in arrears by the company, were being paid at the insistence of Údarás na Gaeltachta at the rate of £5,000 per month.

The article also referred to me having changed my stance, that I began to talk later about an interdepartmental committee. At no time did I mention an investigation by an interdepartmental committee, good, bad or indifferent. How this piece of concoction arose I do not know, but I refute it.

I also wish to refute the allegation that all these matters have already been cleared up within the Údarás. At the time I referred to an internal audit signed by an auditor within the Údarás stating that all financial control had broken down in this company. In this article it was stated that the matter was referred to an independent company of accountants. What I am saying now is that the independence of that company must be in some doubt as some of the people involved in that company have other dealings with the Údarás.

I would also like to refer to a company known as ABM, Rosmuc, County Galway, which was closed in April 1980. But, despite that, the workers in that factory were paid their weekly wage right through the year 1980 up to the end of that year under the heading of a retraining grant. It so happens that the factory was closed and that no form of retraining took place during that eight or nine month period. Yet money was paid under that heading.

Cathain a tharla sé sin?

1980 i ABM Rosmuc. I would also like to refer to machinery grants. I sought to raise this matter with the Údarás at the time because I felt that the payment of machinery grants in certain cases gave rise to abuse because the conditions under which such grants ought to be paid were not being fulfilled. For example, the machinery grants in respect of things like tractors and other heavier machinery were to be paid to contractors who would carry out work on behalf of their neighbours and so on and these grants were given to people who were never involved in contracting work and whose documentary proof at application time was such that it left a lot to be desired. In fact in some cases there was very scant evidence of any bookkeeping on the part of the applicants. These grants, some of them substantial grants, were given to people who were non-contractors. In fact in one case a prominent member of the Údarás itself sought to have such grant paid to a person who lived outside the Gaeltacht and who was an employee in a full-time capacity of the person who was sitting on the board of Údarás na Gaeltachta.

These are the kinds of things which brought me into this House and which have me saying the things I am saying. It gives me no pleasure to say this. The Minister has made certain proposals. What the Minister is dealing with is the future of the Údarás and its future activities and I accept that and I am sure he accepts that. What I am saying to him is that with the best will in the world he will have the utmost difficulty in implementing the worth-while proposals he is making without the goodwill and the full co-operation of the Údarás. He knows that as well as I do.

Nach gceapann an Teachta go bhfuil siad sin agam?

Ní dóigh liom go mba cheart don Aire, nó do aon Aire, bheith ag brath ar chomhoibriú mar sin — ba chóir go mbeadh tacaíocht aige chun an rud atá ag teastáil a dhéanamh.

Aontaím leis an Teachta.

Má aontaíonn an tAire liom, mar sin níl le déanamh aige ach an tAcht a leasú le cumhacht a thabhairt don Aire na rudaí atá ar intinn aige a dhéanamh. Only yesterday did the Minister have a reaction from the present members of the Údarás to his suggestions. I have no doubt that the Minister will correct me if I am wrong. The Minister gave the impression last night in this House, or at least my interpretation of what the Minister said was that he came to the conclusion he came to and formulated the proposals he formulated after a long series of consultations with the Údarás. My information is that the Minister had two short meetings with the board of Údarás na Gaeltachta and that the long consultations he refers to possibly took place with the executive of Údarás na Gaeltachta.

The Deputy has two minutes left.

Is é dúirt mé inná go bhfuil mo dhícheall déanta agam lena dheimhiú go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir. Dúirt mé go mba cheart go mbeadh deis ag an Udarás luí isteach ar an obair arís.

Is é an rud atá le rá agamsa ná gurb éigean go mbeidh an comhoibriú atá an tAire ag súil leis le fáil aige ó bhaill tofa an Údaráis toisc go gceapann siadsan go ndeachaidh an tAire thar a gcloigeann agus go ndearna sé socruithe le daoine — ní baill tofa den Údarás nó baill de bhord an Údaráis — daoine atá ar fáil ag an Údarás, daoine a bhí istigh ar na cainteanna a bhí ag an Aire leis an Údarás, má bhí sé i gcainteanna leo.

In those circumstances I do not think the Minister can expect the kind of co-operation that he seeks and which he will need to perform in the way in which he expects the Údarás to perform. In the light of all I have said——

Dúirt mé go bhfuil mé ag súil go mbeidh an comhoibriú agam.

Tá a fhios go bhfuil an tAire ag súil, but surely, to sit down in Dáil Éireann and say he will be "ag súil leis" is just not good enough in these circumstances? Again we are talking about the future operation of Údarás na Gaeltachta. What this motion is about is their past activities which is a different thing.

I understand from what the Minister said last night that he is prepared to go some distance towards meeting the demands made by us in relation to an inquiry into the activities of the Údarás. What I am saying is I welcome the distance the Minister has come towards us in that line. But I put it to him that unless he is prepared to go some little bit further and take into his own hands the means and wherewithal so that he can implement what he proposes, which is the absolute minimum that any Minister would seek, we will have to press ahead with our demand for a judicial inquiry.

I would also like to get clarification on the outcome of an inquiry by the Joint Committee on State-Sponsored Bodies. To whom do this committee report? If they establish that there was corruption, can they refer their findings to the DPP or are they confined to reporting to this House? These are matters which ought to be clarified because the occasion may arise. The whole question depends on how far the Minister is prepared to go. I do not want to be accused of seeking a pound of flesh. I am not bloody minded in this matter.

Tá mé ag iarraidh, mar a dúirt mé cheana, an oiread agus is féidir a dhéanamh comhoibriú leis an Aire. Tá mé ag iarraidh sin ar son muintir na Gaeltachta agus ar son na hoibre atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta. Mar a dúirt mé cheana, ní chuireann sé pioc áthais ormsa seasamh anseo agus na rudaí seo a rá. Tá súil agam go mbeidh deireadh leis an obair seo sar i bhfad agus go mbeidh chuile thaobh den Teach seo sásta glacadh leis an cinneadh atá déanta. Ach muna mbeidh an tAire sásta teacht ar an dá bhóthar, bóthar an Achta agus an bóthar atá á mholadh aige féin, ní dóigh liom gur féidir linn géilleadh dó.

Ba mhaith liom á rá ar dtús gurb é an príomh pointe sa díospóireacht seo aréir agus anocht ná an saghas fiosruithe ba chóir a chur ar fáil i leith imeachtaí Udarás na Gaeltachta agus níl sé i gceist an cóir nó nach cóir an fiosrú sin a dhéanamh. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé féin agus mo pháirtí i bhfabhar Údarás láidir daonlathach saor ó pholaitíocht agus ó pháirtíocht. Ar eagla go bhfuil míthuiscint ann, is mian liom a rá nach bhfulimid in aghaidh na Gaeilge nó in aghaidh na Gaeltachta. A mhalairt ar fad atá i gceist.

Tá sé ráite agam cheana, agus deirim aris é, nach aontaím le monarchana a chur ar bun in áiteanna nach bhfuil fiú aon tseans acu. Tá géarghá le plean forbartha ceart do na réimsí eagsúla a bhaineann le saol na Gaeltachta agus ag cur san áireamh oideachas le béim ar an saol teicneolaíochta, talmhaíochta, iascaireachta agus forbairt chalafort, seirbhísí mar bhóithre, séarachas, uisce agus teileafón. Go dtí go dtugtar faoi na rudaí seo is beag seans atá ag tionsclaíocht dul chun cinn a dhéanamh sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh béim faoi leith ar achmhainní nádúrtha na háite mar iascaireacht, talmhaíocht agus feirmeoireacht éisc. Mar a cheapann Udarás na Gaeltachta féin faoi láthair, tá job do-dhéanta caite chucu. Chomh maith le sin tá brú polaitíochta á chur orthu cabhrú le tacaíocht costasach pé páirtí a bhíonn i gcumhacht. Ba mhaith liom go ndéanfaí fiosrú poibli ar obair Údarás na Gaeltachta féachaint an bhféadfaí cabhrú leo job níos fearr agus níos eiféachtúla a dhéanamh. Ba mhaith liom go bpléfí pleanáil forbairt agus na cumhachtaí a theastódh ón Údarás i dtreo is go ndéanfaí forbairt ar bhonn réadúil cuimsitheach.

