Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Apr 1983

Vol. 341 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Infheistíocht Údarás Na Gaeltachta i gCuideachta .

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl (a) cad é an méid iomlán airgid as an gciste poiblí a d'infheistigh Údarás na Gaeltachta nó aon chomhlacht Stáit eile, mar iasachtaí, deontas nó scairsheal-bhaíocht i gcuideachta (tugadh na sonraí) i gContae Dhún na nGall; (b) cén brabach nó cén caillteanas a tuairiscíodh i gcuntais na cuideachta sin i ngach bliain ó 1978 go dtí mí na Nollag, 1982; (c) cad é an luach a mheasann sé a bheadh inniu ar an gcuideachta sin; (d) an bhfuil tairiscint ar bith faighte ag Roinn na Gaeltachta nó ag Údarás na Gaeltachta chun an chuideachta sin a cheannach.

: Nuair a bhíonn scaireanna ag Údarás na Gaeltachta i gcomhlacht foilsítear eolas futhu agus faoi dheontais a bhíonn íoctha leis i gcuntais iniúchta an Údaráis a leagtar faoi bhráid na Dála. Níor thug Gaeltarra Éireann ná ní thugann an tUdarás aon iasacht. Ní fhoilsítear na torthaí trádála a bhíonn ag cuideachta phríobháideach ná ní dhéantar luacháil uirthi de ghnáth. Dá mba mhian leis an Údarás scaireanna dá chuid a dhíol bheadh moladh dá réir leis an eolas cuí le cur faoi mo bhráid — rud nár tharla go dtí seo sa cás atá luaite ag an Teachta.

: An bhfuil sé ar intinn ag an Údarás na scaireanna atá acu sa comhlacht seo a dhíol?

: Tá mé ag rá nár tháinig aon iarratas os mo chomhair nó níor cuireadh aon iarratas faoi mo bhráid. Níor leagadh aon ní os mo chomhair a bhaineann leis an comhlacht seo.

: Ar chuir an t-Aire aon cheist ar an Údarás le fáil amach an raibh aon phlean os comhair an Údaráis chun an comhlacht a dhíol? An bhfuil a fhios aige féin an bhfuil an comhlacht seo dá dhíol ag an Údarás?

: Chuir mé ceist ar an Údarás faoi céard a bhí ar intinn acu a dhéanamh leis. Ar eagla go mbeadh aon mí-thuiscint ann d'éirigh go maith leis an comhlacht seo anuraidh.

: An rud atá faoi bhun na ceiste seo ná go bhfuil faitíos orainn go bhfuil an tÚdarás ag iarraidh an comhlacht a dhíol anois nuair atá brabach á dhéanamh acu. Chuireadar a lán airgid isteach sa chomhlacht seo nuair a bhí an comhlacht ag cailliúint airgid. Bheadh eagla orainn anois nuair atá brabach á dhéanamh go mbeadh iarracht an comhlacht á dhíol do dhuine éigin.

: Níl aon rud mar sin á dhéanamh.

: An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil fírinne sa ráfla go bhfuil duine éigin ag iarraidh an comhlacht a cheannach?

: Sin ceist eile.

Barr
Roinn