Comhchoiste don Ghaeilge: Tairiscint.

Tairgim:

"(1) Go n-aontaíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 17ú Deireadh Fómhair, 1984, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste (da ngairfear an Comhchoiste don Ghaeilge) a bhunú ar a mbeidh 7 gcomhalta de Dháil Éireann agus 4 chomhalta de Sheanad Éireann.

(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh

(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus

(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,

agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na blianna ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).

(3) Go ndéanfar socrú chun ionadaithe a cheapadh chun gníomhú do chomhaltaí den Chomhchoiste nach mbeidh in ann freastal ar chruinnithe áirithe.

(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.

(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.

(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fianaise a ghlacadh go poiblí agus miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.

(7) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.

(8) Gur 4 chomhalta den Chomhchoiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.

Is cúis áthais ar leith domsa an tairiscint seo a mholadh don Dáil. Bhí tairiscint ar aon dul léi os comhair an tSeanaid an mhí seo caite agus glacadh léi d'aonghuth. Is é an gnó atá ceaptha don Chomhchoiste ná athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh ó am go ham i dtaobh (a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus (b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne. Is ar éigean is gá dom fiúntas an chuspóra sin a mhíniú don Teach seo ach ba mhaith liom glacadh leis an deis chun tagairt a dhéanamh do phointí a fheictear dom a bheith tábhachtach.

Faoi mar is eol don Teach bhí sé de phribhléid agamsa mí Aibreáin na bliana seo caite an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986, a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge ar iarratas ón Rialtas, a chur i láthair an phobail go foirmiúil thar ceann an Rialtais. Is fada a bhíomar ag tnúth le córas faoina bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta pleanáilte agus anois tá modh oibre chuige sin leagtha síos sa phlean réalaíoch atá ar fáil dúinn. Is cuimhin libh go bhfuil spriocanna sonraithe sa phlean sin le freastal ar cheithre réimse de shaol na tíre ar ghá dul i bhfeidhm orthu ar mhaithe leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht, an pobal, oideachas, agus an Stát.

Is cúis sásaimh eile dúinn gur glacadh go maith tríd is tríd leis an bplean agus go ndearnadh dul chun cinn sásúil sa chéad tréimhse bliana d'ainneoin na ndeacrachtaí éagsúla a bhí le sárú agus tá ár mbuíochas tuillte dá réir ag Bord na Gaeilge. Moladh go sonrach sa phlean go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais chun staid na Gaeilge a bhreithniú ó thráth go chéile. Chuir Seanadóirí ó gach taobh tairiscint i dtaobh na Gaeilge os comhair an tSeanaid agus bhí díospóireacht dhíograiseach, spreagúil thart ar bhliain ó shin faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge, faoi staid na Gaeilge i gcoitinne agus faoina bhfuil i ndán di amach anseo. Chuaigh mé ar aghaidh ina dhiaidh sin chun an cheist a scrúdú agus, cé nach beag líon na gComhchoistí a bhí ag feidhmiú cheana, d'aontaigh an Rialtas, i ngeall ar thábhacht na Gaeilge, gur cheart Comhchoiste eile mar atá i gceist sa tairiscint seo a chur ar bun ar mhaithe leis an teanga.

Tá iarrachtaí éagsúla ar siúl le fada chun an Ghaeilge — agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide — a chur chun cinn agus, i gcaoi go mbeidh an toradh a bhfuilimid uile ag dréim leis orthu, beidh a gcion féin le déanamh ag ionadaithe poiblí a mbíonn tionchar acu ar shaol na tíre agus ar mheon na ndaoine. Ach áit níos feiceálaí agus níos suntasaí a bheith ag an nGaeilge in imeachtaí agus in obair na Dála agus an tSeanaid is cinnte go bhféadfadh Teachtaí Dála agus Seanadóirí treisiú go mór leis na hiarrachtaí sin agus dea-shampla a thabhairt chun daoine a mhealladh ar thaobh na teanga. Bíonn tábhacht mhór le cinnireacht ó dhaoine sa saol poiblí. Is dá bharr sin atá i gceist sa tairiscint atá os bhur gcomhair go ndíreoidh an Comhchoiste ar shlite a aimsiú chun úsáid na Gaeilge a leathadh ní amháin imeachtaí foirmiúla na Dála agus an tSeanaid ach i dtimpeallacht an dá Theach freisin. Moladh slite áirithe sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge a dheimhneodh go mbeadh roinnt Gaeilge á húsáid go rialta i dTithe an Oireachtais. Is iad seo a leanas na moltaí sonracha a rinneadh:—

(i) sa chás go mbeadh ceisteanna as Gaeilge curtha ar an gclár, go dtógfaí ceist amháin ar a laghad as Gaeilge gach lá a mbíonn Tráth na gCeist sa Dáil (1983), agus dhá cheist ar a laghad as Gaeilge (ó 1984 amach); nó mar mhalairt air sin, go leagfaí amach tréimhse áirithe le haghaidh ceisteanna Gaeilge lá amháin gach seachtain.

(ii) go labhródh cainteoir amháin ar a laghad as gach páirtí as Gaeilge den chuid is mó de, ar an Dara Céim de gach Bille a thógfaí sa Dáil nó sa Seanad agus go mbeadh mír as Gaeilge in óraidí scríofa an dara céim ón Rialtas agus ón bhfreasúracht.

(iii) go molfadh an Rialtas do gach Aire ar ócáidí oiriúnacha a mbeadh tuairisc ghinearálta ar obair a Roinne á tabhairt aige don Dáil nó don Seanad, mar shampla, nuair a bhíonn meastacháin na Roinne á bplé — (a) go dtabharfadh sé cuntas ar fheidhmiú pholasaí na Gaeilge sa Roinn, agus (b) go mbeadh an mhír seo nó mír shubstaintiúil eile dá óráid i nGaeilge.

Is iad na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí féin, ar ndóigh, is fearr a thuigeann na slite is éifeachtaí leis an nGaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais agus is deimhin liom go mbeidh ar a gcumas cur leis na spriocanna sin agus a léiriú do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre, agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, go bhfuil siad go láidir taobh thiar de na hiarrachtaí atá ar siúl ar mhaithe leis an nGaeilge. Dá réir sin beimid ag súil le moltaí fiúntacha ón gComhchoiste chomh scioptha agus is féidir.

Ceangailte go dlúth le leathadh na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad tá an tseirbhís Ghaeilge a bhíonn ar fáil ón earnáil phoiblí — ar a n-áirítear ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus a leithéidí — ag daoine a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil. Is gá go mbeadh socruithe sásúla i bhfeidhm chun seirbhísí de chineálacha éagsúla a sholáthar i nGaeilge dóibh siúd a bhíonn á n-iarraidh agus go léireofaí dóibh go bhféadfaí na seirbhísí sin a lorg gan scáth gan eagla agus gur le fonn agus le fáilte a chuirfí ar fáil iad.

Tá faitíos orm nach bhfuil freastal trí Ghaeilge chomh sásúil anois agus ba mhaith linn uile é a bheith. Is measa fós an scéal, faraor, i gcás na Gaeltachta. Is ag treisiú leis an mBéarla, agus go háirithe lena leathadh, a bhíonn formhór mór na n-oifigeach ón earnáil phoiblí a dtagann pobal na Gaeltachta i dteagmháil leo nó faoina n-anáil. Mura bhfeictear do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil oifigigh de chuid an Stáit dáiríre faoin nGaeilge agus go bhfuil meas acu uirthi is mó fonn a bheidh orthu féin a dteanga dhúchais a thréigean. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an Ghaeilge a úsáid a bheidh fostaithe ag ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit agus údaráis áitiúla i bpoist a bhaineann go díreach leis an nGaeltacht.

Tá tábhacht as cuimise leis an nGaeltacht sna hiarrachtaí atá ar siúl chun an Ghaeilge a leathadh. Fad a mhairfidh an Ghaeltacht beidh dóchas ann ach dá dtarlódh, de dheasca neamhshuime nó fuarchúise, go dtiocfadh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht is beag dóchas a bheadh fágtha. Nuair a luaitear Gaeltacht de ghnáth is ceantair ina mbíonn an Ghaeilge á labhairt go coitianta a bhíonn i gceist. Ach faraor tá an Ghaeilge ag trá léi go tapaidh in áiteanna. Tá cúiseanna leis sin, ar ndóigh, sa mhéid go bhfuil Béarla á bhrú ar mhuintir na Gaeltachta ar an iliomad slí, mar shampla, trí na mórmheáin chumarsáide agus go háirithe tríd an teilifís, trí institiúidí Stáit, tríd an gcóras rialtais áitiúil agus trí fhorbairt na tionsclaíochta. Caithfear a thuiscint nach aonad inmharthana inti féin an Ghaeltacht ar féidir léi feidhmiú uaithi féin gan beann ar an gcuid eile den tír: is cuid bhunúsach den tír í a mbíonn tionchar láidir ag imeachtaí in áiteanna eile uirthi. Is mór an chúis misnigh do mhuintir na Gaeltachta bá an phobail taobh amuigh den Ghaeltacht a bheith leo mar tá sláinte na Gaeltachta ag brath go mór ar na hiarrachtaí a dhéantar sa chuid eile den tír chun an Ghaeilge agus an cultúr dúchais a chur chun cinn. Is cabhair nach beag an oiread sin measa a bheith ar an nGaeilge ar fud na tíre.

Is práinneach an gnó é díriú ar mheath na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chosc. Cibé feabhas a chuirfear ar na hinstitiúidí atá ag plé leis an nGaeltacht beidh gá le tacaíocht mhuintir na Gaeltachta féin chomh maith mar gur orthusan dáiríre a bhraithfidh a bhfuil i ndán don Ghaeltacht. Táimse sásta go bhfuil an mianach agus an cumas i bpobal na Gaeltachta le féachaint chuige go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo ina measc ach an tacaíocht is dual dóibh a fháil ón earnáil phoiblí agus ó mhuintir na hÉireann i gcoitinne.

Is sa bhunscoil a thagann formhór na ndaoine sa tír seo — lasmuigh den Ghaeltacht ar aon nós — i dteagmháil don chéad uair leis an nGaeilge: is ar an scoil freisin a bhíonn an chuid is mó acu ag brath chun eolas ar an nGaeilge a fháil agus líofacht sa teanga a bhaint amach. Ní féidir a rá go mbíonn cumas labhartha sa Ghaeilge ag daltaí i gcoitinne ag fágáil na scoile dóibh agus is mór an trua é sin. Chun é sin a leigheas is é an bunriachtanas ná go gcuirfear béim níos láidre ar chumas labhartha na Gaeilge a chothú. Léiríonn suirbhé a rinne Institiúid Teangeolaíochta Éireann le déanaí i gcomhar le Bord na Gaeilge gur mian le formhór mór an phobail go mbeadh an Ghaeilge á múineadh sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna. Is maith an bhunsraith í sin le tógáil uirthi.

Is gá freisin, ar ndóigh, go mbeadh caighdeán sásúil bainte amach ag múinteoirí sa Ghaeilge féin agus cleachtadh faighte acu, le linn a dtréimhse oiliúna, ar úsaid na Gaeilge mar mhéan teagaisc in ábhair eile. Ba chóir go bhfaighidís oiliúint chomh maith sna modhanna múinte teanga is nua-aimseartha agus go mbeidís eolach ar thorthaí an taighde idirnáisiúnta is údarásaí ar mhúineadh teangacha.

Baineann míbhuntáiste bunúsach le daltaí a bhíonn á múineadh trí Ghaeilge sa mhéid nach leor a mbíonn de théacsleabhair oiriúnacha Ghaeilge ar fáil, go háirithe ag an dara leibhéal, gan trácht ar léitheoireacht thacaíochta i nGaeilge. Tá an cheist sin ag déanamh tinnis dúinn le fada agus is mithid réiteach a fháil uirthi.

Roimhe seo is ar réimse an oideachais go príomha a bhíothas ag brath chun athbheochan na Gaeilge a chur i gcrích. Is fíor go bhfuil tábhacht an-mhór leis an oideachas mar chabhair chun an teanga a mhúineadh don aos óg ar mhodh ceart proifisiúnta. Ní leor, áfach, a dheimhniú go mbeidh cumas Gaeilge ag daoine óga mura gcuirtear deiseanna ar fáil dóibh sa ghnáthshaol lasmuigh de na scoileanna chun úsáid a bhaint as an gcumas sin. Ní foláir mar sin ócáidí oiriúnacha a eagrú chun líon maith daoine a mhealladh de réir a chéile chun less a bhaint go nádúrtha as cibé Gaeilge atá acu.

Ní gá a rá gur leis an bpobal ar fad an teanga. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh gach uile dhuine, a bhfuil fonn air a chion a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge, cén chaoi a luíonn a ghníomh féin isteach leis an méid a bhíonn ar siúl ag daoine agus ag dreamanna eile ar son na teanga. Féachann an plean lena dheimhniú go dtosófar ar thimpeallacht a chruthú ina bhféadfaidh daoine an Ghaeilge á úsáid ina gcúrsaí laethúla agus a bheith cinnte lena linn sin go mbeidh bá an phobail leo, go mbeidh tacaíocht acu ón Stát agus ó údaráis eile agus go mbeidh bunseirbhísí riachtanacha trí Ghaeilge ar fáil dóibh. Maidir leis an teanga féin ba chóir go bhféadfaí bheith ag súil go leathnófar raon a húsáide sa tslí go mbeidh na feidhmeanna uile aici a bhaineann le teanga bheo nua-aimseartha agus go mbeidh foclóir agus leaganacha cainte á bhforbairt inti a bheidh ag freagairt don saol, don mhachnamh agus don teicneolaíocht nua-aimseartha.

Léiríonn daonáireamh na bliana 1981 go raibh sé le maíomh ag 31.6 faoin gcéad den daonra go raibh labhairt na Gaeilge acu i gcomparáid le 28.3 faoin gcéad sa bhliain 1971. Cé nach bhféadfaí glacadh leis gur cainteoirí líofa iad sin ar fad is mór an rud é go bhfuil a gcumas sa teanga ina chúis mhórtais dóibh: is mithid teacht i dtír ar an gcumas sin. Tá béim ar leith curtha sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge ar thábhacht na teilifíse i gcur chun cinn na teanga. Tá tionchar an-láidir ag an teilifís ar shaol na ndaoine ach is mór an trua nach féidir a rá go bhfuil freastal sásúil á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí tríd an meán sin. Le forbairt na teicneolaíochta tá súil agam gur féidir feabhas mór a chur ar an scéal ach iarracht speisialta a dhéanamh. Tá géarghá le cláir bhreise i nGaeilge do dhaoine óga ach go háirithe agus is deacair a thuiscint cén fáth nach bhfuil ag éirí le RTÉ freastal níos fearr orthu.

Fiú amháin mura féidir a rá go bhfuil staid na Gaeilge chomh sláintiúil agus ba mhaith linn tá comharthaí dóchais ann. Orthusan áirítear an líon mór daoine atá báúil leis an teanga agus bródúil aisti, na daoine i ngach cearn den tír a bhfuil bunús maith Gaeilge acu, an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na naíscoileanna Gaeilge, an t-éileamh atá ag fás ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lánGhaeilge ar fud na tíre, an obair mhór atá á déanamh ag Radio na Gaeltachta, an litríocht nua-aoiseach atá tagtha chun cinn sa Ghaeilge, an úsáid is féidir a bhaint as modhanna nua teicneolaíochta i múineadh na teanga agus chomh fonnmhar agus a glacadh leis an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge. Is mian linn uile an Ghaeilge a choimeád ina teanga bheo agus a húsáid a leathnú agus tá an-dóchas agamsa go bhféadfar dul chun cinn suntasach a dhéanamh ach cur chuige le fonn agus le fuinneamh. Táim cinnte go mbeidh moltaí fiúntacha ag teacht chugainn ón gComhchoiste chun an aidhm sin a thabhairt i gcrích.

A Cheann Comhairle, thar ceann phairtí Fhianna Fáil ba mhaith liom fáiltiú roimh an tairiscint seo atá ag moladh scéimeanna chun úsáid níos mó a bhaint as an Ghaeilge in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an Tí anseo agus chomh maith leis sin le haghaidh cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.

Ar bhealach is dócha go dtig linn a rá go bhfuil sé aisteach tar éis Rialtas dár gcuid féin a bheith againn le trí scór bliain, agus tar éis an Dáil agus an Seanad a bheith againn i gcaitheamh an ama sin, go mbeimis ag plé cúrsaí den chineál seo sa Dáil i láthair na huaire. B'fhéidir nuair atáimid ag plé leis na cúrsaí seo go mba cheart dúinn scrúdú coinsiasa a dhéanamh agus súil siar a chaitheamh ar cheist na Gaeilge i gcaitheamh an ama sin.

Go minic nuair atá daoine ag plé le cúrsaí na teanga a chur chun cinn tá sé de nós acu a bheith ag caitheamh anuas ar obair na Dála maidir le ceist na Gaeilge. Ach sílim, le bheith fíreannach, go bhfuil cuid mhaith déanta agus nár fheall Rialtas ar bith riamh ar an cheist a chur chun cinn agus ar thábhacht na Gaeilge a lua agus a mholadh, agus cuidiú le dul chun cinn na Gaeilge. Sílim go ndearna na múinteoirí náisiúnta a ndícheall le ceist na Gaeilge a láidriú agus a neartú. Tá na modhanna múinte, b'fhéidir, caillte ach má thógann muid an polasaí a bhí ag an Roinn Oideachais, na cúrsaí a bhí leagtha amach maidir le múineadh na Gaeilge, cúrsa ABC a raibh taithí múinteoirí air, sílim gur cuireadh go leor staidéir agus go leor oibre isteach sna cúrsaí sin a chur ar fáil agus gur thuig an Roinn Oideachais an tábhacht a bhí le modh múinte ceart don Ghaeilge.