The point of this discussion is not whether there should be an inquiry. That battle has already been fought and won. The Minister declared on taking office that there was no need for an inquiry. Subsequently he said he was not convinced of the need for an inquiry but that he was prepared to try to put things right. Now he is willing to admit that there may be something wrong and that an inquiry is needed. What we are trying to decide in this debate is whether this would best be achieved by a judicial inquiry or by an examination carried out by the Joint Committee on State-Sponsored Bodies.

It is agreed by all in this House that the language and the Gaeltacht are an important part of our culture and should be assisted. Despite the fact that this has been the policy of various Governments throughout more than 50 years, the Gaeltacht has continued to decline and the language has continued to die. During the past ten or 12 years £100 million has been lost through investments in enterprises which were not merely lame ducks but dead ducks. The control and the policy formation of the Údurás has been lacking. We have not at any time implied that the staff were in any way misappropriating this money. We consider that it was a question of mismanagement and miscalculation, simply an over-enthuasism to show that some progress was being made. While this was being done the language was dying and the Gaeltacht was shrinking.

The Workers' Party were criticised recently because we refused to support an attempt by Fine Gael to defeat the Gaeltacht Estimate. It was said that if we had supported Fine Gael we would have been doing something for the people of the Gaelatacht and would have been voting in favour of an inquiry. We rejected that line of argument. An attempt was being made to use the people of the Gaeltacht as a political football at a time when Fine Gael were looking for an opportunity to embarrass the Government. We rejected that attempt because to defeat the Estimate would have been to cause hardship to the people of the Gaeltacht, something we are supposed to be trying to avoid and something which the Department of the Gaeltacht were established to prevent.

We must decide whether a judicial inquiry or examination by the Joint Committee on State-Sponsored Bodies is the best course. The Fine Gael Deputies who have spoken have not indicated the advantages of a judicial inquiry over the latter. I am inclined to lean towards the Government's proposal because it appears that a judicial inquiry would be very costly and could take a long time to establish. In the meantime the Údarás must continue to function. Perhaps the Joint Committee on State-Sponsored Bodies could investigate the operation of the Údarás more effectively and efficiently and without causing the disruption which an official inquiry might cause. I would ask speakers who follow me to indicate what they see as the advantages or disadvantages of the two possible forms of inquiry. If the Labour Party and the Fine Gael Party are willing to accept the Minister's proposal for an examination by the Joint Committee, we are willing to agree with that, given whatever information we receive on the merits or otherwise of that course.

There is an urgency about this matter. Discussions as to whether there have been malpractices or mismanagement of the Údarás companies and functions have gone on too long. We have been raising the matter since 1977, which is five years. It is only in the past week, however, that the Government have agreed that something needs to be looked into. Whatever judicial system we decide on tonight, or whether it be the responsibility of the Joint Committee on State-Sponsored Bodies, it must be got under way within the next few weeks, if untold and irreparable harm is not be be done to the Gaeltachtaí.

Ar an gcéad dul síos, tá súil agam nach gceapfaidh éinne go bhfuilim siniciúil nuair adeirim gur labhraíodh níos mó Gaeilge an mhí seo sa Dháil ná ar labhraíodh le fada, agus is maith an rud sin. Tá díomá orm féin go gcaithfimid cúrsaí na Gaeltachta a phlé sna téarmaí seo, ach ag an am chéanna, táim sásta glacadh go bhfuil gach duine i ndáiríre faoin méid adúirt siad san díospóireacht seo go dtí an t-am seo. Is é mo thuairim gurb é an toradh is fearr a thiocfaidh as ná go mbeimid d'aon guth faoi chursaí na Gaeltachta agus faoi chúrsaí an Údaráis amach anseo.

Ón am a bunaíodh an Stát, glac Teachtaí Dála le chuile shórt dearcadh polaitíochta go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an teanga agus go háirithe go raibh tábhacht ag baint leis na Gaeltachtaí éagsúla. Ón chéad lá san Dáil, ghlac Teachtaí leis an cúram speisialta a bhí orthu rud fiúntach a dhéanamh i leith na Gaeilge agus i leith na nGaeltachtaí. Caithfidh mé mo thuairimí pearsanta a nochtadh ar an gcéad dul síos, is é sin, go gcuireann sé iontas orm i gcónaí an méid tuarascálacha atá curtha i gcló faoi chúrsaí Ghaeilge agus Gaeltachtaí agus, ag an am chéanna, an chaoi ina bhfuilimid ag teip aon dul chun cinn fiúntacht a dhéanamh — nílim ag caitheamh anuas ar aon mhaitheas atá bainte amach, ach ag an am chéanna tá gá le polasaí níos éifeachtaí chun na fadhbanna atá sna Gaeltachtaí a shárú.

Ar 4 Márta 1925, scríobh Uachtarán an Executive a bhí ann ag an am, an tUasal Mac Cosgair, go dtí General Mulcahy agus leag sé síos bun-téarmaí an chéad iniúcadh a déanadh ar chúrsaí Ghaeltachta. On am sin, cuireadh ar bun an chéad Coimisiún um Chúrsaí Ghaeltachta. Ceapaim gur iontach an méid a mhol an tuarascáil sin. Is suimiúil a choimeád i gcuimhne i gcónaí gur chuir an coimisiún an tuarascáil i gcló, agus an tsuim go léir a bhí ag baint leis, leis na costais chlódóireachta na £625. Caitheadh a lán airgid ó 1925 ar thuarascálacha éagsúla faoi chúrsaí Ghaeilge agus Gaeltachta. Cuirfeadh sé iontas ar éinne an fiúntas atá ag baint leis na moltaí a cuireadh os cómhair an phobail i 1925, mar shampla, cúrsaí talmhaíochta. Ar alt 134 den tuarascáil, chuir siad moladh os comhair na Dála i leith cúrsaí tréidliachta, mar shampla, veterinary services:

It is urged upon the Commission by different witnesses that very serious loss occurs throughout the Gaeltacht through disease and death of farm stock, including poultry. The Commission is convinced that this is so and recommends the assistance of local veterinary services.

That a system of local veterinary services, including dispensaries be established. A veterinary surgeon should be located as centrally as possible in suitable districts and his services given entirely free to any bona fide land holder or cottager the total valuation of whose holding does not exceed £10. He should give similar services on a graduated scale of charges to land holders whose total valuation exceeds £10.

I 1975 chuala mé an moladh sin ó dhuine a bhí i ndáiríre faoin Ghaeltacht, vet óg, agus cheap mé go raibh mé ag éisteacht don chéad uair le moladh maith, ach bhí sé ann agus i gcló ó 1925.

