A Cheann Comhairle, b'áil liom cead a fháil chun a chur in iúl, mar eolas don Dáil,
(1) gur cheap an tUachtarán inné na Teachtaí Donncha Ó Gallchóbhair agus Gearóid Ó Brádaigh (Baile Átha Cliath Thoir-Theas) mar chomhaltaí den Rialtas, tar éis dom a chur in iúl dó go raibh Dáil Éireann tar éis comhaontú le mé d'ainmniú na dTeachtaí sin;
(2) go bhfuil mé inné tar éis
(a) sannadh na Roinne Oideachais dom féin a fhorcheannadh agus an Roinn sin a shannadh do Ghearóid Ó Brádaigh,
(b) sannadh Roinn na Gaeltachta do Phádraic Ó Floinn a fhorcheannadh agus an Roinn sin a shannadh do Dhonncha Ó Gallchóbhair agus.
(c) sannadh na Roinne Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta do Ailbhe Mac Raghnaill a fhorcheannadh agus an Roinn sin a shannadh do Phádraic Ó Floinn; agus
(3) gur cheap an Rialtas inniu na Teachtaí seo thíos mar Airí Stáit mar a leanas:—
Seán Mac Giolla Laoghaire — Aire Stáit ag an Roinn Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta,
Niall Mac Aindriú — Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil,
Séamus Mac Síomoin — Aire Stáit ag an Roinn Tionscail agus Fuinnimh
agus
Ruairí Ó hAnnluain — Aire Stáit ag an Roinn Leasa Shóisialaigh