Nuair a cuireadh na coláistí ullmhúcháin ar bun b'é an rud a bhí i gceist ná go mbeadh muintir na Gaeltachta mar mhúinteoirí agus go mbeadh daoine go raibh taithí acu ar an nGaeilge, go raibh na Ghaeilge ar a dtoil acu go mbeadh siadsan mar mhúinteoirí scoile ar fud na tíre. Sílim go ndearna an plean sin cuid mhaith maitheasa. Tá mé ag rá go poiblí anseo go sílim go mba mhór an botún é nuair a cuireadh deireadh leis na coláistí ullmhúcháin. Sílim go mba cheart go mbeadh ceann amháin acusan, ar a laghad, fágtha agus go gcuideodh an Ghaeilge bhinn bhlasta a thiocfadh ó mhuintir na Gaeltachta i sna coláistí oiliúna le caighdeán na Gaeilge a fheabhsú sna coláistí oiliúna sa gcaoi go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil ag na daoine a bheadh ag múineadh na Gaeilge. Sílim gur rud é gur ceart dúinn uilig smaoineamh air ar cheart féacháil leis na coláistí sin a thabhairt ar ais arís i bhfoirm amháin nó i bhfoirm eile. Sílim gur fiú smaoineamh air.

Nuair a shílimid ar Ghaeilge, ar náisiúnachas, ar chluichí agus mar sin caithimid cuimhneamh ar an obair iontach ata déanta ag na Bráithre Críostaí. Áit ar bith a raibh siadsan ag múineadh scoile bhí suim acu i gcúrsaí náisiúnachais agus i gcúrsaí na Gaeilge. Tá siad ag leanúint leis an spiorad sin i gcónaí agus ba cheart don náisiún uile a bheith buíoch dóibh as an obair iontach a rinne siad.

Tá eagraisí deonacha mar Chonradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael agus le 20 bliain nó mar sin Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag plé le náisiúnachas agus le cúltúr. Sílim nach dtig linn an teanga a dheighilt ón gcúltúr. Sílim go gcaithfidh an Dáil a bheith buíoch díobh as an obair atá á dhéanamh ag na heagraisí seo.

Nuair atáimid ag caint anseo ní ceart dearmad a dhéanamh ar an obair iontach atá déanta ag Roinn na Gaeltachta. Tuigeann Roinn na Gaeltachta an tábhacht atá leis an Ghaeltacht a chaomhnú. Ó tharla go bhfuil Rúnaí na Roinne, Liam Tóibín, anseo sa Dáil sílim gur ceart dúinn ard-mholadh a thabhairt dó as an méid a rinne sé ó tháinig sé isteach mar Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta. Tá meas aige féin ar an teanga; tuigeann sé cúrsaí na Gaeltachta, tuigeann sé an tábhacht atá leis an Ghaeltacht a choinneáil slán beo. Tá caint ann nach mbeidh sé ag éirí as a phost go ceann tamaill eile agus sílim go dtig linn uilig a rá go bhfuil an-obair déanta aige mar Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta agus nuair a éireoidh sé as a phost go dtig leis a bheith sásta ina intinn féin go bhfuil a chion féin déanta aige san am a chaith sé mar Rúnaí leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a choinneáil slán beo. Tá na scéimeanna ata tugtha chun cinn san am a chaith sé mar Rúnaí cóir agus tá go leor maitheasa déanta san Ghaeltacht de bharr na tuisceana, na samhlaíochta agus na hoibre a rinne sé a fhad is a bhí sé mar Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta.

Mar atá ráite ag an Aire, rinne Raidió na Gaeltachta cuid mhaith le na Gaeltachtaí a chur le chéile. Tá éisteacht mhór ag Raidió na Gaeltachta anois ar fud na tíre go léir. Tugadh isteach Raidió na Gaeltachta chun freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus leis na Gaeltachtaí a thabhairt le chéile. Sílim go dtig linn a rá go bhfuil an obair sin déanta ag Raidió na Gaeltachta. Tá rud eile ar siúl anois agus tá sé leagtha amach go maith. Sé sin na scoileanna lán-Ghaelacha. Is breá an rud a fheiceáil go bhfuil pobail ar fud na tíre, go mór-mhór ins na bailte móra, in áiteanna a bhfuil líon mór daonra a bhfuil an oiread sin suime acu i gcúrsaí na teanga go bhfuil siad sásta teacht le chéile agus cuidiú leis na scoileanna lán-Ghaelacha a chur ar bun. Sílim gur ábhar misnigh é go bhfuil an spriorad sin sna pobail atá ag iarraidh na scoileanna seo a chur ar bun.

Bíonn deacrachtaí acu. Bíonn deacrachtaí acu na scoileanna a thógáil, ach is cuma leo — tá siad sásta na deacrachtaí sin a shárú mar tá an spiorad ceart iontu agus tuigeann siad an tábhacht an bhaineann leis an teanga agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus ba cheart dúinn ard-mholadh a thabhairt dóibh.

Nuair a cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun, agus Gaeltarra Éireann roimhe sin, bhí tuiscint ann fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta chun iad a choinneáil ag obair ina mbailte féin agus ina gceantair féin, agus ba mhór an dul chun cinn é sin. Tá deis ag muintir na nGaeltachtaí anois daoine a thoghadh, daoine ón Ghaeltacht a bhfuil tuiscint acu do chúrsaí na Gaeltachta. Tá súil le Dia againn go n-eireoidh leo na cuspóirí atá ag an Údarás a bhaint amach agus níos mó fostaíochta a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, mar muna mbeimid in ann lántacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí i chuile bhealach caillfimid an pointe is tábhachtaí atá againn ó thaobh neartú na teanga agus láidriú na teanga ar fud na tíre go léir.

Anois, caithfimid dearcadh ar mhuintir na Gaeltachta iad féin. Cheapfá go minic nach cuid den Stát nó den náisiún iad ar chor ar bith. Ní shin an meon ceart do mhuintir na Gaeltachta. Gan iad, ní bheadh móran maitheasa dúinn bheith ag caint anseo inniu ar chúrsaí teanga nó cúrsaí na Gaeilge. Sheas muintir na Gaeltachta leis an teanga, bhí siad dílis don teanga. Ní hé amháin go labhraíonn siad an Ghaeilge ins na Gaeltachtaí ach tá siad sásta an run céanna a dhéanamh taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Nuair a fheicimid comh tréan láidir agus atá an Ghaeilge in áiteanna taobh amuigh de na Gaeltachtaí caithfimid ár mbuíochas a thabhairt do mhuintir na nGaeltachtaí a sheas leis an teanga cé go raibh deacrachtaí acu — deacrachtaí de bharr fostaíochta. Chuir an imirce isteach go mór orthu. Fiú amháin nuair a chuaigh siad thar sáile labhair siad an Ghaeilge, i nGlaschú, i mBoston agus ar fud an domhain. Thug siad tuiscint don saol mór go raibh saibhreas dá gcuid féin acu agus tá ár mbuíochas tuillte ag muintir na Gaeltachta dá bharr sin.

'Sé an cheist atá le plé againn anseo, cad chuige nach bhfuil meas níos mó nó dul chun cinn níos mó déanta ag an teanga i measc an ghnáthphobail. Ní thig le héinne a rá nach bhfuil go leor leor déanta ag an Stát, is cuma cén Rialtas a bhí i gcumhacht anseo. Thuig siad i gcónaí an tábhacht a bhí leis an teanga. Chuir siad a lán airgid ar fáil agus thug siad gach cuidiú leis an teanga a chosaint agus a chaomhnú. Ach ar slí éigin, níor éirigh linn meas an phobail a fháil i gceart ó thaobh labhairt na teanga de. Tá go leor daoine a thuigeann an Ghaeilge ach nach bhfuil sásta an teanga a labhairt chomh minic agus ba cheart dóibh.

Sin an obair is mó atá le déanamh againn. Caithfimid meas an phobail ar an nGhaeilge a chothú. I dtosach, caithfidh na daoine a bhfuil Gaeilge acu níos mó usáid a dhéanamh dí. Nuair a cuireadh Bord na Gaeilge ar bun is é ceann de na príomhaidhmeanna a bhí ag an mbord ná dul chun cinn na Gaeilge i measc an phobail go léir. Caithfimid ard-mholadh a thabhairt don Bhord faoin méid atá déanta acu. Nuair a cuireadh ar bun íad bhí gnó deacair acu. Bhí deacrachtaí acu ó thaobh fostaíochta, chaill siad príomhfheidhmeannach nó beirt agus chuir siad sin isteach ar dul chun cinn obair an bhoird. Tá ard-mholadh ag dul dóibh faoin bplean a thug siad amach agus sílim gur cheart dúinn chuile thacaíocht agus is féidir a thabhairt dóibh maidir leis na haidhmeanna atá leagtha amach acu sa phlean a bhaint amach. Sa lá atá inniu ann is dócha, is cuma cén eagraíocht a bhfuilimid ag caint faoí, polaiticiúil nó eagraíocht de chineál ar bith eile, tá béim faoi leith ar phoiblíocht. Nuair a cuireadh an bord ar bun ar dtús, na cláracha a bhí ar bun acu ná "It is part of what we are". Thug sé sin le tuiscint do na daoine go raibh rud éigin tábhachtach ag baint leis an nGhaeilge, go raibh rud éigin againn ar cheart dúinn meas a bheith againn uirthi.

Ansin bhí laige faoin méid airgid a cuireadh ar fáil dóibh. Ba cheart dóibh leanúint ar aghaidh leis na cláracha poiblíochta ar an dteilifís féin, cláracha a chothódh leanúnachas sna sceimeanna a chuir siad ar bun agus a choinneodh na daoine linn le húsáid níos mó a bhaint as labhairt na Gaeilge. Caithfear suim níos mó a chothú i labhairt na teanga agus feiceáil le cláracha a chur ar fáil don phobal a mbeadh meas acu orthu. I láthair na huaire thiocfadh le duine a rá nach staisiún náisúnta atá againn ar chor ar bith. Ní hé amháin nuair atáimid ag caint faoi Ghaeilge nó faoi chúrsaí eile is maith linn i gcónaí a bheith ag déanamh aithris ar na stráinséirí, ar céard atá ar siúl i Meiriceá, agus thiocfadh le duine a rá go fíreanneach gur mó atá sé ag dul i gcosúlacht leis an mBBC agus a leitheíd ná le stáisiún náisiúnta. Tá sé in am do mhuintir RTÉ atá i bhfeighil cláracha a n-aghaidh a chlaonadh ar ghnáth phobal na tíre seo agus cláracha a fheileann don tír a chur os a gcomhair agus gan cláracha cosúil leis na cláracha atá á gcur amach ag an mBBC nó i Meiriceá.

Is cuimhin liom buaileadh le dream as Meiriceá a tháinig anseo nuair a bhí mé mar Aire Gaeltachta chun Gaeilge a fhoghlaim. Bhuail siad le daoine i NuaEabhrach a bhí ag súil le cúrsaí Gaeilge agus a leithéidí sin agus cheap siad go mba dheas teacht anseo agus Gaeilge a fhoghlaim. Chuir siad ceist orm faoin stáisiún teilifíse atá againn agus dúirt siad: "níl stáisiún Gaelach agaibh, stáisiún Meiriceánach atá agaibh. Ní fhacamar ar an staisiún sin ach cláracha cosúil leis na cláracha atá i Meiriceá agus cláracha den chuid is measa atá le feiceáil ansin." Tá sé thar am do RTÉ feabhas a chur ar an scéal sin.

Má thógaimid an Dáil féin, níor thug an Dáil riamh an dea-shampla a mba cheart dóibh a thabhairt i leith labhairt na Gaeilge a chur chun chinn. Is beag Gaeilge atá le cloisteáil anois agus is mór an trua é sin. Má táimid i ndáiríre agus má táimid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ba cheart dúinn rud praieticiuíl a dhéanamh anseo sa Dáil agus sa tSeanad maidir leis sin.

Aontaím leis an Aire go bhféadfaí tús a dhéanamh nuair a bhíonn Billí ag dul os comhair na Dála le Gaeilge a úsáid, le níos mó den am atá againn do Thráth na gCeist a chaitheamh le ceisteanna i nGaeilge. Beidh lántacaíocht le fáil ag an Dáil uainne leis na cúrsaí sin a chur ar aghaidh.

Tá obair mhaith á déanamh ag Bord na Gaeilge maidir leis na comhairlí contae. D'Iarr siad orthu níos mó úsáide a bhaint as Gaeilge ina gcuid oibre. Tá ard-mholadh tuillte ag an mBord agus ag na comhairlí contae a ghlac na moltaí úd agus atá ag déanamh a ndíchill na moltaí sin a thabhairt i gcrích.

Ba cheart dúinn anseo a thuiscint an tábhacht atá leis an nGaeltacht agus le muintir na Gaeltachta. Ni ceart dúinn a bheith ag caitheamh anuas orthu agus ag rá go bhfuil an iomarca á fháil acu maidir le deontais agus a leithéidí sin. Tá na cúrsaí a bhíonn ar siúl san Ghaeltacht gach samhradh an-tábhtachtach. Ni amháin do na páistí a théann chuig an Ghaeltacht ag foghlaim Gaeilge ach do mhuintir na Gaeltachta féin, mar má fheiceann muintir na Gaeltachta daoine taobh amuigh den Ghaeltacht ag teacht ansin ag foghlaim Gaeilge, tabharfaidh sé le tuiscint dóibh go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an nGaeilge agus neartóidh sé an tsuim atá acu féin sa teanga.

Tá cúpla rud faoi na cúrsaí seo ba cheart a lua b'fhéidir, agus is é sin go mbíonn dianamhras orm féin go minic an mbíonn an tsuim cheart ag cuid de na daoine a chuireann a bpáistí ar na cúrsaí seo; agus an dara rud, sílim gur ceart bheith cinnte go bhfuil buntáiste ceart á bhaint as na cúrsaí seo. Má théann páistí chun na Gaeltachta ag foghlaim Gaeilge agus gan mórán Gaeilge acu, is deacair dóibh mórán tairbhe nó buntáiste a bhaint as na cúrsaí seo. I láthair na huaire sílim ón chaint a bhíonn agam le muinteoirí, go bhfuil laige i múineadh na Gaeilge i gcuid des na scoileanna taobh amuigh de na Gaeltachtaí agus gurb shin rud atá ag cur isteach ar an mbuntáiste atá le fáil ag na páistí a théann ar na cúrsaí seo i rith an tsamhraidh. Níl mé ag caitheamh anuas ar dhuine ar bith nuair a deirim é sin ach sin rud atá cloiste agam agus ba cheart dúinn nuair atá airgead an Stáit á chaitheamh féachaint chuige go bhfuil an tairbhe is fearr á bhaint as, is cuma cen rannóg Stáit atá i gceist.

Le tamall anuas tá caint faoi theilifís Ghaeltachta a chur ar fáil agus chualamar san Oireachtas ráiteas ó dhuine d'fhoireann RTÉ go mba cheart dó eolas a bheith aige ar cé chomh praiticiúil agus atá sé bealach den chineál sin a chur ar fáil, agus dúirt sé nach gcosnódh sé mórán a leithéid a chur ar fáil. Ba mhór an dul chun chinn don Ghaeilge dá bhféadfaí é sin a chur ar fáil. D'iarrfainn ar an Aire agus ar an Rialtas an cheist seo a scrúdú agus teacht arais anseo am éigin. Nuair a cuireadh RTÉ ar bun b'é an aidhm a bhí aige mioneolas a thabhairt dúinn faoi cé chomh praiticiúil agus a bheadh sé an Ghaeilge a chur chun chinn. Rinne sé cuid mhaith, chun an Gaeilge a chur chun cinn, rinne sé go leor don Ghaeltacht.

Nuair a cuireadh RTÉ 2 ar bun cheap daoine ag an am go mbeadh níos mó cláracha Gaeilge ar fáil, ach, faraor, níor tharla sé sin. Ó thaobh an oideachais de, tá go leor deacrachtaí ag bunscoileanna maidir le téacsleabhair a fháil i nGaeilge agus cruthaíonn sé sin go bhfuil go leor meánscoileanna a bhí ag múineadh a gcuid ábhar i nGaeilge ag éirí as de réir a chéile. Ní chuidíonn sé sin le dul chun cinn na Gaeilge. Tá tagairt déanta ag an Aire féin faoi sin ina oráid ach caithfear an cheist a scrudú go géar, go luath. Más rud é nach mbíonn na meánscoileanna in ann a gcuid ábhar a mhúineadh tré Ghaeilge mar nach mbíonn na téacsleabhair le fáil acu i nGaeilge cén chaoi a bhféadfadh na bunscoileanna a gcláracha a chur chun cinn, agus má tá páistí ó na Gaeltachtaí atá ag iarraidh leanúint ar aghaidh lena gcuid oideachais tré mheán na Gaeilge i scoileanna nach bhfuil na téacsleabhair le fáil acu is mór an chéim siar é agus ní chuidíonn sé le dul chun cinn na teanga. Sin rud a gcaithfear tabhairt faoi go luath. Tá fhios agam go rí-mhaith nach bhfuil sé ró-éasca ach caithfear tabhairt faoi agus caithfear iarracht dearfa cinnte a dhéanamh téacsleabhair a chur ar fáil i nGaeilge ins na scoileanna agus sna hollscoileanna.