Má léann éinne na moltaí éagsúla a cuireadh os comhair an phobail ag an am, tuigfidh sé chomh leathan is a bhí na moltaí éagsúla. Níor bhain siad amháin le cúrsaí talmhaíochta: bhain siad le cúrsaí tionsclaíochta agus mar sin, mar shampla, cúrsaí margaíochta éisc, an tábhacht agus na buntáistí a bhí ag baint le brand name a bheith ann maidir le díol scadán. Mar adúirt mé, is iontach an chiall atá ag baint leis na moltaí sin. Bhíodar an-ionraiciúl ar fad faoi na deacrachtaí a bhí ann ar leibhéal teanga agus ar leibhéal cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta agus an tábhacht a bhí ag baint leo, gan na ghnáth-gnéithe a mheascadh suas le chéile. In alt 2 ar leathanach 3 den tuarsacáil a luaigh mé, dúirt Liam Mac Cogair ina litir go dtí General Mulcahy:

We recognise the facts and the factors that have militated in the past and, by force of continuity, still militate in large part against the very existence of the Irish language; its exclusion from most of the activities of public life, from court and bar and business, its exclusion for generations from nearly all our schools, how it fell under a kind of social ban and became, in the minds of many, a badge of poverty and backwardness. The neglect and contempt, the ignominy and the abuse to which it has been subjected are a part of our tragic history. These very things and their unfortunate effects, instead of infecting us with their spirit and making us also contemptuous and apathetic ought rightly to enliven our purpose to undo the damage of the past, the more so because the possession of a cultivated national language is known by every people who has it to be a secure guarantee of the national future. Our language has been waylaid, beaten and robbed and left for dead by the wayside and we have to ask ourselves is it to be allowed to lie there, or if we are to heal its wounds, place it in safety and under proper case and have it restored to health and vigour?

On am sin ar aghaidh, cuireadh a lán tuarascálacha i gcló, tuarascálacha éagsúla a raibh téarmaí tagartha éagsúla acu, mar shampla, is féidir tuarascáil Chomisiúin um Athbheochain na Gaeilge, 1963, a lua a dhírigh ar chúrsaí ceart. Is féidir Gníomh don Ghaeltacht a cuireadh i gcló i 1971 a lua.

An rud a chuireann íontas orm, agus deirim arís é, an chaoi ina rabhamar ag tosnú an t-am go léir. Idir na blianta 1926 agus 1971, cailleadh an chuid is mó de dhaonra na ndaoine óga, go háirithe iad san faoi bhun 30 bhliain d'aois. Tháining meath ar bunstructúr na Gaeltachta, ar na scoileanna, ar na tithe agus ar an saol sóisialta. Gan dabht ar bith, is féidir a rá go raibh an imirce ar cheann des na galair is measa a bhrú riamh ar mhuintir na hÉireann. Is muintir na Gaeltachta a d'fhulaing an galar sin i bhfad níos measa ná aon dream eile san oileán seo. Táim ag déanamh tagartha do chúrsaí mar seo chun an cás a dhéanamh go gcaithfimid aon rud atá ann sa Ghaeltacht a chothbháil agus a fheabhsú. Dírím meon an Tí seo ar an méid a dúirt Liam Mac Cosgair i 1925 go gcaithfimid foghlaim as na botúin atá thart, go gcaithfimid tús nua b'fhéidir a dhéanamh agus sin an fáth go mbeadh feabhas iontach agus toradh maith ag baint leis más féidir linn bheith ar aon ghuth ag deireadh na hoibre anocht. Tá Teachtaí ar chuile thaobh den Teach seo sásta glacadh leis go dtarlaíonn a leithéid i dtaobh comhlachtaí eile de ghnáth. Tarlaíonn sin go minic. Táim sásta nach bhfuil siad, b'fhéidir, ag cómhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Companies Act. Glacaim go bhfuil cás ann, b'fhéidir, ceisteanna a fhreagairt i dtaobh sin, ach tar éis sin a rá, caithfidh mé filleadh i gcónaí don bhuncheist atá agam, is é sin, an bhfuilimid ar leas na Gaeltachta nó an Ghaeilge muna gcuirimid fiosrúchán breithiúnach ar siúl?

Dúirt daoine atá i bhfogus dom go bhfuil amhras ar an phobail i leith cúrsaí an Údaráis, go bhfuil ceisteanna ann futhu agus go mba cheart na ceisteanna sin a fhreagairt. Im thuairim féin, tá costas mór ag baint le fiosrúchán den tsórt sin. Ag an am chéanna, bhí gach seans ag na polaiteoirí ceisteanna a chur. Caithimid rogha a dhéanamh idir fiosrúchán breithiúnach agus fiósrúchán ag an chomhchoiste. B'fhéidir go mba cheart dúinn ar an gcéad dul síos ceisteanna a chur ar an Aire, agus tiocfaidh mé ar ais air sin. Dúirt an Teachta Kenny nach mbeidh buntáiste ag baint le fíosrúchán an chomhchoiste mar nach féidir leis an fiosrúchán sin a bheith ann go dtí an fomhar. Iarraim ar an Aire an féidir linn na cruinnithe den chomhchoiste a bheith againn roimh deireadh na míosa seo? An féidir linn na baill den chomhchoiste a cheapadh, an Cathaoirleach a cheapadh agus glacadh leis go mbeidh cúrsaí Údarás na Gaeltachta ar an chlár acu taobh istigh de mhí?

Más féidir leis an Aire geallúint mar sin a thabhairt dúinn, athríonn sé an argóint i bhfábhar fiosrúcháin sa chomhchoiste. Chomh maith le sin tá a lán den fhírinne ag baint leis an méid a bhí le rá ag an dara Teachta a labhair ar son Fhine Gael sa Teach anocht, i dtaobh cumhachtaí an Aire i leith cúrsaí na nGaeltachtaí. An chaoi is fearr chun an cheist sin a réiteach, sílim, ná más féidir leis an chomhchoiste cruinniú a bheith acu taobh istigh de chúpla seachtain. Más féidir, bheadh siad in ann a gcéad tuarascáil, nó réamhthuarascáil a bheith os comhair na Dála acu taobh istigh de chúpla mí. Bheadh a lán buntáistí ag baint leis sin.

Ansin, nuair thagaimid ar ais sa bhfómhar b'fhéidir go mbeidh reamhthuarascáil, preliminary report, againn taobh istigh de achar beag. Bheadh ciall ag baint le sin. Bheadh an comhchoiste in ann a gceisteanna a dhíriú ar chúrsaí an Tí. Má tá gá leis an mbun-Acht a leasú tar éis sin, bheadh an comhchoiste in ann díriú ar an cheist sin agus bheadh Teachtaí in ann an díospóireacht a dhéanamh faoi na leasuithe ba chóir a ghlacadh.

Sa méid atá le rá agam táim ag iarraidh aontas a bhaint amach faoi chúrsaí an Údaráis Fillfidh mé anois ar an bhuncheist. Tá cúrsaí dífhostaíochta go dona ar fud na tíre. Sa Ghaeltacht táimid ag cailliúint postanna go fairsing agus má ghlactar gurb é céad aidhm eagraisí forbartha ar bith fostaíocht a chur ar fáil, caithfidh siad bheith saor chun tionsclaíocht a lorg thar lear agus tionsclóirí a mhealladh chun tionscail a bhunadh. Tá súil agam go mbeidh seans againn sa Teach structúir bhunúsacha an Údaráis a phlé nuair a thiocfaidh an tuarascáil ar ais ón chomhchoiste. Ar an ábhar sin, ba cheart dúinn na bunstructúir sin a phlé anseo.

