Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 28 Nov 1984

Vol. 354 No. 5

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

628.

asked the Minister for the Gaeltacht the total payments made by Údarás na Gaeltachta by way of grants between 1 January 1984 and 31 October 1984, to each of the following areas: (1) Kerry, (2) Cork, (3) Waterford, (4) Meath, (5) Galway, (6) Mayo and (7) Donegal, and if he will give the following breakdown of figures: (a) up to £5,000, (b) from £5,001 to £10,000, (c) from £10,001 to £20,000, (d) from £20,001 to £30,000, (e) from £30,001 to £40,000, (f) from £40,001 to £50,000 and (g) the total in excess of £50,000; the number of letters of comfort issued to people in each of the regions, the number of letters of approval which have been issued to people in each region; and the number of applications awaiting processing in each region.

Ní bheadh léargas maith le fáil ó raon na n-íocaíochtaí in aon tréimhse áirithe sa mhéid go mbeadh íocaíochtaí roimhe sin agus ina dhiaidh sin in a lán de na cásanna. Bíonn eolas níos iomláine maidir le cúnamh airgid a íocadh le gach uile thionscal leagtha amach i dtuarascálacha bliantúla Údarás na Gaeltachta agus is i ndeireadh na bliana amháin a chuirtear sonraí mar sin le chéile. Tá tuarascálacha agus cuntais iniúchta an Údaráis go dtí deireadh 1983 leagtha faoi bhráid na Dála agus méid gach deontais a íocadh gach bliain le haithint iontu. Sa tréimhse 1 Eanáir go 31 Deireadh Fómhair 1984 tuigim ón Údarás.

—gur íocadh deontais mar seo a leanas:—

£

Fothionscail agus comhthionscail

1,120,573

Miontionscail

1,551,828

Tionscail eile

1,239,972

£3,912,373

—gur eisíodh tairiscintí i 309 gcás sna contaetha Gaeltachta — 64 i nDún na nGall, 45 i Maigh Eo, 142 i nGaillimh, 40 i gCiarraí, 12 i gCorcaigh agus 6 i bPort Láirge; agus

—gur tugadh litreacha sóláis ar mhaithe le 4 fhochuideachta — 3 i nDún na nGall agus 1 i Maigh Eo.

Tuigim ón Údarás chomh maith go raibh 251 iarratas ar lámha ar 26 Samhain, 1984 agus á scrúdú d'fhonn cinneadh a dhéanamh orthu (87 i nDún na nGall, 44 i Maigh Eo, 73 i nGaillimh, 31 i gCiarraí, 11 i gCorcaigh, 1 i bPort Láirge agus 4 sa Mhí) gan trácht ar fhiafraithe éagsúla a bhféadfadh iarratais teacht astu.

Barr
Roinn