Níl níos mó le rá agam ag an bpointe seo ach arís fáiltiú roimh an tairiscint seo. Tá súil le Dia agam nuair a chuirfear an coiste seo ar bun go ndéanfaidh siad moltaí a rachfaidh chun tairbhe don teanga agus usáid na teanga, anseo sa Dáil go mór-mhór, agus sa tSeanad. Is beag an mhaith dúinn moltaí a thabhairt isteach gan bheith sásta seasamh leis na moltaí sin — beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Tá súil agam go mbeidh dul chun cinn mór déanta feasta maidir le labhairt na Gaeilge anseo agus sa tSeanad.

Ba mhaith liom sa chéad dul síos thar ceann an Lucht Oibre lán-tacaíocht, tacaíocht 100 faoin gcéad a thabhairt don Aire agus an Rialtas chun an coiste Oireachtais seo a thabhairt chun cinn. Ba mhaith liom a chur in iúl don Teach sular foilsíodh an plean seo go raibh díospóireacht againn ag a raibh i láthair meán-mhuinteoirí in áras Chomhdháil na Gaeilge i mBaile Atha Cliath in Aibreán 1983. Ag an díospóireacht bhí i láthair ceathrar urlabhraí agus feicim iad in ár measc inniu — An Teachta Ó Gallchobhair ó Fhianna Fáil, An Teachta Mac Fhionnlaoich ó Fhine Gael, Tomás Mac Giolla ó Pháirtí na nOibrithe agus mé féin ón Lucht Oibre. Bhí díospóireacht an-mhaith againn an oíche sin agus i ndeireadh na dála mhol mé go mba cheart dúinn coiste Oireachtais a bhúnú chun cúrsaí na teangan a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais. Glacadh d'aon ghuth leis an rún sin.

Ag an am sin ní raibh fhios agam go raibh rud mar seo idir lámha ag Bord na Gaeilge. Go luath ina dhiaidh sin foilsíodh an plean iontach seo. Ceapaim gurb é sin an rud is tábhachtaí ar son na Gaeilge le 60 bliain anuas. Ba chóir a thuiscint ó thaobh cúrsaí staire gurbh iad na fórsaí a ghoill ar feabhas na teanga — léiríodh cuid dóibh an oíche sin, agus ní theastaíonn uaim a bheith conspóideach nó achrannach — gur tugadh isteach in áras na Gaeilge, an Teach seo, tar éis an Chogaidh Chathraigh, na rudaí éagsula conspóideacha a bhí sa Chogadh Cathrach féin.

Léiriodh an oiche sin samplaí den mheon sin agus seo ceann de na samplaí a tugadh. Bunaíodh dhá scoil lán-Ghaelacha sa chathair seo ag Dick Mulcahy agus Ernest Blythe thar ceann an Rialtais a bhí ann sna triocadaí agus níor chuaigh oiread agus páiste amháin d'aon bhall de Rialtas Fhianna Fáil go dtí sna scoileanna sin. Cé go raibh gach éinne báúil ó thaobh na Gaeilge. Rud eile, bhí an-chuid díospóireachta ar siúl sna Gaeltachtaí leasmuigh de na heagraisí, go mór-mhór in am toghcháin agus mar sin de agus ní raibh aon rud eile i gceist acu ach gaimbíneachas a chothú i dtaobh "muidne a bhronn na deontaisí ab fhearr ar mhuintir na Gaeltachta" agus mar sin de. D'éirigh, dar liomsa, na daoine bréan go forleathan den saghas cnámh spáirne a déineadh den Ghaeilge.

Buíochas mór le Dia táimid imithe as sin agus tá sé thar a bheith tráthúil agus riachtanach gur cóir den Rialtas coiste Oireachtais a bhunú ó thaobh leas na Gaeilge de. Ba mhaith liom traoslú le Bord na Gaeilge as ucht an phleain seo a chur os ár gcómhair. Is plean praiticiúil é, tá sé saor neamh-chostasach. Creidim gurb é ceann des na moltaí is tábhachtaí atá leagtha amach sa phlean sin ná gur cóir dúinn an coiste atá i gceist ag an Aire a bhunú i dTithe an Oireachtais. Olc nó maith tá tionchar againn sa Teach seo ar gach gné de shaol na ndaoine, fé mar a tharlaíonn i ngach tír. Is cúis áthais dom go pearsanta gur chuala mé níos mó Gaeilge á labhairt sna Tithe seo, idir an Dáil agus an Seanad, ná in aon áit eile leasmuigh de na Gaeltachtaí. Tá Gaeilge ag formhór na dTeachtaí ach creidim go bhfuil siad beagáinín cúthail, go mór-mhór na Teachtaí a thogh muintir na Gaeltachta, maidir le labhairt as Gaeilge. Tá sé iontuigthe ó thaobh cúrsaí polaitíochta mar braitheann polaiteoirí ar bholscaireacht agus mar sin de agus b'fhéidir gur cheap cuid acu gur fánach an rud é duinn bheith ag labhairt as Gaeilge sa Teach seo nuair nár thuig cuid des na scríbhneoirí ós na páipéirí cad a bhí dá phlé acu.

Dar liomsa, ceann de na moltaí is fiúntaí atá sa phlean ná go mbeadh comhthreagarthóir lán-áimseartha anseo, go mbeadh togha Gaeilge aici nó aige agus go mbeadh an córas aistriúcháin le fáil ag na páipéirí an lá sin. Ceapaim go mbeadh sé sin lán-fhiúntach ó thaobh na Gaeilge. Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do na córais chumarsáide anseo. Caithfimid bheith macánta agus a admháil gur acu siúd atá an chumhacht is mó ó thaobh cumarsáide. Is trua liom tagairt a dhéanamh do chláracha RTÉ. Tá 95 faoin gcéad acu as Béarla cé go bhfuil na cláracha a bhaineann le cúrsaí reatha as Gaeilge ar na cinn is fearr atá le feiscint nó le cloisteáil ar theilifís nó ar raidió. Tá raidió RTÉ i bhfad chun tosaigh ar an teilifís ón taobh sin de. Tá sé thar a bheith suimiúil gurb é Raidió na Gaeltachta is fearr ó thaobh suimiúlachta. Tá na cúrsaí reatha atá le cloisteáil ansin níos fearr ná aon chlár ar chúrsaí reatha ar aon chóras raidió sa tíre seo as Béarla. Déanfaidh mé tagairt do shuirbhé a deineadh san iris Teanga. Dar leis, tá sé thar a bheith suimiúil an feabhas atá tagtha ar mheon na ndaoine ó thaobh na Gaeltachta de. Déanann siad tagairt don tuarascáil “The Irish Language in the Republic of Ireland 1983: Preliminary Report of a National Survey”, le Pádraig Ó Riagáin agus Mícheál Ó Gliasáin. Seo chuid de:

Mar shampla, an céatadán freagróirí a d'aontaigh cinnte leis an ráiteas go gcaillfeadh Éire a féiniúlacht mar chultúr ar leith in éagmais na Gaeilge, bhí sin méadaithe ó 56 faoin gcéad go 66 faoin gcéad.

Cuireadh ceist eile: "ba cheart don Rialtas níos mó airgead a chaitheamh ar mhodhanna múinte na Gaeilge". Bhí 63 faoin gcéad i bhfábhar na ceiste sin in aghaidh 58 faoin gcéad deich mbliana roimhe sin. Bhí ceist eile, "Is fearr tabhairt faoi Ghaeilge bhriste a labhairt ná gan í a labhairt in aon chor," Bhí 68 faoin gcéad in aghaidh 69 faoin gcéad deich mbliana roimhe sin i bhfábhar na ceiste. Bhí ceist thábhachtach tar éis sin: "Ba cheart do cheannairí poiblí dea-shampla a thabhairt agus níos mó Gaeilge a labhairt sa Dáil agus sa tsaol poiblí trí chéile". Bhí 67 faoin gcéad ina bhfábhar in aghaidh 55 faoin gcéad i 1973. Cinnte, tá feabhas nua tagtha ar mheon na ndaoine go forleathan ó thaobh tacaíocht do chursaí eagraíochta i nGaeilge.

Ba mhaith liom a chur in iúl don Aire agus don Rialtas, ceann des na cuspoirí a bhí againn nuair a mholamar an rún sin anuraidh agus atá leagtha amach sa phlean seo ná go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach don Rialtas agus don Oireachtas dea-shampla a thabhairt don phobal go forleathan, mar muna dtagann an dea-shampla uainn, ón áit seo, tá sé fánach d'éinne eile a bheith ag snámh in aghaidh na taoide atá i gceist agam ó thaobh athbheochain na teangan. Is féidir linn béim a chur go leanúnach ar fhadhbanna na Gaeilge, is cuma cén Rialtas atá i gcumhacht. Má chuirtear an coiste seo ar bun beidh siad leanúnach agus thar aon dream polaitíochta. Tá sé sin thar a bheith fiúntach.

Cuirim i gcás, ó thaobh oideachais de, tá moltaí i láthair na huaire curtha os comhair an Curriculum Development Board nach mbeadh iomad lá ag teanga na Gaeilge san churriculum nua.

Creidim go bhfuil sé go fíochmar agus ní bheinn ná mo pháirtí-se sásta glacadh leis sin. I sampla don tsaghas sin bheadh tionchar ag an gcoiste seo moltaí a chur go dtí an Rialtas chun cosc a chur le haon mholadh a chuirfeadh brú isteach ar chúrsaí na Gaeilge ó thaobh dul chun cinn. Tá Galldú mór tagtha te 10 mbliana anuas ar chúrsaí logainmneacha. Ba mhaith liom ó thaobh an Roinn Comhshaoil de a mholadh don Aire Comhshaoil a chur in iúl do gach rialtas áitiúil gur chóir dóibh cúrsaí staire agus traidisiúin agus oidhreachta ár muintir ó thaobh leanúnachais de a chuir san áireamh, agus leanúnachas cúltúrtha a choinneáil ins na logainmneacha nua. Tá sé fíochmhar ar fad bheith ag féachaint ar logainmneacha nua Gallda iasachta. Nílim in aghaidh iasachtais ach amháin go bhfuil ár logainmneacha féin go h-álainn ar fad agus tá sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh cothú ár n-oidhreachta.

Ní dóigh go bhfuil a thuilleadh le rá agam ach amháin tréaslú le hAire na Gaeltachta agus leis an Rialtas agus le Bord na Gaeilge faoin dul chun cinn atá sa phlean seo. Guím rath Dé air.

(Cur isteach.)

Caithfidh mé a rá go raibh an ceart ag Deputy Prendergast faoin chruinniú sin a bhí againn in oifigí Bhord na Gaeilge i 1983, ach níor chríochnaigh sé an scéal. Bhí cruinniú againn ina dhiaidh sin, na Teachtaí McGinley, Prendergast, Denis Gallagher agus mé féin, agus shocraíomar cruinniú eile do mhí an Mheithimh an bhliain sin, agus go gcuirfí ciorclán amach chuig chuile Theachta, nó na Teachtaí a raibh Gaeilge acu nó go raibh suim acu inti, ag iarraidh orthu teacht go cruinniú chun coiste ilphairtí a chur ar bun. Níor tharla an cruinniú sin agus níor tharla sé ó shin. Anois séard tá romhainn ná comhchoiste — an rud a bhí Bord na Gaeilge ag caint faoi ná "all-party committee". Is dóigh go mbeidh sé cosúil leis na comhchoistí eile a cuireadh ar bun an bhliain seo caite agus níl ball ar bith ag Pairtí na nOibrí ar chomhchoiste amháin. Níl a fhios agam an é atá i gceist ná ball dár bpáirtí a bheith páirteach sa chomhchoiste seo. Níl a fhios agam an ceart dom glacadh leis seo nó gan glacadh leis. Dúirt an tAire gur glacadh leis an moladh seo d'aon guth sa Seanad. Sul a nglacfaidh mé leis an rún seo ba mhaith liom a chloisteail ón Aire an bhfuil sé i gceist go mbeidh gach páirtí san Oireachtas páirteach sa choiste seo. Is é atá i gceist ag Bord na Gaeilge ná go mbeadh chuile pháirtí páirteach sa choiste seo. Sin a bhíomar ag caint faoi ag an gcruinniú i 1983.

Caithfidh mé ard-mholadh a thabhairt don oráid a thug an tAire anseo inniu. Más é sin an polasaí atá ag an Rialtas caithfidh mé é a mholadh mar sé sin a deir an tAire — bhí sé ag plé leis na ceisteanna atá dá bplé ag Bord na Gaeilge agus ag rá na rudaí atá á rá ag an mbord. Tá siad go léir san oráid seo agus mar sin caithfidh mé ard-mholadh a thabhairt d'oráid an Aire. An mbeidh sé in ann na rudaí atá san oráid sin a chur i gcrích fiú amháin ina Roinn féin. Deir sé:

Is gá go mbeadh socruithe sásúla i bhfeidhm chun seirbhísí de chineálacha éagsúla á soláthar i nGaeilge dóibh siúd a bhíonn á n-iarraidh agus go léireofaí dóibh go bhféadfaí na seirbhísí sin a lorg gan scáth gan eagla agus gur le fonn agus le fáilte a chuirfí ar fáil iad.

Sin a mhol sé ach tá a fhios aige nach é sin mar atá an scéal agus nach raibh an scéal mar sin le blianta fada anuas. Ní amháin nach féidir le daoine a gcuid gnó a dhéanamh in oifigí Stáit ar fud na tíre ach ní bhíonn na foirmeacha le fáil as Gaeilge ins na Ranna sin. Tá sé an-deacair Gaeilge a fháil ón Gharda, sna cúirteanna nó i ngnáth shaol oifigí Stáit.

Mar a deirim, molann an tAire nuair a deireann sé go gcaithfear athrú a dhéanamh ar an scéal ach céard tá sé chun a dhéanamh faoi. Deir sé:

Tá faitíos orm nach bhfuil freastal trí Ghaeilge chomh sásúil anois agus ba mhaith linn uile é a bheith. Is measa fós an scéal, faraor, i gcás na Gaeltachta. Is ag treisiú leis an mBéarla, agus go háirithe lena leathadh, a bhíonn formhór mór na n-oifigeach ón earnáil phoiblí a dtagann pobal na Gaeltachta i dteagmháil leo nó faoina n-anáil. Mura bhfeictear do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil oifigigh de chuid an Stáit dáiríre faoin nGaeilge agus go bhfuil meas acu uirthi is mó fonn a bheidh orthu féin a dteanga dhúchais a thréigean.

Tá daoine á rá sin le blianta fada anuas. Tá sé ceart agus tuigeann an tAire, mar tá níos mó eolais aige faoi na Gaeltachtaí ná mar atá againn nó ag Conradh na Gaeilge go bhfuil an ceart aige nuair a deireann sé sin agus gurb é sin an fáth go bhfuil daoine ag treigean na Gaeilge. Deir sé:

Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an Ghaeilge a úsáid a bheidh fostaithe ag Ranna Rialtais, Comhlachtaí Stáit agus Údaráis Aitiúla i bpoist a bhaineann go díreach leis an nGaeltacht.

Tá sé sin an-tábhachtach ar fad ach bhí an polasaí sin ag Rialtais le fada ach thréig an Stát an polasaí sin roinnt blianta ó shin. Mar a deirim, molaim go mór na moltaí, go mór mhór an ceann sin atá san óráid seo. Bheadh sé an-shásúil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge uilig dá nglachfaí leis an bpolasaí sin.

Ansin labhraíonn sé faoin Ghaeltacht agus deireann sé aris:

Ach faraoir tá an Ghaeilge ag trá leí go tapaidh in áiteanna. Tá cúiseanna leis sin, ar ndóigh, sa mhéid go bhfuil Béarla ag brú ar mhuintir na Gaeltachta in iliomad slí, mar shampla, trí na mórmheáin chumarsáide agus go háirithe tríd an teilifís, trí institiúdí Stáit, tríd an gcóras rialtais áitiúil agus trí fhorbairt na tionsclaíochta.

Tá súil agam go mbeidh sé ag troid in aghaidh na rudaí sin. Creidim sin freisin. Creideann go leor daoine go bhfuil antionchar ag an teilifís ar mhuintir na Gaeltachta agus go bhfuil an-ghá le Teilifís na Gaeltachta chomh maith le Raidió na Gaeltachta. Tá an-bhá ag muintir na Gaeltachta ar Raidió na Gaeltachta.

Tá an córas rialtais áitiúil an-tábhachtach freisin. Sin é an fáth go raibh muintir na Gaeltachta féin ag troid le blianta fada anuas ar son Údarás na Gaeltachta go mbeadh na cumhachtaí rialtais áitiúil ag an Údarás chun go mbeadh siad in ann plé le ceisteanna pleanála agus go leor rudaí mar sin sna Gaeltachtaí. Dá mbeadh an polasaí sin ag Aire na Gaeltachta, dá mbeadh sé ag caint mar sin leis na hAirí eile, an tAire Oideachais agus an tAire a bhfuil baint aige le rialtas áitiúil, déanfaidh sé leas don Ghaeltacht.