Is é mo thuairimse, agus mé ag iarraidh rogha a dhéanamh idir fhiosrúchán breithiúnach agus fiosrúchán sa chomhchoiste, nach mbeadh ámhras ar éinne tar éis fhiosrúchán bhreithiúnach a chur i ngnó, ach chuirfeadh fiosrúchán den tsórt sin stop le obair an Údaráis agus bheadh gnáth-mhuintir na Gaeltachta níos measa as. Chomh maith le sin, bheadh costas ag baint leis agus ní bheadh aon dualgas ar an bhfiosrúchán moltaí a dhéanamh chun forbairt na Gaeltachta. Ar an lámh eile, b'fhéidir leis an chomhchoiste airgead a chaitheamh chun saothar taighde, mar a dhéanann siad, mar shampla, ar structúir éagusla in eagraisí forbartha ar fud na hEorpa. Bheadh an comhchoiste in ann moltaí a chur os ár gcomhair agus bheadh seans againn léarmheas a dhéanamh ar na moltaí sin. Chomh maith le sin, na ceisteanna i dtaobh an Údaráis, cuireadh iad ó pholaiteoirí agus ba cheart go mbeadh seans ag na polaiteoirí féachaint isteach iontu agus ceisteanna a chur ar bhaill den Údarás. Bheadh sé sin i bhfad níos fearr ná dlíodóirí a bheith ag tuilleadh airgid uafásach as an rud go léir.

Caithfidh mé rud amháin ar mo shon féin a dhéanamh soiléir agus iarr aim ar lucht an Phreasa bheith an-soiléir faoi seo. Cúpla mí ó shin cuireadh alt í gcló faoin teideal "Caimiléireacht san Údarás" agus pictiúr dom féin faoi bhun an teidil sin. Chuir mé ceartúchán amach agus cuireadh i gcló an ceartúchán sin san pháipéar céanna agus dúirt mé nár bhain mé úsáid riamh — agus níl mé ag baint usáid as anois — as an téarma seo "caimiléireacht".

Deirim arís an méid a dúirt mé ag an am agus tá sé tábhachtach. Má tá tú chun eagraíocht a bhunadh chun cúram na forbartha a thógaint san Ghaeltacht caithfidh tú ligean don eagraíocht sin i gcúrsaí riaracháin bheith saor ó aon chur isteach ó na polaiteoirí. Dúirt mé go raibh deacrachtaí ann i gcónaí ón chéad uair a bunaíodh an tUdarás. Bhí trí ghnéithe meascaithe suas le chéile a ba cheart dúinn a choinneail óna chéile. Ceann acu an gné pholasaí. Glacaim go hiomlán go mba cheart do muintir na Gaeltachta seans a bheith acu i gceapacháin pholasaithe. Tar éis sin a dhéanamh má ghlacann tú, mar shampla, le straitéis agus go bhfuil an tionsclaíocht, an talmhaíocht agus seirbhísí mar chuid de, caithfidh tú i ngnáth riaracháin an pholasaí sin an seans a thabhairt do na hoifigigh lán-aimseartha den Údarás na polasaithe sin a chur i gcrích.

Dúirt mé go raibh an iomarca cur isteach ag an ghné pholaitíochta den Údarás ar an ghné riaracháin. Deirim é seo arís anocht — agus tá súil agam go mbeidh seans agam filleadh ar an téama seo — go gceapaim go bhfuil laige mór ag baint leis an Údarás. Impim ar an Aire é seo a mheabhrú nuair a bheidh an plean eacnamaíochta ar leibhéal náisiúnta á phlé san Teach seo. Táimid ag déanamh iarracht rud a dhéanamh nach bhfuil aon tír eile ag déanamh agus ba cheart go mbeadh, ní amháin plean ann ar leibhéal náisiúnta ach plean réigiúnach ann. Tá mé ag rá arís agus arís eile nach féidir leat aon pholasaí fiúntach i leith na Gaeltachta a chur i gcrích ach amháin i gcomhthéasc pleanáil réigiúnach. Má ghlactar le sin tá mé sásta níos mó cumhachtaí a thabhairt don Údarás ná mar atá acu faoi láthair. Níl aon mhaitheas bheith ag cur an chúraim ar an Údarás dífhostaíocht a leigheas agus postanna a chur ar fáil agus gan na háiseanna acu é sin a dhéanamh. Nuair a thosnaigh Gaeltarra bhí buntáistí ag Gaeltarra thar an IDA. Níl na buntáistí atá ag an Údarás anois i gcomparáid leis an IDA, ach táimid ag iarraidh ar an Údarás go minic an tionsclaiocht céanna a chur ar fáil i gcoinníollacha i bhfad níos deacra ná aon áit eile san tír. Caithfidh Teachtaí bheith sásta a n-aghaidh a dhíriú ar na constaicí sin agus bheith sásta, más gá leis, níos mó cumhachtaí a thabhairt don Údarás.

Ar deireadh na díospóireachta seo anocht i leith an Údaráis, tá mé ag súil go mbeimid d'aonghuth go bhfuil gá le fiosrúchán ar céard atá tar éis tarlú agus go ndíreófar an fiosrúchán ar cérb é an polasaí is ceart a bheith ag an Údarás amach anseo, agus tar éis sin go mbeadh misneach ag iadsan atá ag obair don Údarás. Nuair atáimid ag caint faoi na daoine atá ag obair do Údarás na Gaeltachta caithimid cuimhniú gur iontach an méid daoine a thugann cúl le bheith ag obair san chuid phríobháideach den chóras eacnamaíochta agus atá sásta glacadh leis an dúshlán bheith in a seirbhísigh phoiblí. Smaoinímis ar na daoine atá sásta ní hé amháin sin a dhéanamh ach an Ghaeilge a úsáid chuile lá i bhforbairt na hEireann agus ar son na daoine atá ag iarraidh an teanga a choinneáil beo. Ba cheart go mbeimís an-mhórálach as na hoifigigh sin. Tá súil agam go mbeidh níos mó misnigh acu taréis anocht; go mbeidh siad in ann a rá go bhfuil gach duine i nDáil Éireann sásta gnáth-uirlísí an Stáit a úsáid chun iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí an Údaráis agus gur féidir leo leanúint leis an obair atá le déanamh ag súil go dtiocfaidh rud fiúntach as. Mar shampla, mar a dúirt mé, tá laige ann i leith an chaoi in a measctar suas cúrsaí riaracháin, cúrsaí polaitíochta, cúrsaí eacnamaíochta agus chomh maith le sin tá an polasaí tionsclaíochta an-chúng ar fad.

Dúirt an Teachta De Rossa agus is minic a dúirt mé féin go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá gcuirfí jobanna san Ghaeltacht ar siúl ar rátaí níos moille dá mba rud é go raibh siad ar bhonn níos fearr. Mar aon uair a theipeann ar aon rud i réigiún lag i dtír ar bith éalaíonn ráflaí mórthimpeall nach bhfuil chun éirí leis i gcúrsaí tionsclaíochta. Mar shampla, theip ar chúpla crainn san 19ú aois agus tá daoine ag rá beagnach inniu nach féidir leat crainn a chur i gConamara. Tá rud éigin ag tarlú faoi chúrsaí tionsclaíochta agus tá seans iontach againn ach amháin bheith sásta pleanáil i gceart agus úsáid a bhaint as fionntraíocht Stáit, cur i gcás, structúr ceart tionsclaíochta a bhunadh sa Ghaeltacht ar acmhainní nádúrtha. Ba cheart bheith dóchasach i gcónaí i gcúrsaí mar seo. Tá daonra nua sa Ghaeltacht. Tá daoine óga ann. Is féidir seans nach raibh ann riamh cheana a thabhairt dóibh. Mar shampla, ní raibh aon eolas againn faoi chúrsaí feirmeoireachta éisc deich mbliain ó shin. Tá eolas againn anois agus is féidir linn torthaí iontacha a bhaint amach ar son an daonra ach cur faoi.

