Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Apr 1983

Vol. 341 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Meastacháin na Roinne .

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard iad na ciorraithe a chuirfear i bhfeidhm ina Roinn le sábháilt £150,000 a fháil ar Mheastacháin na Roinne.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth nach bhfuil airgead curtha ar fáil i Meastacháin na Roinne, 1983, le haghaidh bóithre mar a rinneadh gach bliain roimhe seo.

: Tógfaidh mé Ceisteanna a 13 agus a 14 le chéile.

Ag féachaint do na fadhbanna airgeadais i mbliana is suim £50,000 atá ar fáil do mo Roinnse le haghaidh bóithre — laghdú £150,000 ar an Meastachán a foilsíodh i mí na Samhna 1982.

: An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil sábháil £150,000 le fáil sa Mheastachán ó scéim na mbóithre áise a chur ar ceal?

: Níl sé curtha ar ceal. Ta £150,000 bainte as agus tá £50,000 fágtha. Ní raibh an t-airgead sin ann nuair a bhí an Meastachán á bhreithniú ag an Rialtas.

: An n-inseoidh an tAire dúinn cé mhéid bóithre an féidir a dheisiú ar £50,000 sa bhliain.

: Is dócha, ceathrú de na bóithre is féidir a dheisiú le £200,000.

: Ní freagra ar bith é sin. Dea-fhreagra é sin i dáiríre. An bhféadfadh an tAire insint dúinn cé mhéid iarratas atá os a chomhair agus an bhfuil fhios ag an Aire nach bhfuil aon bhealach eile chun bóithre áise sa Ghaeltacht a dheisiú ach trí an scéim seo faoi Roinn na Gaeltachta?

: Ní aontaím chor ar bith. Tá dualgas ar chomhairlí chontae. Tá nós ag éirigh suas go rialta i gcomhairlí chontae agus i gceanntair chomhairlí chontae ina bhfuil Gaeltachtaí go níonn siad a lámha as an Ghaeltacht. I gcuid mhór den tír níl Gaeltachtaí agus féachann comhairlí chontae i ndiaidh bóithre áise i chuile áit. Ní dóigh liom gur ceart a bheith ag braith ar an Rialtas bóithre áise a dheisiú gan aon chabhair ó na comhairlí chontae taobh istigh de na ceanntair dhlithiúil.

: Cruthúnas é seo, má bhí cruthúnas ag teastáil, nac bhfuil suim dá laghad ag Páirtí Fhine Gael sna ceanntair Ghaeltachta. Os rud é go bhfuil an scéim seo curtha ar ceal ar fad ag an Aire i mbliana. Tá liosta aige sa Roinn de na céadta bóithre a bhfuil an-droch chaoi orthu faoi láthair agus níl aon seans go ndéanfaí aon deisiú ar cheann amháin acu i mbliana nó amach anseo chomh fada agus a fhanann an Rialtas seo i gcumhacht. Iarann Fianna Fáil ar an Aire ath-smaoineamh a dhéanamh air seo. An bhfuil an tAire ag rá nach mbeadh an t-airgead ar fáil dá mbeadh Fianna Fáil i gcumhacht? Cinnte, bheadh an scéim seo ann gan athrú Rialtais——

: Tá tú ag déanamh díospóireachta.

: Tá a fhios ag an Teachta cén fáth nach bhfuil an t-airgead ann, agus má tá an tsuim atá aige anseo sa Ghaeltacht aige thiar i nGaillimh, cén fáth nach gcuireann sé brú ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe an t-airgead a chur ar fáil do na bóithre áirithe i gceantar Chonamara, mar is orthu atá cuid den dualgas seo.

: Cuireann sé an-ionadh ormsa go gcuirfeadh an tAire ceist mar sin ormsa.

: Ní ceist é.

: Nach bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil a Rialtas taréis an t-airgead atá ar fáil a ghearradh siar, chomh maith? Cén sórt magaidh atá an tAire ag iarraidh a dhéanamh? Is ar mhuintir na Gaeltachta atá an tAire ag caitheamh anuas. Táimid go láidir i gcoinne an athraithe atá an tAire taréis a dhéanamh. Ba mhaith liom é sin a chur amach go láidir ó Dháil Éireann.

: Ceist amháin eile ón Teachta Flynn.

: Taobh amuigh den £50,000, an bhfuil aon tsuim áirithe leagtha amach i mbliana chun na bóithre áise sin a dheisiú.

: Tá suim ann chun críoch a chur ar an obair atá tosaithe.

: An bhfuil suim sa bhreis ar an £50,000 chun caoi a chur ar na bóithre a tosnaíodh anuraidh, nó an bhfuil aon airgead ar bith ann?

: Tá £50,000 ann le críoch a chur leis na hoibreacha a tosnaíodh.

: Ar caitheadh an t-airgead taobh amuigh de na bóithre áise seo. Bhí aireacht ar leith ag baint leis an chaiteachas seo. Is é an rud atá á dhéanamh anois——

: Is díospóireacht é seo anois. Ceist 15.

(Cur isteach.)

: Caithfidh an tAire athbhreithniú a dhéanamh ar an cheist agus tá mé ag iarraidh air é a dhéanamh láithreach.

Barr
Roinn