Ag caint faoi chúrsaí oideachais deireann an tAire go leor rudaí an-tábhachtach freisin faoin méid atá mí-cheart agus na rudaí ba chóir a dhéanamh. Deireann sé:

Is gá freisin, ar ndóigh, go mbeadh caighdeán sásúil bainte amach ag múinteoirí sa Ghaeilge féin agus cleachtadh faighte acu, le linn a dtréimhse oiliúna, ar úsaid na Gaeilge mar mhean teagaisc in ábhair eile. Ba chóir go bhfaighaidís oiliúint chomh maith sna modhanna múinte teanga is nua-aimseartha agus go mbeidís eolach ar thorthaí an taighde idirnáisiúnta is údarásaí ar mhúineadh teangacha.

Is fíor sin, ach ní bhfaigheann siad an t-oiliúint sin. Is dóigh liom go dtuigeann an tAire nach bhfaigheann siad an t-oiliúint sin. Tá níos lú eolais agus níos lú bá don Ghaeilge agus ar modhanna múinte na teanga ag na múinteoirí atá ag teacht amach as na scoileanna anois. Tá súil agam go mbeidh an tAire ag labhairt leis an Aire Oideachais faoi sin.

Deireann an tAire freisin:

Baineann míbhuntáiste bunúsach le daltaí a bhíonn á múineadh trí Ghaeilge sa mhéid nach leor a mbíonn de théacsleabhair oiriúnacha Ghaeilge ar fáil, go háirithe ag an dara leibhéal.

Tá an cheist sin ag déanamh tinneas dúinn le fada agus is mithid réiteach a fháil uirthi. Tá an cheist sin ag deanamh tinnis do dhaoine mórthimpeall na tíre le blianta fada anuas, agus cad tá á dhéanamh faoi? Ní féidir ceisteanna mar seo a reiteach gan airgead a chaitheamh. Caithfear airgead a chaitheamh orthu. Ní féidir na fadhbanna sin a réiteach saor in aisce. Ní chaithfear airgead orthu muna bhfuil an Rialtas i ndáiríre faoin gceist.

Labhrann an tAire faoin dteilifís nuair atá sé ag caint faoin bpobal iomlán lasmuigh den Ghaeltacht. Tagraíonn sé don tionchar an-láidir atá ag an teilifís ar shaol na ndaoine. Deireann sé: "Is mór an trua nach féidir a rá go bhfuil freastal sásúil á dhéanamh ar Ghaelgeoirí tríd an meán sin". Tá daoine ag rá sin le blianta anuas. In ionad clár breise i nGaeilge a bheith a chur ar fáil, tá laghdú ag teacht ar líon na gclár atá i nGaeilge — go mór mhór líon na gclár atá in iomlán trí mhean na Gaeilge. Tá cuid mór cláracha dhá-theangach ann.

Ag an deireadh ansin deireann an tAire go bhfuil comharthaí dóchais ann. Tagrann sé don:

an-dul chun cinn á dhéanamh ag na naíscoileanna Gaeilge, agus an t-éileamh atá ag fás ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre...

Is fíor sin ach tá na comharthaí dochais sin ag teacht ón phobal amháin. Is é an pobal féin atá ag troid ar son na bunscoileanna sin. Is eol dúinn uile an troid a bhí ag muintir Bhaile Munna anseo i mBaile Atha Cliath chun bunscoil lán-Ghaelach a chur ar fáil. Bhí siad ag troid ar feadh cúig nó sé bliana in aghaidh na Roinne Oideachais. Faoi dheireadh d'éirigh leo scoil a chur ar bun. Tá a fhios ag an Roinn freisin go bhfuil troid á dhéanamh amuigh in Inse Chór le cúig bliain anuas chun bunscoil lán-Ghaelach a chur ar bun ann. Tá an bunscoil ann ach níl aon fhoirgneamh acu. Tá siad ag dul ó áit go h-áit le cúig bliana anuas. Níl morán tacaíocht ar fáil acu ó Roinn na Gaeltachta nó ó Aire na Gaeltachta. Sin an cheist mhór. Cé hé an tAire atá i gceannas ar an nGaeilge — Aire na Gaeltachta nó an tAire Oideachais? Le blianta fada ba é an tAire Oideachais a bhí i gceannas. Anois, is dóigh liom, is é Aire na Gaeltachta a labhrann i gcónaí faoi cheist na Gaeilge. Níl a fhios agam gurb é an fáth atá leis sin ná nach bhfuil go leor Gaeilge ag an Aire Oideachais. Níl a fhios againn an bhfuil Gaeilge ag an Aire Oideachais nó nach bhfuil. Níl a fhios againn an bhfuil sí ag foghlaim na Gaeilge mar a d'fhoghlaim an Teachta Tom O'Donnell é nuair a bhí sé ina Aire Gaeltachta. D'fhoghlaim sé an Ghaeilge agus bhí sé an-líofa ann. An bhfuil an tAire Oideachais ag foghlaim na Gaeilge nó an bhfuil meas aici ar an dteanga? Níl a fhios againn mar ní chloisimid uaithi. Ní deireann sí faic faoi agus ba mhaith linn a chloisteáil uaithi cén dearcadh atá aici ar an dteanga agus ar na moltaí atá leagtha amach ag an Aire san óráid seo. Caithfidh mé seasamh leis na moltaí seo agus ard-mholadh a thabhairt don Aire faoi na rudaí seo a rá. Caithfimid a fheiceail ó dhaoine eile sa Rialtas go seasann siadsan leis an bpolasaí atá leagtha amach ag an Aire san óráid seo.

Ba mhaith liomsa chomhchoiste de shaghas éigin a bheith curtha ar bun san Oireachtas agus ba mhaith liom seasamh leis an moladh seo ón Aire. Ach ní féidir liom seasamh leis an saghas chomhchoiste a cuireadh ar bun an bhliain seo caite agus an tslí in ar éirigh leo gan ball amháin de Pháirtí na nOibrí a bheith ar, fiú, chomhchoiste amháin. Níl a fhios agam an bhfuil sé i gceist sinne a choimeád amach as an gcomhchoiste seo chomh maith. Ba mhaith liom a chloisteáil ón Aire céard tá i gceist aige faoi sin.

Ba mhaith liomsa fosta fáiltiú roimh chinneadh an Aire agus cinneadh an Rialtais an comhchoiste seo a chur ar bun. Sílim gur rud stairiúil é, mar chomh fada agus is eol dom ó bunaíodh an Dáil seo an chéad iarracht a rinneadh comhchoiste dá leithéid a chur ar bun agus ionadaí ó gach pairtí a thabhairt isteach ar mhaithe leis an Ghaeilge.

Bhí mé ag breathnú ar na tearmaí tagartha atá ag an comhchoiste agus sílim go bhfuil siad an-leathan agus an-chuimsítheach. De réir na téarmaí tagartha tá sé de chúram ar an chomhchoiste úsáid na Gaeilge a leathnú in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach. Chomh maith leis sin tá sé de chúram ar an chomhchoiste cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne a leathnú. Tá sé iontach tábhachtach ar dtús go ndéanfaidh an comhchoiste breathnú ar cad is féidir a dhéanamh anseo sa Dáil agus sa tSeanad fá choinne na Gaeilge a chur chun cinn. Rinne an Teachta Mac Giolla tagairt do bhallraíocht an chomhchoiste. Sílim nuair an ainmneofar na baill gur cóir go mbeadh gach dearcadh ins an Teach ar an comhchoiste sin. Tá sé ar eolas ag gach duine go bhfuil Teachtaí sa Teach anseo go bhfuil suim ar leith acu sa Ghaeilge agus go bhfuil Teachtaí anseo gur, fiú amháin, as an Ghaeltacht iad. Sílim nuair a n-ainmneofar na baill gur bun nach ceart go mbeadh sé teoranta do na Teachtai a labhraíonn Gaeilge go rialta ná na Teachtaí a thagann ó cheantair Ghaeltachta. Is cóir go mbeadh an bhallraíocht níos cuimsithe agus go mbeadh daoine ar an chomhchoiste b'fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu nó nach bhfuil go líofa sa teanga. Sílim go mbeadh dearcadh na ndaoine sin tábhachtach agus gur cóir iad a bheith ann fosta. Má mbíonn sé teoranta do Theachtaí a labhraíonn Gaeilge de ghnáth agus go bhfuil suim ar leith acu i gcúrsaí Gaeilge is féidir linn moltaí a dhéanamh ab fhéidir nach mbeidh siad inghlactha ag na daoine uilig anseo. Molaim don Aire nuair a bheidh sé ag cur an chomhchoiste le chéile go mbeadh gach dearcadh sa Teach air.

Nuair a d'fhoilsigh Bord na Gaeilge a bplean anuraidh léigh mé é agus sílim go bhfuil go leor moltaí fiúntacha ann go speisialta chomh fada is a théann sé le cur chun cinn na Gaeilge sa Dáil agus sa tSeanad. Ceann de na rudaí atá tugtha faoi dearadh agam le trí bliana ó tháinig me anseo ná go mbíonn lá amháin sa bhliain agus go mbíonn Gaeilge anseo ar fud an Tí. Is é sin an lá a bhímid ag plé le Meastachán Roinn na Gaeltachta. Is cuimhin liom níos luaithe sa bhliain cúpla lá roimh Lá le Pádraig gur labhair gach duine i rith an lae sin i nGaeilge ar fad. Is breá an rud é sin. Ar an dtaobh eile tá laige ag baint lena leithéid sin. Is é sin go mbíonn an Ghaeilge á úsaíd anseo nuair a bhímid ag plé le Meastachan Roinn na Gaeltachta agus sa chuid eile den bhliain gur annamh a bhíonn deis an Ghaeilge a úsáid. Tá sé iontach tábhachtach gurb é an dearcadh a mba chóir a bheith againn an Ghaeilge a úsáid anseo go rialta agus go minic. Ceann de na moltaí atá déanta ag Bord na Gaeilge ná go mbeadh ceist nó dhó in aghaidh an lae i nGaeilge i dTráth na gCeist anseo. Is moladh fiúntach é sin agus moladh gur cóir don chomhchoiste a scrudú go mion agus, b'féidir é a chur i bhfeidhm. Is é sin, in ionad lá amháin a bheith i nGaeilge sa bhliain go mb'fhéidir ceist nó dhó gach lá go bhféadfaí iad a freagairt i nGaeilge.

Beidh sin tábhachtach mar tá beartaithe ag comhchoiste i láthair na huaire go mbeidh imeachtaí na Dála á gcraolú b'fhéidir go luath san ath-bhliain. Beidh muintir na tíre ag éisteacht le céard atá ag dul ar aghaidh istigh anseo. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh muintir na tíre ábalta cúpla focal Gaeilge a chloisteáil i dTithe an Oireachtais gach uile lá dá mbíonn siad ina suí. Beidh sé sin i bhfad níos tairbhí agus i bhfad níos fiúntaí ná é a bheith ann go díreach lá amháin sa bhliain. Aontaím leis an dearcadh gur fearr imeachtaí na Dála a bheith dhá-theangach cosúil le cláracha teilifíse atá dhátheangach. Cuir i gcás na cláracha radio. Go minic na daoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu nuair a bhíonn clár iomlán teilifíse i nGaeilge nó clár iomlán radio i nGaeilge, téann siad go dtí staisiún eile. Ma bhíonn clár dhá-theangach ann éisteann siad leis go minic. B'fhéidir go gcuidíonn sé leo dul i dtaithí ar an Ghaeilge. Tá mé ag smaoineamh ar cheann de na cláracha b'fhéidir is mó a bhfuil tionchar aige ar mhuintir na tíre le roinnt blianta, "Trom agus Eadrom". Tá sé sin dhá-theangach, tá sé i mbéal na ndaoine agus is féidir linn ceacht a fhoghlaim ón gclár sin agus é a chur i bhfeidhm anseo sa Dáil agus sa tSeanad.

Ceann de na moltaí ná go mbeadh duine amháin as gach páirtí in ann labhairt i nGaeilge ar aon Bhille a bheadh ag dul tríd an Teach. Is cuma cé acu a bhaineann sé leis an Ghaeltacht ná le haon réimse eile de shaol na tíre is cóir go mbeadh urlabhraí amháin as gach páirtí a labhródh ar an Bhille sin. Is cóir go mbeadh an tAire atá ag cur an Bhille os comhair an Tí in ann cuid den a óráid a thabhairt i nGaeilge fosta.

Ba chóir go mbeadh iarracht san áit seo, sa phroinnteach go háirithe go mbeadh roinnt Gaeilge le cloisteáil ansin fiú amháin murab ann ach beannachtaí. Ceann de na rudaí a smaoinigh mé air agus mé ag éisteacht le cuid de na cainteoirí eile ná go go mba mhaith an rud sa restaurant bia-chlár dhá theangach. Chonaic mé é sin i dtithe ósta sa Ghaeltacht. Níl a fhios agam an ndéanfadh sé aon difríocht é bheith dhá-theangach ó thaobh na bpraghsanna de ach ar a laghad thabharfadh sé le fios dúinn féin agus do chuairteoirí ar bith a bheadh againn go bhfuil teanga eile sa tír, an phríomhtheanga de réir ár mBunreachta, is é sin an Ghaeilge.

Tá a fhios agam go mbíonn deacrachtaí don Teachta sa Dáil agus sa Seanad a labhraíonn as Gaeilge. Tá sé ráite go minic go bhfuil sé níos deacra poiblíocht a fháil ar an méid a deirtear anseo má labhrann tú as Gaeilge. Tuigim gur deineadh iarracht an scéal sin a fheabhsú cúpla bliain ó shin nuair a cuireadh an córas aistriúcháin ar fáil agus sílim go bhfuil role le himirt ag na tuairsceoirí a dheineann tuairisciú ar imeachtaí anseo dá mbeadh siad sásta úsáid a bhaint as an gléasra seo chun poiblíocht a thabhairt i leith an méid a bhíonn le rá as Gaeilge chomh maith leis an rud a déarfadh duine i mBéarla.

Ba mhaith liom ag an bpointe seo focal molta agus focal buíochais a thabhairt do Raidió na Gaeltachta. Ó cuireadh ar bun iad agus go speisialta le blianta beaga anuas tugann siad poiblíocht mhór do imeachtaí na Dála. Má bhíonn aon rud tábhachtach ar siúl anseo tugann Raidió na Gaeltachta an phoiblíocht sin dó. Chomh fada agus is eol dom tá tuairisceoir acu a dhéanann freastal go rialta ar an Dáil chun na himeachtaí a thabhairt ní amháin do mhuintir na Gaeltachta ach do mhuintir na tíre uilig. Tá tonnfhaid Raidió na Gaeltachta ar an ard-mhinicíocht; tá sé le fáil ar fud na tíre.

Le tamall anuas tá athrú tar éis teacht ar chúrsaí cumarsáide chomh fada agus a bhaineann sé le Gaeilge. Mar shampla, tá dhá pháipéir, Amárach agus Inniu tar éis dul in éag ach tá páipéar taitneamach i ndiaidh a n-áit a ghlacadh, is é sin Anois atá ar fáil go rialta ar fud na tíre gach uile Dhomhnach agus tá súil agam gur fada a leanas a réimeas.

Rinne cúpla cainteoirí a chuaigh romham tagairt do theilefís agus easpa Ghaeilge ar an dteilefís. I rith an Oireachtais bhí seimineár i nGaoth Dobhair agus bhí lucht teilifíse agus cumarsáide ansin, agus tuigim uathu nach mbeadh an oiread sin deacrachta le feabhas a chur ar an scéal. Is é an rud a mbéinn féin ag súil leis ná — sílim go ndúirt an tAire Cumarsáide é cheana féin — go bhféadfaí bealach teilifíse a chur ar fáil go mbeadh an mhór-chuid de na cláracha i nGaeilge. Sílim gur féidir linn ceacht a ghlacadh ó theilifís na Breataine Bige. Tá bealach teilifíse ansin agus sílim go bhfuil i bhfad os cionn 13 faoin gcéad de na cláracha ar theilifís na Breataine Bige sa Bhreatanais. Nuair is féidir teilifís na Breataine Bige a leithéid a dhéanamh faoi réimeas Rialtas na Sasanach, ní fheicim cén fáth nach bhféadfaimís feabhas a chur ar rudaí san tír seo faoi Rialtas atá againn féin agus níos mó Gaeilge, ní dhearfainn níos mó Gaeilge ar na bealaí teilifíse atá ann faoi láthair ach cineál teilifíse eile a chur ar fáil a thabharfadh túsáite don Ghaeilge.

Tá sé beartaithe faoin phlean an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den áit seo ar fud na tíre, agus rinne cainteoirí eile tagairt do na deacrachtaí agus b'fhéidir an dul chun cinn atá déanta i gceantair Ghaeltachta. Ba mhaith liom tagairt ar feadh cúpla noiméad do cheantair Ghaeltachta mar go mbainim féin le ceantair Ghaeltachta agus go bhfuil leath mo Dháil cheantair, d'fhéadfá a rá, sa Ghaeltacht. Tuigimid go léir go bhfuil deacrachtaí sa Ghaeltacht anois leis an Ghaeilge. Ní shílim gur rún ar bith é go n-aontódh gach duine go bhfuil culú ag teacht ar an Ghaeilge sna Gaeltachtaí. Tá deacrachtaí ar leith acu, mar shampla i gcúrsaí oideachais.