Ba cheart dúinn an fiosrúchán a chur ar siúl agus na cúrsaí go bhfuil amhras ag an bpobal futhu a scrúdú chun deireadh a chur leis an amhras trí fhreagraí a thabhairt ar na ceisteanna go poiblí, le ceart agus go rialta. Dá réir sin impím ar an Aire glacadh leis an moladh atá déanta againn, is é sin, freagra a thabhairt ar an argóint sin atá déanta ag an Teachta Kenny — más rud é go nglacaimid leis an leasú — go mbeidh moill ag baint leis an chomhcoiste. Más féidir le urlabhraí ar son Fhianna Fháil glacadh leis an moladh go mbeidh an comhchoiste ann, go mbeidh cruinniú againn, go mbeidh na baill ceapaithe agus an cathaoirleach tofa agus an tÚdarás ar an chlár, ceapaim go mbeidh a lán de na hargóintí freagraithe ag an bpointe sin. Chomh maith le sin, tar éis b'fhédiir don chéad réamh-thuarascáil teacht isteach, tar éis argóintí a chloisteáil agus argóintí a phlé, má tá gá le haon leasú don Acht go bunúsach a bhaineas leis an Údarás, mar shampla, chun aidhmeanna an Aire féin a bhaint amach, tá súil agam go mbeidh an tAire sásta glacadh leis an moladh sin nó aon leasú eile a bheidh riachtanach.

Mar a dúirt mé nuair a thosaigh mé, is maith an rud é go bhfuil suim chomh mór sa Teach seo i gcúrsaí Gaeilge agus na Gaeltachtaí. Tá súil agam go leanfar leis an suim sin san am atá le teacht.

Tá rud eile fós, agus iarraim ar an Aire rud éigin a dhéanamh faoi. Is é sin an chaoi ina measctar polasaí teanga agus polasaí eacnamíochta agus sóisialta. Nuair a bhíomar ag plé an Mheastacháin do Roinn na Galetachta, dúirt mé nach raibh ciall ar bith ag baint leis na cuspóirí sin a mheascadh. Mar shampla, má tá daoine sásta filleadh don Ghaeltacht lena gclann a bhunadh ann agus teagasc a thabhairt dóibh sna limistéir Ghaeltachta, agus má tá tithe ag teastáil uathu, tá sé tábhactach cabhair a thabhairt dóibh agus gan bheith ag cur ceisteanna orthu i dtaobh chomh líofa is atá na páistí, agus mar sin. Níl sé ceart go leanfaí leis an sean-tuairimíocht sin, ag meascadh suas cúrsaí teanga le cúrsaí sóisialta agus eacnamíochta. Tá sé sin ag cur i gcoinne muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Nuair a tháinig mise go Gaillimh an chéad uair scór bliain ó shin ní raibh seans agam go dtí an t-am sin Gaeilge a chloisteáil riamh roimhe. Tá an Ghaeilge ag teacht ar ais anois, agus is é mo thuairim go bhfuil a lán daoine ar fud na tíre sásta rud breise a dhéanamh ar son na teanga. Ach maidin Dé Sathairn tagann bean suas liom agus deireann sí: "Ní raibh an cigire sásta leis an Ghaeilge a bhí ag mo mhac óg. Tá sé cúthaileach, níl sé in ann an Ghaeilge a labhairt os comhair an chigire", agus mar sin de. Baineann an sean-dearcadh sin le tithe na muc, agus iarraim ar an Aire deireadh a chur leis. Má táimid chun tionsclaíocht a bhunadh sna Gaeltachtaí beidh gá le tithíocht, le bunstructúir, le bóithre, le seirbhísí leictreachais agus mar sin de. Ach más fíor nach bhfuil an t-airgead ag na comhairlí chontae chun na bunstructúir a chur ar fáil, níl aon chiall le bheith ag iarraidh ar Údarás na Gaeltachta tionsclaíocht a chur i gcrích.

Rud eile ar fad isea ceist na teanga. Ní ceart an t-ualach i dtaobh athbheochaint na teanga a chur ar mhuintir na nGaeltachtaí amháin. Bhí orthu sin an t-ualach a ghlacadh le ró-fhada. Níl na daoine sa Ghalltacht sásta a ndóthain a dhéanamh faoi. Tá mé ag cur milleáin ar na daoine sin, daoine a bhfuil i bhfad níos compórdaí sa saol. Tá orthu níos mó a dhéanamh faoin Ghaeilge. Tá níos mó acu ann. An t-easaontas atá idir an Ghaeltacht agus an Ghaeilge ar leibhéal amháin, agus an Ghaeilge san Ghalltacht ar an dtaobh eile, is é atá ciontach faoi go bhfuil an Ghaeilge go neamhfhaiseanta san Ghalltacht. Má chuireann tú ceist orthu i dtaobh an sórt post ba mhaith leo a fháil, deireann siad "Múinteoireacht nó rud mar sin," mar tá sórt stádais ag baint le sin. Ach bhí daoine ann, ar nós Máirtin Ó Cadhain agus Caitlín Maude, a thuig céard a bhí ann, an náisiún Gaelach a bhí briste, muintir na Gaeltachta a bhí briste, an aidhm a bhí ann faoin Ghaeilge a leathnú taobh istigh de na ceárdchumainn agus in áiteanna éagsúla eile sa tír imithe.

Tá mise i bhfábhar sin a dhéanamh agus tá súil agam ag deireadh na diospóireachta seo go mbeidh réim nua ag an Udarás, agus go mbeidh siadsan a ligean orthu go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus i gcúrsaí na Gaeltachta, agus i gcúrsaí caiteachais i leith na Gaeilge agus na nGaeltachtaí, sásta i bhfad níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a thabhairt arais. Ní brionglóid atá ag gabháil liom anseo. Is iontach an méid daoine sa Teach seo, cibé cén páirtí ina bhfuil siad, atá sásta rud éigin a dhéanamh faoin Ghaeilge. Tá súil agam ní hé amháin go mbeimid ag déanamh léirmheasa ar an am atá imithe ach go mbeimid ag ullmhú faoin méid is féidir a dhéanamh san am atá le teacht.

Tá go leor cainte déanta le mí anuas, agus mar adúirt an Teachta Higgins, agus tagaim go hiomlán leis, le blianta fada anuas, ar chúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tháinig mise isteach anseo i ndáiríre aréir agus thuig mé, dáiríre, go mbeadh cás á chur suas ag Páirtí Fhine Gael atá ag moladh an fhiosrúcháin breithiúnaigh seo. Cheap mé go n-inseodh siad don Teach cén chúis leis an moladh seo, cén fáth gur chóir fiosrúchán breithiúnach a cur ar siúl. D'éist mé go géar aréir le beirt chainteoir ó Pháirtí Fhine Gael. D'éist mé leis an Teachta Kenny ag rá gur cuireadh isteach anseo é le gnó áirithe a dhéanamh agus nár chreid sé féin go pearsanta nó go bunúsach san ghnó a chuireadh isteach é lena dhéanamh. Tá a fhios agam nach féidir leis an Teachta sin teacht amach sa Teach go poiblí agus é sin a rá — creidim go láidir go bhfuil an ceart agam ansin.

