Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Dec 1984

Vol. 354 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Todhchaí Monarchan i nDún na nGall.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas i dtaobh todhchaí na monarchan ina raibh Irlanda Teo. Ionnaithe i nDún na nGall.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil ceathrar fostaithe, agus triúr díobh á n-oiliúint thar lear, do thionscal nua a bheidh i mbun gnó sa mhonarcha sin agus go bhfostófar tuilleadh oibrithe go luath san athbhliain.

Dúirt an tAire go bhfuil 40 oibrithe ansin anois?

Sea, ceathrar.

Nuair a deir an tAire go mbeidh tuilleadh oibrithe fostaithe, cé mhéid a bhí ar intinn aige?

Meastar ag an bpointe seo go mbeidh 11 breise i gceann míosa. Thug mé eolas anseo i dtús na bliana go mbeadh an áit seo oscailte i rith an tsamhraidh ach tharla timpist agus deirtear liom gur scriosadh dhá inneal a bhí ag teastáil go háirithe. Chuir sé sin moill ar an rud ach táimid anois ar an bhóthar ceart agus tá 11 le teacht taréis na Nollag.

An bhfuil eolas ag an Aire faoi líon iomlán na n-oibrithe a thógfar isteach i gceann cúpla bliana?

Níl an t-eolas sin agam anseo agus chomh luath agus a bheidh sé agam cuirfidh mé chuig an Teachta é i rith na bliana. Ní dóigh liom go bhfuil na figiúir a thug mé athraithe ó shin.

Barr
Roinn