Luaigh an Teachta Gallagher, mar is dual dó mar mhúinteoir, na deacrachtaí atá sa Ghaeltacht chomh fada go speisialta agus a bhaineann sé le téacsleabhair Ghaeilge. Sa bhunscoil níl na deacrachtaí chomh holc sin, ach nuair a théann tú isteach san iarbhunscolaíocht éiríonn an scéal níos measa. Tá sé an-deacair teacht air téacsleabhair oiriúnacha san iarbhunscoil agus sílim nuair a bheas an coiste ar bhun, gurb shin ceann de na rudaí ba cheart dóibh a n-aire a dhíriú air agus iarracht a dhéanamh ar an fhadhb a fhuascailt le réimse gearr téacsleabhair Ghaeilge i ngach ábhar a chur ar fáil do na scoláirí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaelacha sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht. Is breá an rud é le roinnt blianta anuas go bhfuil fás agus forbairt ar oideachas trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Rinne an Teachta Prendergast tagairt do scoileanna Gaelacha a cuireadh ar bun sna tríochaidí agus na deacrachtaí a bhí acu, go raibh daoine a raibh sásta freastal ar na scoileanna sin agus nach raibh daoine eile sásta freastal orthu mar nár aontaigh siad leis na haidhmeanna polaitíochta a bhí ag daoine a chuir na scoileanna ar bun. Ceann de na rudaí maithe faoin chomhchoiste seo ná go bhfuil siad chun na pairtithe go léir a thabhairt le chéile agus go bhfuil an Ghaeilge níos tábhachtaí agus is maith an rud é sin.

Labhair mise cúpla uair cheana ar Mheastachán Roinn na Gaeltachta faoi dheacrachtaí eile atá againn sa Ghaeltacht. B'fhéidir go bhféadfadh an tAire, an Roinn agus an comhchoiste comhoibriú le chéile leis na deacrachtaí seo a réiteach. Tá obair mhór déanta ag Roinn na Gaeltachta le blianta anuas. Tá forbairt mhór déanta sa Ghaeltacht ag an Roinn, ag Údarás na Gaeltachta agus i nGaeltarra Éireann a bhí ansin roimh an Údarás. Tá saol na Gaeltachta ag athrú le 10 mbliana nó 15 bliana anuas. Tá fostaíocht ar fáil do na daoine ansin; tá muintir na Gaeltachta ag imeacht amach as an Ghaeltacht agus go minic tagann siad isteach arís agus cuireann siad clann agus teaghlach ar bun sa Ghaeltacht. Caithfidh an Roinn a aithint go bhfuil athrú ag teacht ar an saol.

Ceann de na pointí a rinne mise anseo cúpla uair agus tá eagla orm go gcaithfidh mé é a dhéanamh arís ná go bhfuil géarghá le dearcadh a dhéanamh ar na deontais a thugtar amach sa Ghaeltacht. Tá daoine ar fud na tíre agus tá siad den bharúil go bhfuil muintir na Gaeltachta beo ar dheontais. Ní fíor é sin. Ceann de na deontais atá ar fáil sa Ghaeltacht ná an deontas scoile, is é sin do pháistí os cionn sé bliana atá ag freastal ar scoil; más í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh bíonn £10 sa bhliain le fáil. Ní chuirfeadh sé bróg amháin ar do chois ní amháin péire bróg. Sílim gur cheart féachaint ar an deontas sin. Bhí mé i mo cheantar féin an deireadh seachtaine seo caite agus tháinig fear agus bean, athair agus máthair isteach chugam: rugadh agus tógadh an bheirt acu i nGlascú. Bhí a gcuid seanaithreacha as Tír Chonaill agus tháinig siad ar ais cúpla bliain ó shin mar gur mhaith leo a gclann a thógáil anseo in Éirinn. D'fhreastail an bhean le dhá bhliain ar ranganna Gaeilge i nGaoth Dobhair agus tá Gaeilge aici; ní dhéarfainn go bhfuil sí líofa ná go bhfuil blás nádúrtha Gaoth Dobhair aici. Tá fuaim Albanach ar a cuid cainte, ach mar sin fhein d'freastail sí ar ranganna Gaeilge; tá Gaeilge ag na páistí agus iad ag freastail ar scoil Gaeltachta ian gceantair féin. Rinne siad an scrúdú ach níor tugadh an deontas dóibh mar go ndúirt an cigire nach raibh Gaeilge nádúrtha acu nach bhfuil blas nó blas an cheantair acu. Déanann rud mar sin níos mó dochair do dhul chun cinn na Gaeilge ná maitheas. Cén fath go mbeadh an t-athair agus an mhathair sin agus na páistí sin go díograiseach i leith na Gaeilge nuair a deintear socrú mar sin. Cén fáth go labhródh siad focal amháin Gaeilge choíche. Níl mé ag cur an mhilleáin ar na cigirí — tá siad ceangailte leis na rialacha — ach ba chóir don chomhchoiste seo breathnú isteach sna rialacha agus moltaí a chur chuig an Aire agus chuig an Roinn len iad a athrú. Níl ansin ach sampla amháin. D'fhéadfainn na céadta a thabhairt mar tá mé ag scríobh litreacha gach lá sa tseachtain chuig an Roinn faoi cheisteanna mar seo.

An dara ceann go mba mhaith liom tagairt a dhéanamh dó ná an deontas tí. Má thógann tú teach sa Ghealtacht tá £2,000 de dheontas le fáil agat. Mar a dúirt mé, tá an dearcadh ar fud na tíre arís go bhfuil muintir na Gaeltachta beo ar dheontais. Sin an méid atá le fáil, £2,000 má chomhlíonann tú na coinníollacha ar fad. Má thógann tú teach i mBaile Átha Cliath nó in aon pháirt eile den tír tá £1,000 le fáil agat agus go minic lena chois sin bíonn mortgage subsidy le fáil agat de £3,000. Tá sé le fáil sa Ghaeltacht ach má dheineann tú scrúdú ar na figiúirí tá níos mó daoine taobh amuigh den Ghaeltacht, céad codán níos mó, a fhaigheann mortgage subsidy ná sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin má cheannaíonn tú teach i mBaile Atha Cliath tá £1,000 le fáil agat agus mortgage subsidy, sin £4,000. An chuid is mó de mhuintir na Gaeltachta a thógann tithe gheobhaidh siad deontas de £2,000; is beag acu a fhaigheann mortgage subsidy mar go traidisiúnta tógann muintir na Gaeltachta a gcuid tithe féin agus ní chuireann siad iarratas isteach ar an subsidy sin.

Arís tá deacrachtaí ag baint leis an deontas sin: (1) muna bhfaigheann na páistí a bhfuil ag freastal na scoile an £10, ní fhaigheann na tuismitheoirí an deontas; (2) san am i láthair, tá cás amháin agam i leith fear sa Ghaeltacht i mo cheantar féin atá ag dul ag tógáil tí; tá sé ar eolas go bhfuil rún pósta aige. Cuireann na cigirí ceist cad é an t-ainm atá ar an gcailín agus an bhfuil Gaeilge aici nó nach bhfuil. Muna bhfuil Gaeilge ag an gcailín agus rún pósta agat, ní bhfaighidh tú an deontas. Cuirtear ceist fiú amháin anois an bhfuil tú geallta, agus is é an rud is fearr a rá nach bhfuil tú geallta, mar má tá tú geallta caithfidh siad cinnte a dhéanamh de go bhfuil Gaeilge ag an gcailín nó ag an mbuachaill. Sin ceist go mba cheart don chomchoiste dearcadh isteach ann agus rud éigin a dhéanamh ina thaobh mar níl socruithe den chineál sin ar mhaithe le leas na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is rud maith an comhchoiste. Sílim gur chuir Bord na Gaeilge pleananna fiúntacha ar fáil agus ag éirigh as an tuairisc sin tá an comhchoiste dá bhunú anois. Mar a dúirt mé, ceann de na rudaí móra ná go dtabharfaidh sé deis dúinn uilig sa Teach seo teacht le chéile le ceisteanna Gaeilge a phlé agus teacht ar mhodhanna agus slite faoi choinne an Ghaeilge a chur ar aghaidh anseo sa Dáil, sa tSeanad, i dtimpeallacht an Tí, taobh amuigh agus ar fud na tíre. Tá súil agam nach fada go gcuirfear an coiste ar bun agus guím rath ar a saothar agus déanaim comhgháirdeas leis an Aire agus leis an Rialtas a chinnigh dul le moltaí an Bhoird agus an coiste a chur ar bun.

Tugaim tacaíocht don tairiscint seo agus is cúis áthais dom an tairiscint a mholadh don Teach.

It is realistic, as was pointed out in the Seanad, that participants in this debate speak both in Irish and in English. The task of the proposed joint committee is to review and make recommendations from time to time in relation to:

(a) the extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of both Houses, and

(b) the promotion of the Irish language in general.

I wish to address my remarks particularly to paragraph (b). This is because I am perturbed about the recent reported announcement — I use the word "reported" advisedly — by a sub-committee of the Curriculum and Examinations Board with regard to Irish. The chairman of the board, as reported in the newspapers, was careful to say that the board had neither received nor heard of any recommendation on the lines reported. Be that as it may, the fact remains that a sub-committee of this board have spoken out on the subject of the curriculum at senior cycle. That is their brief but in doing so they have expressed the opinion that Irish should become an optional subject for study at senior level in post primary schools. This is a very serious development and if possible it should be nipped in the bud early on.

I was not sure whether I should make these remarks or whether I should remain silent and hope that in some way nothing would come of this development but having studied the newspaper report again I decided to put a mole working among the sub-committee and that mole has reported back.

As moles normally do.

That is their brief, too. The mole has reported back that there is a notion among the sub-committee of the board that this idea should be pushed. As spokesperson for Education for my party it is my responsibility to say that this would be a very wrong step for the board to take. I am sure the Minister as well as many others on the opposite side would agree with me.

And the Labour Party, too, as I indicated.

I am sorry but I was not in the House when Deputy Prendergast spoke. I am sure there are many on all sides of the House, and I include The Workers' Party, who would agree with me. What concerns me is the obvious silence from the Minister and from the Government on this reported development. One of the terms of reference of the Curriculum and Examinations Board is that particular regard should be paid to the constitutional status of the Irish language and to the national policy in relation to it. Furthermore, in April 1983 when the "Action Plan for Irish, 1983-86" was launched, the Government confirmed their commitment to providing a genuinely supportive environment for those who choose Irish either as their principal language or as a significant language in their daily lives.

Therefore, the stated policy of the State is directed towards the gradual development of a further bilingualism. The problem really arises in the further remark that the Curriculum and Examinations Board do not recommend that any core subjects be essential. The board have their brief. They have before them the Constitution, the action plan of the Government and the commitment of the Government yet a sub-committee of the admittedly interim Curriculum and Examinations Board but one who hope to become a statutory body, can issue a recommendation which is totally at variance with their stated brief and with the constitutional status of the Irish language and not receive a reprimand, a rebuttal or a denial from a Government Minister in relation to it. I find that very serious and I am glad the terms of the motion allow me to expand into an aspect such as this. As an educationalist I agree with the principle of flexibility of subjects at senior level but I would contend very strongly that Irish should be retained as a course subject within such a range. I hope the Minister will address himself to this aspect of the debate when he is summing up.

The figures from the Department of Education show that the number of students taking Irish in the leaving certificate examination is declining steadily. In 1980 the percentage who failed or did not sit for the examination was 19.1 per cent. In 1983 the percentage of students who failed or did not sit for the examination was 25.26 per cent. That is a very significant increase and it is at variance with the attitude of the general public towards Irish because the ITE survey of 1983 shows that support for Irish remains high, particularly as expressed support for ethnic content, for cultural value and support for the Gaeltacht areas. But that is not quite what we want and while I fully accept the ITE survey and am very glad to accept it because of its general warm supportive attitude towards Irish, towards things Irish, towards culture, history, traditions and so on, it still is not concrete enough in its support for futher bilingualism and use of the Irish language.

I have been giving this matter a lot of thought. Parents often tell me that they feel inadequate to deal with their children's homework in Irish. I am talking particularly about the latter years of primary school and the junior years of secondary level. Many parents have said to me that they wish they could go back to school. I do not mean an adult education class run by a vocational education committee, worthy and all as those classes are. Indeed, as a member of a vocational education committee I know these classes are excellent. I am thinking more here in the context of primary schools. I am very much of the belief that the local primary school, whether in a rural or an urban setting, should be like a community centre. Indeed, I was alarmed to note a recent circular from the Department saying that primary schools were not to be used for purposes for which heretofore they had been allowed to be used. I know it is up to each individual board of management and that insurance plays a role in it. At the same time I believe there should be some degree of flexibility and perhaps a global insurance scheme investigated and worked out by the Department of Education so that community groups could use primary schools for activity within the community. Parents have said to me that if the same teacher who taught their children during the day could somehow, for some extra remuneration, a bonus or whatever, within the confines of the same school, impart to parents who wanted it a knowledge of what went on in the classroom that day they would feel encouraged to go on and listen to more Irish programmes, to speak it more and so on. It may seem simplistic but it has been put to me. Herded into an adult education class of the VEC they would feel intimidated. They would find the local national school not so intimidating. They would be in the atmosphere in which their children had been that day.

I would like to refer also to the promotion of the Irish language in general and linked with this I want to go back to the Curriculum and Examinations Board. I welcomed this when it was inaugurated as an interim board because it followed on what the previous Minister for Education, Deputy John Wilson, had decided for the curriculum council which he announced in the White Paper on Education. I still welcome it because anybody who spent years, as I did, in the second level system knows that a curriculum and examinations board is long overdue. The idea of expanding and making a curriculum more relevant should not be just a pious aspiration but we hope will soon be a reality. When I welcomed it I entered my own caveat. Each time I have spoken on it I have reiterated the same caveat we cannot throw out the baby with the bath water. We cannot go mad after new technology and embrace all the new subjects if, by so doing, we lose the essential basis of what is good in our Irish education, that which has served us so well over the years. I am talking about our language, our history, our culture, our games, our songs, our poetry, our literature. I speak as one who taught history for many years at second level. I fear that history, Irish language and Irish culture will become lost in the rush to take up the new technology, the new subjects, all the things which are very appropriate and necessary for our young people in the world that is ahead of them but will be no good if they have no base.

The only base that will equip young people to have confidence, to have self-esteem, to have a shape about them as people with a background and a culture will be to continue to study our Irish language and culture. I am alarmed by historians who say that all that happened in the past was wrong. They tend to say that things did not happen when we know they did. They think if they say that for long enough young people will believe them. What happened happened and the lessons are there to be learned.

If the study of Irish history is relegated to a back seat in the deliberations of the Curriculum and Examinations Board it will have a harmful effect on our educational system. The study of the language is linked to that. In some quarters of public life it is unfashionable to be proud of our past, culture and language. The Minister will agree with many of the things I am saying, and I hope he will relate them to the appropriate Minister. The Curriculum and Examinations Board must proceed with caution along the road of modernising the educational system. They must never lose sight of what is real and lasting in our educational system. I note with alarm the recent reported statement made by a sub-committee of the board.

If the Minister cannot say unequivocally what the response of the Minister for Education will be to that, I should like him to convey to her our disquiet at the pronouncements of the board on the role of Irish in second level schools and the conflict it creates with what they have been given as their brief.

Tá sé thar am díospóireacht mar seo a bheith againn. Im thuairimse má táimid le haon dul chun cinn a dhéanamh leis an Ghaeilge caithfidh an tOireachtas treoir a thabhairt do na daoine i gcoitinne ar fud na tíre. Sa chéad áit bíodh gach díospóireacht trí Ghaeilge, ach theip air sna tríochadaí. Rinneamar an-iarracht slacht a chur ar úsáid na Gaeilge agus í a chur i mbéal na ndaoine agus sna scoileanna. Caithfimid cuimhniú ar ár muintir a choinnigh an Ghaeilge beo dúinn. Cad tá déanta againn dóibh? Caithfimid ár mbuíochas a ghlacadh leis na Gaeltachtaí, na fíor-Ghaeltachtaí agus na breac-Ghaeltachtaí a choimeád an Ghaeilge dúinn go dtí an lá atá inniu ann, nó beagnach an lá atá inniu ann, mar caithfimid a admháil go bhfuil laghdú ag teacht ar úsáid na teanga fiú amháin sna Gaeltachtaí, go mór mhór de bharr raidió agus teilifíse, agus níos measa, de bharr nach bhfuil mórán Gaeilge le cloisteáil nó le feiceáil sa chóras cumarsáide sin.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuil mórán déanta againn chun an Ghaeilge a chur faoi shlacht. Thaispeáin ár muintir don domhan uile go bhfuil againne anseo náisiún Éireannach, Gaelach, go bhfuil teanga dár gcuid féin againn mar atá ag muintir na Fraince nó na hIodáile, na Spáinne agus na dtíortha eile san Eorap. Cén fáth nach bhfuilimid ag déanamh athrú ar an scéal agus treoir a thabhairt ón áit seo go mór mhór, chun a thaispeáint don domhan go bhfuil ár náisiúntacht agus ár dteanga againn. Bhí me ag breathnú ar chlár teilifíse an tseachtain seo agus cuireadh ceist ar ár dTaoiseach ach dhiúltaigh sé an cheist a fhreagairt as Gaeilge. Sin sampla den Seoiníneachas atá againn nó atá in aigne ag cuid de na daoine sa tír seo. Bhí seans ag an Taoiseach moladh do na daoine a bhí ag féachaint air go raibh againn ár dteanga féin. Séard dúirt sé ná go raibh daoine ann nach bhfuil ach beagán Gaeilge acu. Ní leithscéal é sin agus ní ghlacaim leis. Bhí a dhóthain Gaeilge ag an Taoiseach an cheist sin a fhreagairt as Gaeilge nuair a cuireadh an cheist air as Gaeilge. Mo náire ar an ocáid sin nár dhein sé iarracht an cheist a fhreagairt as Gaeilge nuair a cuireadh an cheist chuige as Gaeilge.