D'éist mé go suimiúil agus go haireach leis an iar-Aire O'Toole, agus feicim go bhfuil níos mó iar-Airí de chuid na Gaeltachta sa Teach seo ná mar a fheictear de ghnáth de iar-Airí nuair a bhíonn ceisteanna áirithe dá gcuid Aireachtaí á bplé go hiondúil sa Teach. Chuir an Teachta sin an-iontas orm ó tharla gurb é ba chúis le go leor den chaint atá ag dul ar aghaidh le roinnt mí anuas. Beidh mé ag éisteacht nios géire fós leis an Teachta Begley, mar i ndáiríre creidimse gurb eisean an t-aon Ball den Teach a chreideann na rudaí atá á rá amuigh faoin tir, na innuendos, má tá Gaeilge ar an bhfocal mór sin, atá curtha i gcéill ag an Teachta Begley le míonna fada anois, ach ní raibh sé sásta seasamh suas in aon áit agus innsint dúinn cé acu a tugadh airgead an Stáit dóibh.

D'éist mé go géar leis an Teachta Higgins, agus níl dabht ar bith ná gur féidir leis an chomhchoiste teacht le chéile taobh istigh de am áirithe — nil a fhios agam an féidir linn a rá annseo anocht taobh istigh de mhí — mar ceapaim, agus ceapann an tAire, go gcaithfidh PríomhAoirí na bpáirtí éagsúla teacht le chéile ar an gcás go bhféadfaidh an comhchoiste teacht le chéile. Bheadh an tAire agus muid ar fad ag súil go mbrostófaí ar aghaidh leis mar tá an chaint seo atá ar siúl ag cur isteach ar pholasaí an Udaráis agus ar pholasaí Roinn na Gaeltachta. Caithimid cuimhniú gur duine de Pháirtí Fhine Gael a bhéas mar Chathaoirleach ar an chomhchoiste seo. Tá sé soiléir ón méid atá ráite go mbeidh lán-tacaíocht le fáil ó Pháirtí an Lucht Oibre. Tá sé soiléir ón méid atá ráite againn nach mbeidh aon mhoill ón taobh seo. Má bhíonn aon mhoill, agus má bhíonn aon deacrachtaí i dtaobh moille, glacaim gurb iad Fine Gael a bhéas ag déanamh sin. Beidh mé ag súil go mbeidh an Teachta Begley in ann a rá linn nach gcuirfidh siad isteach air, go rachaidh siad ar aghaidh agus go mbróstófar leis.

Labhair an Teachta O'Toole i dtaobh easpa comhoibriú ó bhaill tofa an Údaráis agus dúirt sé go mbeadh gá le athruithe chun na treóraí atá leaghta síos ag an Aire a chur i bhfeidhm. Nach é sin an fáth go mbeidh fiosrúchán ag an gcomhchoiste, go mbeidh siad san ag teacht ar ais chun moltaí a cur os comhair an Aire le go mbeidh seisean in ann teacht os comhair an Tí agus na moltaí sin a chur os ár gcomhair. Os rud é go mbeidh siad aontaithe ag an gcomhchoiste — tá súil agam go mbeidh — beidh aontas le fáil sa Teach seo. Má bhíonn siad aontaithe sa chomhchoiste ní bheidh deacracht ar bith ag aon Aire Ghaeltachta teacht isteach anseo agus lán-chomhoibriú a fháil sa Teach.

Ach tá dochar mór déanta ag an gcaint seo le mí anuas. Is cosúil anois go bhfuil Páirtí Fhine Gael sásta glacadh leis go gcuirfí é seo os comhair an chomhchoiste. Anois tá an trioblóid agus an chaint ar fad le dhá oíche anuas agus le trí mhí curtha amú. Táimid tugtha anseo agus gan fáth ar bith leis — ach tá damáiste i bhfad níos measa ná sin déanta ag an gcaint seo. Tá an damáiste seo deánta: go bhfuil lámha an Udaráis, feidhmeannaigh an Údaráis, agus baill den Údarás ceangailte le sé mhí, nach féidir leo aon rud a dhéanamh, nach féidir aon fhorbairt tionsclaíoch a dhéanamh sa Ghaeltacht, go bhfuil an infheistíocht a bheadh ann imithe beagnach ar fad mar nach bhfuil comhlachtaí nó tionsclóirí taobh amuigh den Ghaeltacht, taobh amuigh den tír nó fiú amháin sa tír, sásta airgead a chur isteach san Údarás nó i gcomhlachtaí san Údarás mar go gcreideann siad go bhfuil airgead curtha i bpócaí ag feidhmeannaigh taobh istigh den Údarás. Ní muide ná an páirtí sin a chuir an cheist sin i gcroíthe nó i gcloigne tionsclóirí ach an páirtí ar an dtaobh thall, agus níl aon chruthúnas curtha in ár láthair le dhá oíche go bhufil bunús ar bith leis sin.

Creidimse go bhfuil rud i bhfad níos measa fós déanta ag an gcaint seo ar fad. Tá deireadh curtha aige le postanna nua a bheadh le cur ar fáil sna Gaeltachtaí ar fad le sé mhí anuas. Tá ceisteanna curtha i gcloigne fir airgid sa tír seo, na bainc, comhlachtaí árachais agus na comhlachtaí a mbeadh airgead acu le cur isteach mar infheistíocht san Ghaeltacht agus le cur isteach i gcomhlachtaí de chuid an Údaráis, mar creideann chuile dhuine go bhfuil an scamall seo os cionn an Údaráis le sé mhí agus go bhfuil bunús de shaghas éigin leis. An fáth go mbeadh díospóireacht den chineál seo ar siúl sa Dáil ná nuair a chuireann páirtí moladh os comhair na Dála seasann siad agus tugann siad fianaise agus insíonn siad cén bunús atá leis an moladh. Tá Teachtaí anseo nach bhfuil fhios acu cén taobh ar cheart dóibh vóta a chaitheamh anocht. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, creidim nach bhfuil an cás déanta ach ag páirte amháin, agus gur chuidigh Páirtí an Lucht Oibre leis sin, gur chuig an chomhchoiste is ceart dul chun fiosrúchán a dhéanamh. Níl sé cruthaithe fós ag Fine Gael, ag éinne de bheirt chainteoirí Fhine Gael, agus bhí mé ag éisteacht go haireach leo, gur ceart an fiosrúchán a bheith mar fhiosrúchán bhreithiúnach.

Tá pointe déanta ag an Teachta Higgins, agus tagaim go hiomlán leis, go mbeadh muid ag íoc amach airgead le fir dlí, le breithimh, le go leor abhcóidí agus dlíodóirí ar fud na tíre, le daoine a thabhairt os a gcomhair, le fianaise a lorg, agus gur féidir é sin ar fad a dhéanamh taobh istigh den chomhchoiste.

Ba mhaith liomsa iarraidh ar an Teachta Kenny, mar is eisean an boss, mar a déarfá, nó tá siúl agam gurb é, ar an dtaobh thall comh fada agus a bhaineann sé le rudaí atá faoi phlé anseo anocht faoi chúrsaí Ghaeltachta, gur cheart dó smaoineadh go géar agus gur cheart dó aontú linne gur os comhair an chomchoiste ba cheart an fiosrúchán seo a dhul, agus nár chóir muidne bheith ag caint ar airgead a chaitheamh go fánach, airgead go bhféadfadh muid a chaitheamh go maith le postanna a chruthú sa Ghaeltacht.

An fáth go bhfuil sé molta ag an Aire é a chur os comhair an chomhchoiste ná gur féidir leo sin a chruthadh nach bhfuil aon rud bun os cionn, nach bhfuil aon rud le clúdú ag an Údarás — cloisimid go leor faoi chlúdú an aimsir seo — ach níos tábhachtaí fós, chun an t-aer a ghlanadh. Creidimid gur féidir leis an chomhchoiste é sin a dhéanamh, go ndearna siad é go han-éifeachtach chomh fada is a bhain sé le comhlachtaí eile sna blianta a chuaigh thart, agus go mbeidh an tÚdarás, de bharr sin, in ann dul ar aghaidh le forbairt na Gaeltachta, an fáth gur cuireadh ar bun iad sa chéad lá riamh, agus nach mbeidh an scamall seo atá os cionn an Údaráis agus a bhfuil damáiste thar chuimse déanta aige chomh fada is a bhaineann sé le infheistíocht sa Ghaeltacht, le postanna nua a chrothú sa Ghaeltacht, agus tá fhios ag an iar-Aire O'Toole é seo, go bhfuil an damáiste sin déanta. Tá fhios aige nach bhfuil rud ar bith ag tarlú ó thaobh forbairt sa Ghaeltacht faoi láthair. Cónaímse agus rugadh agus tógadh mé sa Ghaeltacht. Tá go leor Teachtaí ar chuile thaobh anseo go bhfuil baint díreach acu leis an Ghaeltacht agus tá a fhios acu go bhfuil an fhírinne ansin, nach bhfuil rud ar bith ag tarlú sa Ghaeltacht ó thaobh forbairt tionscail le sé mhí nó níos mó mar gheall ar an gcineál seo scamaill atá os cionn an Údaráis.

Nuair a bunaítear an comhchoiste tá dóchas ann go mbeidh an chéad cruinniú acu taobh istigh de mhí, ach creidim gurb é an bealach is fearr len é sin a dhéanamh ná aontú a fháil ó na príomh aoirí. Tá sé soiléir go mbeadh sé sin ar fáil ó Pháirtí an Lucht Oibre agus ó Fhianna Fáil. Beimid ag fanacht go bhfeicimid an mbeidh an chomhoibriú sin le fáil ó Pháirtí Fhine Ghael.

An bhfuil an tAire sásta an gheallúint sin a thabhairt dúinn.

Tá mise ag rá leis an Teachta Higgins go raibh an gheallúint dearbhaithe sin le fáil ó Fhianna Fáil agus ó Pháirtí an Lucht Oibre. Beimid ag fanacht go díograiseach agus go haireach ag éisteacht go bhfeicimid an mbeidh an comhoibriú céanna le fáil ó Pháirtí Fhine Gael. Má bhíonn féadfaimid dul ar aghaidh ansin leis an bhfiosrúchán agus na moltaí curtha ar ais ag an Aire chuig an Teach agus féadfaidh an tÚdarás dul ar aghaidh leis an obair atá le déanamh acu an fhorbairt tionsclaíochta Ghaeltachta a chur chun cinn. Creidim gurb é sin an bealach is fearr dúinn a bheith ag breathnú leis, agus go ndéanfar é chomh luath agus is féidir.

An Teachta Begley chun deireadh a chur leis an díospóireacht.

An féidir nóiméad amháin breise——

Caithfidh mé an cheist a chur ag 8.30 p.m.

Níl fhios agam an raibh an t-iar Aire in ndáiríre nuair a bhí sí ag caint, mar in eagraíocht ar an 13 Nollaig den bhliain seo caite ghlaoigh sí "cowboys" ar an Udarás.

A Leas-Cheann Comhairle—

Bíodh an ceart nó an mí-cheart ag an Teachta Begley, caithfidh mé an t-am a thabhairt dó.

Ar phointe ordaithe, dúirt an Teachta gur ghlaoígh mise "buachaillí bó" ar fheidhmeannaigh an Údaráis. Níl sé sin fíor is bréag é, agus ba mhaith liom——

Ní pointe ordaithe é sin.

Tá a fhios agam cad tá agus a bhí ar siúl ag an Teachta leis na blianta, agus caithfidh mé a rá anocht gur cúis áthais dom gur tháinig Aire na Gaeltachta isteach sa Teach aréir. Bhí leasú aige don rún a bhí againne, agus ins an leasú tá sé soiléir nach bhfuil sé féin sásta leis an tslí ina raibh Údarás na Gaeltachta ag obair. Deireann sé:

That Dáil Éireann, recognising the need for continued support and development of the Gaeltacht and concerned with recent publicity about the operation of Údarás na Gaeltachta, declares that it is expedient that the Joint Committee on State-Sponsored Bodies examine the affairs of Údarás na Gaeltachta as a matter of urgency and make recommendations for the better functioning of Údarás na Gaeltachta.

Mar sin níl an tAire sásta go raibh gach rud i gceart san Údarás. Ó tháinig an Teachta Flynn i gcumhacht mar Aire na Gaeltachta chuaigh sé ar Raidio na Gaeltachta gach uile sheachtain. Bhí sé ar theilifís agus dúirt sé nach raibh aon ghá le fiosrúchán d'aon sórt istigh in Údarás na Gaeltachta. Tá áthas orm go bhfuil athrú aigne ag teacht air. Aréir agus arís anocht dúirt Aire na Gaeltachta agus an t-iar-Aire, an Teachta Geoghegan-Quinn go raibh siad ag feitheamh ormsa caint i dtaobh an Údaráis.

Cad tá an Teachta——

Éist. Is binn béal ina thost. Ar an chlár Today Tonight de Thelefís Éireann fuair an t-iar-Aire an seans chun labhairt le muintir na hÉireann agus a rá go poiblí cad a bhí sa cheann aici. Dhiúltaigh sí. Chuaigh mise ar an chlár——

Níor dhiúltaigh mé.

—— agus ní bhfuair mé litir ó aon duine faoi na rudaí a dúirt mé agus seasaim leis na rúdaí a dúirt mé.

(Cur isteach).

D'admhaigh an fear a fuair an t-airgead san chlár chéanna go bhfuair sé £50,000 i gcóir deich acraí agus bhí sé socraithe ag an fear céanna £100,000 a thógaint ón iar-Aire O'Toole. An bhfuil an tAire sásta len a leithéid? Anois deirtear linn go bhfuil rud eile os comhair Údarás na Gaeltachta ón fear céanna agus tá sé ag lorg £300,000.

(Cur isteach).

Is féidir leis an Aire ceist a chur ar an rúnaí atá in aice leis.

Ba mhaith liom a rá leis an Aire, cé go bhfuil sé san Oireachtas, nach agallamh beirte é seo. Iarraim ar an Teachta Begley leanúint ar aghaidh.

(Cur isteach.)

I mo dhúiche féin, i mBaile an Fheirtéirigh, cheannaigh an t-Údarás 21 acra ar £60,000 agus ní raibh éinne, go mór mhór an tÚdarás, ag obair an talaimh sin mar tá a dhóthain talaimh acu i gContae Chiarraí i gcóir monarchana a thógáil.

Bhíos ag éisteacht leis an Aire aréir agus dúirt sé a lán den talamh a bhí san land bank portaigh ab ea é agus ní dúirt sé linn cé mhéid acra a bhí i nDún na nGall, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaí agus i bPort Láirge.

(Cur isteach.)

Tá sé all right. Bhí na feirmeoirí go léir i do dhúiche féin ag lorg an talaimh sin ach chuaigh an tÚdarás isteach agus ceannaíodh an talamh ar £61,000. Cén fáth?

Dúirt mé aréir go raibh 544 acra thíos, agus 47 ionaid thart timpeall na tíre. Sin é díreach mar atá sé.

Le cúpla mí anuas chuir mé ceisteanna ar an Aire mar gheall ar an bhfadhb seo.

(Cur isteach.)

Chuir mé ceist ar an Roinn Airgeadais and is é an freagra a fuair mé ná nár thug siad aon chead do Údará na Gaeltachta aon laghdú a dhéanamh ar an——

(Cur isteach.)