Molaim arís go bhfuil ocáid againn díospóireacht trí Ghaeilge a fhoghlaim chun a thaispeáint dár ndaoine go bhfuil meas againn ar labhairt na Gaeilge. Tá a fhios ag an gCathaoirleach go bhfuil anchuid Gaeilge ag Teachtaí, agus cén fáth nach labhraiónn siad í? Níl a fhios agam. Tá a fhios agam go bhfuil meas acu ar an Ghaeilge. Ó mo chroí ní thuigim cén fáth nach mbaineann siad úsáid as an méid Gaeilge atá acu. Ní féidir liomsa a rá gur cainteoir dúchais mé; ní raibh mé i bhfíor-Ghaeltacht riamh. Seachas cuairt a dhéanamh ann, níor chaith mé aon tréimhse ann chun cleachtadh a dhéanamh. Ní múinteoir scoile mé ach gnáthcheardaí. Mar sin cén fáth nach bhfuil daoine eile atá an méid Gaeilge acu agus atá agamsa sásta í a úsáid?

Tá mé ag rá seo chun go dtabharfaidh sé muinín do dhaoine Gaeilge a labhairt. Ní haon iontacht é agus tá roint rudaí ann a bhféadfadh daoine úsáid a bhaint astu agus a chabhródh leo a gcuid Gaeilge a choimeád agus a leathnú agus a thabharfadh treoir do pháistí scoile agus daoine eile. Caithfidh mé moladh a thabhairt do na scoileanna in a bhfuair mé mo chuid oideachais. B'fhéidir nach bhfuil aithne ag mórán daoine sa Tí seo ar Risteárd Ó Murchú ach tá an-meas agam air agus tá sé tuillte aige de bharr an sprid a thug sé dúinn agus sinne sa bhunscoil chun úsáid a bhaint as an Ghaeilge.

Ina dhiaidh san chuaigh mé go dtí an mheán-scoil, i mo thuairmise, is fearr sa tír seo agus sin ráiteas an-mhór — an Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh. Tá mé an-bhródúil as na Bráithre Críostaí ansin as ucht an méid sprid agus muiníne a thug siad dúinne an Ghaeilge a labhairt ag súgradh, sa rang agus mar sin de. Chomh maith leis na rudaí eile a mhúin siad dúinn thug siad an Ghaeilge dúinn agus an sprid. Sin an rud is fearr a thug siad dúinn — sprid ár naisiúnachais, sprid ár dtíre, sprid ár dteanga, ár gceol, ár rinncí agus gach rud atá ag dul leis. Caithfidh mé a rá go bhfuil grúpa eile go bhfuil an-bhaint agam leo ó thuas mo shaoil agus is é sin arís ón Mhainistir, iománaíocht agus Peil an Chumainn Lúth-Chleas Gael. Cé mhéid Gaeilge a bheadh á úsáid sa tír seo muna mbeadh sé mar aidhm, mar atá, ag Cumann Lúth-Chleas Gael an Ghaeilge a úsáid agus a choimeád. Éinne a bhí mar rúnaí ar aon chumann den Chumann Lúth-Chleas Gael chíodh sé an méid úsáide a bhí ann den Ghaeilge, fiú amháin liostaí na n-ainmneacha do gach cluiche, an áit ina rugadh agus a tógadh na himritheoirí, dáta breithe agus mar sin de. Tá ár mbuíochas tuillte acu gur lean siad den Ghaelachas agus den Ghaeilge a choimeád agus a úsáid.

Dream eile atá ag déanamh sár-oibre is ea Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus nach droch scéal a chonacamar le déanaí gur mhol an Dáil airgead a thabhairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann de bharr na hoibre sin agus nár íocadh an t-airgead seo fós cé go bhfuil an costas ar an iasacht airgid don Chomhaltas ag dul i méid gach lá. Is maith go bhfuil sé luaite ag an Aire ina ráiteas, agus tá brón orm nach raibh seans agam éisteacht leis ar fad mar go raibh mé thall ag an Amharclann Náisiúnta.

Tráth na gCeist — an-chaol ar son na Gaeilge, fiú amháin ceisteanna do Aire na Gaeltachta. Nach bhfuil sé thar am dúinn níos mó Gaeilge a úsáid ag Tráth na gCeist sa Dáil? Molaim an méid atá luaite ag an Aire faoi sin. Ní mór dom moladh ard a thabhairt do Bhord na Gaeilge de bharr bunú na nGael-scoileanna tríd an tír seo. Bhí géar-ghá leis na Gael-scoileanna sin. Caithfimid gach cabhair agus cúnamh agus gach treoir a thabhairt do na daoine atá ag bunú Gael-scoileanna. Is iontach an rud é go bhfuil an-dul chun cinn déanta acu agus go bhfuil na scoileanna seo á mbunú sa Ghaeltacht go mór mhór chun an Ghaeilge a choimeád beo agus a shabháil ó roinnt mhaith daoine sa tír seo agus go mór mhór ón Dáil agus ón Seanad. Cuirfidh sé chugainn as seo amach na daltaí atá ag dul ag freastal ar na Gael-scoileanna agus ina dhiaidh san go dtí na scoileanna lán-Ghaelacha bun scoileanna agus mean scoileanna go bhfuil sé in am dúinn mar Theachtaí agus Sheanadóirí múscailt chun a fheicéail cad tá ar suíl.

Do luaigh mé an brú atá a dhéanamh ag Radio Teilifís Éireann agus Radio Éireann. Tá sé thar am dúinn mar dhlíodóirí na tíre seo féachaint chuige go dtiocfadh athrú ar an scéal seo agus go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil ó raidio agus teilifís an Stáit seo. Tá sé luaite chomh maith ag an Aire agus tá a fhios againn go léir go bhfuil laghdú tagaithe ar úsáid na Gaeilge i roinnt mhaith de na Gaeltachtaí. Radio Éireann agus Radio Teilifís Éireann atá ciontach le roinnt mhaith den laghdú sin atá ag teacht agus atá tagaithe. Caithfimid féachaint chuige cén slí inar féidir linn athrú a chur ar an scéal sin.

"Aire na Gaeltachta", nach mithid dúinn, agus molaim, go scaraimís leis an teideal sin agus teideal nua agus Roinn nua a bhunú agus "Aire na Gaeilge" nó b'fhéidir "Aire na Gaeilge agus na Gaeltachtaí" a thabhairt air. De bharr mar atá an scéal faoi láthair faoi cheist na Gaeilge, caithfimid Roinn a bhunú agus Aire a chur sa Roinn sin chun sprid na Gaeilge a leathnú. Tá an sprid ann faoi mar a luaigh mé. Tá sé ann sna heagraíochtaí a mhol mé. Tá sé ann sna Gael-scoileanna. Tá sé ann sna scoileanna lán-Ghaelacha, sna bunscoileanna agus sna meanscoileanna.

I mo thuairimse, tá an-mhuinín ag daoine san chuid sin den tír ar a ghlaoimid an Ghaeltacht. Tá sé thar am dúinn dul arais go dtí na slite a bhí againn nuair a bhí Gaeilge ar fad sa chéad Dáil anseo. Má táimid i ndáiríre i leith ár náisiúnachas a choimeád agus a thaispeáint don domhan, bheadh sé i bhfad níos fearr dúinn dá mbeadh Aire na Gaeltachta nó Aire na Gaeilge agus na Gaeltachtaí. Tá roinnt rudaí molta ag Bord na Gaeilge chun an Ghaeilge a leathnú. Tá mé lán-sásta go dtí seo leis an méid atá déanta ag roinnt de na comhairleoirí contae agus na comhairleoirí baile i leith, cuir i gcás, ainmneacha na háiteanna i nGaeilge. Nach bhfuil sé thar am dúinn a chur in iúl do dhaoine go bhfuil siad ag caint Gaeilge gach lá nuair a luann siad áiteanna cosúil le Cúl Fliuch nó Cnoc Phádraig — tá na mílte acu ann. Tá súil agam go mbeidh treoir do na bardais chathrach agus na comhairlí contae ón díospóireacht seo.

Tá dream eile sa tír, na heaglaisí. Is mór an trua nach raibh an Cairdinéal Ó Fiaich ann nuair a bhí na searmanais á n-aistriú ón Laidin go dtí an "vernacular". Cad a bhí mar "vernacular" ag formhór na ndaoine ach an Béarla? Do chailleamar an seans cuid de na searmanais a bheith as Gaeilge agus as Béarla. Ní haon leithscéal é a rá nach mbeadh an tuiscint againn dá mbeadh an rud as Gaeilge. Ní raibh an tuiscint againn nuair a bhí sé as Laidin. Nach raibh an Ghaeilge á foghlaim ag gach dalta ar scoil? Nach bhfuil an Ghaeilge á múineadh le 50 bliain anuas? Nach raibh sí á foghlaim ag na daoine taobh amuigh de na scoileanna nuair nach raibh sé ceadaithe ag an Rialtas a bhí sa tír seo an Ghaeilge a mhúineadh sa scoil? Nár mhúin Conradh na Gaeilge an teanga do dhaoine sara dtosnaíomar á múineadh sa scoil? B'fhéidir go bhfuil meirg tagtha ar Ghaeilge roinnt daoine. Caithfimidne anseo an treoir a thabhairt, an spiorad a mhúscailt. Tá sé mar dhualgas orainn í a choimeád agus a leathnú. Cuimhnímís go deo gur theip ar na Gaill an Ghaeilge a chur faoi chois. Choimeád na daoine an Ghaeilge chomh maith agus a choimeád siad an Chríostaíocht. Bhí an dá rud ag dul le chéile. Caithfimid deimhin a dhéanamh de nach ndéanfaimid féin an obair sin don Ghaeilge agus don Chríostaíocht a theip ar na Gaill a dhéanamh. Beidh a fhios ag na glúnta a thiocfaidh in ár ndiaidh cad a tharla don Ghaeilge ag deireadh na fichiú aoise. Caithfimidne smaoineamh ar cad a fuaireamar ó na daoine a chuaigh romhainn agus cad a fhágaimidne do na daoine a thiocfaidh inár ndiaidh.

Níl mé a rá go gcaithfimid an Ghaeilge a chur in ionad aon teanga eile. Ní haon ualach d'éinne a bheith dhá-theangach. Tá iarracht mhór á déanamh anois, os rud é go bhfuilimid inár mball don Chomhphobal Eorpach, níos mó ná dhá theanga a bheith againn. Tá an-seans ag daltaí, mar má tá teanga amháin agat agus tú ag iarraidh an dara theanga a fhoghlaim tá sé níos deacra ná má tá dhá theanga agat i dtosach — agus tá ag formhór na ndaltaí. B'fhéidir go bhfuil scoileanna nach múineann agus nach gcreideann go bhfuil Gaeilge sa tír seo. B'fhéidir go bhfuil scata beag díobh ann. Tuigim ó dhaltaí scoile go dtagann sé go bog chucu an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim de bharr go bhfuil dhá theanga acu cheana féin agus go bhfuil comparádaí eatarthu le feiceáil.

Is maith an rud go bhfuil ar intinn againn coiste a bhunú. Tá súil agam nach dtarlóidh aon rud don choiste sin a chuirfidh díomá orainn i leith an méid atá ar aigne againn, is é sin gríosadh a thabhairt do na daoine go bhfuil suim acu sa Ghaeilge, na daoine go bhfuil Gaeilge acu agus tá roinnt mhaith díobh sa tír seo. Tá súil agam nach dteipfidh ar an gcoiste ach go dtabharfar gach cabhair don choiste más rud é go mbunaítear a leithéid. Im'thuairimse, sin atá i gceist agus tá súil agam go ndéanfaimid fíor-iarracht, fíor-iarracht chun an Gaeilge a leathnú i measc na ndaoine. Ní fheadar agus is dócha go bhfuil go leor ráite agam.

Tá súil agam go mbeidh níos mó dár gcairde anseo sa Tí ag teacht isteach chun éisteacht linn pé tuiscint a bheadh acu de bharr na díospóireachta seo. Cad a cheapann siad? An bhfuil an ceart againn? B'fhéidir nach bhfuil an ceart agam, ach im'chroí ceapaim go bhfuil an ceart agam agus measaim go bhfuil an ceart ag na daoine go bhfuil suim acu sa díospóireacht seo agus a bhfuil i gceist inti. Is é sin, im' thuairimse, féachaint chuige, faoi mar a dúras i dtosach, faoi threoir. Is é sin an príomh-rud, treoir a thabhairt. Níl sé maith a dhóthain a rá "Déan mar a deirimse, ní mar a dhéanaimse". Ní leor sin, agus más rud é go bhfuil intinn mar sin ag daoine ar an gcéad dul síos, bhuel, tá teipthe orainn. Ní theipfidh orainn. Ní theipfidh orainn go deo ach nílim cinnte go bhfuil an iarracht á déanamh, go bhfuil an míniú ceart á thabhairt dár muintir gur maith an rud é don tír a brat náisiúnachta féin a bheith aici chun a thaispeáint gur tír sinn agus nach bhfuilimid ag brath nó ag freastal ar aon duine.

Is fíor sin, agus ní mór dom a rá gur tír dhá chontae tríochad í seo agus nach bhfuil aon rud amháin a shábhálfaidh agus a chuirfidh deireadh leis an teorainn ná an náisiúnachas a leathnú cosúil le grúpanna spóirt sa tír seo ná creideann, ná taispeánann go bhfuil aon teorainn ann; Cumann Lúthchleas Gael, cuirim i gcás. Ní fheicimidne, seachas go gcaithimid a choimeád inár n'aigne go bhfuil arm Shasana ann, sa pháirc sin atá ag Cumann Crossmaglen go fiú. Cuireann sé sin agus rudaí mar sin isteach orainn go mór. Fiú amháin muintir rugbaí, níl aon teorainn acu san. Is iad sin na rudaí dá mbeadh i bhfad níos mó díobh ann — an dornálaíocht, mar shampla. Gan aon dabht tá traidisiúin ag roinnt daoine san oileán seo agus tá spás san oileán do gach traidisiún atá ar an oileán seo agus d'fhéadfaidis a gcuid argóintí, b'fhéidir, a shocrú eatarthu féin ionas nach mbeadh an bata mór ón mBreatain os ár gcionn.

Nach bhfuil sé in am dóibh sin imeacht cos-in-airde as an tír seo agus an tír seo a fhágaint do mhuintir na tíre seo agus ní bheadh aon dabht agam. Bhuel is deacair é ach tuigim, a Chathaoirligh, go gcaithfinn freastal ar an rún nó an cuntas atá againn. Ach measaim féin go bhfuil sé ceart agam a rá, gan bheith ann faoi mar a deirimid anseo, ach passing reference b'fhéidir, gan bheith ag dul isteach go mór sa mhéid nach mbaineann leis an teanga. Ach sílim go bhfuil rud an-tábhachtach sa díospóireacht seo; táimid ag caint mar gheall ar an Ghaeilge agus uirthi sin amháin. Ach tá roinnt rudaí a bhaineann leis, a ritheann leis agus, im thuairimse, ní dhéanann sé aon díobháil iad sin a lua. Caithfimidne a bheith fíreannach linn féin inár gcroíthe, inár n-intinn, inár muinín don Ghaeilge agus, as sin, muinín a mhúscailt agus a leathnú i measc an phobail. Sin atá i gceist againn. Conas a dhéanfaimid é? Is dócha, sin an chéad chéim eile — conas a dhéanfaimid é?

Caithfimidne moladh a thabhairt do roinnt eagraíochtaí a bhfuil an-obair déanta acu agus á dhéanamh agus tá súil agam go leanfaidh siad leis an Ghaeilge a scaipeadh agus a choimeád beo agus gach cabhair a thabhairt d'aon duine go bhfuil sé ar intinn acu an Ghaeilge a úsáid agus daoine atá bródúil as an nGaeilge. B'fhéidir nach raibh sé ceart agam beirt nó triúr nár mhiste iad a lua anseo gan níos mó daoine a lua. Tá roinnt samplaí ba mhaith linn a thabhairt, fiú amháin seicleabhar. Má theastaíonn seicleabhar ó aon duine — agus caithfidh mé é seo ar á níor scríobh mé seic i mBéarla riamh — tá sé le fáil as Gaeilge d'aon duine ar maith leis a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. D'fheadfadh aon duine a scríobh síos "Daichead a cúig glan" agus a ainm a chur leis nó "Nócha punt 14p" nó rudaí an-simplí a d'fhoghlaim gach duine ar scoil sarar shroicheadar an séú rang sa bhunscoil. Ceadúnas tiomána bóthre, tá sé dátheangach. An bhfuil 'fhios ag na daoine go bhfuil siad ann? Ní dóigh liom go bhfuil. An ceadúnas tiomána: tá na foirmeacha iarratais go léir ar fáil. Sin sampla. Molaim iad sa Roinn. Ní mholaim iad de bharr an méid airgid a ghlacann siad uainn anois, ach caithfidh mé moladh a thabhairt dóibh. Sin atá ann. Tá siad sásta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus tríd an tréimhse sin ón mbliain a chuaigh mé ag obair níor líon mé foirm cháin ioncaim as Béarla riamh agus táid ann as Gaeilge do gach duine.