Cén fáth go bhfuil an tAire ag éirí feargach? An bhfuil an scéal ag dul isteach? Tá sé scríofa anseo, sa chuntas ar dheontais-i-gcabhair.

(Cur isteach.)

Cá bhfuil an t-airgead imithe? Cá bhfuil an £6 mhilliún céanna?

Cá bhfuil an Teachta a rá go bhfuil sé imithe?

Cad mar gheall ar an mhonarcha cónra thuas i nDún na nGall. I 1980 fuair duine áirithe a nDún na nGall £10,000 chun monarcha chónra a chur ar bun. Níor dhein sé cónra amháin. Not one coffin.

(Cur isteach.)

Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an deacracht sin i Roinn na Gaeltachta na tuarascálacha bliantúla a chur amach. Chuir mé ceist ar an iar-Aire cathain a mbeadh an 1979 report amach agus is é an freagra a fuair mé ná go raibh na cuntais réidh le tamall ach go mba chúis dhíomá dóibh nach raibh cóipeanna clóbuailte ar fáil go fóill agus gur thuig sé go mbeadh cóipeanna ó na clódóirí taobh istigh de cúpla seachtain. Agus níor tháinig an tuarascáil bhiantúil ar feadh bliain go leith ina dhiaidh sin. Bhí na seachtainí sin an-fhada ar fad. Tá a fhios ag gach éinne mar a dúirt an Roinn Airgeadais inniu, go raibh argóint ar siúl idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Airgeadais agus níl a fhios ag éinne cad é an freagra atá ar sin. B'fhéidir go dtiocfaidh an freagra amach uair éigin eile. Arís chuir mé cheist isteach mar gheall ar an 1981 tuarascáil agus mar fhreagra air duirt an tAire, an Teachta Flynn, go raibh súil leo go gairid. Arís cá bhfuil sé? Tá sé mhí imithe agus ba cheart na tuarascálacha sin a bheith againn i gceann trí mhí.

Tá siad ag an clódóir.

Níl a fhios ag éinne. Mar sin iarraim go poiblí ar an Aire an tuarascáil seo a thabhairt don Institute of Chartered Accountants agus a rá leo go bhfuil gach rud i gceart leis. Tugaim an dúshlán sin don Aire.

An bhfuil tú ag rá nach bhfuil gach rud i gceart?

An bhfuil an Teachta ag rá go bhfuil bréag á insint ag an Ard Reachtaire.

An nglacfaidh tú an dúshlán atá mé ag cur amach duit. An bhfuil tú sásta é sin a thabhairt go dtí an Institute of Chartered Accountants?

(Cur isteach.)

Tá sibh sásta leis an rud atá déanta agaibh agus an dochar atá déanta agaibh don Údarás?

Leis na míonna, leis na seachtainí, bhí sé ag rá nach raibh aon ghá le fiosrúchán. Bhí sé ag cur isteach ormsa go raibh mise ag lorg fiosrúcháin agus tá an rud céanna ar siúl aige anocht. An tseachtain seo caite dúirt an tAire nach raibh sé sásta leis an Údarás, go gcaithfidh gach píosa talaimh a cheannófar as seo amach dul os comhair an Aire féin. Dúrt sé go raibh deireadh leis na réamh-mhonarchana. An bhfuil sé ábalta a rá liom cén fáth go bhfuil réamh-mhonarchana ar siúl faoi láthair?

(Cur isteach.)

Bhí an seans ag an Aire agus níor thóg sé é.

Is eagal liom go bhfuil an t-am istigh.

Will the Minister for the Gaeltacht give the assurance that has been sought from this side of the House that that committee will be established within a month and will begin work immediately.

Is féidir liom an gheallúint seo a thabhairt: go gcuirfear an comhchoiste ar bun i gceann míosa, go n-ainmneofar na baill don chomhchoiste ag deireadh na seachtaine seo agus go mbeidh an cathaoirleach mar chomhalta ag an bhFreasúra.

Can the Minister assure us that the first business of the committee when constituted, will be in relation to Údarás na Gaeltachta? It is on schedule B at the moment and will have to be by agreement.

Má aontaítear leis an Rún seo istoíche caithfear teachtaireacht dá réir a chur don Seanad. Mar an gcéanna nuair a ritear an Rún sa Seanad caithfear teachtaireacht a chur ar ais go dtí an Dáil. Ansin caithfidh an Dáil ordú a dhéanamh agus teachtaireacht dá réir a chur don Seanad, agus caithfidh an Seanad ordú a dhéanamh chomh maith. Nuair a bheidh na nithe sin go léir déanta is féidir linn dul ar aghaidh leis an chomhchoiste a chur ar bun agus a iarraidh ar an chomhchoiste an cinneadh a dhéanamh tosaíocht a thabhairt don Rún atá rite againne anocht.

Cad iad na cumhachtaí a bheidh ag an gcoiste seo finnéithe a chur faoi iachall teacht os comhair an choiste agus labhairt go poiblí. An mbeidh cumhacht ag an gcoiste iachall a chur ar fhinnéithe——

Mar is eol domsa, beidh na gnáth-chumhachtaí ag an gcomhchoiste chun fianaise a fháil——

Cad iad gnáth-chumhachtaí an Tí seo nó an Tí eile chun finnéithe a chur faoi iachall? Níl cumhachtaí dá leithéid ann ar chor ar bith, beag nó mór, agus sin an phríomh difríocht atá ann idir coiste dá leitheid agus——

Is eagal liom nach féidir liom leanúint ar aghaidh leis seo a thuilleadh. Tá sé orduithe go gcuirfinn an cheist ar 8.30 p.m. Thuig mé gur theastaigh ó dhuine nó beirt ceist a chur. Tá an seans sin tugtha agam agus anois tá mé chun an cheist a chur. Más rud é gur féidir liom a thuiscint nach gá é sin nó go bhfuil aontú déanta, bíodh sé mar sin, ach ní féidir linn díospóireacht nua a bheith againn anois ar na moltaí seo.

Le cead duitse, má dhiúltaíonn finné teacht faoi bhráid an choiste seo, cén leigheas a bheidh ag an gcoiste?

Tuairisc ón gcoiste a bheadh i gceist, ach má tá an comhaontú eadrainn——

Ach diabhal cumhachtaí a bheidh ag an gcoiste é a chur faoi iachall——

(Cur isteach.)

Tabharfaidh mé an focal scoir don Teachta O'Toole. Ní ghlacfaidh mé le focal ó éinne eile.

Ag leanúint ón méid a dúirt an Teachta Kelly, má thagann moltaí ón choiste chun an Tí agus chun an Aire maidir le leasú an Achta nó aon mholtaí eile, an mbeidh seisean sásta glacadh leo? Tháinig moltaí ón gcoiste sin cheana agus níor glacadh leo. Má thagann moladh, cur i gcás, gur cheart an tAcht a leasú, an bhfuil an tAire sásta a rá anois go nglacfaidh sé leis an moladh sin má thagann sé?

Ní féidir liom freagra a thabhairt ar an gceist sin faoi láthair, mar níl na leasuithe sin curtha os mo chomhair, ach geallaimse é seo——

(Cur isteach.)

Má thagann——

Tá mé chun an cheist a chur.

Níor——

Dúirt mé go raibh an focal scoir agat agus ní dhéanaim athrá ar rud ar bith. Tá mé chun an leasú a chur, go ndéanfar leasú Uimhir 1 in ainm Aire na Gaeltachta.

Cuireadh agus aontaíodh an leasú.

An tairiscint mar a leasaíodh aontaithe.

Cuirfear teachtaireacht don Seanad ag iarraidh comhaontú leis an rún.

Barr
Roinn