Sin an fáth a bhfuil beagán Gaeilge agam gan dul ag freastal ar cheantar Gaeltachta riamh, seachas dul ann chun mo pháistí a thógaint ann agus iad a thabhairt thar n-ais agus óráidí a thabhairt d'iarrthóirí Údarás na Gaeltachta, rud a dheineas le déanaí — agus is mór an trua gur chailleamar suíochán sa Mhumhain le dhá vóta is daichead! Is mór an trua — ní raibh m'iarrachtaí dóthanach chun an suíochán a bhaint amach ach beidh lá eile ag an bPaorach, is dócha. Thugas na samplaí sin, agus b'fhéidir go ndéanfaidh an tAire i Roinn na Gaeltachta treoir a thabhairt mar sin tríd na scoileanna. Caithfimid tosnú a dhéanamh sna scoilanna, an sort tosnú agus an spiorad a thug na Bráithre Críostaí dúinn sa Mhainistir Thuaidh agus ag cur in iúl do na páistí go bhféadfaidh siad na rudaí beaga seo a dhéanamh as Gaeilge. Agus níl aon dabht orm, níl aon dabht orm in aon chor agus deirtear go mbionn gach tosnú lag, ach le tosnú mar sin táim cinnte go ndéanfaimidne ag deireadh na haoise seo, an fichiú haois níos mó chun an Ghaeilge a choimeád i measc ár ndaoine agus í a chur chun cinn go forleathan tríd is tríd. A Chathaoirligh, is dócha go bhfuil go leor ráite agam. Is maith, agus tá an-athas orm go raibh an seans seo agam ar dtús an méid sin Gaeilge a labhairt agus an méid sin a rá faoin nGaeilge as Gaeilge.

A Leas-Chathaoirligh, tá áthas orm an seans seo a bheith agam cur leis an díospóireacht seo. Ó bheith ag éisteacht leis an gcur síos thall anseo tá a lán le déanamh againn maidir leis an nGaeilge. Ag an am céanna ba mhaith liomsa fáiltiú roimh an tairiscint atá an tAire á chur os ár gcomhair anseo inniu. Ó tháinig mé isteach ar an taobh seo dhá bhliain ó shin is beag Gaeilge a bhí le cloisteáil ar fud an Tí. Chuir sin sórt bróin orm go mór mhór nuair a thuigimid uile go bhfuil Gaeilgeoirí líofa, Gaeilgeoirí ó dhúchas inár measc agus nach dtuigeann siad go bhfuil aon oibleagáid orthu an Ghaeilge sin a leathnú agus, b'fhéidir í a labhairt le daoine nach ón nGaeltacht iad, agus chomh maith leis sin nach bhfuil chomh líofa céanna sa teanga. Sin rud amháin.

Tá rud éigin i ndáiríre ba chóir a dhéanamh chun snas agus feabhas a chur air sin. Tá plean gníomhaíochta na Gaeilge láinseálta ag an Aire le fada agus i mo thuairimse níl mórán déanta ag éinne ó shin. Tá obair idir lámha ag na comhairlí contae chun an Ghaeilge a fheabhsú agus a leathnú i measc na gcomhairlí sin ach is fíor-annamh a bhíonn aon fhocal Gaeilge le cloisteáil ó na comhairleoirí sa chomhairle chontae, abair, i mo thuairimse. Céard atá mícheart leis an Gaeilge, cén fáth go bhfuil staid na Gaeilge faoi mar atá sé i láthair na huaire. Tá a lán Teachtaí anseo agus is múinteoirí bunscoile agus is Gaelgeoirí ar fheabhas an chuid is mó acu. Ag an am céanna níl an Ghaeilge faoi mar ba cheart í a bheith sna bunscoileanna i láthair na huaire.

Tá a lán le rá faoi sin, tá a lán staidéir á dhéanamh ar conas é a fheabhsú, ach is beag an feabhas atá ag teacht air; agus caithfimid, aon uair a théann siad féin chun na Gaeltachtaí, is é an Béarla is mó a bhíonn á labhairt ag na daoine, fiú amháin na Gaeilgeoirí féin, na Gallgóirí mar a thugann siad orainne, na páistí a théann ann ar chúrsaí Samhraidh, ní hí an Ghaeilge a bhíonn á labhairt acu ar na cúrsaí seo. Ní hiad muintir na Gaeltachta féin na Gaeilgeoirí dúchasacha, na múinteoirí dúchasacha a bhíonn i mbun na gcúrsaí sin, agus tá a lán airgid á chaitheamh ag an Stát ar na cúrsaí sin agus sin mar atá ag tarlú agus tá a fhios againn le fada gur mar sin atá sé ó bunaíodh an Stát seo, agus bhí a lán ráite cheana féin inniu faoi sin, an Ghaeilge agus an méid Gaeilge a bhí á labhairt sa Tigh seo, agus tá meas mór tagtha air ó shin. Tá a lán coistí Gaeilge curtha ar bun, an mór-cáipéisí atá curtha ar fáil, an mór-staidéar atá déanta ar an teanga, ar bhealaí agus ar shlite chun an meath atá soiléir le fada a cheansú. Táimid le cur le coistí eile anseo. B'fhéidir gur mithid dúinn rud éigin a dhéanamh ach má tharlaíonn an rud céanna don Choiste seo is a tharla do na Coistí atá imithe romhainn is beag an mhaitheas a bheidh inti.

Bhí rud éigin le rá ag daoine thall faoi staid na Gaeilge agus nach mbíonn an Ghaeilge á labhairt ag Teachtaí an Tí seo. B'fhéidir nach fíor é sin. Tá a lán Gaeilge ag muintir na Dála. Níl sé de mhisneach acu im' thuairimse, níl an taithí acu agus sin é an t-aon rud amháin a chuirfeadh isteach orainne uile nach mbíonn an seans againn an Ghaeilge a labhairt in aghaidh an lae agus sin é an fáth im' thuairimse nach bhfuil an Ghaeilge mar ba chóir í a bheith taobh amuigh den Ghaeltacht, agus bíonn sí le cloisteáil amanta ar fud an lae. B'fhéidir go bhfuil cláracha dá gcuid féin sa Ghalltacht chomh maith ach ní hiad na cláracha a bhíonn siad ag éisteacht leo in aonchor.

An teilifís féin tá sé an-tábhachtach ar fad chun an Ghaeilge a athbheochan go mórmhór taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl a lán á dhéanamh ag an teilifís maidir leis an nGaeltacht agus ba chóir i bhfad níos mó a dhéanamh leis na páistí óga agus bíonn an-tionchar ag an teilifís ar na daoine óga. Ba mhaith liomsa m'aire a dhíriú ar na scoileanna agus staid na Gaeilge faoi mar a fheicim féin é sna scoileanna. Faoi mar a bhí ráite cheana agam faoi na bunscoileanna agus an caighdeán Gaeilge atá ag an ngnáth-mhúinteoir iontu tá an Ghaeilge acu á labhairt taobh amuigh de na scoileanna go mórmhór nuair a bhíonn na cluichí ar siúl ach nuair a bhíonn obair idir lámha acu sna clósanna scoile ní hí an Ghaeilge a bhíonn acu, ach corr fhocal b'fhéidir.

Sna meanscoileanna sin í an áit is mó atá an meath tagtha. Cén fáth? Ó bunaíodh an Stát tá béim níos mó ná mar is ceart ar litríocht na teanga agus ar úsáid na teanga trín litríocht. Tá sé an-deacair é sin a dhéanamh i mo thuairim. Tá an litríocht, na leabhair ata a scrúdú acu ró dheacair don ghnáth pháiste scoile nach mbíonn an stór focal aige. Is beag baint a bhíonn ag na leabhair sin leis an ghnáthshaol. Ba mhaith liomsa a iarraidh ar an Aire agus ar an Aire Oideachais chomh maith an scéal sin a athrú agus níos mó béime a chur ar an dteanga taobh amuigh den litríocht. Bhí an aidhm sin ag iar-Aire Oideachais anseo agus bhi sórt cúrsa in a aigne i dtaobh labhairt na teanga mar theanga beo — b'fhéidir an cultúr Gaelach, an ceol, siamsaí Gaelacha agus mar sin de.

Tá scoláirí ag fágáil na meánscoileanna agus na hardscoileanna agus an Ghaeilge á staidéar acu agus iad gan a bheith ábalta í a labhairt mar ba cheart. Ba cheart an caiteachas ag an Stát i leith na Gaeilge a dhíriú ar na daoine óga taobh amuigh den Ghaeltacht agus ar na scoileanna agus don na cúrsaí Gaeilge don Mheanteist agus an teanga labhartha a bheith ar aon dul leis ar litríocht.

Luaigh an Teachta Lyons an laghdú atá tagtha ar an méid páistí atá ag tógaint Gaeilge mar ábhar san Ard-Tesitiméireacht. Is cúis bhróin dúinn uile gur mar sin atá sé agus cén fáth? Cén fáth nach bhfuil suim acu i nGaeilge a thuilleadh go mór mhór san chúrsa onóireacha? Ta sé ró-dheacair. I mo thuairimise is é an cúrsa is deacra atá san Ard-Teistiméreacht i láthair na huaire. Is é atá ar aigne acu ná ard chéim a ghnóthú i ngach ábhar a dheineann siad. Bíonn sé rí-dheacair do ghnáth-pháistí taobh amuigh den Ghaeltacht céim níos airde na C a ghnóthú sa Ghaeilge agus sin é an fáth nach luíonn siad chomh trom agus is féidir ar an Ghaeilge chun í a labhairt.

Tá irisí ar fáil agus bhí sort bróin ormsa nuair a cuireadh deireadh le Inniu. Le fada an lá bhí an páipéar sin á léamh agamsa. Tá sé imithe agus, faoi mar a dúirt mé, cúis bhróin é domsa agus do a lán de mo mhuintir agus a lán de mhuintir na tíre seo go maith. Ag an am gcéanna tá iris ina áit agus failtím leis an bpáipéar sin. I mo thuairimse tá sé cíosach maith ach faoi mar a bhí ceaptha i dtosach níl a lán daoine ag ceannach an pháipéir sin agus b'fhéidir má leanann sé mar sin go mbeidh deireadh leis an bpáipéar sin sar i bhfad agus ní bheidh aon iris as Gaeilge le fáil as so amach. Caithfimid smaoineamh air sin agus ar shlite chun é a fheabhsú go mór mhór i measc daoine óga. Tá iris amháin a bhfuil aithne agamsa air agus tá sé an-sásúil, an-tábhachtach agus an taitneamach do dhaoine óga. Tá sé i mbaol a bháis chomh maith is docha mar is eol dom. Is é sin Mahogany Gas Pipe. B'fhéidir go bhfuil eolas faoin iris sin ag Teachtaí eile anseo. Cén sórt iris é sin? Tá Gaeilge ann, Gaeilge atá suimiúil do na páistí, Gaeilge ar an ghnáth-chúrsa, cúrsaí ceoil don óige agus chomh maith leis sin ag deireadh gach chapter mar a déarfá bíonn sórt foclóra ann agus is féidir le duine nach bhfuil an Ghaeilge go ró-mhaith aige agus nach bhfuil an sórt focal aige a úsáidtear é a thuiscint agus taitneamh agus níos mó ná taitneamh a bhaint as.

Tá rud amháin eile le rá agamsa faoin tairiscint atá á moladh ag an Aire anseo. Is é sin go bhfuil Teachtaí anseo agus faoi mar a dúirt mé ní ceart a rá nach bhfuil an Ghaeilge acu. B'fhéidir go bhfuil an Ghaeilge ina codladh acu agus níl le déanamh ach í a mhúscailt. Conas is féidir agus is ceart cur faoi sin? Tá eagraíocht ann agus is í an obair a bhíonn ar siúl acu ná an Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil ach fíor-bheagán den Ghaeilge acu. Gael-Linn atá i gceist agam agus tá cúrsaí Gael-Linn an-tábhachtach ar fad don mhuintir taobh amuigh den Ghaeltacht féin. Ba chóir cúrsa den tsórt sin a chur ar bun do Theachtaí a mbeadh suim acu ann sa Teach seo. B'fhéidir ag deireadh na bliana romhainn go mbeimid ábalta teacht thar n-ais anseo agus é a mheas. Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire smaoineamh air sin.

Tá an-áthas ormsa na tuairimí sin a chur os comhair an Taoisigh agus an Aire, agus tá súil agam go ndéanfaidh sé smaoineamh orthu. Tá áthas ormsa bheith in ann rud éigin beag a rá sa Tí seo trín teanga go bhfuil an-mheas agamsa air. Tá súil agam nach bhfeicfidh mé an lá choíche go mbeidh an teanga seo imithe i léig agus nach mbeidh sé le cloisteáil ar fud na tíre seo.

Ní chuirfidh mise mórán moille ar an dTeach. Cuireann sé áthas agus gliondar croí orm cuidiú leis an dtairiscint seo a tháinig chugainn ón Seanad. Tá áthas orm gur glacadh leis an dtairiscint sa Seanad d'aon ghuth mar tá sórt easaontais ag baint leis an Ghaeilge agus le cúrsaí teangan idir na páirtithe éagsúla sa Teach seo.

Déanfaidh an Comhchoiste athbreithniú ar úsáid na Gaeilge agus déanfaidh sé iarracht úsáid na Gaeilge a leathnú in imeachtaí na Dála agus sa Seanad agus i dtimpeallacht an dá Theach. Sin ár moladh speisialta. Tá moladh ginearálta ansin cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne a bheith mar chúram ar an gComhchoiste freisin.

Tá sé déanach go leor bheith ag cur na tairisceana seo os comhair na Dála. Bhí daoine ag gníomhú leis na blianta ionas go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid sa Teach seo agus sa Seanad. Is dóigh liom go raibh Seanadóir ann uair amháin nár labhair focal Béarla amháin i rith an ama go léir a bhí sé sa Seanad. Ní dóigh liom gur tharla sé sin le fada agus ní dóigh liom gur tharla sé riamh sa Teach seo. Nuair a bhí mise ag gníomhú mar Aire Oideachais chuir mé gach Meastachán roimh an Teach seo as Gaeilge. Dúradh liom ag an am sin, "má úsáideann tú Gaeilge sa Dáil ní bheidh aon phoiblíocht le fáil agat dá bharr, agus cothaíonn poiblíocht an polaiteoir". Bhuel, tá fealsúnacht eile agamsa, is é sin más cóir é a dhéanamh, déan é. B'fhéidir go bhfuil polaiteoirí i gcoitinne ró-thugtha do phoiblíocht. Má tá sé ceart é a dhéanamh is cóir é a dhéanamh. Deirtear linn go dtarraingíonn an cúpla focal droch-mheas don Ghaeilge. Níl fhios agam an bhfuil sé sin fíor, ach ní dóigh liom go bhfuil. Sé mo thuairim féin go bhfuil sé i bhfad níos fearr feidhm a bhaint as an cúpla focal ná gan aon Ghaeilge ar chor ar bith a úsáid.

Tá cuid de na cainteoirí anseo sa Dáil tar éis a bheith ag caint ar na scoileanna. Tá sé ráite ó chianaibh gur leagadh ualach an-trom ar na scoileanna agus go raibh daoine ag ceapadh go mbeadh na scoileanna as a stuaim féin ábalta an Ghaeilge a athbheochaint. Ní raibh sé sin indéanta ó thús an Stáit agus níl sé indéanta go fóill. Tá trácht san óráid a thug an tAire uaidh ar an mbá leis an teanga na ndaoine agus tá sé sin fíor. Tá súil agam go leanfaidh an scéal amhlaidh. Aon obair is féidir linn a dhéanamh faoi úsáid na Gaeilge sa Teach seo, a chothaíonn an bá sin beidh sé an-úsáideach don Ghaeilge. Tá filí óga Gaeilge againn i láthair na huaire, tá scríbhneoirí Gaeilge againn, tá cuid mhaith daoine anois oilte mar nuachtóirí. Chuir mise scoláireachtaí ar fáil nuair a bhí mé í m'Aire Oideachais, agus nuair a bhíomar ag comóradh an Phiarsaigh, scoláireachtaí do dhaoine a bhí á n-oiliúint an t-am sin san iriseoireacht. Ceapaimse go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh iriseoiri oilte as Gaeilge againn. Tá fiú amháin file óg a bhíodh ag scríobh as Béarla agus d'éirigh sé as — fear as Contae Luimnigh is dóigh liom — agus thosaigh sé ag scríobh as Gaeilge agus d'éirigh sé ar fad as an mBéarla. Bhí dóchas aige go raibh todhchaí i ndán don fhilíocht as Gaeilge.

Luadh an "Curriculum & Examination Board" nuair a bhí Bean Uí Ruairc ag caint agus tá sé tábhachtach cur ina luí orthu gur ghlac an Rialtas leis an gclár seo "Action Plan for Irish" a chuir Bord na Gaeilge ar fáil dúinn. Sin polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge sna scoileanna. Tá an polasaí sin, an Ghaeilge san iarbhunscoil, go dtiocfadh ionadaithe ón gcéad leibhéal agus ón dara leibhéal le chéile, faoi choimirce na Roinne Oideachais chun athbhreithniú a dhéanamh ar na siollabais Ghaeilge ar an leibhéal sóisearach sna hiar-bhunscoileanna d'fhonn siollabas leanúnach i múineadh na Gaeilge ó aois a ceathair go dtí a cúig déag a rianú. Is cóir go mbeadh an t-eolas sin ag an Dochtúir Breatnach agus ag an mBord Curriculum agus Scrúdaithe atá ag gníomhú i láthair na huaire.

Is féidir liom a rá go bhfuil eagla ar dhaoine áirithe nach mbeidh a háit cheart ag an nGaeilge sna siollabais nua. Tá súil agam nach bhfuil aon bhunús leis an eagla sin, ach tá sé ann agus ba chóir go mbeadh an t-eolas sin ag an Dáil agus ba chóir go gcuirfeadh an tairiscint seo a tháinig ón Aire don Dáil ar shúile na ndaoine atá ag gníomhuí ar an mbord sin go bhfuil an Dáil seo i ndáiríre mar gheall ar an nGaeilge. Tá fhios agam go bhfuil traidisiún tacaíocht Ghaeilge ag Páirtí an Lucht Oibre, tá traidisiun tacaíochta don Ghaeilge ag daoine áirithe i bhFine Gael agus bhí i gcónaí. Is dóigh liom go bhfuil sé fíor gur thug Fianna Fáil tacaíocht don Ghaeilge ó thús. Bhí an-suim ar fad ag bunaitheoir an pháirtí seo sa Ghaeilge. Níor lioc sé go dtí lá a bháis sa tacaíocht sin.

Mar a dúirt an tAire ina óráid, tá cinnireacht ag teastáil. Is dócha gur féidir an chinnireacht sin a thabhairt sa Teach seo. Luadh ceisteanna, is é sin ceisteanna a chuireann Teachtaí Dála ar na hAirí éagsúla. Nuair a tháinig mé isteach i 1973 do chuir sé náire orm nuair a cuireadh ceisteanna as Gaeilge ar an Aire Stáit ag an Roinn Oideachais ag an am sin agus do fhreagair sé as Béarla iad. Bhí Seán Ó Loinsigh mar Thaoiseach ag an am agus dúirt sé gur náireach an scéal é ach níor tugadh aon tacaíocht don Taoiseach sa Teach nó sna nuachtáin. Tá súil agam go mbeidh feabhas ar an bhfealsúnacht atá acu siúd nuair a thosnaíonn an Dáil ilpháirteach ag déanamh iarracht de réir na tairisceana seo.

Aontaím ar fad leis an méid atá ráite faoi na rannai Stáit agus na húdaráis áitiúla. Bhí mé ag múineadh scoile i Londain Shasana, agus nuair a tháinig mé arais chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht i gConamara chun de-lousing a dhéanamh, is dócha, chun a fháil saor ó na blaincéid Londain Shasana — is é sin blaincéidí cultúrtha. Bhí mé ansin agus cuireadh fearg orm mar bhí job éigin á dhéanamh ag an gcalafort agus bhí na fir oibre ansin ag labhairt Gaeilge. Ach bhí an fear a bhí i gceannas orthu ag labhairt Béarla amháin. Do tharla sé sin in áiteanna eile freisin. Is cúis náire dúinn go léir é.

Nílim chun mórán a rá i dtaobh na Gaeltachtaí mar tá sé ráite cheana féin. Tá dóchas agam. Dúradh go raibh barraíocht Béarla á labhairt sna Gaeltachtaí ag na tuismitheoirí agus na páistí. Ní theastaíonn uaim cur leis an éadóchas. Luaigh an Teachta Lyons ceannairí na hEaglaise agus bhí an ceart aige. Tá cinnireacht ag teacht ón Eaglais i láthair na huaire. Tá togha Gaeilge ag an fear ata tofa mar Ard Easpag Áth Cliath anois. Tá sé tugtha do staidéar na Gaeilge agus is dócha go mbeidh cinnireacht éigin le fáil uaidh i gcás na Gaeilge. Ta súil agam go mbeidh.

Mar a dúirt mé cheana, ta an dóchas an-tábhachtach ar fad. Tá eadóchas i réim le tamall anois. Is cóir dúinn — mar atá ráite ag an Aire ina óráid — béim a chur ar chomharthaí dóchais mar gheall ar an dteanga. Luaigh sé an bá atá ag an bpobal leis an nGaeilge. Luaigh sé na naíscoileanna agus na scoileanna lán-Ghaelacha. Bhí áthas orm nuair a bhí mé im' Aire Oideachais socrú a dhéanamh go ndíolfadh an Roinn as an saor do na scoileanna sin. B'fhéidir nach raibh sé an-tábhachtach ach bhí a fhios agam ag an am sin go raibh dóchas ag baint leis an iarracht scoileanna lán-Ghaelacha a chur ar fáil go háirithe sa chathair seo. Tá a fhios agam go bhfuil scoileanna lán-Ghaelacha ag gníomhú i mBéal Feirste. Má tá siad ansin is dócha gur cóir go mbeadh i bhfad níos mó díobh anseo.

Nílim chun aon rud a rá faoi Radio Teilifís Éireann. Tá go leor ráite faoi cheana. Tá alt san Irish Times faoi local radio. Is alt an-suimiúil ar fad é. Tá rogha ansin aige mar gheall ar staid na Gaeilge sá chóras nua. Is dócha gur cóir é a luadh anseo go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh bunfhealsúnacht leagtha síos anois mar ni bheidh faill ag an Teach seo no ag Aire ar bith é sin a dhéanamh go dtí la fada.

Tá mé ag cuidiú leis an tairiscint a chuir an tAire roimh an Dáil agus tá súil agam go mbeidh toradh ar an socrú atá a dhéanamh anseo inniu.

Tá mé an sasta glacadh leis an dtairiscint seo. Fáiltim go mór go bhfuil gach taobh den teach ar aon ghuth faoi chomhchoiste a bhunú chun úsáid na Gaeilge san Oireachtas a fhorbairt agus a leathnú. Táim cinnte nach bhfuil sé ró-dhéanach iarracht mar seo a dhéanamh. Molaim an cheist a phlé sa Dáil chun go mbeadh sé soiléir don phobal i gcoitinne. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh sé soiléir don phobal i gcoitinne nach bhfuil cás na Gaeilge agus staid na teanga dearmadta againn.

Is é Bord na Gaeilge san tuarascáil sin Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a chuir os ár gcomhair na moltaí atá a bplé againn inniu. In alt 46 den tuarascáil sin ar leathanach a trí léirítear conas is féidir le gach Aire sa Rialtas páirt a ghlacadh sa scéim. Tá na moltaí sin an-tábhachtach. Tá siad práinneach agus molaim go dtógfaidh an Comhchoiste gach ceann de na moltaí sin san áireamh.

Caithfidh mé ag an bpointe seo comhghairdeas a dhéanamh le Bord na Gaeilge as ucht an phlean seo mar sé seo an chéad uair domsa riamh labhairt faoin bplean. Is plean an-tábhachtach é, plean atá an-ámharach don fhaitíos atá ann inniu don teanga agus is mian liom comhghairdeas a dhéanamh leo as ucht job an-mhaith a rinne siad.

Is céim mhór ar aghaidh atá á cruthú againn inniu mar is iomaí uair a deirimse anseo ag tagairt do staid na Gaeilge i measc an phobail go mbeadh siad i bhfad níos éasca agus níos bríomhaire ag Aire Oideachais agus Aire na Gaeltachta an teanga a athghníomhú is a leathnú ar fud na tíre agus í á usáid go flúirseach ag na comhaltaí sa Teach seo agus sa Seanad. Táim cinnte de gur féidir úsáid na Gaeilge a leathnú in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach. Tá go leor daoine sa dá Theach lán-toilteannach comhoibriú le chéile chun an t-atmaisféar ceart sin a spreagadh agus a chothú ach roimh ré caithfear an Comhchoiste seo a ghniomhú agus a chur ag obair agus moltaí ciallmhara praiticiúla a dhéanamh agus a leagadh amach. Caithfimid uilig a bheith deimhnitheach de áfach, go bhfuilimid i ndáiríre faoin iarracht seo agus is minic a chloisim daoine ag rá nach bhfuil an tOireachtas — sé sin na polaiteori — ag déanamh a ndíchill le cás na Gaeilge agus staid na Gaeilge a chur ar aghaidh níos fearr.

Tá sé mar thuairim ag muinteoirí, ag tuismitheoirí agus fiú amháin ag a lán micléinn nach bhfuilimid mar Theachtaí Dála agus mar Sheanadóirí go hiondúil i ndáiríre faoin gceist seo agus go léirimid go soiléir agus go han-mhinic an t-easpa suime seo. Tagraíonn siad do na díospóireachtaí sa Dáil agus sa Seanad. Tagraíonn siad do chruinnithe na gcoistí. Tagraíonn siad do na preasagallaimh agus do na ráitisí a dhéanaimid taobh amuigh den Teach seo agus don bheagán Gaeilge a úsáidtear ar na h-ócaidí sin.

Ní mór dúinn a bheith an-chúramach mar sin agus a bheith cinnte do go mbeadh toradh fónta as an gcomhchoiste seo, agus go nochtódh siad tuairimí is smaointí a bheadh mar ábhar spreagúil is cabhrach do na dreamanna éagsúla i measc an phobail atá ag iarraidh athbheochain na Gaeilge a chur i gcrích. Tá sé mar dhualgas mór orainne an tacaíocht ghníomhach spreagúil seo a thabhairt dóibh. Ag an bpointe seo ba mhian liom comhgháirdeas a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, leis an Roinn Oideachais, agus Roinn na Gaeltachta. Is mian liom comhgháirdeas a dhéanamh leis an Aire as ucht an tairiscint seo a chur ós ár gcomhair; agus leis na coistí uile ar fud na tíre, agus tá siadsan an-tábhachtach, atá ag obair ar son na Gaeilge le fada an lá; agus na gnáth daoin freisin dheineann a ndícheall i gcónaí an méid Gaeilge atá ar a gcumas acu a úsáid. Tá súil agam go bhfaighidh siad misneach agus dóchas as an iarracht seo.

Caithfidh mé tagairt a dhéanamh freisin do na bun-scoileanna, sé sin idir gnáth-bhunscoileanna agus bunscoileanna lán-Ghaelacha agus don obair atá á dhéanamh acu san le fada chun Gaeilge a chur ar fáil agus chun Gaeilge a mhúineadh do na daltaí óga. Is fíor a rá nach bhfuil an obair sin foirfe. Tá lochtaí ann. B'fhéidir go bhfuil múinteoirí nach bhfuil an méid Gaeilge acu agus ba chóir chun Gaeilge chruinn a leagadh os comhair na ndaltaí agus na micléinn. Caithfimid a bheith cúramach de agus beidh sé b'fhéidir mar ghníomh ag an gcomhchoiste seo scagadh agus iniúchadh a dhéanamh a bheadh cabhrach, iniúchadh a chuirfeadh chun foirfeachta i gcomhthéacs na dtuairimí agus na scéimeanna a bheadh le fáil sa tír agus idirnáisiúnta. Tá sé sin an-tábhachtach.

The occasion which is presented to us today is unique because it is an opportunity for all Members of this House to deliberate on an issue which in many respects has become contentious in recent years. That is an issue facing the public in relation to the sincerity of the administrators in regard to the Irish language and its continuance as a mode and means of communication within our educational system and our governmental institutions and among the public generally.

In recent times there has been much cynicism about the manner in which our deliberations and expressions have criticised the statutory institutions promoting and fostering a love for and a development of our native language. This cynicism has arisen because we as legislators have not shown the kind of practical commitment, save in exceptional cases, that would inspire and encourage those who are practitioners in the field of communicating the skills of this language to greater endeavours and to achievement of greater results from their work. In many respects their feelings of betrayal and being let down are justified because of the very apparent lack of commitment which they see among the generality of our legislators. I have often had occasion to say in this House that it is very important that we be seen, even on the basis of the cupla focail which we have, to give the kind of inspiration and lead, to create the kind of atmosphere which is necessary to inspire others, perhaps in most cases more capable, more able and more fluent, to continue with this extremely important work.

I am being extremely practical and mundane because it is essential to be so. I am very deliberately choosing to keep away from what has traditionally been referred to — and rightly so — as the great intrinsic value of our language which is very definitely there. I am sure previous speakers have definitely and emphatically emphasised that. It is important for us to look at the type of difficulties which have arisen, in a practical sense, in relation to this. One of these relates to what the public perceived heretofore as a lack of very definite all-round commitment on our part to give that kind of leadership and lift to those who are striving so hard in the field.

An opportunity like this affords us the chance to look back very briefly on some of our systems which have been operating in the past. The policy of replacement which we operated for many years in the Irish educational system has many merits to it and I would be the last to decry it as having been irrelevant at that time. It was founded on historical circumstances and was quite essential in the context of its time. However, we have come into a new era, a phase where the public — and, indeed, parents, in general — do not have that kind of perception of the Irish language as being the sacred mother tongue that I believe could have been attributed to them in the past. However, there is a kind of new perception dawning. That perception is very tolerant of and gives great acceptance to the idea that the promotion of our language should be on a more informal basis.

I want to draw a number of distinctions here. First, when we talk about the policy of bilingualism, which is something that I favour very strongly both as a former teacher and now as part of the Legislature. We must start from a point of idealism, the ideal being one which promotes perfection and fluency in expression. However, too great an emphasis on idealism can stunt a lot of the potential that can be found in informal committees and within Government institutions, both national and local. While we must always keep before us the model of perfection it is very important on a practical basis to devise schemes for the promotion of Irish, by way of informal programmes, in both national and local institutions. I would regard a scheme of bilingualism as being the most desirable and acceptable way to progress. There is evidence of such movement in many of our community based organisations. I am referring to the coistí Gaeilge that can be found within Government Departments, some on a statutory basis and others on a voluntary basis. I am referring also to the coistí Gaeilge that can be found within political parties. These have achieved great success where the approach has been on a bilingual basis. They have attracted to their ranks people who have not had the fluency that is associated usually with the speaking of the language. This is the sort of approach that we must bear in mind and which the committee must concentrate on.

I wish the joint committee every success in their work. I trust they will prove to be very effective, informative and inspiring in promoting the further development of our native language.

Is é chúis athas agamsa seans a bheith agam cúpla focal a rá ar an abhar seo.

Unfortunately I am one of those people who has but very little knowledge of our native language. I often remind myself that this is shameful on my part because I had the good fortune at one stage to be a national school teacher but since leaving that profession I have lost most of the language. Within most Irish people there is a desire to speak the Irish language and for that reason I lend my support wholeheartedly to the proposal before us.

Efforts have been made down through the years to promote the Irish language but one of the reasons for the failure of those efforts may have been the fact that Irish was a compulsory subject for school examinations. That probably put people off. Another aspect of the failure may have been that people like myself who cannot speak the language very well are put off by people who have a great fluency in the language. Sometimes people are embarrassed even to make the effort to speak Irish in the presence of those who have a high degree of fluency in the language. If we are to be successful in promoting the language those who speak it fluently must have understanding for those who are making the effort.

It is no secret that Wexford is not anywhere near the top of the league in terms of those counties in which Irish is spoken widely. Nevertheless, there is much evidence in Wexford of an appreciation of the necessity to promote Irish. In this context great efforts have been made by such organisations as Conradh na Gaeilge, Comhaltas Ceóltóirí Éireann the GAA and various other organisations. About three years ago Wexford County Council decided on a strategy whereby at every meeting one item on the agenda would be discussed through the medium of Irish. Only a small number of the councillors, and I am pleased to be able to say that I was one of those, made the effort. The fact that some members had some fluency in the language seemed to put others off. Unfortunately our effort did not have the success we would have wished but there must be other ways. I agree with Deputy Fitzgerald that we must adopt a fresh approach to the whole subject. Perhaps if we were to have a referendum in the morning on the question of the Irish language, the people would recommend overwhelmingly that we launch a campaign to promote the language. In promoting the language we are helping also to protect our heritage and culture.

I welcome the proposal and I wish the committee well. I trust that all members of the House will make the effort to use the language in the knowledge that even those with only a smattering of the language will not be scoffed at.

Hear hear.

Is maith liom bheith páirteach sa dhíospóireacht seo agus glacaim an deis seo, roimh Tráth na gCeisteanna, chun fáilte a chur roimh an dtairiscint seo a tugadh os comhair na Dála inniu ag Aire na Gaeltachta. Tá sé an-thábhachtach go mbeidh níos mó Gaeilge le cloisint sa dhá Theach agus i dtimpeallacht na dTithe. Is maith an rud é go bhfuil an méid sin daoine sa Teach agus an Ghaeilge go líofa acu agus go bhfuil siad sásta usáid a bhaint as ár dteangan fhéin nuair a bhfaigheann siad an seans.

Mar adúirt Teachtaí eile nios luaithe inniu, tá náisiúntacht ag baint len ár dteangan. Tá sé an-soiléir dúinn inniu, tar éis imeachtaí tús na seachtaine, go bhfuil go leor rudaí cearr leis an náisiúntacht, go bhfuil an Rialtas agus an Taoiseach réidh ár náisiúntacht a dhíol do na daoine atá ar an dtaobh eile den uisce. Ní féidir linn mórán a dhéanamh inniu maidir leis an náisiúntacht, ach is féidir linn an Ghaeilge a labhairt san dTeach seo, agus ba cheart dúinn é sin a dhéanamh.

Cuireadh an díospóireacht ar athló.